brúisc
1.
duine ar bheagán cuntanóis le aon duine; duine daoithiúil dodach, gan sult, gan suáilce, gan laethúlacht.
+–
Brúisc bradach é sin.
Sin é fhéin an bhrúisc d'fhear.
TUILLEADH (10) ▼
Ní thabharfaidh an bhrúisc sásamh d'aon duine, deirimse leat.
Bhí an bhrúisc mhór seo thoir ag cur a chosa uaidh ann.
Níl aon ghair agat tada a iarraidh ar an mbrúisc sin, nach in é an bealach atá leis.
Beidh an bhrúisc sin ar bheagán sásaimh le aon duine.
Baol ar an mbrúisc bhradach sin a theacht chomh fada le aon duine lá an anó.
Níl acmhainn grinn ar bith ag an mbrúisc sin, agus ní raibh ariamh.
'Sé an bealach céanna atá leis an mbrúisc sin chuile lá ó chuir mise aithne air.
Bhí an bhrúisc de tháilliúr seo thiar ag cur a chraicinn dhe ann.
Mura bhfaighe an bhrúisc de shagart sin a chuid fhéin, reicfidh sé na daoine (na daoine = muid)
Is fhearr dhuit luach an phlúir a chaitheamh chuig an mbrúisc sin sa siopa nó sceanfaidh sé beo beithíoch muid.
2.
píosa de bhalla, de chlaí, de chruaich mhóna srl. a thitfeadh in aon mhangarae amháin.
+–
Thit brúisc de chlaí in mo dhiaidh.
Leag an capall brúisc de bhearna thiar le bóthar.
TUILLEADH (6) ▼
Tá brúisc den bhinn tite agus is gearr ón gcuid eile freisin.
Bhí sé ag cur gníomha ar an gcruaich agus thit brúisc dhi anuas air.
Is dona an déanamh a bhí uirthi má thit brúisc dhi chomh haibéil sin.
Is maith a chuaigh tú as nár mharaigh an bhrúisc sin thú.
Ní beo iad gan a bheith ag déanamh millteanais: leag siad brúisc de chlaí ar Sh. S. ag teacht ón scoil aréir.
Tá brúisc dhiabhalta den bhalla tite ar ais aríst.
+–
Thit an claí in aon bhrúisc amháin — thit sé go sciobtha agus go talamh in éineacht.
Tá fail na muc tite in aon bhrúisc amháin.
TUILLEADH (4) ▼
Má thugann an balla sin uaidh beag ná mór, tiocfaidh sé anuas in aon bhrúisc amháin.
Tháinig an cró anuas in aon bhrúisc amháin. Is beag le má d'fhan cloch ar a fhuaid nár thit.
Bhí carnán mór leabhar ann agus thit siad anuas de bhrúisc.
Ná leag ar forbhás ansin é nó tabharfaidh sé anuas a bhfuil ar an mbord in aon bhrúisc amháin.
3.
seala daoine nó beithíoch a bheadh thrína chéile, gan ceannús ceann ar bith.
+–
Bhí an-bhrúisc daoine ar an aonach.
Tháinig brúisc dhaoine as na cartúir isteach in éindí agus líonadar an teach.
TUILLEADH (8) ▼
Chonaic mé an-bhrúisc dhaoine taobh amuigh den bheairic inniu ag fuireacht go saighneáiltí an dole
Is áibhéil an bhrúisc gasúir atá ag teacht chuig an scoil sin thoir anois
Níl aon chall duit a bheith ag ceasacht mná agus an bhrúisc ghearrchailí atá ag síneadh leat ansin thiar — níl aon chall duit a bheith ag casaoid gan bean a bheith agat agus a fhusacht dhuit bean a fháil as an seala mór atá le t'ais ansin thiar
Fhóbair gur phlúch an bhrúisc gasúir a tháinig isteach mé.
Bhí brúisc dhaoine síos ar feadh t'amhairc ar an tsráid.
Tá an-bhrúisc bheithíoch aige. Chonaic mé cruinn i ngarraí an tí iad oíche an aonaigh.
Thiomáin sé brúisc bhulláin soir an t-aonach. Ní raibh a fhios agam go raibh sé chomh deisiúil agus go mbeadh an oiread sin aige dhá chuid fhéin.
Ba diabhalta an bhrúisc dhaoine a bhí ag an mbáire inniu.
brúisc in iontrálacha eile (28)
→
feiste
Fág mar sin é. Ná téirigh ina fheiste ná ina fhínne chor ar bith. B'fhéidir gur thú a ionsú a dhéanfadh an bhrúisc sin. Mo chomhairle dhuit fanúint uaidh
+
→
beann
Thit brúisc den bhinn thoir aréir.
TUILLEADH (1) ▼
Bhris gabháil éadain na binne thoir agus tháinig an teach isteach in aon bhrúisc amháin.
→
béalóg
Nuair a shíl mé a dhul isteach an bhéalóg sa ngarraí, ná raibh ann murar thit an claí in aon bhrúisc amháin go talamh. Bhí an t-ádh orm nár thit ceann de na gruáin (chloch) siúd ar mo chosa.
→
cromnasc
Níl cromnasc fhéin in ann an mallaíodóir d'asal sin a chuibhriú. Chuir mé cromnasc air, tá dhá lá ó shin, agus meas tú nár leag sé brúisc den chlaí ina dhiaidh sin.
→
beo 1
'Má fheicim amuigh aríst choíchin thú an tráth seo d'oíche,' adeir an t-athair léithe, 'ní fhágfaidh mé iall bheo ionat'. Brúisc cheart é siúd.
→
bioraím
Bhí an claí bioraithe agam suas go barr nuair a thit sé in aon bhrúisc amháin go talamh aríst théis mo chuid anró.
+
→
ardaigh
B'éigean dom brúisc de bhearna a bhí tite ansin thiar a ardú.
TUILLEADH (1) ▼
Ardaigh an bhrúisc de bhearna chomh luath agus a bheas ionú agat.
→
forbhás
Tá forbhás ar an móin sin amuigh ar an gclaí. Má bhaintear fód ar bith aisti, titfidh brúisc di amach
Ní bheadh ort anois ach spalla ar bith sa mballa a chorraí agus d'aireofá na clocha uilig ag brónfháscadh a chéile. Is gearr go dtite sé uilig ina bhrúisc
→
fia
Chonaic mé an sonda i mbéal na cruaiche agus mé ag dul suas an cnocán. Comharthaíocht duine a bhí ann. Ach níorbh fhéidir é a aithneachtáil sa mbánshoilse. Nuair a chuaigh mé chomh fada leis an gcruaich, ní fhaca mé toirt fia ná feannóige in aon áit ach bhí brúisc leagtha go talamh. Lig an rógaire leis fhéin
Tá forchosán isteach ann chuig an tobar. Diabhal duine a bhac sé ariamh faoina dhul ann. Níor mhiste leis dhá mbeifeá gan an sceach a chur sa gcéim go deo. Ach ní hé sin don bhrúisc de chliamhain isteach seo aige é.
→
damba
Ní comhla ar bith a theastaíos thíos ansin ach damba a dhéanamh trasna béal na cuisle údan le taoille mhór a chasadh soir. 'Sé an chaoi nár mhór é mar atá an lagpholl atá ansiúd thuas agamsa: stanna a chur ann ar an gcaoi céanna. Iontaíonn sé an brúisc uisce ar fad soir sa lagpholl. Maidir le do chuid comhlaí a chur thíos ansin, níl ann ach díth céille. Réabfadh an chéad taoille mhór a thiocfadh as a lúdrachaí iad
Diabhal mé go bhfuil an chlais ghainimh siúd gan deacracht ar bith. Níl ort ach iarraidh den phiocóid a thabhairt di agus titfidh brúisc agat
→
dealaigh
Ní miste dhúinn é ó dhealaigh siad leo. Bhí faitíos mo chroí orm an fhad is a bhí siad istigh, agus a raibh de shíomálachaí acu, go dtarraingeoidís achrann istigh faoi chaolachaí an tí againn. An bhfaca tú a leithidí de bhrúisceanna ariamh?
→
diaidh
Níor chónaigh sí ag dul i ndiaidh a tónach gur leag sí brúisc den chlaí. Amach léithe ansin agus as go brách léithe sna feire glinnte. Ní fhaca tusa siúl faoi rud ar bith ariamh mar a bhí fúithi. Shíl mé nach mbeadh a tuairisc in Éirinn ná in Árainn tráthnóna
→
diogáil
Níl fear ar bith is pointeáilte ná é. Caithfidh sé seachtain anois ag cur díon ar an iothlainn sin, agus dhá diogáil agus dá sceacháil nó nach mbeidh bunchleite isteach ná barrchleite amach inti! 'Sé a chuaigh le P. Ch. ceart. Séard a bhí a dhéanamh anois nuair a bheadh sé réidh agus na claíochaí biorraithe aige, brúisc a leagan ann oíche eicínt agus asail T. a scaoileadh isteach inti. Bheadh athobair air ansin ag diogáil aríst
→
droim
Tá cruit amach uirthi as a droim. Is gearr go dtite brúisc di agus caithfidh sibh a leagan ar fad ansin
→
dubh- 5
Cripes tá an balla sin dubhscartha. Mura dté caoi air gan mórán achair, titfidh sé anuas ina bhrúisc
'Sí an abhainn sin thiar máithreach na mbradán. Maróidh tú ar do rogha caoi ann iad: coinnleoireacht, duántacht amhrais, eangach, camóig, bealach ar bith is túisce agat. Chonaic mé brúisc ag dul suas ag an gcora Bh. anuraidh. Isteach le péire faoin mbruach. 'Sé a raibh orm a dhéanamh, mo láimh a chur isteach agus a gcaitheamh aníos. Diabhal ar lig an faitíos dom. Ala ina dhiaidh sin tháinig duine de na maoir aníos le abhainn …
→
díleá
Tá an díleá ceart ar an duine bocht ó phós sé. Cailleadh cliobóg de chapall bhreá air. Bhí bó bhainne tachta sa gcró roimhe maidin. Ní fhanann lao ná gamhain aige nach bhfuil an bhail chéanna orthu. Thug sé leathcholpa dheas a bhí aige anuas ar an mbarr garbh oíche roimh an aonach anuraidh, lena cur siar lá arna mhárach. Dheamhan pínn de chúig phunt dhéag airgead nach bhfaigheadh sé uirthi. Ar a dhul amach dó ar maidin, fuair sé sínte san iothlainn í agus a cois briste. Leag sí claí na hiothlann agus thit brúisc uirthi féin dó (de). Thug sé fear cnámh aici agus dheasaigh sé í, ach ní raibh aon bhiseach ag teacht uirthi ina dhiaidh sin. Mharaigh sé sa deireadh í
→
díon 1
Cíb easca nó tuí sheagail: sin iad an díon. Maidir le tada eile níl an buanadas iontu. Nach diabhaltaí an t-aistir a bhíodh orainn fadó go G. na B. ag tarraingt cibé do N.: dhá tarraingt an t-achar sin lena (ár) ndroim. Is fada go ndéanfadh daoine anois é. Dheamhan é, dhá dtiteadh an teach in aon bhrúisc amháin ina mullach cheal dín
Chinn sé críochnaithe dólámhach ar J. an bullán a chur amach as an ngarraí, théis chomh danra agus a bhí sé ina éadan. Leag sé trí bhearna dhó, ach ní ghabhfadh sé amach i gceachtar acu ach soir agus siar an garraí, nó go raibh J. sáraithe ceart aige. Ansin bhí athobair air, ag ardú na mbearnaíochaí aríst. D'imigh leis go nglaofadh sé ar chúnamh. Ach ní raibh sé bailithe anuas lúbainn an bhóithrín nuair seo anoir an bullán, agus leagann sé brúisc den chlaí agus amach leis gan iarraidh gan achainí!
Diabhal mé go mb'éasca a dhul thar an máistir a bhí ansin cheana. Bhí sé an-lách le na gasúir, agus deir siad go mba togha máistir é ina dhiaidh sin. Brúisc é an fear seo