amach
1.
a.
+–
Chuaigh sé amach (ar an tsráid, sa ngarraí, sa gcogadh, ar an bhfarraige, ar na cnoic, don taobh ó thuaidh srl.)
Ná téirigh amach faoin mbáistigh.
TUILLEADH (13) ▼
Níl sé ach imithe amach; is gearr ó chuaigh sé amach as an teach seo.
Cáide go dté tú amach ag iascach?
Tá sé in am agaibh a bheith ag dhul amach feasta — ar aistear nó abhaile.
Caithfidh mé a dhul amach ar an sliabh i gcoinne aistear móna.
Téann muintir ar an bhaile mhóir amach faoin tír chuile Dhomhnach ag déanamh aeir.
Más cúrsaí a dhul amach é, tabharfaidh mise mo chóta mór liom — má tá muid le dhul amach srl.
Ar ndóigh, ní cúrsaí dul amach é an tráth seo d'oíche agus chuile theach ag stócáil a dhul a chodladh — ní tráth ar bith a bheith ag dhul amach anois (ar cuairt) agus chuile theach faoi réir le dhul a chodladh.
Ná bac lena dhul amach inniu. Nach lá dhár saol é.
Ná bac lena dhul amach inniu! Ní ligfeadh sé luch as poll ná diabhal as ifreann! — níl aon mhaith bheith ag caint faoi a dhul ag obair inniu. Tá an bháisteach an-trom.
Chuaigh sé amach faoin saol — d'imigh sé ón mbaile.
Ba cheart dhuit a dhul amach faoin aer corruair.
Chomh luath agus a chuaigh mé amach faoin aer, tháinig fonn múisce orm.
Níor mhiste liom dhá gcaithinn a dhul amach i gcogadh ar maidin — 'sé an cás céanna liom é.
+–
Cuireadh amach sa gcogadh den bhuíochas é.
Shíl Sasana na hÉireannaigh a chur amach sa gcogadh den bhuíochas, ach chinn uirthi.
TUILLEADH (4) ▼
Céard a chas amach thú a leithide d'oíche?
Céard a bhéarfadh amach tú a leithide de lá.
Ná tarraing amach é ar a bhfaca tú ariamh — ná tabhair ciontsiocair dhó a theacht amach as an teach.
Ar tháinig an t-ál amach fós duit
+–
Déantar rudaí aisteacha amach faoi na réigiúin coimhthíocha.
Tá amhais amach faoi na tíortha coimhthíocha.
TUILLEADH (5) ▼
'Pócaí fola(mha) bocht buailidís bóthar; agus gheobhaidh siad seantáin amach faoin tír' (Creathnach Sheáin Boirne)
Tá sé amach in áit eicínt faoin mbaile.
Buail amach faoin mbaile agus déanfaidh sé maith mór dhuit.
Imithe amach faoin mbaile in áit eicínt atá siad.
Cá bhfios domsa cén áit amach faoin mbaile a bhfuil siad
+–
Níor cheart go mbeadh cruóg amach ar bith anois ort.
Cén chruóg amach atá anois ort.
TUILLEADH (10) ▼
Cén chall amach atá dhuit — nach bhfuil neart acub fhéin ann le dhul amach.
Cén deifir amach atá ort anois. Lig do scíth.
Nach mór an deifir amach atá ort agus gur corruair a fheiceanns muid thú.
Lig de do chuid deifir amach agus déan do chuairt.
Cén sórt amach sin ort a leithide d'oíche (freagra ar dhuine a shamhlódh a dhul amach go dtí áit eicínt drochoíche)
Níl cead isteach ná amach aici — níl cead aici corraí as an teach (fc. isteach)
Ní thugann sí cead isteach ná amach don chailín aimsire.
Ní bhíonn aon chead amach agam go dtí an sé a chlog chuile oíche.
Níl aon chead amach acub as na coláistí sin chor ar bith.
Bíonn sé isteach is amach anseo
+–
Tá sé in am agat a bheith ag dhul amach abhaile — tá sé in am agat a dhul abhaile ón teach seo.
Téirigh amach abhaile feasta: ní tráth airneáin é.
TUILLEADH (1) ▼
Bí ag dhul amach abhaile feasta — sé is córa dhuit ná a bheith ag déanamh clogán streille den oíche anseo (fc. clogán streille)
+–
Tabharfaidh mé an tsráid amach duit mura mbí tú i do thost.
Thug sé bóthar amach dó — chuir sé amach é nó chun siúil
TUILLEADH (3) ▼
Thug sé bóthar na Muice Báine amach dó — dhíbir sé é.
Thug sé an tsráid amach dó fhéin théis an méid sin
Tabharfaidh mise an tópar amach dhó go gairid — cuirfidh mé as an teach é
b.
+–
Chuaigh sé amach an cnoc — ó thuaidh, nó thar an gcnoc, bealach ar bith.
D'ionsaigh sé amach an sliabh ar maidin agus dheamhan amharc a chonaic muid ó shin air
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé imithe amach Boluisce inniu ag iarraidh buidéal
Ghearr sé amach Leitir Fir é — shiúil sé amach (ó thuaidh) Leitir Fir
Bhí mé ag dhul amach ariamh ariamh go raibh mé i bhFionán — bhí mé ag dhul ó thuaidh
Ghearr muid amach ó thuaidh gur shroich muid Doire Thoirc.
Chuaigh sé amach Dúiche Sheoigheach ar cuairt.
·
Thug sé an cnoc amach air fhéin ar ball i ndiaidh caorach.
Thug sé Dúiche Sheoigheach amach air fhéin inniu (amach faoi Dhúiche Sheoigheach, isteach faoi sheanchladaí — .i. na hoileáin, Garmna, Leitir Mealláin srl.)
+–
Is fada amach ó Bhoth Loiscthe, Ogúil — is fada uaidh é (ó thuaidh dhe)
Ar an tamhnaigh is faide amach atá sé.
TUILLEADH (8) ▼
Sin é an teach is faide amach ar an mbaile — is faide ó thuaidh
'Sí an tamhnach is faide amach de na tamhnachaí sléibhe sin í.
Bhí mé an-fhada amach faoi shléibhte inniu.
Is diabhaltaí fada amach atá sé
Is gearr amach chor ar bith Leitir Meas — níl sé i bhfad ó láthair (ó thuaidh)
Is fada amach an Líonán.
Tá sí amach go maith ar an domhain (an bád)
Tá na potaí gliomach curtha acub amach go maith ar an stopóig.
+–
Tá sé imithe síos amach (fc. aníos)
Chuaigh sé suas amach (fc. anuas)
TUILLEADH (9) ▼
Tá an áit sin siar amach — an-fhada siar.
Fear aniar amach as tóin Chonamara a d'inis dhom é.
Tá sé ina chónaí siar amach in áit eicínt — taobh thiar dhá bhfuil ann.
Tháinig sé aníos amach (fc. aníos)
Phós sé duine eicínt soir amach ar an Achréidh.
D'imigh sé síos amach in áit eicínt ag múineadh Gaeilge an bhliain cheana, ach ba ghearr a chaith sé imithe gur tháinig sé abhaile aríst ina bhromachán bliana.
Tá an áit sin síos amach.
Ghread leob siar amach go Conamara inniu agus dheamhan is móide amharc a d'fheicfí orthub aríst go ceann seachtaine.
Bhí sé soir amach ag ard Dhoire Locháin nuair a scoith mé é.
c.
thar baile amach; thar baile isteach (fc. isteach); thar paróiste amach, thar tír amach srl.: taobh amuigh den bhaile.
+–
Fear thar baile amach atá sí a phósadh.
Fear thar baile amach a tháinig dhá hiarraidh.
TUILLEADH (24) ▼
Ní cháinfinn iad le fear thar baile amach.
Má bhíonn mórán thar baile amach ann, ní mór dhaoibh sibh fhéin a ghlacadh go réidh.
Thógfadh sé páirt an duine thar baile amach in aghaidh a dhuine fhéin.
Níl aon chall duit a dhul thar baile amach le do dhíol de bhean a fháil.
Ná corraigh do chois thar baile amach ag iarraidh bromaigh mar tá údar maith capaill ag P. Mh. ansin thíos.
An mbeidh tú ag gabháil thar baile amach anocht.
Ní dheachaigh mé trasna na troighe thar baile amach ag damhsa ná ceol ariamh.
Níorbh ait liom a dhul thar baile amach ag bainis ariamh.
B'fhearr liom i gcónaí a dhul ag ól thar paróiste amach san áit nach mbeadh aithne ag aon duine orm.
Chuaigh sé thar baile amach ag tabhairt cuiríochaí agus rinne sé oirille ar an dream a bhí i mbéal an dorais aige (fc. oirille)
Ní bheidh cuiríocha ar bith ann thar baile amach, sílim.
Ná cuir aighneas choíchin ar aon duine thar pobal amach mar níl a fhios agat cén chaoi a gcasfaí thú fhéin in áit strainséara uair eicínt.
Nár chónaí tú go dté tú thar pobal amach!
Más ag iarraidh spré atá tú, níl call duit a dhul thar baile amach. Tá sí i mbéal an dorais agat.
Níl aon mhaith aige ann go dté sé thar baile amach chuig tarbh. Níl meas ar bith aige ar aon cheo dhá bhfuil ar an mbaile istigh.
Más leat ceol agus spóirt a fháil, caithfidh tú a dhul thar paróiste amach.
Ní théadh gearrchailí ar bith thar baile amach ag damhsaí roimhe seo, ach tá siad ligthe leob fhéin ar fad anois.
Chonaic mise an tráth a dtéadh daoine thar pobal, ní áirím thar baile amach, chuig tórraíochaí ag déanamh cleis, ach caitheadh an cheird sin in aer.
Is olc na gnaithí atá ort má théann tú thar baile amach i gcleithiúnas píosa damhsa a leithide d'oíche.
An raibh tú i bhfad thar baile amach inniu?
Tabharfaidh mé an ruaig seo thar paróiste amach.
Sílim má imím chor ar bith go dtabharfaidh mé ruaig thar tír amach ar fad.
Níor mór dhó a dhul thar tír amach anois mar tá a chlú caillte aige san áit seo go deo.
Gheobhadh sé aird thar tír amach san áit nach mbeadh aon aithne air.
d.
+–
Gaol i bhfad amach liom é — tá sé fada amach i ngaol agam
Uisce fuar mo chreach nó gaol i bhfad amach (leathfhocal)
TUILLEADH (17) ▼
Is beag an mhaith do dhuine an gaol i bhfad amach.
Má tá aon ghaol ann anois, is gaol i bhfad amach é.
Dheamhan mórán somhaoine d'aon duine gaol i bhfad amach.
Tá gaolta i bhfad amach aige suas faoi Mhaigh Cuillinn nó faoi Ghnó Mhór.
Tá gaol i bhfad amach agam le Séamas.
Tá siad i ngaol ag a chéile — ach is gaol i bhfad amach anois é — gaol scaipthe
Shíl mé nach raibh an gaol chomh fada sin amach — chomh scaipthe sin
Tá smearachán eicínt gaoil agam leis — ach is fada amach é.
Is fada amach uaimse iad sin anois — is beag an gaol atá agam leo.
Tá sé fada go maith amach uaim i ngaol, ach an méid sin fhéin, bíonn sé dhá bhrú orm uair ar bith a chastar liom é.
Bhíodh na seandaoine ag comhaireamh gaoil eicínt leob ach is fada amach é anois.
Is beag an éadáil dhomsa gaolta i bhfad amach ná a gcuid carthanais
Is beag an mhaith gaolta i bhfad amach lá an anó.
Níl gotha ar bith againne ar ghaolta i bhfad amach — níl aon tsúil againn go dtiocfaidh siad go dtí muid, go mbrughfaidh siad orainn, níl muid dhá n-iarraidh
Chuile eallach aige siúd ach gaol i bhfad amach.
Ní luar liom an cat mara ná gaolta i bhfad amach a bheith ag brú orm chuile lá san aer.
Tá mé scriosta bánaithe ag gaolta i bhfad amach ag ithe a bhfuil in mo theach
+–
Is fada amach ó mo chaolánsa a gearradh iad — níl gaol ná páirt agam leo; is fada uaim a tógadh iad
Is fada amach ó mo chaolánsa a gearradh thú le go dtiocfá ag iarraidh rud orm.
TUILLEADH (8) ▼
Is fada amach ó mo chaolánsa a gearradh muintir an bhaile seo le go mbéidís ag brú isteach orm.
Is fada amach ó mo chaolánsa a gearradh í le go dtabharfainn cuireadh chun bainse dhi.
Is fada amach uaim a bheas siad sin nuair a thiocfas an t-anó
Is gaire dhom an duine is faide amach uaim sa tír ná é — is mó an leas dom an té nach bhfuil gaol ar bith aige liom ná eisean atá i ngaol liom.
Ní dhéanfadh an té is faide amach uaim sa tír liom é.
Ní chreidfinn go n-abródh an té is faide amach uaim sa tír liom é, ní áirím eisean a bhfuil gaol gar aige liom.
Ní thabharfadh an té is faide amach uaim sa tír a leithide de mhasla dhom agus a thug mo dhuine muintreach fhéin dhom.
Is túisce a d'iarrfainn rud, agus bíodh sé ag teastáil uaim, ar an té is faide amach uaim sa tír ná a d'iarrfainn ar mo dheartháir fhéin é.
·
Ní raibh sé i bhfad amach i ngaol uaim, agus ainneoin sin, níor labhair mé focal cainte ariamh leis.
Is gearr amach i ngaol chor ar bith uaim é, agus dheamhan thairis sin de theanntás a rinne mé ariamh leis ina dhiaidh sin.
·
Is gearr amach chor ar bith iad sin: nach dhá chol ceathar a bhí sa dá athair.
Ní i bhfad amach chor ar bith muid: col cúigearachaí sílim.
e.
+–
Tá an iomarca grá amach ag cuid de na daoine — an iomarca fonn orthu bheith ag imeacht ar bhóithrí, ag damhsaí srl.
Tá an iomarca grá amach ag cailíní óga an bhaile seo.
TUILLEADH (3) ▼
Is air atá an fonn amach — fonn imeacht ar bhóithrí srl.
Tá an iomarca fonn amach uileag ort.
'Sé an fonn amach a d'fhága an bhail sin ort.
f.
·
Níl amach ná isteach ann anois — níl sé in ann a dhul amach.
Níl isteach ná amach ionam anois (fc. isteach)
g.
+–
Ní dheachaigh sé anonn ná anall leis ach an phínn bheag agus an phínn mhór a shíneadh amach aige.
Chaith sé a raibh ina phócaí amach ar an mbord.
TUILLEADH (2) ▼
Scaird sé amach taoscán mór fuisce dhom.
Sin í lomchlár na fírinne ó mo chroí amach.
h.
+–
An bhfuil aithne agat ar an bhfear amach? — an fear a chuaigh amach (an doras srl.)
Céard a bhí le rá ag an mbean amach?
TUILLEADH (1) ▼
'Sé an fear amach an drochéadáil le tarraingt ort.
·
Má bhíonn an muintir amach ann, caithfidh sibh a bheith suaimhneach.
2.
amach (mar bhriathar): téirigh amach.
+–
Amach anseo leat go beo in do ghnaithe.
Amach leat feasta agus ná bí ag loiceadóireacht thart anseo níos faide.
TUILLEADH (10) ▼
Amach anseo a mhadaidh!
Amachaidh (amachaigí) libh in bhur ngnaithe feasta.
Amachaidh libh chuig an scoil, mar tá sé thar am.
Amachaidh libh i gcoinne na mbeithíoch nó ní bheidh sibh as barr an bhaile ó ló.
Amach leis de sciotán ar an tsráid.
Amach léithe mar a bhuailfeá ar an gcluais í agus dheamhan a cos a thaobhaigh an teach seo ó shin.
Amach le Seán agus buile chuthach air.
Amach leis agus síos an bóithrín faoi dheifir.
Amach as m'amharc a ghráiscín!
Amach anseo a phaicle bhradaigh!
3.
+–
Tá an gearradh amach go maith ar a ghrua — roinnt achair óna shúile
Tá bolg amach air (srón, béal, méadail srl.)
TUILLEADH (7) ▼
Tá pluic amach ar an teach — cruit nó puchóid nó dronn
Tá cruit amach ar an gcruaich choirce.
Tá dronn amach ar an gcoca féir (ar rotha an rothair srl.)
Tá an iomarca de sceimhil amach uirthi — cruach choirce.
Tá cruit amach uirthi as a barr (cruach choirce) agus ólfaidh sí an t-uisce ar fad.
Tá a easnachaí amach thrína chraiceann, tá sé chomh caite sin.
Ba cheart do na fataí sin a bheith ag goineadh amach feasta.
4.
·
Sheas sé amach ón gclaí.
Teann amach ón tine.
+–
Tá sé fanta amach as tigh Sh. ar fad anois — ní thaobhaíonn sé an teach sin.
Tuige ar fhan sé amach as tigh C. ní mé?
TUILLEADH (9) ▼
Fan amach ón dlí (coinnigh amach srl.) má fhéadann tú.
Ní comhluadar ar bith dhuit é sin agus tá mé ag cur aithne ort fanacht amach uaidh feasta.
B'fhearr dhuit fanacht amach ó mo chuid feamainnse (mónasa, talún, srl.) má tá do leas ar Dhia — gan a bheith dhá tabhairt leat, dhá goid srl.
Fan amach ón ól (ó na mná srl.) — seachain an t-ól.
Fan amach uaidh siúd nó fágfaidh sé éalang ort.
Níl greann ar bith againn ó d'fhan P. amach — ó thug sé cúl don teach.
Shílfeá nár chuir muid araoid ar bith air agus d'fhan sé amach ina dhiaidh sin — d'fhan sé uainn; thug sé cúl don teach seo.
Tá chuile dhuine fanta amach uaidh (siopadóir) — ní fhaigheann sé aon trácht.
Is maith an fáth gur fhan mé amach uaidh, mar bhí chuile shórt a dhá luach aige.
+–
Coinnigh amach uaim.
Coinnigh amach uaidh ar fad, mar sin é fhéin an drocheallach le dhul ina ghaire chor ar bith.
TUILLEADH (3) ▼
Pé ar bith cén dornáil a thabharfá dhó, ní choinneofá dhíot amach é.
Is maith fada amach uaim a choinnigh mé é
Níl coinneáil amach ar thada aige (drochtheach, drochbhróig srl.) — níl díon deor ann.
+–
Chinn orm é a chur dhíom amach — é a bhrú díom nó é a choinneáil uaim.
Chuir sé turraic ann agus chuir sé dhe amach é gur buaileadh in aghaidh ghiall an dorais é.
TUILLEADH (4) ▼
Chuir sé de amach é le iarraidh agus shín sé ar lom an urláir é.
Bhí mé i lár an bhrú agus mé ag iarraidh na daoine a chur dhíom amach.
Bhrúigh mé dhíom amach é ach tháinig sé fúm in athuair de mo bhuíochas.
Tháinig sé fúm de rite reathach ó thaobh chúl mo chinn agus chuir sé chúig slata uaidh amach mé!
5.
+–
Is tú a lig an bun amach.
'Sé do dhó salach a lig an bun amach.
TUILLEADH (9) ▼
Níor cheart duit mé a bhualadh agus a fhiosacht duit go raibh an bun ag dhul amach.
Dhá mbeifeá gan Pádraic a ligean isteach biorach, choinneofá an bun gan a dhul amach.
Má ligeann tú an bun amach le do chuid faillí an babhta seo, íocfaidh tú ann.
Ní lomfainn murach go raibh an bun ag dul amach.
Ní fhéadfainn a mhalrait a dhéanamh: bhí an dream eile fiche tógtha agus an bun ag dul amach.
Mura mbí airdeall maith agat ar fhear an chúinne, sciorrfaidh sé amach i ngan fhios duit — tiocfaidh sé cluiche i ngan fhios.
Níl sé chomh héasca sin a dhul amach ar bhun a cúig fichead in áit a bhfuil ceithre chomlán.
Tuige nach gcuimhníonn tú ar an gcomhaireamh agus gan an bun a ligean amach.
Má ligeann tú an bun amach den gheábh seo, beidh t'anam agam.
6.
a.
+–
Cas amach port — cas port
Cas amach amhrán.
TUILLEADH (24) ▼
Abair amach amhrán mar a dhéanfadh fear
Cas amach é agus ná bí dhá mungailt duit fhéin — cas suas é go gcloise chuile dhuine thú.
Breá nach gcasann tú amach an port agus gan a bheith ag magadh leis.
Cas amach stéibh foinn — abair amhrán
Cas amach strapa ceoil — port
Dhá gcasadh sé amach port maith, gheobhadh na daoine sásamh eicínt air tharas a bheith ag baint corruair mhí-ábh as sa gcúinne.
Abair amach do chaint ceart — labhair ard agus soiléir.
Inis amach do scéal ceart agus ná bí dhá changailt dhuit fhéin.
Is mise nach mbíonn dhá changailt, ná dhá chúchangailt (chomhchangailt) ach a insíonns amach don teach é (scéal)
Labhair amach go mbeidh a fhios ag na daoine céard atá tú a rá
Breá nach labhraíonn tú amach agus gan a bheith ag plúchadh na cainte mar sin.
Is tú atá neamhaí againn. Nach bhféadfá do chuid cainte a chur dhíot amach go gcloiseadh chuile dhuine í — tá do chuid cainte rólag, róphlúchtaithe srl.
Do chumhachta cinn ní chuirfeadh ag labhairt amach é, hé brí cé sórt faisean gránna a thug sé faoi deara dhó fhéin.
Abair amach é má tá aon cheo le rá agat.
Dúirt sé amach é os comhair chuile dhuine — d'inis sé é; ní dhearna sé rún dhe; níor choinnigh sé istigh é
D'inis sé amach faoi Bh. os comhair a raibh ann (os comhair lán an tí, srl.)
Ní raibh cás ná náire air a rá amach gurb é fhéin a rinne é.
Shílfeá go mbeadh caothúlacht eicínt ionat agus gan a leithide sin de chaint a rá amach os comhair lán tí — shílfeá go mbeadh náire ort, nó fios do labhartha níos fhearr agat, ná a dhul ag rá a leithide sin de rud os comhair lán tí de dhaoine.
Ba chóra duit é a thabhairt ar cúlráid ná é a rá amach leis os comhair Sheáin.
Níl foscadh ar bith sa gceann sin má d'inis sé amach é, théis gur chuir mé pearúl air gan é a inseacht.
Dúirt sé amach é gan frapa gan taca — chaith sé an chaint gan coimhthíos gan muisiam ar bith faoi
Dúirt sé amach é agus níor miste leis cé a chuala é.
Ní ar chúla an chlaí a rachainnse leis chor ar bith: déarfainn amach é.
Níl aon mhaith dhuit a dhul ar chúla téarmaí chor ar bith leis: abair amach leis é.
+–
Is mór an suaimhneas dom an t-ualach sin a bheith curtha amach de mo chroí — is mór an sólás dom an méid sin sciolladóireacht a bheith déanta agam, nó an méid sin cainte a bheith ráite.
Nuair a chuir sé an t-ucht sin amach (nó dhe) ghread leis — nuair adúirt sé an méid sin, d'imigh leis
TUILLEADH (4) ▼
Chuir sé ucht breá cainte amach dá chroí.
Bhí sé sásta ach an méid sin a chur amach — a rá
Is breá uaidh amhrán a chur amach dá chroí — é a rá
Dúirt sé amach óna chroí é (óna chroí amach) — dúirt sé dháiríre píre é
b.
+–
Séid amach na boilg — séid suas
Spréigh amach an iomaire.
TUILLEADH (6) ▼
Cuir amach an garraí — cuir leat; fódaigh é
Imir amach cártaí — imir leat iad
Déan amach do chuid oibre — déan leat í; téirigh chun cinn léithe
Bain amach fataí agus ná bí ag leadaíocht.
Scar amach móin agus ná bí in do staidhce ansin againn.
Tá sé scilligthe amach chun bréag — luí na bréige, gotha na bréige air
7.
a.
bog amach: géaraigh amach sa siúl; deifrigh.
+–
Ar a dhul soir ar Ard-Dhoire Locháin dúinn, bhog muid amach — ghéaraigh muid sa siúl
Bog amach anois nó beidh muid deireanach.
TUILLEADH (3) ▼
Is deacair leis bogadh amach, ach ar an imeacht céanna i gcónaí.
Mura mboga tú amach, ní bheidh duine ná deoraí romhainn.
B'éigean dom bogadh amach go maith, ó na Forbacha soir, nó bheadh sé thar am orm
b.
siúil amach: déan deifir. Sin í an ghnáthchiall a bhíos leis sin. Dá dteastaíodh uait duine a thabhairt as teach, nó áit den tsórt sin, séard adéarfá: teara uait, nó teara uait amach, nó téanam amach, nó siúil uait/leat amach.
+–
Siúil amach go beo — déan deifir.
Caithfidh muid siúl amach le breith air.
TUILLEADH (3) ▼
An bhfuil tú in ann siúl amach thairis sin. Má bhíonn tú ar an righneadóireacht sin, ní bheidh muid sa mbaile go maidin.
Cuir bealadh faoi t'ioscadaí agus siúil amach.
Ní féidir é a chur ag siúl amach.
c.
+–
Corraigh amach anois — déan deifir, bí broidiúil; géaraigh do choisméig
Chorraigh sé amach nuair a bhí sé chomh fada le ard Iothlainn Shéamais.
TUILLEADH (5) ▼
Ní mór duit corraí amach thairis sin nó ní bhéarfaidh muid ar an tsochraide.
Corraigh amach agus ná bí ag righneadóireacht mar sin
Mura gcorraí tú amach, ní bhéarfaidh muid ar an aifreann.
Corraigh amach agus éirigh as an tsnámhaíocht sin nó beidh chuile shórt thart romhainn.
Mura gcorraí tú amach, beidh muid báite go craiceann (corraí amach = a dhul amach as an teach freisin)
d.
·
Ghéaraigh sé amach sa siúl — bhain sé nó bhog sé amach; nó dheifrigh sé amach sa siúl
Tá sé ag géarú amach anois, buille beag thar mar a bhí sé — ag deifriú amach nó ag siúl amach
8.
+–
Tá an-dola amach air — dola; go leor rudaí ag teacht trasna air; go leor éileamh le freastal aige; go leor le n-íoc aige.
Cén tslí atá aige le hais an dola amach atá air.
TUILLEADH (17) ▼
Má tá slí féin againn, tá an dola amach mór dhá réir.
Níl seifte ar bith anois ag na daoine (againn) agus an dola amach céanna i gcónaí orainn.
Ní fhéadfaidh muid freastal don dola amach seo i gcónaí — ní fhéadfaidh muid an oiread seo airgid a chaitheamh ar earraithe srl. i gcónaí.
Níl pínn ar bith ar an rud a bheas duine a dhíol, agus an dola amach céanna i gcónaí air.
Tá sé furasta go leor a bheith ag caint, ach cén chaoi a leagfaidh duine airgead i leataobh agus an dola amach atá air.
Má tá an pháí mór fhéin i nGaillimh, tá an dola amach dá réir.
Is fusa d'fhear na tuaithe maireachtáil mar níl an dola amach chomh mór air agus atá ar fhear an bhaile mhóir.
Dhá mbeadh a fhios agat mo dhola amachsa le seachtain, ní fhiafhrófá cén fáth nach bhfuil airgead agam.
Is deacair dhó riar a cháis a bheith aige chor ar bith agus an dola amach atá air.
Tá dola amach áibhéil ar fhear muirín ar an saol seo.
Níl a theacht isteach baol air chomh mór lena dhola amach.
Tá teacht isteach maith aige, ach cár fhága tú an dola amach atá air?
Le strapadóireacht mhór atá muid ag coinneáil tí ar bith anois agus a bhfuil de dhola amach orainn.
Tá teach áirgiúil aige ach m'anam go bhfuil dola amach mór air.
'Suarach an t-ionadh go mbeadh an-dola amach air agus lán an tí de mhuirín air.
M'anam, go lige Dia slán na daoine, má tá siad ag saothrú fhéin go bhfuil an dola amach orthub freisin.
Murach chomh tíobhasach agus a bhí mé, ní choinneoinn teach ar bith leis an dola amach a bhí orm, ag iarraidh éadach agus beatha a choinneáil ar lán tí.
9.
a.
am: ina dhiaidh sin, uaidh sin, théis sin.
+–
Amach anseo — níos deireannaí
B'fhéidir dhom a dhul ar cuairt amach anseo nuair a bheas an ceann trom den chruóig tharam.
TUILLEADH (12) ▼
B'fhéidir, le cúnamh Dé, amach anseo go n-éireodh linn rud eicínt a dhéanamh.
Fan leat go dtí amach anseo agus feicfidh tú féin go mbeidh aiféala ort nár thug aird ormsa.
Níl aon ghnaithe an obair sin a thionscailt anois, ach amach anseo le cúnamh Dé, b'fhéidir go mbeadh muid in ann tabhairt fúithi.
Déanfaidh muid teach amach anseo, in aice chúnamh Dé, nuair a bheas na malraigh sin in inre (in inmhe) agus inchúntach againn.
Is fada amach anseo é — is fada fós é; b'fhéidir gur maith an scaitheamh blianta fós é.
Beidh neart breithe ar an scéal sin amach anseo nuair a bheas muid réidh go dtí é — beidh neart ionú leis an obair sin a dhéanamh fós nuair a bheas chuile obair eile réidh againn
Is fearr dhuit é a dhéanamh anois ná í a bheith romhat amach anseo nuair a bheas an chruóg ort.
Is mairg duit nach n-íocann as láimh é mar beidh neart ag teacht trasna ort amach anseo agus ní móide go mbeifeá in ann freastal dó.
Amach anseo sa samhradh, caithfidh mé seársa a thabhairt go hUachtar Ard mar tá sé caite in mo chloigeann le fada agam.
B'fhearr dhuit gan bacadh leis go dtí amach anseo, go mbeire an uair bhreá orainn.
B'fhearr an tráth amach anseo le aghaidh obair den tsórt sin ná anois.
B'fhéidir go mb'fhearr duit a dhul romhat fhéin anois ná amach anseo nuair a bheadh sé in ainseal ort
b.
deireanach; níos faide; anonn.
+–
Déanfaidh mé é amach sa samhradh — anonn sa samhradh
Amach sa bhfómhar a tháinig sé abhaile.
TUILLEADH (19) ▼
San earrach amach a bhí ann agus cuimhním go maith go raibh mé ag cur bréige thuas i mbarr an bhaile.
Bhí sé amach go maith sa mbliain chomh fada le mo bharúil.
Ní bhainfear aon mhóin go dtí amach sa samhradh i mbliana
Bhí sé níos faide amach ná seo measaim — níos deireannaí sa mbliain
Bhí sé níos faide amach sa mbliain go fada.
Tá Domhnach Chrom Dubh an-fhada amach sa samhradh.
Is faide amach Lá Fhéil Mártan ná Lá Samhna.
B'fhada amach sa samhradh go raibh fataí nua istigh an bhliain chéanna — bhí sé deireanach sa samhradh go raibh na fataí nua inbhainte
Níor fhéad mé aon fhód móna a bhaint go dtí i bhfad amach sa samhradh an bhliain chéanna
Bhí sé amach san oíche sular tháinig sé abhaile — bhí sé deireanach
Ghlaoigh an coileach amach domhain san oíche.
Níor tháinig sé go dtí amach faoi eadarshuth — anonn le am eadarshutha
Bhí sé amach go maith sa maidin sular éirigh sé.
Ní thagann fear an phosta anois go mbíonn sé amach sa ló.
Bhí sé amach go maith sa ló sula ndearna sé aon bhuille oibre.
Ní éiríonn sé lá ar bith go mbí sé amach sa maidin.
Tá an Chincís ag dul an-fhada amach sa samhradh i mbliana.
Tá an Inid ag dul an-fhada amach i mbliana feictear dhom.
Ní raibh an Cháisc ag dul chomh fada amach le mo chuimhne agus atá sí i mbliana.
+–
Tá neart ionú acub i mbliana mar tá an Inid ag dul amach go dtí an chéad tseachtain de Mhárta.
Tá an Cháisc ag dul amach go Bealtaine i mbliana.
TUILLEADH (4) ▼
Beidh mé ag obair aríst amach go Domhnach Chrom Dubh.
Ní bhfaighidh muid aon phínn dole aríst amach go Lá Samhna.
Bhí sé ina chónaí anuraidh amach go Nollaig.
Níl aon chruóg air cois a thógáil ón gcois eile amach go hearrach aríst.
+–
Ní raibh sé in ann éirí ag póit go raibh sé amach faoi am dinnéir.
Beidh rabharta mór ann amach faoi Fhéil Pádraic.
TUILLEADH (5) ▼
Amach faoi Fhéil San Seáin a bhíonns an ghaoth rua ann.
Bíonn aonach muc i nGaillimh amach faoi Shamhain.
Amach faoi Fhéil San Bairtliméad a baintear an coirce anseo.
Bíonn ana triomaigh ann amach faoi Fhéil Michil.
Díolfaidh mé iad amach faoi Bhealtaine
+–
Tá an mhairteoil le caitheamh in aer ón Nollaig amach — tar éis na Nollag
Bheadh sé in am ag duine a bheith ag téisclim faoi chomhair an earraigh ó Lá Fhéil Bríde amach.
TUILLEADH (21) ▼
Is ionann is gur samhradh é ó Aibreán amach.
Bíonn cosúlacht an gheimhridh air ó Fhéil Muire Mór amach.
Ní thaobhóidh mise é ón Domhnach amach.
Beidh an bóthar ar siúl ón Máirt seo chugainn amach.
Tá an pinsean ceaptha dhó ó Dia hAoine beag seo amach.
Beidh scíth againn ó amárach amach.
Tá mise réidh leob ó inniu amach.
Ó anocht amach, dheamhan mo chos ná mo chnáimhse a fheicfeas siad ar a sráid.
Tá sé in am a bheith ag cur corrsceallán ó anois amach.
Beidh an uair bhreá againn ón mí seo amach.
'Gacha le lá ó mo lása amach,' adeir Bríd; 'Chuile lá ó mo lása amach, agus mo lása féin,' adeir Pádraig (Gheall an Naomh Bríd go mbeadh gacha le lá óna lá féin — Lá Fhéile Bríde — go breá agus gheall Pádraig go mbeadh chuile lá óna lá fhéin agus a lá fhéin — Lá Fhéile Pádraig — go breá.)
Beidh cruóg an earraigh orainn ón tseachtain seo amach.
Beidh an aimsir gharbh tharainn ó anois amach.
'Sí an Chincís í ó inniu amach.
Caithfear tosaí ar an earrach uaidh seo amach ("ó seo amach" amantaí ach is minicí adeirtear "uaidh seo amach".)
Ní chuirfidh sé aon araoid ormsa uaidh seo amach, deirimse leat.
Beidh mo cheart go binn le déanamh agam agus aire a tabhairt do mo ghnaithe féin uaidh seo amach.
Caithfidh sé aire a thabhairt dá chuid scoile uaidh seo amach.
Déanadh sé a rogha rud uaidh seo amach — ní thiocfaidh mise i gcleithiúnas comhairle a chur níos mó air.
Ó tá sé pósta anois, caithfidh sé fanacht istigh uaidh seo amach.
Tabharfaidh tú aire dhuit fhéin uaidh seo amach.
+–
Is gearr a bheas an geimhreadh ag dul amach anois — dhá chaitheamh.
Airím an mhí seo an-fhada ag dhul amach
TUILLEADH (2) ▼
Is gearr a bheas an tseachtain ag rith amach.
Ní fhéadfaidh muid aon mhogall a dhéanamh anois go dté an drochuair amach.
10.
amach roimh: san am atá le theacht.
+–
Tá an t-aonach amach romhainn fós — tá an t-aonach le teacht fós
Tá an Nollaig amach romhainn go gairid anois, agus ní feasach mé cá bhfaighidh mé rud lena haghaidh.
TUILLEADH (11) ▼
Tá cupla bainis amach romham an Inid seo.
Murar phós tú fós, amach romhat atá — tá an pósadh le déanamh fós agat
'Sí an mhí seo amach romhat anois, an mhí is measa síon sa mbliain — 'sí an mhí seo ag teacht an mhí is measa drochuair sa mbliain (mí Dheireadh Fómhair)
Mura mbí aon rath ar an aonach seo amach romhat anois, beidh na daoine buailte ar fad.
'Sé an rabharta seo amach romhat anois — rabharta mór na Féile Bríde — an rabharta is mó sa mbliain.
Tá an chruóg uileag amach romhainn fós.
Dhá mbeadh a fhios agam a raibh amach romham, ní phósfainn go brách
Déan do chomhairle fhéin anois — tá tú óg agus do shaol amach romhat.
Níor tháinig geimhreadh ar bith fós — romhat amach atá sé.
Níl a fhios againn céard atá ag Dia le n-aghaidh amach romhainn.
Mura dtaga aon chor sa saol an bhliain seo amach romhainn, beidh na daoine in anchaoi.
11.
seachas, thairis, cé is moite, le … a fhágáil as margadh. I mBéarla sa mbreacGhaeltacht — out from that.
+–
Mar a chéile chuile dhuine acub ó Sheán amach — tá chuile dhuine acub mar a chéile cé is moite de Sheán
Comholc dóibh, ón gceann is sine amach
TUILLEADH (8) ▼
Ní bhainfinn duine ná deoraí acub as margadh; ó Cháit amach.
'Sé an cás céanna uileag iad ón athair amach agus an t-athair fhéin.
Níl maith ná maoin leob uait fhéin amach.
Uait féin amach, ní dhéanfainn an oiread agus beannú d'aon duine eile dhá bhfuil ar aon bhaile leat.
Bratainn bhradach iad fré chéile, ó P. Ó C. amach.
Níl gnaoi ar bith agam orthub, ó Tom amach.
'Sé an bealach céanna atá le chuile ghinealach acub, ón gceann is sine amach.
Ó na meaingeals amach, níl aon rath ar aon chur eile i mbliana.
12.
a.
+–
An-fhear amach is amach é — fear tofa é (Cois Fharraige)
An-scoláire amach is amach é.
TUILLEADH (25) ▼
An bhfuil sé críochnaithe amach is amach — ar fad, uileag go léir
Tá sé bochtaithe amach is amach — ar fad, uileag go léir
Bhí sé óltach amach is amach — ar fad, críochnaithe
Tá sé díbrithe amach is amach acub anois — ar fad; ní bheidh aon chead aige iad a thaobhachtáil níos mó
Chinn an obair sin orm amach is amach — chinn sí orm dubh is dubh
Tá an dole stoptha anois amach is amach — ar fad
Ar éirigh sé as an ól amach is amach?
Tá úsáide a láimhe caillte aige amach is amach.
Tá an talamh díolta amach is amach anois aige — thar barr amach
D'éirigh sé as an siopa amach is amach — ar fad
Rinne sé puca dhi amach is amach — bhuail sé amach uileag é; sháraigh sé ar fad é
Tá sé dall amach is amach.
Tá na riaráistí sin maite amach is amach anois.
Tá an baile faoina chosa aige amach is amach críochnaithe.
Ní mór leis chuile shórt a bheith faoina mhullóig féin amach is amach — faoina smacht fhéin; fágtha faoina chúram fhéin ar fad.
Tá cead a chomhairle fhéin aige amach is amach anois.
Ní bhfaighidh sé cead a chomhairle fhéin amach is amach mar sin.
Tá an mhóin bainte aige amach is amach anois.
An bhfuil an cur déanta agat amach is amach anois.
An gcuirfidh sibh an cúilín sin amach is amach anois?
Tá Sasana buailte amach is amach anois má tá sé ag cinnt uirthi saighdiúir a fháil.
Tá sé buailte suas amach is amach anois — níl éitir ar bith fanta ann; tá sé lag lúbach, agus gan é in ann corraí amach
An-daimh(n)seoir amach is amach é
Caitheadh imirt in aer amach is amach.
Tá sí ina gealstoirm críochnaithe amach is amach.
b.
+–
an-fhear amach é — amach is amach; críochnaithe; tofa; thar cionn (Achréidh — cuirtear amach is amach ann taobh thiar de Ghaillimh; ní baintear leas as amach mar seo ach le ainmfhocla, aidiachtaí agus dobhriathra. Ní féidir é a chur i chuile áit a gcuireann an mhuintear taobh thiar de Ghaillimh amach is amach. Cuir i gcás, ní abraítear tá cead a chomhairle fhéin amach aige; ar fad nó críochnaithe nó uilig adéarfaí i gcás den tsórt sin. Níl an chiall chomh láidir le amach is atá le amach is amach)
Bhí an-fhearg amach air — an-fhearg ar fad
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé an-saibhir amach — an-saibhir ar fad
An-spailpín amach é.
Fear breá amach é.
Tá mé lagtha amach ar fad anois.
An bhfuil sé dall amach?
Tá sé bodhar amach.
+–
Tá an talamh díolta amach aige — díolta ar fad
Ní ligthe amach ar chíos atá sé aige, ach díolta amach.
TUILLEADH (5) ▼
Dhíol sé amach an fheilm.
Tá faoi an áit a dhíol amach agus a dhul ag cónaí (cónú) sa mbaile mór.
Gheobhaidh sé pínn maith ar an teach anois má dhíolann sé amach é.
Tá sé leis an troscán a dhíol amach uileag agus foireann nua a chur isteach.
Má tá i ndán is go ndíola sé an talamh amach, ceannóidh an deartháir uaidh é.
c.
thar barr amach.
+–
Cheannaigh sé an áit thar barr amach — cheannaigh sé uileag é; ar fad; cheannaigh sé dó fhéin é
Tá an teach ósta ceannaithe thar barr amach aige.
TUILLEADH (3) ▼
Níl sé in ann an gabháltas sin a cheannacht thar barr amach, mura dtóga sé sa mbainc é.
Mura bhfuil sé in ann é a cheannacht thar barr amach anois, théis Mheriocá.
Cheannódh sé an fheilm thar barr amach dhá bhfaigheadh sé aon duine le dhul i mbannaí air sa mbainc.
d.
+–
Ní bhfaighfear tada ansiúd gan a íoc amach ar an tairne — ar bhall na háite; airgead síos
Íocann sé chuile shórt amach ar an tairne.
TUILLEADH (12) ▼
Ní bhfaightheá luach na cianóige in aon siopa i nGaillimh gan a íoc amach ar an tairne.
Íoc amach a chuid airgid leis — íoc anois é; tabhair dó é.
D'íoc sé amach chuile phínn liom.
D'íoc sé amach ansiúd é os comhair an tí. Murab in é a dhíol fianaise, níl a fhios agamsa cén scéal é.
Cén fáth nár íoc sé amach thú faoi láthair.
Cuir faoi ndeara dhó thú a íoc amach ar bhall na háite.
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a íoc amach as láimh — ní dheachaigh sé anonn ná anall leis ach é a íoc ar an toirt boise
Íoc amach an fear agus ná bí sticéireacht leis níos faide.
Dhá mba fear gnaíúil é, d'íocfadh sé amach a bhfuair sé, agus gan a bheith ag sceidínteacht leis — dhá íoc ina chuideannaí
D'íoc sé amach chuile leithphínn den spré leis ansiúd os comhair a raibh ann.
B'éigean dó céad punt a íoc amach leis an mbainc ar aon láimh amháin — chaith sé céad punt a íoc leis an mbainc d'aon iarraidh (d'aon gheábh) amháin.
Bhí air chuile mhíle pínn dhá raibh amuigh air a íoc amach in éindí.
amach in iontrálacha eile (50+)
An dtarraingeoidh tú amach ina gceannfhearann iad anseo? Bheadh sé chomh maith na hiomrachaí a ligean síos ina ladhrógaí go dtí claise an tsrutha. Déanfaidh muid crúbáin ann
+
→
faitíos
Faitíos ar Sheán go deimhin! Fuair sé amach muise an fear a mbeadh faitíos air! — níl faitíos ar bith air
TUILLEADH (8) ▼
Ní ligfeadh an faitíos dó a dhul taobh amach de dhoras ó thitfeadh oíche dhá bhfaigheadh sé Éire bronnta air
Nach beag a fhaitíos é, a Thiarna Dé, a dhul amach an tráth sin d'oíche!
Bhí sé ag creathadh le faitíos a dhul amach
Ní chorródh sé amach faitíos fliucháin — ar fhaitíos go bhfliuchfaí é
Breathnaigh amach i ndiaidh an asail sin ar fhaitíos na fálach thuas (fc. fálach)
Bain amach an briogadáin sin as roth an bhicycle faitíos na timpiste — ar fhaitíos go leagfadh sé thú. Deirtear faitíos na timpiste freisin in áit faitíos na fálach thuas agus faitíos na heirimisce. 'Sé is minice ag aos óg, in áiteachaí go háirid
Coinnigh amach ón rud sin faitíos na timpiste. Ní bheadh a fhios agat céard é sin
Téirigh ag an dochtúr leis an taobh sin agat faitíos na timpiste. Deir tú go bhfuil an phian ag smearadh amach. Sin dea-chosúlacht. Deir siad má smearann an phian gur comhartha é nach bhfuil aon easna briste. Ach ní bheadh a fhios agat. Is fhearr a dhul roimhe in am
→
fara
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) anseo le bliain. Dar fia tá! Meas tú nár scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé ligean eicínt orthu. 'Sé atá i riocht
+
Ní raibh earasbarr ar bith ag mo chuid mucsa ar do chuid-se, ach bhí muca tite nuair a dhíol tusa iad. Murach sin, bhuailfeá amach mé
TUILLEADH (3) ▼
Fág an cheirt sin d'earasbarr ar an snáth nó go bhfeice tú leat. B'fhéidir go bhfónfadh sí amach anseo
Agus le farasbarr a chur ar an gcomaoin chuir sé fios amach go dtí teach comharsan eicínt ar a inín nó go gcasfadh sí ceol dúinn — i dteannta bí agus deoch a thabhairt dúinn
Tá sé ag baint earasbarr amach ar an bplúr anois le seachtain — tuilleadh thar mar a bhíodh sé a bhaint amach cheana
→
feadhain
Tá chúig tithe déag istigh ar an mbaile, agus níl teach ar an bhfeadhain acu a d'íoc aon phoor rate fós. Is ar a chruachúis dóibh an baile uilig a chaitheamh amach. Ba cheart a íoc mar sin féin
Sin feadhnach atá ag dul chuig an damhsa atá ag an sagart. Ar chuala tú céard adúirt S. an Gh. faoi? 'Is groí an saol é! Is groí muis,' adeir sé. 'Cuimhnímse fhéin — agus ní hé an fhad sin ar an saol mé — go mbíodh sagairt ag sciolladh agus ag scóladh den altóir ar dhuine ar bith a ghabhfadh amach ag damhsa de shiúl oíche. Anois tá siad dhá bhfuagairt ón altóir, agus ag maíochtáil leo a dhul ann, agus mura dté, dar fia is cam a bhreathnós siad orthu lá arna mhárach má chastar leo i mbóthar ná i mbealach iad! Is groí an saol e! Is groí sin!'
+
→
fearacht
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó ligfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maíochtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl ina dhiaidh sin
TUILLEADH (2) ▼
Ghlan leis as fearacht ceannaí a chaithfí amach — ar nós
Chuaigh sé amach go doras fearacht is dhá mbeadh rún aige a bhualadh ach d'fhill sé aríst
→
fearadh
Is fearadh do ghasúir an cócó seo. Bheidís thart dhá uireasa agus chomh deireanach agus a choinnítear ag an scoil anois iad. Ligtí amach ar bhuille an trí fadó iad — is maith nó is áirge do ghasúir é; it will have a good effect on children; it will benefit them; it is a great asset to them
+
→
fearúint
Beidh sé ag fearúint mar seo go dté an ghealach amach. Ba chóir go mbeadh sí i ndáil le caite. Tá sí ar an gceathrú dheiridh, dar liom féin.
TUILLEADH (2) ▼
Tháinig an rosamh sin isteach den fharraige scaithín ó shin. Tá sé ag fearúint sa taobh amach anois. Tá caipín ar na Beanna Beola
Níl a fhios amach nach lá é a thiocfadh ina dhórtadh. An bhfeiceann tú ag fearúint cheana é amach údan?
Thug J. amach an láirín agus é ag dul suas go F. 'Ní fré chéile a chacfas sí seo,' adeir sé, ag déanamh gaisce aisti. 'Fan go bhfeice sibh mise ag dul soir an bóthar sna feire glinnte uirthi'. Dheamhan dhá choisméig a ghabh an capall nó go raibh bualtrach déanta aici!
Ní ligfeadh aon duine beo an feithideach sin amach sa ngarraí agus gan a fhios aige nach é a chailleadh a dhéanfaí ar an iomaire
→
fiosach
Ní fhaca mise aon fhear ariamh is fiosaí ná M. N. 'An bhfuil na fataí lánaithe agat?' 'Cé mhead sleán móna bainte agat?' 'Ar chuir muintir T. Mh. mórán feamainn tirim amach?' …
+
→
fios
Dhá dtugtaí fios mo shaoil dom, is túisce a thabharfainn roghain ar an scéal sin a fháil amach. Tá mé ar bís go mbeidh a fhios agam céard a thug ann é, nó an ag iarraidh mná a bhí sé
TUILLEADH (7) ▼
Thug sé an tír soir amach air fhéin ag iarraidh fios a fhortúin. Ach ba ghearr go raibh sé sa mbaile aríst agus a leathsciathán briste
Fuair tú amach muise cé aige a mbeadh fios a labhartha. Ab é an gráiscín sin? Náireodh sé thú dhá mbeadh aon duine ann a mbeadh cás ar bith agat faoi. Meas tú céard adúirt sé an lá cheana agus N. R. anseo … ? Ní thabharfainn deoir fhola le náire
Ní bhfaightheá fios a bhealaigh amach go deo — ní bheadh a fhios agat cén bealach atá leis, nó cén sórt méin nó intinn atá aige
Ní raibh a fhios ag aon duine céard a bhí agam ó dhíol mo fhreastail amach
Seol leat. Roinn amach orthu é. Beidh mise luath go leor. Níl a fhios cé is fhearr a thús ná a dheireadh
Is mór a theastaigh fios uait. Faigh amach é — freagra ar ghasúir (nó ar dhuine ar bith) nuair a sháróidís thú ag iarraidh rud a fháil amach, eolas a bhaint asat nach mian leat a thabhairt uait srl.
Ná habair tada. Níl a fhios go té sin (/ɡu t′ɛ̄/; don té?). B'fhéidir go mbainfeadh an scéal sin caint amach fós — níl a fhios ag aon duine cén chaoi a rachadh sé chun dochair duit
→
fliuch 1
Níl fliuchadh ar a croí. Tá na beithígh ar fad imithe amach aici — níl deoir ar bith bhainne aici
+
→
fliuchán
Cén chiall go ngabhfá amach sa bhfliuchán (sa mbáistigh). M'anam gurb ort atá an macnas!
TUILLEADH (1) ▼
Fan istigh as an bhfliuchán! Ní somhaoin ar bith do dhuine é fhéin a chailleadh. Tiocfaidh neart laethanta breá amach anseo in aice chúnta Dé
+
→
focal
Ná lig aon fhocal dhe sin amach — bíodh foscadh ionat faoin scéal sin
TUILLEADH (1) ▼
Bhí a fhios agam go maith ar an gcaoi ar las sí suas gur sciorradh uaithi a rinne an focal. Ní thabharfadh sí deoir fhola le náire. D'imigh an chaint uaithi uaidh sin amach
→
fothair
Tá féar agus fothair aige sin, agus is beag an dochar dhó agus a gcuireann sé de mhúirín agus de leasú air. Thug sé suas le trí thonna amach as an bhfóidín i mbliana
+
Cén sórt fothramán é sin a chuala muid ar ball? Blastannaí a chuaigh amach ab ea? Ba diabhaltaí an fothramán a rinne sé mura ndeachaigh amach ach ceann
TUILLEADH (1) ▼
Ar ndóigh ní ag brath ar a dhul amach sa bhfothramán farraige sin a bheifeá? Níl aon churach déanta atá in ann a mharaíocht. Cén chruóg amach atá ort nó go dtige an aimsir sin in araíocht?
→
framsáil
Is tarbh oilbhéasach é sin aige. An bhfaca tú ariamh é ag framsáil agus duine ag dul thairis an bóthar. M'anam go gcuirfeadh sé a smut amach thar chlaí go dtí thú!
→
freagair
Feictear domsa go bhfuil rud eicínt ag freagairt amach ansin ón gclochairín. Níl aon mhullán ansin? An bhfeiceann tú anois é. Is geall le bairille é. Fuisce! Rum b'fhéidir!
Bhí sé chomh maith dom a bheith caite amach i bpoll an tslogaide ansin amuigh ar scáth a bhfuair mé de fhreagairt. Dheamhan a shúil. Tháinig mac siobháin faoi dheireadh. Dúirt mé liom féin ansin go raibh sé in am a bheith ag gliondáil as
+
→
froigisí
Tá na seálta froigisí ag dul i léig. Seálta dubha is mó atá ag teacht amach anois. Chreidim gurb iad is fhearr le aghaidh na strácála, agus nach mbíonn an salachar chomh suntasach orthu le na seálta eile
TUILLEADH (1) ▼
Ní iarrfadh sé go deo ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leor, ach caitheann sé a shaol ag cipiléireacht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leo. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shin agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann agus nach raibh an oiread áite fágtha aige ann sa deireadh agus go suífeadh sé síos! B'éigean dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais
→
frídeoir
Ní dhéanann an frídeoirín eile siúd ann ach siobáil bheag timpeall an tí: rud a thabhairt do chearca agus dolaontaí, agus an luaith a chur amach. Ar ndóigh ní in ann a dhul i ngarraí atá sé! Is fada uaidh é