Brúisc
1.
duine ar bheagán contanáis le aonduine; duine daoitheamhail dodach, gan sult gan subháilce, gan laetheamhlacht.
+–
Brúisc bradach é sin.
Sin é fhéin an bhrúisc d'fhear.
TUILLEADH (10) ▼
Ní thiubhra an bhrúisc sása(mh) d'aonduine, deirimse leat.
Bhí an bhrúisc mhór seo thoir, a' cur a chosa uaidh ann.
Níl aon-ghoir agad tada 'iarraidh ar a' mbrúisc sin, nach shin é an bealach atá leis.
Beidh an bhrúisc sin ar bheagán sásamh le aon-duine.
Baoghal ar a' mbrúisc bhradach sin, 'theacht chomh fada le aonduine lá an an-shógha.
Níl acmhúinn grínn a' bith ag a' mbrúisc sin, a's ní raibh ariamh.
Sé'n bealach céadna atá leis a' mbrúisc sin, 'chuile lá ó chuir mise aithne air.
Bhí an bhrúisc de tháilliúr seo thiar, a' cur a chraicinn dhe ann.
Mara bhfagha an bhrúisc de shagart sin, a chuid fhéin, reicfe sé na daoine ("na daoine" = muid)
Is fhearr dhuit luach a' phlúir a chaitheamh (ch)uig a' mbrúisc sin sa siopa, nó sceannfa sé beo, beithidheach muid.
2.
píosa de bhalla, de chlaidhe, de chruaich mhóna etc. a thuitfeadh in aon-mhangarae amháin.
+–
Thuit brúisc de chlaidhe in mo dhiaidh.
Leag a' capall brúisc de bhearna, thiar le bóthar.
TUILLEADH (6) ▼
Tá brúisc de'n bhínn tuithte, a's is gearr ó'n gcuid eile freisin.
Bhí sé 'cur gníomh' ar a' gcruaich, a's thuit brúisc dhi, anuas air.
Is dona an déanamh 'bhí uirre, má thuit brúisc dhi, chomh h-aibéil sin.
Is maith 'chuaidh tú as, nar mharbhuigh an bhrúisc sin thú.
Ní beo iad gan a bheith 'deana(mh) míllteanais: leag siad brúisc de chlaidhe ar Sh. S. a' teacht ó'n scoil aréir.
Tá brúisc dhiabhalta de'n bhalla tuithte ar ais aríst.
+–
Thuit a' claidhe in aon-bhrúisc amháin = thuit sé go sciobtha, a's go talamh in aoinfheacht.
Tá fail na muc tuithte in aon-bhrúisc amháin.
TUILLEADH (4) ▼
Má thugann a' balla sin uaidh, beag ná mór, tiocfa sé anuas in aon-bhrúisc amháin.
Tháinic a' cró anuas in aon-bhrúisc amháin. Is beag le má d'fhan cloch ar [a] fhuaid nar thuit.
Bhí cárnán mór leabhar ann, a's thuit siad anuas de bhrúisc.
Ná leag ar forbhás annsin é, nó tiubhra sé anuas a bhfuil ar a' mbord in aon-bhrúisc amháin.
3.
seala daoine nó beithidheach a bheadh thrídh na chéile, gan ceannús ceann a' bith.
+–
Bhí an-bhrúisc daoine ar an aonach.
Tháinic brúisc dhaoine as na cartúir isteach in éindigh, a's líonadar a' teach.
TUILLEADH (8) ▼
Chonnaic mé an-bhrúisc dhaoine taobh amuigh de'n bhearraic indiu, a' fuirtheacht go 'saighneáiltí' an 'dole'.
Is áidhbhéil a' bhrúisc gasúir atá 'teacht chuig an scoil sin thoir anois
Níl aon-chall duit a bheith 'ceasacht mná, a's an bhrúisc ghearr-chaileadha, atá a' síneadh leat annsin thiar = níl aon chall duit a bheith 'casaoid gan bean a bheith agad, a's a fhusacht dhuit bean a fhaghail as a' seala mór atá le t'ais annsin thiar.
Fhobair gur phlúch an bhrúisc gasúir a tháinic isteach mé.
Bhí brúisc dhaoine síos, 'feadh t'amhairc ar a' tsráid.
Tá an-bhrúisc bheithidheach aige. Chonnaic mé cruinn ingarruidhe an tighe iad, oidhche an Aonaigh.
Thiomáin sé brúisc bhuláin soir a' t-aonach. Ní rabh fhios agam go raibh sé chomh deiseamhail, a's go mbeadh an oiread sin aige, dhá chuid fhéin.
Ba diabhalta an bhrúisc dhaoine 'bhí ag a' mbáire indiu.
Brúisc in iontrálacha eile (28)
→
feiste
Fág mur sin é. Ná teirigh in a fheiste ná in a fhínne chor ar bith. B'fhéidir gur thú 'ionnsú a dhéanfadh an bhrúisc sin. Mo chomhairle dhuit fanúint uaidh
+
→
beann
Thuit brúisc de'n bhinn thoir aréir.
TUILLEADH (1) ▼
Bhris gabhail éadain na binne thoir, a's tháinic a' teach isteach in aon-bhrúisc amháin.
→
béalóg
Nuair a shíl mé a dhul isteach an bhéalóg sa ngarrdha, ná raibh ann, marar thuit a' claidhe in aon-bhrúisc amháin go talamh. Bhí an t-ádh orm nar thuit ceann de na gruadháin (chloch) siúd ar mo chosa.
→
cromnasc
Níl cromnasc fhéin indon an malluigheadóir d'asal sin a chuibhriú. Chuir mé cromnasc air, tá dhá lá ó shoin, a's meastú nar leag sé brúisc de'n chlaidhe 'na dheidh sin.
→
beo 1
'Má fheicim amuigh aríst choidhchin thú, an tráth seo d'oidhche' adeir a' t-athair léithe, 'ní fhágfa mé iall bheo ionnad'. Brúisc cheart é siúd.
→
bioraím
Bhí an claidhe biorruighthe agam suas go barr, nuair a thuit sé in aon-bhrúisc amháin go talamh aríst th'éis mo chuid anró.
→
aire
Bí aireach a' dul thar a' gclaidhe i nGarrdha Cháit, ar fhaitchíos go dtuitfeadh brúisc dhe ort.
+
→
ardaigh
B'éigin dom brúisc de bhearna a bhí tuithte annsin thiar a árdú.
TUILLEADH (1) ▼
Árduigh an bhrúisc de bhearna chomh luath a's bheidheas ionbhadh agad.
→
forbhás
Tá formhás ar an móin sin amuigh ar an gclaidhe. Má bhaintear fód ar bith aisti, tuitfidh brúisc di amach
Ní bheadh ort anois ach spalla ar bith san mballa a chorraí agus d'aireochthá na clocha uilig ag brúnfháscadh a chéile. Is gearr go dtuite sé uilig in a bhrúisc
→
fia
Chonnaic mé an sonnda i mbéal na cruaiche agus mé ag dul suas an cnocán. Comhraíocht duine a bhí ann. Ach níorbh fhéidir é a aithneachtáil san mbán-shoillse. Nuair a chuaigh mé cho fada leis an gcruaich, ní fhaca mé toirt fia ná fionnóige in aon-áit, ach bhí brúisc leagha go talamh. Leig an rógaire leis fhéin
Tá for-chasán isteach ann chuig an tobar. Diabhal duine a bhac sé ariamh faoin a dhul ann. Níor mhiste leis dhá mbeitheá gan an sceach a chur san gcéim go deó. Ach ní hé sin den bhrúisc de chliamhain isteach seo aige é.
→
damba
Ní comhla ar bith a theastuigheas thíos annsin ach damba a dhéanamh treasna béal na cuisle údan le taoille mhór a chasadh soir. 'Sé an chaoi nar mhór é mar atá an lagpholl atá annsiúd thuas agamsa: stanadh a chur ann ar an gcaoi céadna. Ionntuigheann sé an brúisc uisce ar fad soir ins an lag-pholl. Maidir le do chuid comhlaí a chur thíos annsin, níl ann ach dícéille. Réabfadh an chéad taoille mhór a thiocfadh as a lúdrachaí iad
Diabhal mé go bhfuil an chlais-ghainimh siúd gan deacracht ar bith. Níl ort ach iarraidh de'n phiocóid a thabhairt di, agus tuitfidh brúisc agad
→
dealaigh
Ní miste dhuinn é ó a dhealuigh siad leo. Bhí faitíos mo chroidhe orm an fhad agus a bhí siad istigh, agus a raibh de shíothmálachaí [aca], go dtarraingeochaidís achrann istigh faoi chaolachaí an tigh againn. An bhfac[a] tú a leithidí de bhrúisceanna ariamh?
→
diaidh
Níor chomhnuigh sí ag dul indiaidh a tónach gur leag sí brúisc de'n chlaidhe. Amach léithe annsin agus as go bráth léithe ins na feire glinte. Ní fhaca tusa siubhal faoi rud ar bith ariamh mar a bhí fúithe. Shíl mé nach mbeadh a tuairisc in Éirinn ná in Árainn trathnóna
→
diogáil
Níl fear ar bith is puinnteáilte ná é. Caithfidh sé seachtain anois ag cur díon ar an iothlainn sin, agus dhá díogáil agus dá sceacháil nó nach mbeidh bun-chleite isteach ná barr-chleite amach innte! Sé a chuaidh le P. Ch. ceart. 'Séard a bhí a dhéanamh anois an uair a bheadh sé réidh agus na claidhtheachaí biorruighthe aige, brúisc a leagan ann oíche eicínt agus asail T. a scaoileadh isteach innte. Bheadh ath-obair air annsin ag díogáil aríst
→
droim
Tá cruit amach uirre as a druim. Is gearr go dtuitidh brúisc di, agus caithfidh sib a leagan ar fad annsin
→
dubh- 5
"Cripes" tá an balla sin dubh-scartha. Mara dteighidh caoi air gan mórán achair, tuitfidh sé anuas in a bhrúisc
'Sí an abhainn sin thiar máithreach na mbradán. Marbhóchaidh tú ar do rogha caoi ann iad: coinleoireacht, dubhántacht aimhris, eangach, camóig, bealach ar bith is túisce agad. Chonnaic mé brúisc ag dul suas ag an gcara Bh. anuiridh. Isteach le péire faoi'n mbruach. 'Sé a raibh orm a dhéanamh mo láimh a chur isteach agus a gcaitheamh aníos. Diabhal ar leig an faitíos dom. Ala in a dhiaidh sin tháinic duine de na maoir aníos le abhainn …
→
díleá
Tá an díleághadh ceart ar an duine bocht ó phós sé. Cailleadh cliobóg de chapall bhreagh air. Bhí bó bhainne tachttha ins an gcró roimhe, maidin. Ní fhanann laogh ná gamhain aige nach bhfuil an bhail chéadna orra. Thug sé leath-cholapa dheas a bhí aige anuas ar an mbarr-garbh oíche roimh an aonach anuiridh, len a cur siar lá'r na bháireach. Dheamhan pighinn de chúig phunt dhéag airgead nach bhfuigheadh sé uirre. Ar a dhul amach dó ar maidin, fuair sé sínte ins an iothlainn í agus a cois briste. Leag sí claidhe na h-iothlann agus thuit brúisc uirre féin dó (de). Thug sé fear cnámh aice, agus dheasuigh sé í, ach ní raibh aon-bhiseach ag teacht uirre in a dheidh sin. Mharbhuigh sé ins an deire í
→
díon 1
Cíb easca nó tuighe sheagail: sin iad an díon. Maidir le tada eile níl an buaineadas ionnta. Nach diabhaltaí an t-aistir a bhíodh orainn fadó go G. na B. ag tarraint cibé do N.: dhá tarraint an t-achar sin le na (n-ar) ndruím. Is fada go ndéanfadh daoine anois é. Dheamhan é, dhá dtuiteadh an teach in aon-bhrúisc amháin in a mullach cheal dín
Chinn sé críochnuighthe dólámhach ar J. an bulán a chur amach as an ngarrdha, th'éis cho danra agus a bhí sé in a éadan. Leag sé trí bhearna dhó, ach ní ghabhfadh sé amach i gceachtar aca ach soir agus siar an garrdha, nó go raibh J. sáruighthe ceart aige. Annsin bhí ath-obair air, ag árdú na mbearnaidheachaí aríst. D'imigh leis go nglaodhfadh sé ar chongnamh. Ach ní raibh sé bailighthe anuas lúibinn an bhóithrín nuair seo anoir an bulán, agus leagann sé brúisc de'n chlaidhe agus amach leis gan iarraidh gan athchuinge!
Diabhal mé go mb'éascaidh a dhul thar an máistir a bhí annsin cheana. Bhí sé an-lághach le na gasúir, agus deir siad go mbadh togha máistir é ina dheidh sin. Brúisc é an fear seo