Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
beart
ainmfhocal, firinscneach
uimhir iolra: beirt, bearta
tuiseal ginideach aonta: birt
1.
a.
cual, punann, nó dornán raithní, slat srl.; cual nó eire a iompraítear i rópa ar an droim.
+
Tá beart luachra, féir, scolb, raithní, barrann srl. aige.
"A chailín bhig na luachra, suigh síos liom agus fan go lá; nó scaipfear do bheairtín luachra, agus a bhfuair tú dhá easonóir"
TUILLEADH (3) ▼
Chuaigh sé i gcoinne beart fraoigh.
Bhain sé beart scolb sa roschoill inniu.
Bhí sé chomh maith dhuit a rá liom beart gainimh a thabhairt ón gcladach agat leis sin (ní fhéadfaí gaineamh a chur i mbeart)
+
Ní bhíodh doirse ar bith ar na tithe fadó. Beart slat nó rud eicínt mar sin a chuirtí in áit na comhla.
D'fheicfeá na bearta dhá gcur sna doirse fós faoi shliabh dhá mbeadh cróín nó bráicín gamhna nó caorach ann.
TUILLEADH (2) ▼
Sin é an chaoi a raibh sé dhá thógáil fhéin — ag teacht isteach sna tithe san oíche agus ag ól an uachtair ar na hancaird. Ach b'fhurasta a theacht isteach sna tithe an uair sin. Ní bheadh ní dhár dhealbh an ghrian le do bhacadh cé is moite de na bearta a bhíodh sna doirse.
Is fada a chaith bráicín thuas ansin thuas ag M. Ph. Mh. Mh. agus gan de chomhla dorais air ach beart.
+
B'ait liom fear ar fónamh lá an fhómhair nó lá an earraigh; a chuirfeadh agus a bhainfeadh an eorna agus a chomhairfeadh í ina bearta. In áiteachaí comhairtear trí dhornán i bpunainn, agus punann is fiche i mbeart. Mar seo a chomhairtear in áiteachaí eile é (Doire an Fhéich cuirim i gcás): trí ghlaic nó trí shracadh dornán, dhá fhichead dornán stáca, dhá stáca beart, agus deich mbeart fhichead cruach. Mar seo a chomhairtear stuca nó beart i gCois Fharraige: trí ghlaic dornán, fiche dornán cois, agus cheithre dhornán caipín stuca. Sin cheithre dhornán fhichead sa mbeart.
Bhí scothbheart maith aige.
TUILLEADH (13) ▼
Beart leadhbach é sin.
Sin é beart ghiolla na leisce a thug tú leat — thug sé beart mór leis, leisce a bheith ag déanamh an darna haistir dhi.
An mbaileoidh tú den bheart seo é? An dtarlóidh tú leat ar fad sa mbeart seo é?
Bhí mo sheaneire sa mbeart sin.
Faigh gad dom le aghaidh an bhirt.
Tá cion birt (nó beart) eile ann nuair a bheas chuile thiomsacht i dtoll a chéile againn — nuair a bheas chuile scaipiúch fhéir bailithe le chéile, déanfaidh sé beart eile.
Caithfidh tú a theacht aistear eile. Tá beart go maith idir an racáil agus an munachar sin thíos.
Dheamhan mórán nach ndéanfadh an bréidín féir sin beart ann fhéin.
An bhfaca tú aon duine ariamh ag tarraingt fheamainn tirim ina bearta go dtí sin? Ní fhaca mise ar chuma ar bith.
'Caith aníos coirce go beo agam,' adeir P. Sh. Ph. N. leis an mbean agus é spréachta nach raibh sé ag fáil rud le déanamh thuas ar an gcruaich. 'Ní fhéadfaidh mé,' adeir sí, 'go leaga mé an beart de mo ghualainn'. (Scéal barrúil a insítear faoi fhear áirid a raibh an-uafás oibre air)
Tabharfaidh na cupla beart sin cúnamh maith críochnú uirthi (.i. ar an gcruaich)
Tá sé ina bheart Mh. Bh. agat fadó, a raibh a leath ag dul isteach san iothlainn agus an leath eile ag teacht ag an mB. L.
Cé mhéad a bhí na slata ag dul an beart inniu.
+
'Tiomsaíonn brobh beart, agus líontar sac le póiríní' — i leaba a chéile a déantar na caisleáin; cnuasaítear saibhreas maoin is brá gill, nó déantar obair, nó cuirtear cúrsa ar bith chun críche, beagán ar bheagán; mura mbí tíobhas na pínne ann, ní bhéarfar choíchin ar an scilling; ná fág tada ag an deachmadh nó dul amú.
Is fiú greim a choinneáil ar an bpínn fhéin, arae is beag an rud a dhéananns leas. Ar chuala tú ariamh é: tiomsaíonn brobh beart agus líontar sac le póiríní.
TUILLEADH (2) ▼
Dhéanfadh duine a shaibhreas le leithphínneachaí fhéin dhá mbeadh a ndíol acub aige. Mar adeireadh M. Ph., tiomsaíonn brobh beart agus líontar sac le póiríní.
Cailleadh bean bhocht i nGaillimh an lá faoi dheireadh agus d'fhága sí ionann is míle punt ina diaidh. Meas tú cén chaoi ar chruinnigh sí é ach ag iarratas ar dhaoine, léar (de réir) mar gheobhadh sí leithphínn agus pínn uathub. Shílfeá gur fada go ndéanfadh leithphínneachaí is pínneachaí míle punt ach tiomsaíonn brobh beart ina dhiaidh sin.
+
Ardaigh orm an beart seo.
Cuir láimh sa mbeart seo liom.
TUILLEADH (2) ▼
Cé nach bhfuil tú in ann beart a choinneáil ar asal fós? Ní thabharfainn bogán spideoige ort mura bhfuil!
Bhí díoga rompub agus chaith sé an díoga glanoscartha agus an beart air.
+
Chuirfeadh sé a rogha beart ar asal gan éirí faoi. Ní shílim gur éirigh sé faoi aon bheart ariamh. Ach is olc an faisean do dhuine é sin a thabhairt faoi ndeara dhó fhéin. Is fánach an chaoi a mbainfeá stangadh asat fhéin ag tógáil beart idir do dhá láimh.
Chlis sé faoin mbeart cíbe, ach cérbh ionadh sin, arae b'áibhéil an beart é.
TUILLEADH (5) ▼
Má lig sé scíth, lig sé míle scíth faoin mbeart ó cheann an bhóithrín aníos.
Ag déanamh sealaíochta ar a chéile ag iompar an bhirt a bhí siad.
Ní thabharfadh sé le rá go gclisfeadh sé faoin mbeart féir, ainneoin go raibh a sceadamán amuigh aige dhá iompar.
Ba diabhaltaí an séideán a bhí ann faoin mbeart. Tá ceart aige a anáil a bheith briste ar chuma ar bith má bhí sé ar an gcaoi údaí ar feadh an bhealaigh.
Níor fhága an beart sin tada ina chónaí ann (.i. é 'iompar)
+
Tá an beart ar lár — tite de chapall, d'asal, de dhuine srl.
"A chailín scoth na luachra, is trua ghéar liom do bheart ar lár".
TUILLEADH (1) ▼
Má ligeann tú an beart ar lár, caithfidh tú fhéin é a chur suas aríst.
b.
bealach nó cúrsa a dhéanamh; a bheith in ann crinneadh leis an saol; an eang nó do bheanna a thabhairt leat; a bheith réasúnta nó maith go leor; a bheith in ann ag do ghnaithí.
+
Ní cás dhuit é ó tá tú in ann do bheart a tharraingt — níl tú go dona chor ar bith ó tá tú in ann do chion fhéin a dhéanamh, nó a bheith síos is suas leis an saol, nó do bhealach a dhéanamh, nó riar do cháis a bheith agat, nó a bheith neamhthuilleamach le chuile dhuine. ("to pull your weight" ionann is)
Is mór a chruthaigh tú agus do bheart a tharraingt chor ar bith agus a raibh in t'aghaidh.
TUILLEADH (11) ▼
Is cuma liomsa ach a bheith in ann mo bheart a tharraingt sa saol. Agus duine ar bith nach bhfuil in ann sin a dhéanamh, ní fear chor ar bith é.
Mura bhfuil tú in ann do bheart a tharraingt, agus do cheart a bhaint amach ansiúd, beidh tú ar deireadh, feicfidh tú fhéin.
An té nach bhfuil in araíocht a bheart a tharraingt, níl aon ghnaithe in aon áit aige.
Cén ghnaithe atá agatsa i measc daoine mura bhfuil tú in ann do bheart a tharraingt? Imreofar ort gan stró ar bith má bhíonn tú ar an tseafóid sin i gcónaí.
Deirimse leat, ainneoin nach raibh foghlaim ar bith air, ná focal Béarla ina phluic, gurb úd é a bhí in ann a bheart a tharraingt i Meiriceá. Tá a shliocht air anois; 'sé atá ina shuí go te ann léar (de réir) mar a chuala mé.
Má fhágann tú an baile go deo, beidh tú in ainriocht. Tá tú róchúthail agus cinnfidh ort do bheart a tharraingt chor ar bith.
Tá sí siúd sladarúsach, treallúsach, agus in ann a beart a tharraingt go maith. Ní ligfidh sí don chearc siúl uirthi ar chaoi ar bith.
Tá sé ceart go leor fós, thálta (tharla) nach bhfuil aon chúram air. Ach amach anseo, nuair a bhuailfeas sé faoin saol, mura mbí sé in ann a bheart a tharraingt, beidh sé ar deireadh.
Dheamhan blas scrupaill in aon duine sa saol seo, agus an té nach bhfuil in ann a bheart a tharraingt, buailfear cois air.
Nach cuma dhó foghlaim aige ná uaidh ó tá sé in ann a bheart a tharraingt. Agus dar príosta, 'sé atá.
Ó tá tú in ann do bheart a tharraingt go maith, bail ó Dhia ort, agus a chonách sin ort. Tuilleadh bisigh amárach ort!
+
Iompair do bheart fhéin; déan do ghnaithe fhéin; cuir dhíot, nó freastail do do chúram fhéin; ná bí ag fás suas ar aon duine eile; déan do bhealach
Is maith an rud do chuile dhuine a bheart fhéin a iompar — is maith an rud do chuile chapall a carr fhéin a tharraingt; is maith an rud do chuile dhuine freastal dá ghnaithe féin.
TUILLEADH (7) ▼
Mura n-iompraí tú do bheart fhéin, seo é an saol nach n-iompróidh aon duine eile dhuit é.
Mura mbí tú in ann do bheart fhéin a iompar, beidh tú ar deireadh.
Duine ar bith nach bhfuil ag iompar a bheart fhéin ann, ar an saol seo, sa ngearradh dhíobh a bheas sé.
Siúd í an tír (.i. Meiriceá) a gcaithfidh chuile dhuine a bheart fhéin a iompar. Mura mbí rud agat ansiúd, beidh tú dhá uireasa.
Tá a cheart le déanamh ag chuile dhuine anois a bheart fhéin a iompar, agus gan a dhul ag cuidiú le duine ar bith eile.
Chonaic mise an saol a raibh soilíos sna daoine agus nár mhiste le comharsa lá nó dhá lá a thabhairt isteach do dhuine aonraic nuair a bheadh an chruóg ann. Ach an té nach bhfuil in ann a bheart fhéin a iompar anois, beidh sé ar deireadh.
Chaith sí an lá ag dilleoireacht liom agus ag iarraidh orm scaitheamh de lá a thabhairt di leis an bhféar. Ach séard adúirt mise léithe, nach dtabharfadh aon duine aon chúnamh dhom fhéin dhá mbeinn ina chall. Tarraingeadh chuile dhuine a bheart fhéin ar an saol seo.
+
Déan do bheart agus ná bac liomsa — déan do bhealach, do chúrsa, do cheann oibre srl.
Má tá tú in ann do bheart a dhéanamh, sin é do dhóthain.
TUILLEADH (2) ▼
B'fhearr duit do bheart a dhéanamh, agus gan bacadh le caidéis a chur ar aon duine eile.
Déan do bheart fhéin, agus ná cuir araoid ar bith ar an duine bocht sin. Ní beag dhó sin mar atá sé cheana.
2.
plan; deis; dóigh; leagan amach; cleas; cúrsa imeartais (fc. dobeart).
+
Níl beart ar bith is fhearr dhuit ná a dhul abhaile díreach anois — níl cúrsa ar bith; níl plean ar bith; níl caoi ar bith.
'Sé an beart is fhearr dhuit é a ghlacadh go réidh. Dheamhan maith ar bith dhuit a dhul chun drochmhúineadh leis. Má théann, ní bhainfidh tú ceart ar bith dhe.
TUILLEADH (5) ▼
Déarfainn fhéin nach mbeadh beart ar bith ba chríonna do dhuine ná gan bacadh le ceachtar acub ach an oiread le chéile. High for Blakes and Dalys agus pléidís fhéin le chéile é, mar adeir an tseanbhean fadó Duine de na Blácaigh agus duine de Chlainn nDálaigh a bhí ag úmaíocht (iomaíocht) i dtoghchán i nGaillimh fadó. Ní raibh aon ghnaoi ag an tseanbhean ar cheachtar acu
Ní bheadh beart ar bith ba chríonna dhuitse a Phat, ná a bheith imithe as seo, shula dtige M. Tá sé bruite ar bhainne aige dhuit, agus is ait a chruthós tú nó tabharfaidh sé faoi na fabhraí dhuit é.
Ní bheadh beart ar bith ab fhearr d'fhear bhocht a dhéanamh ar an saol atá ann, ná an talamh a fhágáil ansin i dtigh an mhí-áidh agus a dhul ag saothrú in áit ar bith a bhfaigheadh sé saothrú.
Níl beart ar bith ab fhearr a dhéanfadh do leithéidse anois i dtús do shaoil agus do mhaitheasa, ná gearrchaile mná a fháil agus pósadh as láimh. B'fhearr dhuit go mór é ná a bheith dhá chuir ar an méir is faide.
Níl beart ar bith ba chríonna do dhuine ná gan iad a thaobhachtáil beag ná mór.
+
Ara ní bhfaigheadh sé ina chlaonta beart chomh tútach sin a dhéanamh ar a leithide eile fhéin — ní bhfaigheadh sé ann fhéin a leithide sin de chleas a dhéanamh ar a mhacasamhail fhéin. Tabhair faoi deara nach gciallaíonn "beart" ná "cleas" anseo, ná i leagain dá shórt, "imeartas" ná "gleacaíocht", ach gníomh tútach, nó groí, nó leatromach.
Ní fhéadfadh sé beart ní ba tútaí a dhéanamh ná rinne sé. Nach faoi atá an tír ag caint? — ní fhéadfadh sé cleas ní ba thútaí a dhéanamh.
TUILLEADH (7) ▼
Is díbhírceach an beart a shíl sé a dhéanamh orm — mo gheadáinín talúna a bhaint dhíom.
Dheamhan cinneadh ar bith leis más sin é an beart a shíl sé a imirt ort.
Óra nach beag an scrupall é, beart mar sin a dhéanamh ar a chomharsa béal dorais!
Níl beart dhá thútaí, ná dhá dhonacht, nach ndéanfadh sé, dhá gceapadh sé go mbeadh balachtáil bheag ar bith ag sroicheadh dhó fhéin.
An deabhac, nach cliste an beart a shíl sé a dhéanamh ar L. bocht!
Nár ba é amháin dó le beart a dhéanamh! — ná raibh an rath air, murab é a rinne an beart tútach (nó místaideach)
Is olc an beart duit a leithide sin a dhéanamh.
+
Chuir sé beart ina shuí — leag sé plean amach; cheap sé plean
Chuir sé beart ina shuí leis an gcliamhain a robáil.
TUILLEADH (11) ▼
'Sé mo mheas go bhfuil sé ag iarraidh beart eicínt eile a chur ina shuí anois.
Mura dtaitní leis, is gearr ar siúd beart a chur ina shuí lena cheart fhéin a fháil.
Má tá tú ag iarraidh beart a chur ina shuí le S. ná aon duine eile a bhualadh sa dlí, téirigh go dtí an Seandall glic seo thoir. Is fhearr é ná aturnae ar bith.
Is beag an stró ar an ealaíontóir siúd beart a chur ina shuí le imeartas fré chéile orthub.
Diabhal bréag nach é a chuir an beart ina shuí, dhá dtugtaí aon chluais dhó.
D'aithneoinn ar an leiciméireacht atá air ar an aimsir seo go bhfuil sé ag cur beart eicínt eile ina shuí.
Sin beart eile atá sé a chur ina shuí anois, an cneámhaire, le é fhéin a dhaingniú isteach tuilleadh. Dheamhan a athrú ariamh! An féidir a bheith suas lena chuid gleacaíochta chor ar bith?
Is barrúil an beart a d'fhiach (d'fhéach) sé a chur ina shuí, leis an uncail a dhíbirt as an teach. Ní bhíodh iamh air chuile oíche, ach an toirnéis, agus ag déanamh troimpléisc ar fud an tí, nuair a bíodh an t-uncail ina chodladh — ar dhóigh dhe, go raibh an teach síúil! Ach ar ndóigh, bhí a fhios ag an gceann eile go maith céard a bhí dhá dhéanamh.
Níl aon lá ariamh nach in í a gcuid aisiléireachta sin — ag cur beart ina shuí agus ag imeartas ar chuile duine más fíor dhóibh fhéin. Ach feictear dhomsa gurb iad fhéin a bhíonns siar leis i gcónaí.
Níl fear a bharrtha le fáil. Chuirfeadh sé beart ina shuí a gheobhadh an ceann is fhearr ar Rí na Méaracán.
Is maith beachtaithe an mac é D., ach dheamhan gair a bhí aige ina dhiaidh sin imirt ar Sh. Bh., ainneoin nach cheal a shaothraithe é. Chaith sé an bhliain ag cur beart ina shuí le n-imeartas air agus chinn air ina dhiaidh sin.
+
'Níl duine dhá chríonna nach dtéann beart ina aghaidh' (seanfhocal) — dhá chríonna agus dhá fhadbhreathnaithe dhá mbí duine, imrítear air uair eicínt, nó ní fhéitheann an saol leis i gcónaí, nó ní éiríonn cúrsa eicínt leis.
Shíl sé go ndearna sé a chríonnacht, ach nach maith nach ndearna ina dhiaidh sin! Ar chuala tú ariamh é: níl duine dhá chríonna (nó dhá chríonnacht) nach dtéann beart ina aghaidh
TUILLEADH (2) ▼
Is olc an rud a bheith róchríonna amantaí. Dheamhan duine dhá chríonnacht nach dtéann beart ina aghaidh.
Le teann críonnachta, má b'fhíor dhó fhéin, a d'fhan sé sa mbaile ach an bhfeiceann tú fhéin nach mbíonn duine dhá chríonna nach dtéann beart ina aghaidh.
+
Dhá mhéid críonnachta é, chuaigh an beart sin ina aghaidh.
Tá sí chomh críonna le na heasógaí más fíor dhi fhéin, agus is iomaí beart a théanns ina haghaidh ina dhiaidh sin.
TUILLEADH (5) ▼
'Sé cóir Dé é go ndeachaigh an beart sin ina aghaidh. Murach sin d'éireodh sé i mullach an bhaile ar fad.
Tá chuile bheart ag dul i m'aghaidh. Ach ní bhíonn aon neart ar thoil Dé.
Ní dheachaigh an beart sin leis agus ní móide gur fearr dhó fhéin beirthe é.
Tá chuile bheart ag dul i m'aghaidh.
Tá sé chomh himeartha, chomh healaíonta, lena bhfaca tú ariamh, agus, agus ainneoin sin is uileag, is beag beart ar bith nach dtéann ina aghaidh.
·
Beart gan leigheas is foighid is fhearr air (seanfhocal)
3.
·
'Deirtear culaith éadaigh agus feisteas éadaigh, agus beart a bhíodh ar rud ar bith a chaithfeadh duine' (Béal Beo lch 168). Níl beart sa gcaint anois ar éadaigh

Féach freisin

beart in iontrálacha eile (33)

 
focal
Chuir mé focal ar bheart slat le fear as an Taobh Mín Dé Sathairn seo caite, ach níor thug sé chugam inniu iad
 
fána
Aire dhuit ansin! Tá an púcán crinnte (linn). Ligfidh muid le fána í agus seolfaidh muid amach fúthu. 'Sé an beart is fhearr é sílim
 
B'fhiú do dhuine a bheith coinneálach ar a leithphínn fhéin. Tiomsaíonn brobh beart agus líontar sac le póiríní, adeirtear.
 
'Sé an scéal é, níl foscadh in aon áit ón gcramhar báistí sin, mar 'sé an chaoi a bhfuil sé dhá caitheamh anuas díreach. Is mó an bhrath atá agam ligean liom fhéin abhaile agus an giota fataí sin a fhágáil go ndéana sé aiteall: meas tú nár mhaith an beart é?
 
Tá beart scolb le biorú agam.
 
Shíl sé go raibh lán laidhre in áirid di de bharr na huachta, ach is beag a fuair sé léithe chor ar bith. Deirimse leatsa, murach le grá don ailp, nach mbuailfí air í, ach ní bhíonn duine dhá chríonna nach dtéann beart ina aghaidh amantaí.
 
Ag mo dhroim atá mé buailte suas. Níl neart agam cor ar bith a bhaint as nach gcránn sé go croí mé. Tá sé amhlaidh ó bhain mé an stangadh sin asam fhéin leis an mbeart coirce.
 
airigh
"Bhí sé ag faire ar a bheart nó gur airigh sé chun suaimhnis a raibh sa teach" (Loinnir Mac Leabhair, lch 73.) — bhí sé ar an airdeall go dtapaíodh sé a dheis nó gur chuala sé chuile dhuine ina gcodladh.
 
B'fhearr a d'fhéadfá do bheart a tharraingt dhá mbeifeá gan a bheith leath chomh hanglánta.
 
B'fhéidir gur fearr a bheadh sé in ann a bheart a tharraingt agus gan é leath chomh hantlásach; b'fhéidir sin — b'fhéidir gur fearr a dhéanfadh sé cúis agus gan é bheith chomh hamplúch agus atá sé
 
anuas
Tarraing do bheart chomh maith agus a fhéadfas tú, agus bí suas is anuas le chaon dream acub chomh maith le chéile.
+
D'ardaigh sé orm an beart.
TUILLEADH (1) ▼
Bhain mé stangadh as mo dhroim ag iarraidh an bhirt a ardú orm fhéin.
 
farae
Ná bac le seascachaí anois d'uireasa neart farae sa ngeimhreadh. Fadó ligeadh muid amach ar an sliabh iad agus cead acu beatha a bhaint as a gcrága, agus diabhal dhá shuaite chloíte dhá mbeidís, go bhfaightheá imeacht orthu. Ach dheamhan mórán áirge beart cnámha (beithígh caite) a thabhairt chuig aontaí anois. Mura mbeidh siad chomh sleamhain anois agus go sciorrfá dhíobh, níl aon fhiafraí orthu
 
Má tharraingeann duine ar bith a bheart le teann imeartais, tarraingeoidh sé siúd é — má bhíonn duine ar bith in ann a dhul chun cinn sa saol le teann gleacaíochta, siúd é é
 
Beart féir a bhí air, agus d'airigh sé an-mheáchan ann, agus diabhal mé go dtug sé go hiothlainn é ina dhiaidh sin. Ach chuir sé é féin thar a fhulaing leis. Ní dhearna sé aon bhuille ó shin
 
D'fháisc sé beart féir ar an gcapall — chuir
 
Dhá bhfaigheadh sé duine eicínt a d'fhuasclódh as na fiacha é bheadh leis! M'anamsa go bhfuil a cheart go maith le déanamh ag chuile dhuine agus a bheart fhéin a tharraingt agus gan bacadh le aon duine eile
 
dairt
Is deacair P. a chorraí. D'fhéadfá a bhualadh trasna an smuit agus dheamhan drúcht ná báisteach adéarfadh sé leat, ach tosaí ag gáirí. Ach mo choinsias is dar m'anam, nuair a bhíos sé corraí, nach bhfuil beart ar bith is fhearr ná fanacht uaidh. Níl sa gceann eile ach caitheamh dairteacha ar a ghualainn. Ní ag bagairt a bhíos sé ach ag bualadh. Speirfeadh sé nó sháfadh sé thú ar iontú an tsoip. Is fiú é a sheachaint má bhíonn aon challóid air
 
deacair 2
Tá sé ag dul deacair go leor leis a bheart a tharraingt ar an aimsir seo
 
Beidh coirce le cois — cupla stuca. Ní thiocfaidh ar an gcruaich seo thar sheacht nó hocht de bhearta eile. Sílim gur ceart go dtabharfadh an méid sin cúnamh maith uirthi. An méid a bheas le cois ab ea? Dheamhan a fhios agam féin céard a dhéanfas muid leis sin, mura gcaithe muid ag an deachma é. Teastaíonn rud eicínt ón deachma
 
Nach é an diabhlánach mí-oibleagáideach anois é agus nach dtabharfadh sé aníos an beart slat dom, théis an carr a bheith folamh aige
+
doras
Ní bhíodh doras ar bith in aon teach fadó, ach beart (slat) a bhualadh ann mar a fheiceas tú sna bráicíní beaga caorach sin suas i S. Mh. anois — cuimhníonn dream atá beo fós go bhfaca siad é sin sa tír seo. Corrtheach a mbíodh comhla air chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Bhíodh C. a bhí ansin thuas i mballa Ch. ag sirtheoireacht ó theach go teach agus ag ól an uachtair den bhainne nuair a bhí muintir an tí ina gcodladh … Cén stró a bhíodh air a dhul isteach agus gan de dhoirse ar na tithe ach birt shlat, nó fhraoigh. Nach bhféadfadh a rogha duine a dhul isteach agus cén aireachtáil a bheadh air
+
Dhá ghlaic mhóra (fogha corráin glaic sa gcás seo) nó trí ghlaic bheaga sin dornán, cheithre dhornán punann, fiche punann beart nó rópa (ach comhairtear punann is fiche den bheart in áiteacha, agus bíonn malrait comhairimh air ar fad: trí ghlaic dornán, dhá fhichead dornán stáca, dhá stáca rópa, agus deich rópa fichead cruach (Casla))
TUILLEADH (1) ▼
Is furasta dhó obair a dhéanamh agus nach mbíodh dhá dhornán aige i chuile bheart dhá dtarraingíodh sé. Ní hé sin do P. é. Ní ina dhornáin a líonadh sé an beart, ach ina stucaí
 
D'fheicfeá ag imeacht i chuile chruinneáil chomh doscúch é, agus dar leat féin, gur fonn a bheadh air chuile dhuine a ionsaí. Ach tugann sé a bheanna leis as chuile áit mar sin féin. Ní bheadh a fhios ag duine agus an comhluadar a bhfuil sé taithithe ann — áibhirseoirí críochnaithe — tuige nach bhfaigheann sé iarraidh mharfach, ach i nDomhnach, tá sé in ann a bheart a tharraingt dá mbuíochas
 
Ní bheidh sé craptha agaibh anois théis a (bhur) ndíchill roimh an múr. Is beag an baol oraibh. Tá cion cheithre bheart ann fós, nó tuilleadh. Déanaidh deabhadh ar aon chor
 
Shílfeá go bhfuil tú ag brath ar a dhul ag díolachán bail ó Dhia ort! Séard a bhí agat a dhéanamh anois, cupla paidrín agus glac iallachaí a fháil, agus a dhul thart dhá bhfuagairt ó theach go teach — ag siúl romhat agus ag bailiú in do dhiaidh, mar adeireadh an Ceannaí Rua a bhíodh ag dul thart anseo fadó. Chuala mé M. Ph. Sh. M. — ós aige atá a fhios chuile rud — ag rá an lá cheana gur ag díol páipéir nuaíochta ar na sráideanna a thosaigh Lipton an tae. Más ea, ba mhaith a chuaigh sé dhó. Ach bhí sé crua coinneálach agus cion aige ar chuile phínn. Tiomsaíonn brobh beart, adeir siad
 
Ara céard atá tú a dhéanamh? Dúbail an beart sin, nó an ligfeadh an náire dhuit an ghlaicín sin a thabhairt chun na hiothlann?
 
Bhí mé maoldearg leis an mbruitíneach, agus mé ag tarraingt bhearta ina dhiaidh sin
+
Téirigh ar láíocht leis. 'Sé an beart is fhearr é sílim. Ní bhréagfaidh tú go deo é le drochmhúineadh
TUILLEADH (1) ▼
Fear ar bith nach bhfuil aon bhuille oibre aige, ní bheadh beart ar bith ab fhearr dó ná fáscadh suas go Baile Átha Cliath agus a dhul ar ghadaíocht ann. Níl a fhios céard atá daoine a bhailiú ann le goid. Bíonn na páipéir fré chéile faoi laethantaí