1.
a.
cual punann nó dornán, raithnighe, slat etc. cual nó eire a iomchruightear i rópa ar a' druim.
+–
Tá beart luachra, féir, scolb, raithnighe, barrann etc. aige.
'A chailín bhig na luachra, suidh síos liom, a's fan go lá; nó scaipfidhear do bheairtín luachra, a's a bhfuair tú dhá easonóir'
TUILLEADH (3) ▼
Chuaidh sé igcoinne beart fraoigh.
Bhain sé beart scolb sa ros-choill indiu.
Bhí sé chomh maith dhuit a rádh liom beart gaini(mh) a thabhairt ó'n gcladach agad leis sin (ní fhéadfaí gaineamh a chuir imbeart).
+–
Ní bhíodh dorsa (doirse) 'bith ar na tighthe fadó. Beart slat nó rud eicínt mar sin a chuirtí in áit na comhla.
D'fheicfeá na bearta dhá gcur 'sna dorsa fós, faoi shliabh, dhá mbeadh cróithín nó bráicín gamhna nó caorach ann.
TUILLEADH (2) ▼
Sin é an chaoi a raibh sé dhá thógáil fhéin — a' teacht isteach 'sna tighthe 'san oidhche, a's ag ól an uachtair ar na h-ancoird. Ach b'fhurasta a theacht isteach 'sna tighthe an uair sin. Ní bheadh nídh dhár dhealbh a' ghrian le do bhacadh, cé's moite de na bearta a bhíodh 'sna dorsa (doirse).
Is fada a chaith bráicín thuas annsin thuas ag M. Ph. Mh. Mh. a's gan de chomhla doiris (doruis) air, ach beart.
+–
'B'ait liom fear ar fóghnamh lá an fhoghmhair nó lá an earraigh; a chuirfeadh a's a bhainfeadh an eorna a's a chomhairfeadh í 'na bearta'. (In áiteachaí comhairtear trí dhornán i bpunainn, a's punann a's fiche imbeart. Mar seo a chomhairtear in áiteachaí eile é (doire an fhéidh cuirimigcás): trí ghlaic nó trí shracadh dornán, dhá fhichead dornán stáca, dhá stáca beart, a's deich mbeart fhichead cruach. Mar seo a chomhairtear stuca nó beart igCois Fhairrge: trí ghlaic, dornán, fiche dornán cois, a's cheithre dhornán caipín stuca. Sin cheithre dhornán fhichead sa mbeart. )
Bhí scoth-bheart maith aige.
TUILLEADH (13) ▼
Beart leidhbeach é sin.
Sin é beart ghiolla na leisce a thug tú leat = thug sé beart mór leis, leisce a bheith a' déanamh an darna h-aistir dhi.
A' mbaileocha tú de'n bheart seo é?; A' dtárlócha tú leat ar fad sa mbeart seo é?
Bhí mo shean-eire sa mbeart sin.
Fagh gad dom l'aghaidh an bheirt (bhirt).
Tá cion beirt (nó beart) eile ann, nuair a bheidheas chuile thiomsacht i dtoll a chéile aghainn. = nuair a bheidheas chuile scaipeadhach fhéir, bailighthe le chéile, déanfa sé beart eile.
Caithfe tú a thoidheacht aistear eile. Tá beart go maith idir a' rocáil, a's a munachar sin thíos.
Dheamhan mórán nach ndéanfadh a' bréidín féir sin beart ann fhéin.
'Bhfaca tú aon-duine ariamh a' tarraingt fheamuinn' tirm' in a bearta go dtí sin? Ní fhaca mise ar chuma ar bith.
'Caith aníos coirce go beo agham' adeir P. Sh. Ph. N. leis a' mbean, a's é spréachta nach raibh sé faghail rud le déanamh thuas ar a' gcruaich. 'Ní fhéadfa mé' adeir sí 'go leaga mé an beart de mo ghualainn'. (Scéal baramhail a innsighthear faoi fhear áithrid a raibh an-uathbhás oibre air).
Tiubhra na cupla beart sin congnamh maith críochnú uirre (i.e. ar a' gcruaich).
Tá sé in a bheart Mh. Bh. agad fadó, a raibh a leath ag dul isteach 'san iothlainn a's an leath eile a' teacht ag an mB. L.
Cé mhéad a bhí na slata ag dul, an beart indiu.
+–
'Tomsuigheann brobh beart, a's líontar sac le póiríní' = i leaba a chéile a déantar na caisleáin'; cnuasuightear saidhbhreas, maoin a's bráigill, nó déantar obair, nó cuirtear cúrsa ar bith 'un críche, beagán ar bheagán; mara mbí 'tíoghbhus na pighne' ann, ní bhéarfaidhear choidhchin ar a' scilling; ná fág tada ag a' deachmadh nó dul amudha.
Is fiú greim a choinneál ar a' bpighinn fhéin, arae is beag a' rud a' dhéana(nn)s leas. Ar chuala tú ariamh é: 'tomsuigheann brobh beart a's líontar sac le póiríní'.
TUILLEADH (2) ▼
Dhéanfadh duine a shaidhbhreas le leith-phighinneachaí fhéin, dhá mbeadh a ndíol aca(b) aige. Mar adeireadh M. Ph. 'tomsuigheann brobh beart a's líontar sac le póiríní'.
Cailleadh bean bhocht inGaillimh an lá faoi dheire, a's d'fhága sí ionann's míle punt 'na diaidh. Meastú cé'n chaoi ar chruinnigh sí é, ach ag iarratas ar dhaoine, 'léar (de réir) mar gheobhadh sí leithphighinn a's pighinn uatha(b). Shílfeá gur fada go ndéanfadh leithphighinneachaí a's pighneachaí míle punt ach 'tomsuigheann brobh beart' in a dheidh sin.
+–
Árduigh orm a' beart seo.
Cuir láimh sa mbeart seo liom.
TUILLEADH (2) ▼
'Ceadh nach bhfuil tú indon beart a choinneál ar asal fós? Ní thiubhrainn bogán spideoige ort mara bhfuil!
Bhí díoga rompa(b) a's chaith sé an díoga glan-ascartha a's an beart air.
+–
Chuirfeadh sé a rogha beart ar asal, gan eirighe faoi. Ní shílim gur eirigh sé faoi aon-bheart ariamh. Ach is olc a' faisean do dhuine é sin a thabhairt faoi ndeara dhó fhéin. Is fánach a' chaoi a mbainfeá stangadh asad fhéin a' tógáil beart idir do dhá láimh.
Chlis sé faoi'n mbeart cíbe, ach cérbh iongnadh sin, arae b'áidhbhéil a' beart é.
TUILLEADH (5) ▼
Má leig sé scíth, leig sé míle scíth faoi'n mbeart ó cheann a' bhóithrín aníos.
A' déanamh sealuidheacht' ar a chéile ag iomchur an bheirt (bhirt) a bhí siad.
Ní thiubhrad sé le rádh, go gclisfeadh sé faoi'n mbeart féir, aindeoin go raibh a sceadamán amuigh aige dhá iomchur.
Ba diabhaltaidhe an séideán a bhí ann faoi'n mbeart. Tá ceart aige 'anáil a bheith briste ar chuma ar bith, má bhí sé ar a' gcaoi údaidh ar feadh an bhealaigh.
Níor fhága an beart sin tada in a chomhnuidhe ann (i.e. é 'iomchur).
+–
Tá'n beart ar lár = tuitthe de chapall, d'asal, de dhuine etc.
'A chailín scoth na luachra, is truagh ghéar liom do bheart ar lár'.
TUILLEADH (1) ▼
Má leigeann tú an beart ar lár, caithfe tú fhéin é 'chur suas aríst.
b.
bealach nó cúrsa a dheanamh; a bheith indon crinneadh leis a' saol; an eang nó do bheanna a thabhairt leat; a bheith réasúnta nó maith go leor; a bheith indon ag do ghnaithí.
+–
Ní cás dhuit é ó tá tú indon do bheart a tharraingt = níl tú go dona chor ar bith ó atá tú indon do chion fhéin a dheanamh, nó a bheith síos a's suas leis a' saoghal, nó do bhealach a dhéanamh, nó riar do cháis a bheith agad, nó a bheith neamh-thuilleamach le 'chuile dhuine. ("to pull your weight" ionann's).
Is mór a chruthuigh tú a's do bheart a tharraingt chor a' bith, a's a raibh in t'aghaidh.
TUILLEADH (11) ▼
Is cuma liomsa ach a bheith indon mo bheart a tharraingt sa saoghal. A's duine 'bith nach bhfuil indon sin a dhéanamh, ní fear chor a' bith é.
Mara bhfuil tú indon do bheart a tharraingt, a's do cheart a bhaint amach annsiúd, beidh tú ar deire, feicfe tú fhéin.
An té nach bhfuil in 'araidheacht a bheart a tharraingt, níl aon-ghnaithe in aon-áit aige.
Cé'n ghna(ithe) atá aghadsa i measc daoine mara bhfuil tú indon do bheart a tharraingt? Imreochthar ort gan stró(bh) a' bith má bhíonn tú ar a' tseafóid sin igcomhnuidhe.
Deirimse leat, aindeoin nach raibh foghluim a' bith air, ná focal Béarla in a phluic, gur b'shiúd é 'bhí indon a bheart a tharraingt i Meriocá. Tá 'shliocht air anois; 'sé atá ina shuidhe go te ann léar (de réir) mar chuala mé.
Má fhágann tú an baile go deo, beidh tú in ainriocht. Tá tú ro-chuthal a's cínnfe ort do bheart a tharraingt chor a' bith.
Tá sí siúd sladrúsach, triollúsach, a's indon a beart a tharraingt go maith. Ní leigfe sí do'n chearc siubhal uirre ar chaoi ar bith.
Tá sé ceart go leor fós, thálta (thárla) nach bhfuil aon-chúram air. Ach amach annseo, nuair a bhuailfeas sé faoi'n saoghal, mara mbí sé indon a bheart a tharraingt, beidh sé ar deire.
Dheamhan blas scrubaill in aon-duine sa saoghal seo, a's an té nach bhfuil in don a bheart a tharraingt, buailfear cois air.
Nach cuma dhó foghluim aige ná uaidh, ó tá sé indon a bheart a tharraingt. A's dar príosta, sé atá.
Ó tá tú indon do bheart a tharraingt go maith, bail ó Dhia ort, a's chonách sin ort. Tuilleadh bisighe amáireach ort!
+–
Iomchuir do bheart fhéin = déan do ghnaithe fhéin; cuir dhíot, nó freastail do do chúram fhéin; ná bí fás suas ar aon-duine eile; déan do bhealach
Is maith an rud do chuile dhuine a bheart fhéin a iomchur = is maith an rud do chuile chapall a carr fhéin a tharraingt; is maith an rud do chuile dhuine freastal dá ghnaithe féin.
TUILLEADH (7) ▼
Mara n-iomchruighe tú do bheart fhéin, seo é an saoghal nach n-iomchrócha aon-duine eile dhuit é.
Mara mbí tú indon do bheart fhéin a iomchur, beidh tú ar deire.
Duine a' bith nach bhfuil [ag] iomchur a bheart fhéin ann, ar a' saoghal seo, sa ngearradh-dhíob a bheidheas sé.
Siúd í an tír (i.e Meriocá) a gcaithfe 'chuile dhuine a bheart fhéin a iomchur. Mara mbí rud agad annsiúd, beidh tú dhá uireasbha.
Tá a cheart le déanamh ag chuile dhuine anois, a bheart fhéin a iomchur, a's gan a dhul a' cuidiú le duine 'bith eile.
Chonnaic mise an saoghal a raibh soighleas 'sna daoine, a's nar mhiste le comharsa, lá nó dhá lá a thabhairt isteach do dhuine aonraic, nuair a bheadh an chruadhóg ann. Ach a' té nach bhfuil indon a bheart fhéin a iomchur anois, beidh sé ar deire.
Chaith sí an lá a' dilleoireacht liom, a's ag iarraidh orm scathamh de lá a thabhairt di leis a' bhféar. Ach 'séard dubhairt mise léithe, nach dtiubhradh aon-duine aon-chongnamh dhom fhéin, dhá mbeidhinn in a chall. Tarraingeadh chuile dhuine a bheart fhéin ar a' saoghal seo.
+–
Dean do bheart, a's ná bac liomsa = dean do bhealach, do chúrsa, do cheann-oibre etc.
Má tá tú indon do bheart a dhéanamh, sin é do dhóthain.
TUILLEADH (2) ▼
B'fhearr duit do bheart a dhéanamh, a's gan bacadh le caidéis a chuir ar aon-duine eile.
Déan do bheart fhéin, a's ná cuir araoid a' bith ar a' duine bocht sin. Ní beag dhó sin, mar 'tá sé cheana.
2.
"plan"; deis; dóigh; leagan-amach; cleas; cúrsa imeartais. (féach "doibeart").
+–
Níl beart a' bith is fhearr dhuit ná a dhul abhaile díreach anois = níl cúrsa a' bith; níl 'plean' a' bith; níl caoi a' bith.
Sé'n beart is fhearr dhuit é 'ghlacadh go réidh. Dheamhan maith 'bith dhuit a dhul 'un droch-(mh)úineadh leis. Má theigheann, ní bhainfe tú ceart a' bith dhe.
TUILLEADH (5) ▼
Déarfainn fhéin, nach mbeadh beart a' bith, ba chríonna do dhuine, ná gan bacadh le ceachtar aca(b), ach an oiread le chéile. 'High for Blakes and Dalys a's pléidhidís fhéin le chéile é' mar adeir a' tsean-bhean fadó. (Duine de na Blácaigh, a's duine de chloinn nDálaigh a bhí ag úmaidheacht (iomaidheacht) i dtoghachán inGaillimh fadó. Ní raibh aon-ghnaoi ag a' tsean-bhean ar cheachtar acu).
Ní bheadh beart a' bith ba chríonna dhuitse 'a Phat', ná 'bheith imthighthe as seo, shul a dtige M. Tá sé bruithte ar bhainne aige dhuit, agus is ait a chruthóchas tú, nó tiubhra sé faoi na fabhraí dhuit é.
Ní bheadh beart a' bith ab fhearr d'fhear bhocht a dheanamh ar a' saoghal atá ann, ná'n talamh a fhágáil annsin i dtigh an mhíádha, a's a dhul a' saothrú, in áit a' bith a bhfaighead sé saothrú.
Níl beart a' bith ab fhearr a dhéanfadh do leitheid-sa anois, idtús do shaoghail a's do mhaitheasa, ná gearr-chaile mná a fhághail, a's pósadh as láimh. B'fhearr dhuit go mór é, ná 'bheith dhá chuir ar a' méir is fuide.
Níl beart a' bith ba chríonna do dhuine, ná gan iad a thaobhachtáil beag ná mór.
+–
Ara ní bhfaighead sé in a chlaonta, beart chomh tútach sin a dhéanamh ar a leithide eile fhéin. = ní bhfaighead sé ann fhéin a leithide sin de chleas a dhéanamh ar a mhacasamhail fhéin (tabhair faoi deara, nach gcialluigheann "beart" ná "cleas" annseo, ná i leagain dá shórt, "imeartas" ná "gleacuidheacht", ach gníomh tútach, nó groidhe, nó leathtromach).
Ní fhéadfadh sé beart ní ba tútaighe a dheanamh ná rinne sé. Nach faoi atá an tír a' cainnt? = ní fhéadfadh sé cleas ní ba thútaighe a dhéanamh.
TUILLEADH (7) ▼
Is díbhírceach a' beart a shíl sé a dhéanamh orm — mo ghiodáinín talmhana 'bhaint dhíom.
Dheamhan cinneadh 'bith leis, má's sin é an beart a shíl sé imirt ort.
Óra nach beag a' scruball é, beart mar sin a dhéanamh ar a chomharsa béal-doruis!
Níl beart dhá thútaighe, ná dhá dhonacht, nach ndéanfadh sé, dhá gceapadh sé go mbeadh balachtáil bheag a' bith a' sroicheadh dhó fhéin.
An deabhac, nach cliste an beart a shíl sé a dhéanamh ar L. bocht!
Nar badh hé amháin dó le beart a dhéanamh! = ná raibh an rath air, marab é a rinne an beart tútach (nó mío-stáideach).
Is olc a' beart duit a leithide sin a dheanamh.
+–
Chuir sé beart in a shuidhe = leag sé 'plean' amach; cheap sé 'plean'.
Chuir sé beart in a shuidhe, leis a' gcliamhain a rubáil.
TUILLEADH (11) ▼
'Sé mo mheas, go bhfuil sé ag iarraidh beart eicínt eile a chuir in a shuidhe anois.
Mara dtaithnighe leis, is gearr ar siúd, beart a chuir in a shuidhe, le na cheart fhéin a fhaghail.
Má tá tú ag iarraidh beart a chuir in a shuidhe, le S. ná aon-duine eile a bhualadh sa dlighe, teirigh go dtí an Sean-dall glic seo thoir. Is fhearr é ná 'turnae a' bith.
Is beag a' stró(b) ar an ealadhantóir siúd, beart a chuir in a shuidhe, le imeartas fré chéile orra(b).
Diabhal bréag nach é a chuir an beart in a shuidhe, dhá dtugtaí aon-chluais dhó.
D'aithneochainn ar a' leiciméaracht atá air, ar an aimsir seo, go bhfuil sé a' cur beart eicínt eile in a shuidhe.
Sin beart eile atá sé a chuir in a shuidhe anois, an cneamhaire, le é fhéin a dhaingniughadh isteach tuille. Dheamhan 'athrú 'riamh! A' féidir a bheith suas le na chuid gleacuidheachta chor a' bith?
Is baramhail a' beart a d'fhiach (d'fhéach) sé a chuir 'na shuidhe, leis an uncail a dhíbirt as a' teach. Ní bhíodh iabh air chuil' oidhche, ach a' toirnéis, a's a' déanamh troimpléisc ar fud a' tighe, nuair a bíodh an t-uncail in a chodladh — ar dhóigh dhe, go raibh an teach sídheamhail! Ach (dh)ar ndó(igh), bhí fhios ag a' gceann eile go maith, céard a bhí dhá dhéanamh.
Níl aon-lá ariamh, nach shin í 'gcuid aisiléaracht' sin — a' cuir beart in a shuidhe, a's ag imeartas ar chuile duine má's fíor dhóib fhéin. Ach feicthear dhomsa, gurab iad fhéin a bhío(nn)s siar leis i gcomhnuidhe.
Níl fear a bhárrtha le faghail. Chuirfeadh sé beart in a shuidhe a gheobhfadh an ceann is fhearr ar righ na méaracán.
Is maith beachtuighthe n mac é D. ach dheamhan goir a bhí aige in a dheidh sin, imirt ar Sh. Bh., aindeoin nach cheal a shaothruighthe é. Chaith sé an bhliadhain a' cur beart in a shuidhe, len' imirteas ar a's chinn air in a dheidh sin.
+–
'Níl duine dhá chríonna nach dteigheann beart in' aghaidh' (sean-fhocal) = dhá chríonna a's dhá fhad-bhreathnuighthe dhá mbí duine, imrightear ar uair eicínt, nó ní fhéitheann a' saol leis i gcomhnuidhe, nó ní eirigheann cúrsa eicínt leis.
Shíl sé go ndearna sé a chríonnacht, ach nach maith nach ndearna 'na dheidh sin! Ar chuala tú ariamh é: 'níl duine dhá chríonna (nó dhá chríonnacht) nach dteigheann beart in' aghaidh'
TUILLEADH (2) ▼
Is olc a' rud a bheith ro-chríonna amanntaí. 'Dheamhan duine dhá chríonnacht, nach dteigheann beart in' aghaidh'.
Le teann críonnachta má b'fhíor dhó fhéin, a d'fhan sé sa mbaile, ach a' bhfeiceann tú fhéin, nach mbíonn duine dhá chríonna, nach dteigheann beart in 'aghaidh.
+–
Dhá mhéid críonnacht' é, chuaidh an beart sin in 'aghaidh.
Tá sí chomh críonna le na h-easógaí má's fíor dhi fhéin, a's is iomdha beart a theighea(nn)s in a h-aghaidh ina dheidh sin.
TUILLEADH (5) ▼
'Sé cóir Dé é, go ndeacha an beart sin in' aghaidh. Marach sin d'eireochadh sé imullach a' bhaile ar fad.
Tá 'chuile bheart ag (d)ul i m'aghaidh. Ach ní bhíonn aon-neart ar thoil Dé.
Ní dheacha an beart sin leis, a's ní móide gur fearr dhó fhéin beirthe é.
Tá 'chuile bheart ag (d)ul i m'aghaidh.
Tá sé chomh h-imeartha, chomh h-ealadhanta, le na bhfaca tú ariamh, a's, a's aindeoin sin a's uileag, is beag beart a' bith, nach dteigheann in' aghaidh.
·
Beart gan leigheas is foighid is fhearr air (sean-fhocal)
3.
·
'Deirtear culaith éadaigh a's feisteas éadaigh, a's beart a bhíodh ar rud a' bith a chaithfeadh duine (Béal Beo l. 168). (níl beart sa gcainnt anois, ar éadaigh)
Beart in iontrálacha eile (34)
→
focal
Chuir mé focal ar bheart slat le fear as an Taobh Mín Dé Sathairn seo caite, ach níor thug sé chugam inniu iad
→
fána
Aire dhuit annsin! Tá an púcán crínnte (linn). Leigfeamuid le fánaidh í agus seolfamuid amach fútha. Sén beart is fhearr é sílim
B'fhiú do dhuine a bheith coinneálach ar a leithphighinn fhéin. 'Tomsuigheann brobh beart a's líontar sac le póiríní' adeirtear.
→
crámhar
Sé'n scéal é, níl fascadh in aon-áit ó'n gcramhar báistighe sin, mar sé'n chaoi 'bhfuil sé dhá caitheamh anuas díreach. Is mó an bhrath atá agham leigean liom fhéin abhaile, a's an giota fataí sin a fhágáil go ndéana sé aithdeal: meastú nar mhaith an beart é?
→
buail ar
Shíl sé go raibh lán laidhre in áithrid di, de bharr na h-udhachta, ach is beag a fuair sé léithe chor a' bith. Deirimse leatsa, marach le grádh do'n ailp, nach mbuailfí air í, ach 'ní bhíonn duine dhá chríonna nach dteigheann beart in 'aghaidh' amanntaí.
Ag mo dhruím atá mé buailte suas. Níl neart agam cor a' bith a bhaint as, nach gcrádhann sé go croidhe mé. Tá sé amhla ó bhain mé an stangadh sin asam fhéin, leis a' mbeart coirce.
→
airigh
Bhí sé ag faire ar a bheart nó gur airigh sé chun suaimhnis a raibh sa teach (Loinnir Mac Leabhair — l.73.) = bhí sé ar an áirdeall go dtapuigheadh sé a dheis, nó gur chuala sé chuile dhuine in a gcodladh.
→
anglánta
B'fhearr a d'fhéadfá do bheart a tharraingt, dhá mbeitheá gan a bheith leath chomh h-anglánta.
B'fhéidir gur fearr a bheadh sé indon a bheart a tharraingt, agus gan é leath chomh h-antlásach; b'fhéidir sin = b'fhéidir gur fearr a dhéanfadh sé cúis, agus gan é bheith chomh h-amplúdhach agus tá sé.
+
→
anuas
Tá sé suas a's anuas le 'chuile dhuine [[= tá aithne agus eolus aige ar chuile dhuine; tá sé indon 'chuile dhuine a bhleaghan; tá sé in don a' saoghal a bharruidheacht, iascach a dheanamh leis, agus a bheart a tharraingt.}}
TUILLEADH (1) ▼
Tarraing do bheart chomh maith a's fhéadfas tú, agus bí suas a's anuas le 'chaon dream aca(b) chomh maith le chéile.
+
D'árduigh sé orm a' beart.
TUILLEADH (1) ▼
Bhain mé stangadh as mo dhruím ag iarraidh an bhirt 'árdú orm fhéin.
→
farae
Ná bac le seascachaí anois, d'fhuireasa neart farae san ngeimhreadh. Fadó leigeadh muid amach ar an sliabh iad agus cead aca beatha a bhaint as a gcrága, agus diabhal dhá shuaite chlaoite dhá mbeidís, go bhfuightheá imeacht orra. Ach dheamhan mórán áirge beart cnámha (beithigh caite) a thabhairt chuig aontaigh anois. Mara mbeidh siad cho sleamhain anois agus go sciorrfá dhíob, níl aon-fhiafraí orra
→
imeartas
Má tharraingeann duine ar bith a bheart le teann imeartais, tarraingeocha sé siúd é = má bhíonn duine ar bith indon a dhul chun cinn sa saoghal le teann gleacuidheachta, siúd é é.
→
fulaing
Beart féir a bhí air, agus d'airigh sé an-mheáchan ann, agus diabhal mé go dtug sé go hiothlainn é in a dheidh sin. Ach chuir sé é féin thar a fhulainn leis. Ní dhearna sé aon bhuille ó shoin
→
fuascail
Dhá bhfádh sé duine eicínt a d'fhuasclódh as na fiacha é bheadh leis! M'anamsa go bhfuil a cheart go maith le déanamh ag chuile dhuine agus a bheart fhéin a tharraint agus gan bacadh le aonduine eile
→
dairt
Is deacair P. a chorruighe. D'fhéadfá a bhualadh treasna an smuit agus dheamhan drúcht ná báisteach adéarfad sé leat, ach tosuighe ag gáiridhe. Ach mo choinsias 'sdar m'anam, an uair a bhíos sé corruighe nach bhfuil beart ar bith is fhearr ná fanacht uaidh. Níl ins an gceann eile ach caitheamh dairteacha ar a ghualainn. Ní ag bagairt a bhíos sé ach ag bualadh. Speirfead sé nó sháithfead sé thú, ar ionntú an tsuip. Is fiú é a sheachaint má bhíonn aon-challóid air.
→
deachma
Beidh coirce le cois — cupla stuca. Ní thiocfaidh ar an gcruaich seo thar sheacht nó h-ocht de bhearta eile. Sílim gur ceart go dtiubharfadh an méid sin congnamh maith uirre. An méid a bhéas le cois ab eadh? Dheamhan a fhios agam féin céard a dhéanfas muid leis sin, mara gcaithidh muid ag an deachma é. Teastuigheann rud eicínt ó'n deachma
Nach hé an diabhlánach mí-oibliogáideach anois é, agus nach dtiúrfadh sé aníos an beart slat dom, th'éis an carr a bheith falamh aige
+
→
doras
Ní bhíodh doras ar bith in aon-teach fadó, ach beart (slat) a bhualadh ann mar a fheiceas tú is na bráicíní beaga caorach sin suas i S. Mh. anois = cuimnigheann dream atá beo fós go bhfaca siad é sin is an tír seo. Corr-theach a mbíodh comhla air chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Bhíodh C. a bhí annsin thuas i mballa Ch. ag sireoireacht ó theach go teach agus ag ól an uachtair de'n bhainne, 'nuair a bhí muintir an tighe in a gcodladh … Cé'n stró a bhíodh air a dhul isteach agus gan de dhoirse ar na tighthe ach birt shlat, nó fhraoigh. Nach bhféadfadh a rogha duine a dhul isteach agus cé'n aireachtáil a bheadh air
+
→
dornán
Dhá ghlaic mhóra (fogha corráin glaic ins an gcás seo) nó trí ghlaic bheaga sin dornán, cheithre dhornán punann, fiche punann beart nó rópa (ach comhairtear ponann is fiche de'n bheart in áiteacha, agus bíonn malrait comhairimh air ar fad: trí ghlaic dornán, dhá fhichead dornán stáca, dhá stáca rópa, agus deich rópa fichead cruach (Casla))
TUILLEADH (1) ▼
Is furasta dhó obair a dhéanamh agus nach mbíodh dhá dhornán aige is 'chuile bheart dhá dtarraingigheadh sé. Ní hé sin do P. é. Ní in a dhornáin a líonadh sé an beart, ach in a stucaí
→
doscúch
D'fheicfeá ag imeacht is chuile chruinneál cho doscudhach é, agus dair leat féin gur fonn a bheadh air 'chuile dhuine a ionnsuighe. Ach tugann sé a bheanna leis as 'chuile áit mar sin féin. Ní bheadh fhios ag duine agus an comhluadar a bhfuil sé taithighthe ann — aidhbheirseoirí críochnuighthe — tuige nach bhfaghann sé iarraidh mharbhthach, ach indomhnach tá sé indon a bheart a tharraingt dá mbuidheachas
→
dícheall
Ní bheidh sé craptha agaibh anois th'éis a (bhur) ndichill roimh an múr. Is beag an baoghal oraibh. Tá cion cheithre bheart ann fós, nó tuilleadh. Déanaighidh deabhadh ar aon-chor
Shílfeá go bhfuil tú ag brath ar a dhul ag díolachán bail ó Dhia ort! 'Séard a bhí agad a dhéanamh anois cupla páidrín agus glac iallachaí a fháil, agus a dhul thart dhá bhfuagairt ó theach go teach — ag siubhal romhat agus ag bailiú in do dhiaidh mar adeireadh an Ceannuidhe Ruadh a bhíodh ag dul thart annseo fadó. Chuala mé M. Ph. Sh. M. — ós aige atá a fhios chuile rud — ag rádh an lá cheana gur ag díol páipéir nuaidheachta ar na sráideanna a thosuigh Lipton an tae. Má seadh ba mhaith a chuaidh sé dhó. Ach bhí sé cruadh coinneálach agus cion aige ar 'chuile phighinn. Tomsuigheann brobh beart, adeir siad
→
dúbail
Ara céard atá tú a dhéanamh? Dúbail an beart sin, nó an leigfeadh an náire dhuit an ghlaicín sin a thabhairt 'na h-iothlann?
+
→
téigh ar
Teirigh ar lághaidheacht leis. 'Sé an beart is fhearr é sílim. Ní bhréagfaidh tú go deo é le droch-mhúineadh
TUILLEADH (1) ▼
Fear ar bith nach bhfuil aon-bhuille oibre aige, ní bheadh beart ar bith ab fhearr dó ná fáisceadh suas go Baile Átha Cliath agus a dhul ar ghadaidheacht ann. Níl a fhios céard atá daoine a bhalú ann le goid. Bíonn na páipéir fré chéile faoi laetheantaí