Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
beo
ainmfhocal
1.
+
Is cuma liom beo nó marbh, tá mé chomh dona sin.
Is cuma liom mo bheo nó mo mharbh, mura bhfaighe mé réidh an achair ón bpian seo.
TUILLEADH (8) ▼
Nach cuma dhó a bheo nó a mharbh anois má tá an bhail sin air — martraithe lena shaol aríst.
Is aon chás amháin dom é, beo nó marbh anois.
Dúirt sé gur chuma leis beo nó marbh, agus chreidfinn é freisin. Níl a fhios ag aon duine beo cén chaoi a 'bhfuil sé sin ag saothrú an tsaoil.
Is cuma liom mo bheo nó mo mharbh — rud ar bith a chuirfeadh as pian mé!
Nach é an cás céanna don duine bocht a bheo nó a mharbh. Cé fearr dhó beo!
Dheamhan an miste le saighdiúr a bheo nó a mharbh. Nach lena aghaidh sin atá sé ann?
Dhá mba é mo bhás nó mo bheo é an uair chéanna, dhéanfainn é.
Más é mo bhás nó mo bheo é anois, is cuma liom. Tiocfaidh mé thríd.
+
Ní hé a bheo ná a mharbh atá ag cur imní ar siúd ach ól agus éirí in airde.
Is furasta a aithinte ort nach é do bheo ná do mharbh atá ag cur imní ort agus a dhul sa gcontúirt sin.
TUILLEADH (4) ▼
Dhá mba é a bheo nó a mharbh a bheadh ag déanamh imní dhó, is fada amach ó na hamhais sin a d'fhanódh sé — is fada sin.
An bhfuil suim ar bith agat in do bheo ná in do mharbh nó cén cat mara atá do do tharraingt siar ar an mbaile sin.
Fear ar bith a chuaigh isteach ina lár sin, déarfainn gur fear é gan mórán suim ina bheo ná ina mharbh.
A Thiarna, nach diabhlaí beag an tsuim atá ina bheo ná ina mharbh ag an ngasúr sin, a dhul ag marcaíocht ar an mbromach agus gan fhios aige nach tosaí ar gabháil dá tóin in airde a dhéanfadh sí agus é a chaitheamh anuas.
+
Tá an bheo agus an marbh chomh maith le chéile tarraingthe thrína fhiacla aige — bíonn sé ag coiriúint ar an té atá ar shlí na fírinne chomh maith leis an té atá ar shlí na bréige.
Is aon chás amháin leis an beo agus an marbh nuair a bhuailfeas fonn béadáin é.
TUILLEADH (2) ▼
Hé brí céard a dhéanfas tú leis an mbeo, lig de na mairbh; abair do rogha rud leis an mbeo, ach fág na mairbh lena n-anó féin.
An té nach dtabharfaidh modh don bheo, ní thabharfaidh sé modh do na mairbh (ag caint dó)
+
Ar do bheo ná do mharbh, ná teara anseo aríst — ná teara ar chuntar ar bith; ná teara ar mhaithe leat fhéin, nó má tá do leas ar Dhia.
Ar do bheo ná ar do mharbh, fainic a labhrófá air sin le duine ar bith.
TUILLEADH (3) ▼
Ná taobhaigh an teach sin aríst ar do bheo ná ar do mharbh.
Ná cloisimse an focal sin as do bhéal aríst ar do bheo ná ar do mharbh, nó má chloisim, giorróidh mé leat.
Ní dhéanfadh sé ar a bheo ná ar a mharbh é — ní dhéanfadh sé ar luach saothair ar bith é
+
Dheamhan anoir a fheicfeas tú aríst é lena bheo ná lena mharbh — ní thiocfaidh sé anoir aríst é le linn an tsaoil seo, ná an chéad saol eile (am atá i gceist ann)
Ní thaobhóidh mise B. U. aríst le mo bheo, hé brí céard a dhéanfas mé le mo mharbh — chomhuain is a bheas mé beo aríst, ní rachaidh mé B. U., ach níl a fhios agam céard is cor dhom théis mo bháis
TUILLEADH (8) ▼
Ní bheannóidh mé dó le mo bheo ná mo mharbh théis an chleas a rinne sé orm.
Dheamhan deoir a ólfas sé aríst adeir sé, lena bheo ná a mharbh.
Dheamhan gair agam an baile a thaobhachtáil aríst le mo bheo ná mo mharbh má éiríonn aon cheo do bhicycle Sheáinín.
Ná feicimse ar mo shráid aríst é le mo bheo ná mo mharbh, nó daighean mé má fheiceann, go n-íocfaidh sé ann.
Má chloisimse go gcaithfidh tú an chaint sin le do bheo ná le do mharbh aríst, gheobhaidh tú faoi na foraí é, feicfidh tú fhéin.
Níl aon oíche lena bheo aríst nár dhúirt sé an paidrín roimh a dhul a chodladh dhó.
Dheamhan oíche lena bheo aríst, théis na hoíche sin, a d'fhan sé amuigh ag imirt chártaí i ndiaidh an deich a chlog.
Dheamhan Domhnach lena bheo aríst a d'fhan sé ón aifreann. Fuair a dhíol de chomhairleachan.
+
Ní beo liom mo bheo, agus ní bás liom mo bhás, agus an chaoi atá orm — níl aon drogall agam bás a fháil, arae tá mé ag saothrú an tsaoil (nó loit, nó tinnis) thar m'acmhainn mar atá mé
Ní beo liom mo bheo ó tháinig barr orm go deireanach.
TUILLEADH (9) ▼
Ní beo liom mo bheo ó bhuail an phian ghártha seo mé.
Ní beo liom mo bheo d'uireasa mo mhaicín bán fhéin.
Ní beo liom mo bheo, agus ní bás liom mo bhás, ó rinne mé an imirce seo.
Dúirt cailleach na clúide nár bheo léithe a beo ó b'éigean di athrú as an mbaile. Ach dheamhan mórán clóice a bhí uirthi ina dhiaidh sin i gcosúlacht.
A dheartháirín mo chroí thú, ní beo liom mo bheo chor ar bith ó bánaíodh an teach, agus ó d'imigh na gearrbhodaigh uaim.
Ó tháinig bean an mhic isteach faoi chaolachaí an tí aici, ní beo léithe a beo chor ar bith. Tá sí reicthe chuile phointe sa ló aici, an tseanbhean bhocht.
Ní beo liom mo bheo ó tháinig mé isteach sa mbaile céanna an chéad lá ariamh. Chuile mhíle duine ann in oighear an chochaill ina chéile ó mhaidin go faoithin.
Níor bheo leis a bheo, an duine bocht, ó chuir sé an chlann.
Bhí an-chion aici ar an mac ba shine, agus ní beo léithe a beo, ó cuireadh é sin.
·
Dhá bhfeicinn dá dhéanamh é, ní ligfinn a bheo leis, ná dheamhan baol orm — mharóinn é
Is maith an scéal duit féin nár rug mise ort, nó dá mbeirinn, ní ligfinn do bheo leat as ball na háite
2.
áit a n-aireofá pian dá dtéadh aon cheo thríd; an áit dhíot a bheadh soghortaithe.
a.
 beo na hiongan: isteach faoin iongain, d'fhéadfaí rud a chur thríd an iongain fhéin agus ní aireofá é go dtéadh sé sa mbeo.
+
Tá an fleasc istigh i mbeo m'iongan agus gheobhaidh mé rud le déanamh é a thabhairt amach.
Airím ag corraí istigh i mbeo na hiongan é. Diabhal bréag muise, nach é atá tinn.
TUILLEADH (5) ▼
Tá méirín ar an láimh aige an áit a ndeachaigh fleasc isteach i mbeo na hiongan, agus tá mé ag ceapadh go bhfuil an ionga scoite aige. Ní fhéadfadh sé gan a bheith (fc. méirín, fleasc).
Airím driogannaí istigh i mbeo m'iongan ó shin.
Dar mo choinsias, shaothraigh mise an mhéir sin. Scoilt an ionga go dtí an beo agus dheamhan foras ná suaimhneas a fuair mé uaithi in imeacht coicíse le pian.
Tá méir bhocht air an áit a ndeachaigh dealg isteach faoin ionga agus chuaigh sé sa mbeo.
Dheamhan a raibh de shiocair ariamh aige ach bun eicínt a dhul i mbeo na hiongan — sa laidhricín — agus shéid sí suas go raibh sí an airde sin, slán an tsamhail. B'éigean do na dochtúirí í a bhaint dhe, arae dúirt siad go dtiocfadh an drochábhar suas thríd an láimh fré chéile.
+
Chuaigh an chloch go beo ionam — tholl sí mo chois nó gur ghortaigh sí mé idir fheoil is leathar
An greim a d'ith mé, chuaigh sé go beo isteach in m'fhiacail agus bhuail daitheachaí mé, agus dheamhan foras ná suaimhneas a thug siad dhom aríst i gcaitheamh na hoíche.
TUILLEADH (2) ▼
Chuaigh an phian go beo ionam.
Sháigh sé biorán ionam agus chuir sé isteach sa mbeo ar fad é
b.
beo na coise: isteach go maith sa gcrúib, i gcapall nó i mbó.
+
Fan amach ó bheo na coise (nó na crúibe — crúb chapaill nó bó, nó caorach)
Seachain beo na coise.
TUILLEADH (9) ▼
Is fada isteach thairis sin beo na coise.
Ná teangaigh le beo na coise, má fhéadann tú chor ar bith é.
Chaithfeadh sé gur theangmhaigh mé le beo na coise nó ní thosódh sé ag gabháil dá tóin in airde mar sin.
Má théann tú ag bearradh crúib an asail, fainic beo na coise.
Níl beo na crúibe fulangach ar thada.
Tá beo na crúibe leis aici.
Dúirt mé leat a bheith airdeallach agus gan a dhul i ngaireacht rud ar bith do bheo na crúibe.
Beidh moill uirthi shula gcneasaí sí muise, má tá tada ar bheo na coise.
Is diabhaltaí maith fada isteach a chuaigh tú go ndeachaigh tú go dtí beo na coise.
+
Chuir an gabha an tairne sa mbeo (nó i mbeo) — thiomáin sé rófhada thríd an gcrúib é go ndeachaigh sé sa mbeo
Chuir an gabha tairne i mbeo inti inniu.
TUILLEADH (10) ▼
Mura bhfana sí socair, tá faitíos orm go rachaidh tairne i mbeo inti.
An capall fhéin ba sciontaí (ba ciontaí). Ba mhaith a bheadh sé ar a mhaidí nó chaithfeadh sé tairne a chur a i mbeo inti.
Tá bacaíl uirthi. Chaithfeadh sé go bhfuil tairne sa mbeo inti.
Is beag le go bhfuil sí in ann a cois deiridh a leagan ar an talamh anois. Muran tairne a cuireadh sa mbeo inti an lá faoi dheireadh, dheamhan a fhios agam céard é fhéin
Ní féidir aon chrú a chur ar an gcapall céanna gan tairne a dhul i mbeo.
'Sí an capall is contráilte í dhár fhéach gabha ariamh le crú a chur uirthi. Ní thagann táirm ar bith uirthi go dtéann sé ar thiomáilt (thiomáint) na dtairní. An lá faoi dheireadh a raibh cothrom cruite ag gabháil uirthi, chuir sé dhá thairne sa mbeo inti agus b'éigean dó a dtarraingt aríst ar ais.
Muran tairne a chuaigh i mbeo inti, dheamhan a fhios agam céard a d'éireodh di. Tá an bhacaíl sin uirthi le gabháil chun seachtaine.
Thóg sí cloch ghéar nó rud eicínt ina crúib agus chuaigh sí i mbeo.
Meas tú an bhfuil an tairne sin i mbeo?
Chuaigh an staic sin go beo inti.
c.
+
Ba tairne i mbeo (sa mbeo) ionam an chaint a chaith sé — ghoill a chuid cainte orm; chuir a chuid cainte múisiam orm; ba gheall le puis de sciain thríom a chuid cainte.
Ar ndóigh mo léan, ba tairne i mbeo sa gceann eile an méid sin a shamhlú léithe!
TUILLEADH (6) ▼
Is tairne i mbeo i Seán an scéal sin a tharraingt anuas aige beag ná mór.
Is geall le tairne i mbeo ann tada a rá chor ar bith faoin oíche sin. Ghoill sé an-mhór air.
Is tairne i mbeo ceart inti muis, a ligint ort fhéin go raibh a fhios agat tada faoi sin.
Má dúirt sé an méid sin muis, chuir sé tairne i mbeo ceart ann. Rud is lú ná sin, chuirfeadh sé múisiam air.
Chuir sé an tairne sin i mbeo muis, má thrácht sé chor ar bith ar an gcliamhain.
Is furasta tairne a chur i mbeo sa gceann céanna. Tá sí íogmhar pusach, agus beagán acmhainne aici ar thada a rá léithe.
+
Bhí tú ag cur tairní i mbeo anocht go tréan — bhí tú sin — bhí tú ag tabhairt gobannaí uait as éadan; bhí tú ag leagan isteach sáiteán as éadan; is iomaí priocadh a thug tú uait anocht
Chuir sé an sáiteán (an gob, an priocadh srl.) sa mbeo (i mbeo) — ghoill sé ar an té ar dhúradh leis é.
TUILLEADH (4) ▼
Aon tsáiteán a thabharfas sé siúd uaidh, cuirfidh sé i mbeo é. 'Sé atá deas air.
Má thugann sé sáiteán ar bith uaidh, cuirfidh sé i mbeo é.
Is maith uaidh gob a chur i mbeo — tá sé in ann sáiteán a thabhairt uaidh a ghoillfeas nó a chuirfeas múisiam ar dhuine.
Ná hiarr ina dhiaidh siúd é. 'Sé atá in ann an priocadh a chur i mbeo.
·
Chuaigh an chaint sin go beo ionam — ghoill sí orm; spreag sí mé; chuir sí múisiam orm
Níl aon smid dhár dhúirt 'n misinéara nach smid í a chuaigh i mbeo ionam.

Féach freisin

beo in iontrálacha eile (50+)

 
Ní ligfeadh aon duine beo an feithideach sin amach sa ngarraí agus gan a fhios aige nach é a chailleadh a dhéanfaí ar an iomaire
 
fiar
Ní chodlódh aon duine beo néal in éindí leis ar leaba. 'Sé an chaoi a síneann sé é féin ar fiar — trasna ó chois na leabthan go dtí an cúinne is faide uaithi sin ag a ceann
 
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis agus ní imeodh sé uaim chomh saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh ina shiopa, agus déarfadh sé ina dhiaidh sin gurb é atá ag coinneáil leath na ndaoine beo! Nár ba gann measa a bheas sé!
 
fios
Tá sé in am fios a dhul (a chur) ar a hinín. Mura dté, agus go beo, ní bhéarfaidh sí beo uirthi
 
Is deacair dó freastal do chuile rud agus a bhfuil ag fortabháil air. Ní teallach atá sé a thógáil ach dhá theallach. Ar ndóigh ní bheadh clann na deirfíre beo chor ar bith dhá uireasa
 
Beatha go beo, nó an sagart! Tá titim feoir ionam leis an ocras
 
Rinneadh flaisc agus fraiseach anseo thíos aréir. Níor sheas cheithre galúin fuisce achar ar bith. Bhí a shliocht orthu: ní raibh ginealach an bhéil bheo ann nach raibh dallta ar meisce
 
Fágaim le m'uacht agus le m'anam go bhfuil mé reicthe beo beathach aici!
+
fág
Ní maith leat a bheith anseo roimhe. Fág seo go beo mar sin
TUILLEADH (4) ▼
Fág seo amach anseo go beo! Is righin thú
Fág seo amach anseo leat a chodaí asail! Go on! Fág seo adeirim! Go on will you! Fág seo go beo!
Murach gur thug sé dhom é, sin ní fhágfadh sé (beo) — murach gur thug sé dhom é, mharóinn é san áit sin (an áit a bhí i gceist)
Ar ndóigh ní dhéanfadh aon fhear beo an cleas a rinne sé ach é fhéin, ach cár fhága tú an tseafóid agus an leibideacht?
 
Déan bráideog fhíógaí agus gabhfaidh muid ag coinnleoireacht. Tá na crígheannaí sin siar beo beathach le smólaigh agus lonta dubha
+
féar
Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar — dea-ghealladh ach nach gcothóidh sé duine gan cur leis; geall rud do dhuine agus maireadh sé ar a rogha caoi uaidh sin amach; bíodh foighid agat agus ná fuasaoid d'easpa agus tiocfaidh gach rud ceart uair eicínt amach anseo
TUILLEADH (3) ▼
Tá tusa ar dhroim (ar mhuin) na muice, ach cén chaoi a mairfidh daoine eile. Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar! M'anam gur deas é do chomhrá
Beidh an saol go maith fós ach foighid a bheith againn, adeir sé. Foighid! Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar! Níl a fhios aige sin cá'il an bhróig ag luí ar aon duine eile, agus is ríchuma leis
Fiafraím díot, cén chaoi a ndéanfaidh muintir na háite seo an saol a ríochan, nó go ndéantar a bhfuil tusa a rá. Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar, ab ea. Mar a chéile sibh ó sháil go rínn. Tá sibhse chomh dona le dream ar bith eile
 
Shoraidh dhíot nár fhan mar a bhí tú agus gan a dhul i gcleithiúnas thú a bheith do do chaidhleadh le sneachta mar sin. Ar ndóigh, ní chorródh aon fheithideach beo amach a leithide d'oíche.
 
Nach diabhaltaí mór an smál atá oraibh agus caidéis ar bith a chur uirthi sin. Is maith atá a fhios agaibh gurb in í úll na haithne agus ní beo sibh, ina dhiaidh sin gan a bheith ag saighdeadh fúithi.
 
Ba dhual dó a bheith caidéiseach. Ní raibh aon cheo sa tír i ngan fhios dá athair. Sin é an sórt duine a bhí ann; nach mbeadh sé beo gan chuile fhios a bheith aige.
+
Chuaigh fear thart anseo an bhliain cheana agus é gléasta mar a bheadh tincéara ann. Ar a chaomhúint a bhí sé i ngeall ar bhean bhocht eicínt a robáil agus a mharú thart síos. Dheamhan duine beo nach gcuirfeadh sé dalladh púicín air. Siar faoi Chonamara in áit eicínt a rugthas air as a dheireadh agus cuireadh príosúntacht lena ló air. Má cuireadh fhéin, ba mhaith an oidhe sin air, ná ar aon duine eile a dhéanfadh a leithide de chleas.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan gnaithe agat tada a mbeidh aon chás agat ann a inseacht dó sin, arae níl caomhúint ar bith ann. D'inseodh sé an rud ba mheasa leat beo don té nach bhfaca sé ariamh.
Fuair tú amach muis, an té a mbeadh caomhúint ann. Nach bhfuil a fhios agat nach mbeadh sé sin beo gan a bheith ag cíble cainte.
Bíodh caomhúint ionat anois, agus na labhair le aon duine beo faoi sin, go bhfeice muid linn.
 
'Sé díol an diabhail aon cheart a bhaint den charcair sin. Tá sé beo drochmhúinte, agus ar bheagán spleáchais le chuile dhuine.
 
ceal 1
Mura bhfuil feamainn dearg aige, ní cheal a shaothraithe é, arae dheamhan lá beo nach gcaitheann sé stráisiún thíos ar bharr na corraí.
 
Ní fhéadfadh sé rud ar bith a cheartú duit — go fiú is an rud is fánaí beo — gan na goití sin. Goití ar fad é.
 
'Sé an tanálach bradach é. Tá sé chomh héisealach agus nach féidir a bhéilí a leagan chuige. Bíonn locht aige ar an bhfeoil go mbíonn sé rócheasúil, agus an t-arán go mbíonn an iomarca soda ann. B'fhearr dhuit beo i dtalamh ná ag freastal air.
 
Tá caint aige — cipiléireacht agus caint ar sraith. Dhéanfeadh sé ball séire d'aon duine beo a bheith ag éisteacht leis.
 
Tá an áit ina chiseach ag an mbratainn ghasúr sin as Baile Átha Cliath. Dheamhan a fhios ag aon duine beo cén ábhailleacht atá iontub.
 
cleite
Ní minic cleite gnaíúil tarraingthe anuas ag an gceann céanna. Bheadh sé sin beo ag gráiscínteacht agus ag radaireacht mar sin.
 
Fainic do mhéir ar an sceanadóir de phortán sin. Ceadh nach bhfuil a fhios agat gurb in é an rud is coilgní beo. Má bhaineann sé ailp asat, comhairleoidh sin thú b'fhéidir.
+
Dhá gcastaí isteach sna coillte coimhthíocha sin thú, ba mhaith a bheifeá ar do mhaidí agus a theacht astub beo. Tá siad lomlán le beithígh éigcéille.
TUILLEADH (2) ▼
Ní feasach mé beirthe ná beo cén fáth atá aige a bheith chomh coimhthíoch leis an teach seo agus atá sé. Shílfeá nach araoid ná múisiam ar bith a chuir muid ariamh air, mura bhfuil i ndán is gurb é a bhealach é.
Dheamhan mac an éin bheo in do thír nach bhfuil ag casaoid (ar shlaghdán, nó tinneas) agus údar acub. Ach is suarach an t-ionadh sin agus an aimsir ag cothú chomh coimhthíoch agus atá sí.
 
Tá na breaclachaí sin siar beo le coiníní anois, agus gan blas coimhthís acub le aon duine. Airíonn siad nach bhfuil aon mhadadh de rath ar an mbaile.
 
Dhá mbeadh firéad againn, dheamhan coinicéar beo acub sin nach dtiocfadh sé inti, agus nach gcuirfeadh sé na coiníní astub amach agus deifir orthub.
 
Ní choireoidh sé ar aon duine in mo láthairse, nó má choiríonn, cuirfidh mise ina thost é gan mórán achair. 'Sé an rud is luar liom beo duine a chloisteáil ag caitheamh agus ag cáineadh ar a chomharsa mar sin gan údar an bith.
 
Ní beag dhó chomh coitianta agus a bhíos sé ag ól. Dheamhan a fhios agam beirthe ná beo cén chaoi a seasann an t-airgead dhó chor ar bith.
+
Má tá cion aige ar an tseanmháthair fhéin, is comaoin dó. Murach an oiliúint a thug sí sin dó, agus é ina pháiste, dheamhan an mbeadh beo inniu dhó. Chuaigh sé sách rite leis mar a bhí sé fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan firnéad an bhéil bheo istigh in do phobal nach bhfuil faoi chomaoin dó sin, i ngeall ar é a bheith ina dhochtúr beithíoch.
 
Bhí sé chomh maith dhuit a dhul agus é a dhéanamh i gcomhfhios le a bheith ag imeacht i ngan fhios mar sin, arae dheamhan mac an éin bheo sa tír nach bhfuil a fhios aige go bhfuil tú ar an gceird.
 
conán
Dheamhan duine beo a thiocfadh ag cur aon araoid ar an gconán sin, mura mbeadh an cat mara ar fad air — créatúr bocht nach mbíonn i dtroid ná i mbruíon, ná nach raibh ariamh.
+
Ón gcosúlacht atá ar an áit, ní shílfeadh aon duine beo go bhféadfaí sagart a dhéanamh as.
TUILLEADH (1) ▼
Bheadh a fhios ag aon duine beo gurb é a ghoid an coirce. Nach bhfuil a chosúlacht lena chois! Cé eile a mbeadh a fhios aige go raibh an mála sin amuigh sa scioból, agus gur inné roimhe sin a chuir mé ann é?
 
Má chothaíonn sé an ghlasaimsir seo i bhfad eile, dheamhan a fhios beo cén aimsir bhreá a thiocfas ina diaidh. Deir siad nach bhfuil rud ar bith is siúráilte na cothromacan síne na huaire.
 
Ní bheadh Tom Sh. cuntanósach i láthair sagairt ná easpaig. Dá mba é an té ba mheasa leat beo é, ligfeadh sé amach a chuid drochéisc ina láthair.
 
Má tá sé beo, tá féith ó Chéatach ann. Murach go bhfuil, ní bheadh aon ghair aige gaisce den tsórt sin a dhéanamh.
 
cíos
Ní chuimhníonn aon duine dhá bhfuil beo anois ar an gcíos cléire. Is beag le go gcuimhneodh a n-aithreachaí air, tada leis.