Beo
—ainm-fhocal
1.
+–
Is cuma liom beo nó marbh, tá mé chomh dona sin.
Is cuma liom mo bheo nó mo mharbh, mara bhfagha mé réidh an achair ó'n bpian seo.
TUILLEADH (8) ▼
Nach cuma dhó a bheo nó a mharbh anois, má tá'n bhail sin air — martruighthe le na shaoghal aríst.
Sé'n chás amháin dom é, beo nó marbh anois.
Dubhairt sé gur chuma leis beo nó marbh, a's chreidfinn é freisin. Níl fhios ag aon-duine beo, cé'n chaoi 'bhfuil sé sin a' saothrú an tsaoghail.
Is cuma liom mo bheo nó mo mharbh — rud a' bith a chuirfeadh as pian mé!
Nach hé an cás céadna do'n duine bocht a bheo nó a mharbh. Cé fearr dhó beo!
Dheamhan a' miste le saighdiúr a bheo nó a mharbh. Nach len' aghaidh sin atá sé ann?
Dhá mbadh é mo bhás, nó mo bheo é, an uair chéadna, dhéanfainn é.
Má's é mo bhás nó mo bheo é anois, is cuma liom. Tiocfa mé thríd.
+–
Ní hé a bheo ná a mharbh, atá a' cuir imnidhe ar siúd ach ól a's eirghe-in-áirde.
Is furast aithinte ort, nach hé do bheo ná do mharbh atá a' cur imnidhe ort, a's a dhul sa gcontabhairt sin.
TUILLEADH (4) ▼
Dhá mbadh é a bheo nó a mharbh a bheadh a' déanamh imnidhe dhó, is fada amach ó na h-amhuis sin a' d'fhanóchad sé — is fada sin.
'Bhfuil suim a' bith aghad in do bheo ná in do mharbh, nó cé'n catmara atá do do tharraingt siar ar a' mbaile sin.
Fear a' bith a chuaidh isteach in a lár sin, déarfainn gur fear é, gan mórán suim in a bheo ná in a mharbh.
A Thighearna nach diabhlaidhe beag a' tsuím atá in a bheo ná 'na mharbh ag an ngasúr sin, a dhul a' marcuigheacht ar a' mbromach, a's gan fhios aige, nach tosuighe a' gabhail dá tóin in áirde a dhéanfadh sí, a's é a chaith(eamh) anuas.
+–
Tá'n bheo a's an marbh chomh maith le chéile tarraingthe thrídh n' fhiacla aige = bíonn sé a' coireamhaint ar a' té atá ar shlighe na fírinne, chomh maith leis a' té atá ar shlighe na bréige.
Sé'n chás amháin leis an beo a's an marbh, nuair a bhuailfeas fonn biadáin é.
TUILLEADH (2) ▼
Hébrí céard a dheanfas tú leis a' mbeo, leig de na mairbh; abair do rogha rud leis a' mbeo, ach fág na mairbh le na n-anshógh féin.
An té nach dtiubhra modh do'n bheo, ní thiubhra sé modh do na mairbh (a' cainnt dó).
+–
Ar do bheo ná do mharbh ná teara annseo aríst = ná teara ar chonntar a' bith; ná teara ar mhaith leat fhéin, nó má tá do leas ar Dhia.
Ar do bheo, ná ar do mharbh, fainic a labhróchthá air sin, le duine ar bith.
TUILLEADH (3) ▼
Ná taobhuigh an teach sin aríst ar do bheo ná ar do mharbh.
Ná cloisimse an focal sin as do bhéal aríst ar do bheo ná ar do mharbh, nó má chloisim, giorrócha mé leat.
Ní dhéanfadh sé ar a bheo ná ar a mharbh é = ní dhéanfadh sé ar luach-saothair a' bith é.
+–
Dheamhan anoir 'fheicfeas tú aríst é, le na bheo ná le na mharbh = ní thiocfa sé anoir aríst é, le linn a' tsaoghail seo, ná'n chéad saoghal eile (am atá igceist ann).
Ní thaobhócha mise B. U. aríst le mo bheo, hébrí céard a dhéanfas mé le mo mharbh = chomh uain's 'bheidheas mé beo aríst, ní racha mé B. U., ach níl fhios agam céard is cor dhom th'éis mo bháis.
TUILLEADH (8) ▼
Ní bheannócha mé dó le mo bheo ná mo mharbh, th'éis a' chleas a rinne sé orm.
Dheamhan deoir 'ólfas sé aríst adeir sé le na bheo, ná' mharbh.
Dheamhan goir agam an baile a thaobhachtáil aríst le mo bheo ná mo mharbh, má eirigheann aon-cheo do 'bhicycle' Sheáinín.
Ná feicimse ar mo shráid aríst é, le mo bheo ná mo mharbh, nó daighean mé, má fheiceann go n-íocfa sé ann.
Má chloisimse, go gcaithfe tú an chainnt sin le do bheo ná le do mharbh aríst, gheobha tú faoi na for(bh)aí é, feicfe tú fhéin.
Níl aon-oidhche le na bheo aríst, nar dhubhairt sé an paidrín, roimh a dhul a chodladh dhó.
Dheamhan oidhche le na bheo aríst, th'éis na h-oidhche sin, a d'fhan sé amuigh ag imirt chártaí, indiaidh an deich a chlog.
Dheamhan Domhnach le na bheo aríst, a d'fhan sé ó'n Aifreann. Fuair a dhíol de chomhairleachan.
+–
Ní beo liom mo bheo, a's ní bás liom mo bhás a's an chaoi atá orm = níl aon-drugal agam bás a fhaghail, arae tá mé a' saothrú an tsaoghail (nó luit, nó tinnis) thar m'acmhuinn, mar atá mé.
Ní beo liom mo bheo, ó tháinic bárr orm, go deireannach.
TUILLEADH (9) ▼
Ní beo liom mo bheo, ó bhuail a' phian ghártha seo mé.
Ní beo liom mo bheo d'uireasbha mo mhaicín bán fhéin.
Ní beo liom mo bheo, a's ní bás liom mo bhás, ó rinne mé an imirce seo.
Dubhairt cailleach na clúide nar bheo léithe a beo, ó b'éigean di, athrú as a' mbaile. Ach dheamhan mórán clóice 'bhí uirre 'na dheidh sin, i gcosamhlacht.
A dhearbhráithrín mo chroidhe thú, ní beo liom mo bheo, chor a' bith ó bánuigheadh a' teach, a's ó d'imthigh na gearr-bhodaigh uaim.
Ó tháinic bean a' mhic isteach faoi chaolachaí an tighe aice, ní beo léithe a beo chor a' bith. Tá sí reicthe 'chuile phuínnte sa ló aice, an tsean-bhean bhocht.
Ní beo liom mo bheo ó tháinic mé isteach 'sa mbaile céadna an chéad lá ariamh. 'Chuile mhíle duine ann in adhar (aighre?) a' chochaill in a chéile, ó mhaidin go faoithin.
Níor bheo leis a bheo, an duine bocht, ó chuir sé an chlann.
Bhí an-chion aice, ar a' mac ba shine, a's ní beo léithe a beo, ó cuireadh é sin.
·
Dhá bhfeicinn dá dhéanamh é, ní leigfinn a bheo leis, ná dheamhan baoghal orm. = mharbhóchainn é.
Is maith an scéal duit féin, nachar rug mise ort, nó dá mbeirinn, ní leigfinn do bheo leat as ball na h-áite
2.
áit a n-aireochthá pian, dá dteigheadh aon-cheo thríd; an áit dhíot a bheadh so-ghortuighthe.
a.
Beo na h-iongan = isteach faoi'n iongain: d'fhéadfaidhe rud a chur thríd an iongain fhéin a's ní aireochthá [é] go dteighead sé sa mbeo.
+–
Tá'n fleasc istigh i mbeo m'iongan, a's gheobha mé rud le déanamh é 'thabhairt amach.
Airighim a' corruighe istigh imbeo na h-iongan é. Diabhal bréag muise, nach hé atá tinn.
TUILLEADH (5) ▼
Tá méirín ar a' láimh aige, in áit a ndeacha fleasc isteach i mbeo na h-iongan, a's tá mé 'ceapadh go bhfuil an ionga scoithte aige. Ní fhéadfad sé gan a bheith (féach "méirín", "fleasc").
Airighim driogannaí istigh imbeo m'iongan ó shoin.
Dar mo choinsias shaothruigh mise an mhéir sin. Scoilt an ionga go dtí an beo, a's dheamhan forus ná suaímneas a fuair mé uaithe in imtheacht coicíse le pian.
Tá méir bhocht air, in áit a ndeacha dealg isteach faoi an ionga, a's chuaidh sé sa mbeo.
Dheamhan a raibh de shiocair ariamh aige, ach bun eicínt a dhul i mbeo na h-iongan — sa ladhairicín — a's shéid sí suas, go raibh sí an aoirde sin slán a' tsamhail. B'éigean do na dochtúirí í bhaint dhe, arae dubhairt siad, go dtiocfadh a' droch-adhbhar suas thríd a' láimh, fré chéile.
+–
Chuaidh an chloch go beo ionnam = tholl sí mo chois, nó gur ghortuigh sí mé idir fheoil a's leathar.
An greim a d'ith mé, chuaidh sé go beo isteach in m'fhiacail a's bhuail doightheachaí mé, a's dheamhan forus ná suaimneas a thug siad dhom aríst i gcaitheamh na h-oidhche.
TUILLEADH (2) ▼
Chuaidh an phian go beo ionnam.
Sháith sé biorán ionnam, a's chuir sé isteach sa mbeo ar fad é.
b.
Beo na coise = isteach go maith sa gcrúib, i gcapall nó i mbó.
+–
Fan amach ó bheo na coise (nó na crúibe — crúb chapaill nó bó, nó caorach).
Seachain beo na coise.
TUILLEADH (9) ▼
Is fada isteach fhairis sin beo na coise.
Ná teang(mh)uigh le beo na coise, má fhéadann tú, chor ar bith é.
Chaithfeadh sé gur theangmhuigh mé le beo na coise, nó ní thosóchad sé ag gabhail dá tóin in áirde mar sin.
Má theigheann tú a' bearradh crúib an asail, fainic beo na coise.
Níl beo na crúibe fulannach ar thada.
Tá beo na crúibe leis, aice.
Dubhairt mé leat a bheith áirdeallach; a's gan a dhul in goireacht rud a' bith do bheo na crúibe.
Beidh moill uirre, shul a gcneasuighe sí muise, má tá tada ar bheo na coise.
Is diabhaltaidhe maith fada isteach a chuaidh tú, go ndeacha tú go dtí beo na coise.
+–
Chuir an gabha an táirnge sa mbeo (nó "imbeo") = thiomáin sé ro-fhada thríd a' gcrúib é, go ndeacha sé sa mbeo.
Chuir a' gabha tairnge i mbeo innte indiu.
TUILLEADH (10) ▼
Mara bhfana sí socair, tá faitchíos orm, go racha tairnge i mbeo innte.
An capall fhéin ba scionntaighe (badh cionntaighe). Ba mhaith a bheadh sé ar a mhaidí, nó chaithfeadh sé tairnge a chuir a imbeo innte.
Tá bacaighil uirre. Chaithfeadh sé go bhfuil tairnge sa mbeo innte.
Is beag le go bhfuil sí indon a cois deire a leagan ar a' talamh anois. Maran tairnge a cuireadh sa mbeo innte an lá faoi dheire, dheamhan fhios agham, céard é fhéin.
Ní féidir aon-chrúdh a chuir ar a' gcapall céadna, gan táirnge a dhul i mbeo.
Sí'n capall is contráilte í, dhár fhéach gabha ariamh le crudh a chuir uirre. Ní thagann táirm a' bith uirre, go dteigheann sé ar thiomáilt (thiomáint) na dtáirngí. An lá faoi dheire a raibh cothrom cruidhthe ag gabhail uirre, chuir sé dhá thairnge sa mbeo innte, a's b'éigean dó a dtarraingt aríst ar ais.
Maran táirnge a chuaidh imbeo innte, dheamhan fhios agham céard a d'eireochadh di. Tá'n bhacaighil sin uirre, le gabhail 'un seachtmhaine.
Thóig sí cloch ghéar nó rud eicínt in a crúib, a's chuaidh sí imbeo.
Meastú bhfuil a' tairnge sin imbeo?
Chuaidh an staic sin go beo innte.
c.
+–
Ba tairnge imbeo (sa mbeo) ionnam an chainnt a chaith sé = ghoill a chuid cainnte orm; chuir a chuid cainnte múisiam orm; ba gheall le puis de sciain thríom a chuid cainnte.
(d)Ar ndóigh, mo léan, ba tairnge imbeo sa gceann eile an méid sin a shamhlú léithe!
TUILLEADH (6) ▼
Is táirnge imbeo i Seán, an scéal sin a tharraingt anuas aige beag ná mór.
Is geall le tairnge imbeo ann, tada a rádh chor a' bith faoi'n oidhche sin. Ghoill sé an-mhór air.
Is táirnge imbeo ceart ínnte muis, 'leigint ort fhéin go raibh fhios aghad tada faoi sin.
Má dubhairt sé an méid sin, muis, chuir sé táirnge i mbeo ceart ann. Rud is lugha ná sin, chuirfeadh sé múisiam air.
Chuir sé an táirnge sin imbeo muis, má thrácht sé chor a' bith ar a' gcliamhain.
Is furasta tairnge a chuir i mbeo 'sa gceann céadna. Tá sí íogmhar pusach, as beagán acmhúinn' aice ar thada a rádh léithe.
+–
Bhí tú 'cur táirngí imbeo anocht go tréan — bhí tú sin = bhí tú a' tabhairt gobannaí uait as éadan; bhí tú a' leagan isteach sáithteán as éadan; is iomdha priocadh a thug tú uait anocht.
Chuir sé an sáithteán (an gob, an priocadh etc.) sa mbeo (i mbeo). = ghoill sé ar a' té ar dhubhradh leis é.
TUILLEADH (4) ▼
Aon tsáithteán a thiubhras sé siúd uaidh, cuirfe sé imbeo é. 'Sé atá deas air.
Má thugann sé sáithteán a' bith uaidh, cuirfe sé imbeo é.
Is maith uaidh gob a chuir imbeo = tá sé indon sáithteán a thabhairt uaidh, a ghoillfeas nó a chuirfeas muisiam ar dhuine.
Ná h-iarr in a dhiaidh siúd é. 'Sé atá indon an priocadh a chuir imbeo.
·
Chuaidh an chainnt sin go beo ionnam = ghoill sí orm; spreag sí mé; chuir sí muisiam orm
Níl aon-smid dhár dhubhairt a' misinéara, nach smid í 'chuaidh imbeo ionnam.
Beo in iontrálacha eile (50+)
→
cadhail
Shoraidh dhíot nar fhan mar bhí tú, a's gan a dhul i gcleitheamhnas thú 'bheith do do chaidhleadh le sneachta mar sin. (D)ar ndóigh, ní chorróchadh aon-fheithideach beo amach a leithide d'oidhche.
→
caidéis
Nach diabhaltaidhe mór a' smál atá oraibh a's caidéis a' bith a chuir uirre sin. Is maith atá 'fhios agaibh gurb shin í ubhall na h-aithne a's ní beo sib, 'na dheidh sin gan a bheith a' saghdadh fúithe.
Ba dhual dó a bheith caidéiseach. Ní raibh aon-cheo sa tír ingan-fhios dá athair. Sin é an sórt duine a bhí ann, nach mbeadh sé beo, gan 'chuile fhios a bheith aige.
+
Chuaidh fear thart annseo an bhliadhain cheana, a's é gléasta mar bheadh tinncéara ann. Ar a chaomhamhaint a bhí sé ingeall ar bhean bhocht eicínt a rubáil a's a mharbhú, thart síos. Dheamhan duine beo, nach gcuirfeadh sé dalladh púicín air. Siar faoi Chonamara in áit eicínt a rugthas air as a dheire, a's cuireadh príosúntacht le na ló air. Má cuireadh fhéin ba mhaith an aghaidh sin air, ná ar aon-duine eile a dhéanfadh a leithide de chleas.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan gna(ithe) aghad tada a mbeidh aon-chás aghad ann, a innseacht dó sin, arae níl caomhamhaint a' bith ann. D'innseochadh sé an rud ba mheasa leat beo, do'n té nach bhfaca sé ariamh.
Fuair tú amach 'muis an té a mbeadh caomhamhaint ann. Nach bhfuil fhios agad nach mbeadh sé sin beo gan a bheith a' cíbleadh cainnte.
Bíodh caomhamhaint ionnad anois, a's na labhair le aonduine beo faoi sin, go bhfeiceamuid linn.
→
carcair
'Sé díol a' diabhail aon-cheart a bhaint de'n charcair sin. Tá sé beo droch-mhúinte, a's ar bheagán spleadhchais le chuile dhuine.
→
ceal 1
Mara bhfuil feamuinn dearg aige ní cheal a shaothruighthe é, arae dheamhan lá beo, nach gcaitheann sé stráisiún thíos ar bharr na curraighe.
Ní fhéadfadh sé rud a' bith a cheartú duit — go fiú's an rud is fánaighe beo — gan na goithtí sin. Goithtí ar fad é.
→
ceasúil
Sé'n tanálach bradach é. Tá sé chomh h-éiseallach a's nach féidir a bhéilídhe a leagan chuige. Bíonn locht aige ar a' bhfeoil go mbíonn sé ro-cheasamhail, a's an t-arán go mbíonn an iomarca 'soda' ann. B'fhearr dhuit beo idtalamh ná a' freastal air.
Tá cainnt aige — cipiléaracht a's cainnt ar sraith. Dheinfead sé ballséire d'aonduine beo a bheith ag éisteacht leis.
→
ciseach
Tá'n áit in a chiseach ag a' mbrothtuinn ghasúr sin as Baile Átha Cliath. Dheamhan fhios ag aonduine beo, cé'n ámhuilleacht atá ionnta(b).
→
cleite
Ní minic cleite gnaoidheamhail tarraingthe anuas ag a' gceann céadna. Bheadh sé sin beo a' gráiscínteacht, a's a' radaireacht mar sin.
Fainic do mhéir (mhéar) ar a' sceannadóir de phortán sin. Ceadh nach bhfuil fhios agad, gurab shin é an rud is coilgnighe beo. Má bhaineann sé ailp asad, comhairleocha sin thú b'fhéidir.
+
Dhá gcastaí isteach 'sna coillte coimhightheacha sin thú, ba mhaith a bheitheá ar do mhaidí, a's a theacht asta(b) beo. Tá siad lom-lán le beithidhigh éigcéille.
TUILLEADH (2) ▼
Ní feasach mé beirthe ná beo cé'n fáth atá aige a bheith chomh coimhightheach leis a' teach seo a's atá sé. Shílfeá nach araoid ná múisiam a' bith a chuir muid ariamh air, mara bhfuil indán's gurb é a bhealach é.
Dheamhan mac an éin bheo in do thír nach bhfuil a' casaoid (ar shlaghdán, nó tinneas) a's ughdar aca(b). Ach is suarach a' t-iongnadh sin, a's an aimsear a' cothú chomh coimhightheach a's tá sí.
Tá na breaclachaí sin siar beo le coiníní anois, a's gan blas coimhighthis aca(b) le aonduine. Airigheann siad nach bhfuil aon-mhadadh de rath ar a' mbaile.
Dhá mbeadh firéad againn, dheamhan coinicéar beo aca(b) sin, nach dtiocfadh sé innte, a's nach gcuirfeadh sé na coiníní asta(b) amach a's deifir orra(b).
→
coirigh
Ní choireocha sé ar aon-duine in mo láthair-sa, nó má choirigheann, cuirfe mise in a thost é, gan mórán achair. 'Sén rud is lughar liom beo, duine a chloisteáil a' caitheamh a's a' cáineadh ar a chomhursa mar sin gan ughdar a' bith.
Ní beag dhó chomh coitchiannta a's bhíos sé ag ól. Dheamhan fhios agham beirthe ná beo, cé'n chaoi a seasann a' t-airgead dhó, chor a' bith.
+
→
comaoin
Má tá cion aige ar a' tsean-mháthair fhéin, is cumaoin dó. Marach an oileamhaint a thug sí sin dó, a's é 'na pháiste, dheamhan a' mbeadh beo indiu dhó. Chuaidh sé sáthach righte leis mar 'bhí sé fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan firnéad a' bhéil bheo istigh in do phobal nach bhfuil faoi chumaoin dó sin, ingeall ar é 'bheith 'na dhochtúr beithidheach.
Bhí sé chomh maith dhuit a dhul a's é a dhéanamh i gcoimhfhios le 'bheith ag imtheacht i ngan fhios mar sin, arae dheamhan mac an éin bheo sa tír nach bhfuil fhios aige go bhfuil tú ar a' gceird.
→
conán
Dheamhan duine beo a thiocfadh a' cur aon-araoid ar a' gconán sin, mara mbeadh a' catmara ar fad air — créatúr bocht nach mbíonn idtroid ná imbruighin, ná nach raibh ariamh.
+
Ó'n gcosamhlacht atá ar an áit, ní shílfeadh aon-duine beo, go bhféad(f)aí sagart a dhéanamh as.
TUILLEADH (1) ▼
Bheadh fhios ag aon-duine beo gurb é a ghoid an coirce. Nach bhfuil a chosamhlacht le na chois! Cé eile a mbeadh fhios aige go raibh an mála sin amuigh sa scioból, a's gur indé roimhe sin a chuir mé ann é?
Má chothuigheann sé an ghlas-aimsir seo i bhfad eile, dheamhan 'fhios beo cé'n aimsear bhreagh a thiocfas na diaidh. Deir siad nach bhfuil rud a' bith is siúráilte na cothromacan síne na h-uaire.
Ní bheadh Tom Sh. contanásach i láthair sagairt ná easbuig. Dá mbadh é an té ba mheasa leat beo é, leigfead sé amach a chuid droch-éisc in a láthair.
Má tá sé beo, tá féith ó Chéadtach ann. Marach go bhfuil, ní bheadh aon-ghoir aige gaisce de'n tsórt sin a dhéanamh.
→
cíos
Ní chuimnigheann aon-duine dhá bhfuil beo anois ar a' gcíos cléire. Is beag le go gcuimneochadh a n-aithreachaí air, tada leis.
Níor bheo é sin, mara mbeadh sé a' deanamh cithréabachaí de rud eicínt. Níl billeog fágtha in a leabhar aige, nach bhfuil stróicthe, stiallta. Is deas a' chaoi é sin, a's a ghoirdeacht a's ó cheannuigh sé an leabhar sin.
+
→
baile
A' mbeadh fhios aghad beo ná baistighe, cé'n catmara a bhí uirre, an chéad lá ariamh a ndeacha sí isteach ar bhaile na gortan céadna (bean a phós indroch-bhaile).
TUILLEADH (2) ▼
Má tá mise beo, sin fear a chaith tamall in a stucaire coirnéil imbaile mór.
Ní beo í indiaidh an bhaile = tá an-chaitheamh in a dhiaidh aice.
+
→
bannaí 1
'Sé an rud is luath (lughar) liom beo, duine 'iarraidh orm a dhul imbannaidhe air, faoi airgead. Ní bheadh fhios agad, nach thú fhéin a chaithfeadh díol (íoc) a dhéanamh indeire na cúise.
TUILLEADH (4) ▼
Ní bannuidhe bliadhna 'bhí 'chuir air, ach bannuidhe an fhad's bheadh sé beo. Cá'ide air bliadhain, go mbí sé ar a tháirm aríst, a' troid 's a' bruighin.
Diabhal a' miste leis siúd bannaidhe air nó dhó — ní bheadh sé beo gan a bheith a' troid.
Mise imbannaidhe go gcaithfeá do ladar a bheith ann! Ní beo thú mara mbí tú in éadan duine eicínt
Tiubharfa mé bannaidhe béil duit, nach gcainnteocha mé le mac an aoin bheo air.
+
→
bealach
Bhí sé 'strócántacht ag iarraidh imtheacht ó mhaidin, a's thug mé cead a' bhealaigh dhó ar báillín. Nach raibh sé chomh maith dhom: d'íosfadh sé beo beithidheach istigh sa teach mé, mara dtugainn cead dó imtheacht.
TUILLEADH (3) ▼
Sé'n rud is luath (lughar) liom beo, duine a bheith imbéal a' bhealaigh rómham, a' súil le tuairisc.
Fág seo go beo! Tá sé in am a bheith ag giorrú an bheala(igh).
Fág mo bhealach go beo. Tá deifir orm.
→
beanna
Níl fhios agham beo cé'n chaoi ar thug mé mo bheanna liom aréir ó na póilíos. Rugthas ar chuile dhuine cé's moite dhom fhéin, faoi sholus.
→
beart
'Caith aníos coirce go beo agham' adeir P. Sh. Ph. N. leis a' mbean, a's é spréachta nach raibh sé faghail rud le déanamh thuas ar a' gcruaich. 'Ní fhéadfa mé' adeir sí 'go leaga mé an beart de mo ghualainn'. (Scéal baramhail a innsighthear faoi fhear áithrid a raibh an-uathbhás oibre air).
→
crinn
Mhionnuigh sé a's theastuigh sé dhom, nach raibh i bhfocal dhár dhubhairt sé, ach cnámh chrínnte na fírinne ach d'aithneochadh aon-duine beo uirre, go raibh luighe na bréige uirre.