Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Buail
briathar
foghar — i gCois-Fhairrge go minic — ní hí an fhuaim atá ar uai sa bhfocal "tuair" cuirigcás, a bhíos ar "bhuail", "chuaidh", "fuair" a's ar chuid eile acu, ach fuaim idir a i "bail" a's a i "sa" ní fuaim u i "muir" na i "bun" é. Is cosamhla leis a' bhfuaim é atá ar o i "bog" nó "seo" ach an s a bheith leathan. Bíonn a' dá fhuaim ar "bhuail" a's "chuaidh", ach ní bhíonn ach a' dara fuaim (fuaim — "seo") ar "fuair"
1.
iarraidh, dorna, buille etc a thabhairt; a theacht d'aon-iarraidh.
a.
+
Bhuail sé Seán
Buailfe mé tú má abruigheann tú sin aríst
TUILLEADH (14) ▼
Bhuail sé de mhaide é (de dhorna, de na h-ailt, de chic, d'iarraidh, dá ghlúin, dhá láimh, de chloich, d'urchar etc) = bhuail sé le maide etc é.
Bhuail sé dhá shean-iarraidh é
Bhuail sé criogaide air (dorna, leadóg, cuaibhtheach de dhorna, laisc, iarraidh, fadhb, pléisc, punntán buille, snaidhm etc)
Buaileadh isteach ar cheangal a' ghéill é.
Buaileadh i gcongar an uicht a's an mhuiníl é.
Buaileadh idir a' gob a's an tsúil é.
Buail isteach idir a' gob a's an tsúil é = isteach díreach i gclár an éadain.
Buail é a fhleasca(igh)! = a' muinneadh nó a' maoidheamh gasúir a bheadh a' troid.
Bhuailfinn é marach leisce a dhul a' fiachadh air.
Bhuailfinn é, marach narbh fhiú liom a bhás a bheith orm = duine a bheadh 'san ísle-bhrigh nó go dona, éidtreoireach.
Más leat a dhul a' bualadh, buail fear maith, a's ná bí de do mheath fhéin leis a' scrathachán sin.
Beidh caonach liath air, mara mbuailtear é go goirid anois = duine a mbeadh cleachta aige bualadh a fhaghail, a's nar baineadh leis le fada.
'An té a buailtear sa gceann bíonn faitchíos air' (sean-fhocal) = an té a fuair a chomhairleachan cheana faoi rud a' bith, ní mian leis a dhul a' pléidh leis a' rud céadna aríst.
Nach truagh mé ar bord cuain, as gan mo charaid le glaodhach; buille gualann ní bhuailfidh dhom go deire mo shaoghail ("Antoine Mac Conmara" — Seán Mac Conmara a chum)
+
Thug sé bruicneáil bhreagh bhuailte dhó; thug sé druimeáil bhuailte dhó; thug sé greadadh buailte dhó; thug sé lascadh buailte dhó; gleáradh buailte; liúradh buailte; léasadh buailte; deargadh-buailte etc. = bualadh breagh.
Beidh mé do do bhualadh chomh uain's gheobhfas mé teas in do chraiceann; beidh mé do do bhualadh, go gcuire mé snaidhm na bpéist ort; beidh mé do do bhualadh, nó nach bhfágfa mé iall-bheo ionnad etc.
TUILLEADH (8) ▼
Thug sé snaidhm bhuailte dhom (pléasc, fadhb, iarraidh bhuailte etc) = iarraidh céadtach amháin.
Má theigheann tú dhá bhualadh chor a' bith, bain do dhíocas as = má theigheann tú dhá bhualadh chor a' bith, leag air (tabhair faoi go maith é etc.)
Gheobha sé bualadh ar a' mbualadh a's buille ar a' mbuille = sásaimh as ucht buailte a rinne sé fhéin cheana.
'Aithnighim culaith an deirg, ach ní aithnighim a dheilbh ná é fhéin; A's fear gan bheannú, imeasc a' tsluaigh, is cóir a bhualadh ar chnámh a' ghéill' (An chainnt a chaith an chailleach is máthair do'n Dearg Mór, i gCrích Lochlainn, nuair a shiubhail Conán isteach chuice, a's culaith ghaisce an deirg air. Tá sé in a leath-fhocal sa gcainnt fós, go h-áithrid an dara leath-rann de.)
Tá fonn buailte air.
Ní thaobhochadh sé an áit sin anois ar ór na cruinn[e] faitchíos buailte = le faitchíos go mbuailfí é.
Tá sé an-bhuailte go h-éag = buaileadh go diabhaltach é.
Tá'n príosún ceart go leor, ach is suarach a' cúitiú é do'n té atá buailte, a's b'fhéidir, as maith an tsaoghail.
·
Bhuail siad in aghaidh a chéile é = bhí duine acu, taobh abhfus a's taobh thiar dhe, dhá liúradh.
'Séard a bhí aghainn a dhéanamh leis é bhualadh in aghaidh a chéile.
+
Buaileadh thar a chéile é = fuair sé an-bhualadh go deo.
Mara n-eirighe tú as, buailfe mé thar a' chéile thú.
TUILLEADH (1) ▼
Buaileadh thar cionn é; buaileadh go diabhalta é; fuair sé bualadh thar cionn (bualadh diabhalta); fuair sé bualadh (sciúradh) na sean-chuinneoige.
+
Ní raibh mise sa mbualadh beag ná mór.
Níor thaobhuigh mise láthair a' bhuailte chor a' bith.
TUILLEADH (11) ▼
Fan as láthair a' bhuailte, nó b'éidir go gcaithfeá a dhul a' déanamh fiadhnuise aríst.
Ní raibh mise ann, nuair a bhí an bualadh ar siubhal.
Fuair sé bualadh céadtach = fuair sé an-bhualadh.
Tugadh an bualadh céadtach dó.
Fuair sé an-bhualadh, ach má fuair, a's go bhfuair, thug sé an-bhualadh uaidh, dhá réir, freisin.
Is dona a chuaidh an bualadh dhó faoi dheire thiar = chuaidh sé in aghaidh; buaileadh nó gortuigheadh é féin.
Ní fhaca mé fós ariamh, aon-duine a bheadh tórthamhail ar bhualadh, nach dona a thiocfadh a' bualadh dhó as a dheire.
Shílfeá go raibh an bualadh céadtach ann, le na raibh de ghleo aca(b), a's ní raibh aonduine buailte as a dheire!
Is maith é faoi'n mbualadh = tá sé an-chóir faoi dhuine a bhualadh ; níl claonadh a' bith aige ó dhuine a bhualadh.
Íocfa sé an bualadh sin, thar aon-bhualadh a rinne sé ariamh.
'Sé fuair an bualadh spleádhach = bualadh imeartha; mar buailfí duine gan aireachtáil nó in gan-fhios, nó dhéanfaidhe doibheart air, le na ionnsuighe.
·
Bualadh as ort! = déarfaidhe é le duine a bheadh a' cainnt faoi bhualadh, nó a' clamhsán gur buaileadh é, go ndéanfad sé siomsán de.
b.
+
Bhuail an ghaoth … = tháinic an ghaoth salach orainn etc; d'eirigh an ghaoth in ar n-aghaidh etc.; neartuigh an ghaoth orainn.
Bhuail gaoth andeas iad leath-cuain, a's b'éigin dóib rith cladaigh a thabhairt do'n bhád = bhuail gaoth bhuird a' bádóir, a's b'áidhbhéil a' liosta a bhí ar a' mbád aige. Bhí maoidhmeanna a' teacht thar bord isteach.
TUILLEADH (8) ▼
Anoir ag D. L. bhuail gaoth leath-taobhach muid, a's dhá mbeadh sí in ar n-aghaidh, chaithfeadh muid chuile choisméig di a shiubhal abhaile.
Bhuail cuaibhtheach de'n ghaoth timceallach sin mé ar árd J. S. a's dheamhan mórán a' bith, nar árduigh sí idir chlár a's chuinneog de lom a' bhóthair mé.
Bhuail sinneán mé ar a' bportach indiu, a's tabhair sinneán air! Marach chomh maith a's thapuigh mé é, bheadh an t-asal scuabtha le fánaidh sa bportach aige.
Bhuail siota mé thuas ar a' gcoca, a's bhí faitchíos m'anama orm, go mbuailfeadh sé an coca a's mé fhéin druim ar ais.
Marach chomh maith a's bhí na bádóirí ar a maidí, gheobhfaidís rud le déanamh ó'n gcuaibhthigh sin a bhuail iad, a' teacht aniar le cloich.
Is deacair do bhádóirí na glas-chuanta sin a mharuidheacht chor a' bith. Buaileann cuaibhtheachaí iad, a's ní mór dóibh a bheith ar a n-áirdeall fhéin thar cionn.
Níl uair a' bith is measa sinneán ar a' bhfairrge, ná le linn cailm' shamhraidh. Dhá mbuaileadh ceann de na cuaibhtheachaí sin bád ar aimsir mharbhthánta, bhí a cnaipe déanta deirimse leat.
Ar ín ar éigin a bhí muid indon é a mharuidheacht chor a' bith, ag na cuaibhtheachaí a bhí dhá(r) mbualadh.
c.
+
Bhuail ballach mé = rugthas ar bhallach ar a' dubhán; chuaidh ballach ingreamúdhas sa dubhán.
Tá ballach buailte agam.
TUILLEADH (24) ▼
Thug sí priocadh dhom, ach níor bhuail sí mé na dheidh sin
Níor thug sí fúm ach aon-phriocadh amháin, a's bhuail sí mé ar a' bpuinnte.
Rug sí ar a' dubhán, a's bhain sí sracadh as, ach níor bhuail sí mé in a dheidh sin.
Bhí concar buailte agam, ach b'éigean dom an dorugha a ghearradh, a's í 'leigean faoi'n scuir aríst.
Is fada a bhain a' blátháinín sin asam, gur bhuail sé mé.
Bhí thob ann a's thob as aige, a's é 'baint corr-phriocadh asam, ach bhuail sí mé faoi dheire.
Tá an-bhreac buailte agam, mara bhfuil mé a' dul amudha go mór.
Bhuail bradán nó breac mór eicínt mé, ach níor fhéad mé a sháith leigin a thabhairt dó.
Tarraing a fhleasca(igh), tá sí buailte!
Ní fhaca mé do leithide de chailleach in mo shaoghal ariamh! Breagh nar tharraing tú, nuair a d'airigh tú buailte í!
Bhuail ballach mé, a's nach mbadh diabhaltaidhe dalbaidhe í, gur bhris sí frighdín a' dubháin.
Bhuail sí mé ceart go leor, ach d'imthigh sí, a's mé dhá tarraingt. Chaithfead sé nach raibh frighdín a' dubháin, i bhfastódhas mar is ceart innte.
Ní bhuailfe aon-bhreac go faoithin thú, mara gcuire tú suas baoite ceart, a's ní fiú do sheacht mallacht na portáin sin, gan péiste talmhana nó péiste ruadha in a n-aice.
Sciúr sí an baoite, a's dheamhan a cos a bhuail mé 'na dheidh sin.
Tá na h-easconaí sin an-imeartha, an-bheachtuighthe go deo. Íosfa siad an baoite, a's dheamhan a mbuailfe siad a' dubhán in a dheidh sin.
Tá sé fánach agad aon-bhreac do do bhualadh, comhuain's 'bheidheas do chuid baoití chomh stráiceamhail, maoilscríobach a's tá siad. Breagh nach gcuireann tú an dubhán 'sna péiste siar go tóin, fharrus iad a bheith ar sliobarna mar sin le na dubháin.
D'airigh mé mar bheadh bromóg nó ballach ann, a' sciolpadh leis a' mbaoite, a's chinn orm í a bhualadh in a dheidh sin.
Scoth-bhláthan maith a bhuail mé, ach nuair a bhí mé dhá réidhteach as a' dubhán, ná raibh ann marar sciorr sé thrídh mo mhéarachaí, síos sa bpoll aríst. Is beag bídeach nar cailleadh mé le cantal, a's leig mé liom fhéin abhaile go goirid in a dhiaidh.
Narbh áidhbhéil a' spreacadh a bhí sa mballach a bhí buailte agam, a's gur lúb sí lorga an dubháin mhóir! Dheamhan smid bhréige ann muis!
Bhí breac buailte agam, ach thug sé an dorugha in aimhréidh sa bhfeamuinn, a's b'éigin dom é 'ghearradh as a dheire.
Má bhuaileann concar thú choidhchin glac réidhteach léithe, go dtuirsighe sí í fhéin, a's go leige sí de'n ionnfairt.
Níl aon-bhualadh ar ghlioma(igh) imbliadhna fós = ní theigheann siad 'sna potaí mórán
Bhí sé 'chuile ordlach chomh maith dhuit urchar a chaith(eamh) ar thul(ch)án leis an áit a bhfuil tú dhá chaith(eamh). Nach bhfuil fhios ag do chroidhe istigh nach mbuailfe breac a' bith annsin thú. Tá'n iomarca tannuidheachain ann, a's é a' trághadh fós. Bheadh deis buailte eicínt ar bhreac dhá dteightheá ar na stioráin sin amuigh.
Sa gcuisle thanuidhe taobh thiar de'n Characán a bhuail a' concar sin mé. A' fuireacht go dtrághfadh sé go dtí an clochar amuigh a bhí mé, a's ní raibh cuimne agam go mbuailfeadh tada mé 'san áit céadna mara mbeadh ceann-cruachain nó bod gorm, go díreach.
2.
+
Bhuail sé bean (ciall gháirseamhail) = chionntuigh sé léithe; chuaidh sé uirre.
Is minic an buille le bualadh í (ciall gháirseamhail) = bean.
TUILLEADH (7) ▼
Bhfuil sí ion-bhuailte? (ciall gháirseamhail).
Tá sé dhá bualadh leis, 'réir a láimhe (ciall gháirseamhail).
Tá sí ó bhualadh anois; tá sí réidh le í a bhualadh anois = bean shean; puis-bhean, a mbeadh aois chloinne scoithte aici.
Bhuail sé geábh (iarraidh, failm, "round", babhta etc) craicinn = chionntuigh sé le bean.
Tá sí buailte = tá sí ag iomchur chloinne; tá clann innte; tá clann déanta léithe.
Tá sí buailte. Sin é anois an gáire mór a rinne sí anuiridh.
Caoinfe sí anois, má tá sí buailte, ach deir siad, 'nuair a bhíos an gáire dhá dhéanamh, go mbíonn a' caoineadh dhá bhreith'.
·
Tá sé a' bualadh craicinn (ciall gháirseamhail) = a' cionntú le bean.
Tá rachmall air, go bhfagha sé craiceann le bualadh.
3.
shroich; tháinic go dtí … ; bhain amach.
a.
+
Bhuaileadar tír i gCasla = tháinic siad go Casla idtír (bád a bhí ag imtheacht léithe faoi thoildeona dé ar fairrge).
Cé'n áit a mbuailfeadh muid tír anois, dhá dteigheadh muid díreach.
TUILLEADH (15) ▼
Bhuail na Fianna tír i gcrích Lochlainn.
Ar a' dá luath a's ar bhuail sé tír thall (in Ameriocá) chuaidh sé ag obair, a's ní raibh sé lá ná leiceann, in a chomhnuidhe, ó shoin.
Chaitheadar coigcighthis ag imtheacht sa sruth, faoi thoildeona Dé, ach faoi (dh)eire, a's faoi (dhe)óidh, bhuail siad cladach in áit eicínt amach 'sna réigiúin choimhthigheacha (daoine a tháinic slán as báthadh luinge).
Níor chomhnuigheadar gur bhuaileadar cuan a's caladh sa domhan thoir.
Chuaidh beirt as an áit seo fadó, amach ar a bhfeatha mhóir (meath?) ag iascach cholmóirí. Ná raibh ann mara dtáinic sé in a lom gaoithe aduaidh orra(b), a's b'éigean dóib leigean leis a' mbád iomramha gur bhuail siad tír imBaile Uí bhFiadhcháin i gConndae an Chláir. Ach níor chás dóib é, ó bhuail siad tír in aon-áit.
Dhá seolthá siar amach a' teiscin mhóir taobh thiar d'Árainn, bhuailfeá tír (cladach, cuan, talamh) i Meriocá.
Thairg sé iomlucht treasna cuain dóib, ach tháinic gaoth bhuird air, ach níor bhuaileadar tír ag a' gcaladh thall chor a' bith.
D'fhága muid Gaillimh ar leath-taoille na maidne, a's bhuaileamar Cill Rónáin taca an h-aon a chlog.
B'fhurasta duine an talamh ó thuaidh a bhualadh ó ló, dhá mbeadh cóir aghainn (talamh ó thuaidh — sin é thuga(nn)s muínntear Árann ar Chonamara).
Neartuigh an ghaoth orainn, a's chinn orainn an cladach thall a bhualadh 'san áit a shíl muid.
Bhuail siad tír ar a' Matal.
'An dárna lá fichead d'Fhoghmhar, seadh 'chuir mé mo Chríonach 'un seoil; Níor iomchuir sí leath a cuid éadaighe, a's bhuaileamar Árainn ó ló' (sliocht as "An Chríonach" — amhrán de chuid Chonamara)
'Bígí buidheach má bhuaileann sib caladh in aon-áit' adeir sé. 'Tá'n gála an-ghártha'.
Thug Dia dhuinn, gur bhuail muid caladh shábhála i gcéibh a' Spidéil, shul dhár neartuigh an ghaoth. Marach sin, ní shrianfadh muid siar choidhchin é, a's chomh mór a's bhí an lá.
Bhí siad dhá mbocáil síos a's suas imbárr tuinne, a's gan iad indon caladh a bhualadh in aon áit.
+
Bhí sé ar siubhal gur bhuail sé faoi'n tsúil é = gur shroich sé an áit.
Is gearr anois go mbuaileamuid Baile Átha Cliath faoi'n tsúil (faoi'n smaois) = is gearr go mbíomuid ann.
TUILLEADH (3) ▼
Ná comhnuigh choidhchin go mbuaile tú faoi'n tsúil é = na scuir; ná tagadh iabh na forus ort, go sroiche tú ceann scríbe.
Bhí sé ag imtheacht a's a' síor-imtheacht gur bhuail sé an baile mór faoi'n tsúil.
Ná bain méir de do shróin, go mbuaile tú Gaillimh faoi'n tsúil.
b.
·
Bhuail mé in aghaidh = tháinic mé salach air; cuireadh suas in aghaidh mé (ní chialluigheann sé gur chas mé leis, ná gur bhuail mé air).
4.
a.
siubhal; imtheacht; scaradh.
+
Buail bóthar = imthigh; teirigh abhaile (déarfaidhe é, go h-áithrid, le duine nach mbeadh aige ach bonnaidheacha de bharr aistir, nó a d'eiteochthaidhe faoi rud eicínt).
Buail bóthar, anois, a's bain torann (deatach) as.
TUILLEADH (14) ▼
Bailigheadh leis anois. Buaileadh sé bóthar má's breagh leis é.
Chuaidh sé dhá h-iarraidh (ag iarraidh mná) ach b'éigin dó bóthar a bhualadh aríst, gan mórán moille = ní raibh le faghail aige, ach bóthar a's bonnaidheachaí.
Is mairg dhuit nar bhuail bóthar, chomh uain's bhí tiormach aige
Buail bóthar as mo bhealach.
Caithfe mé bóthar a bhualadh aríst.
Thug mé an tabhairt (tuairt amanntaí) orm fhéin, ach sé a raibh dhá bharr agam, go mb'éigean dom bóthar a bhualadh abhaile sa mbáist(igh) mhóir = chuaidh mé ar thuras fada (nó turas droch-lá) a's b'éigean dom a theacht abhaile aríst a's mo dhá láimh chomh fada le chéile faoi'n mbáistigh.
Tá sé chomh maith dhuinn bóthar a bhualadh, ó's rud é atá romhainn.
A's 'ar ndoigh níor chuir siad a' bualadh bóthair as fhéin an tráth sin d'oidhche é. Ní chuirfeá madadh amach faoi'n dórtadh a bhí ann, ní áirmhighim duine.
Bhí muid a' bualadh bóthair linn soir, nuair a tháinic a' scail orainn i ngleann na bhForbacha (scail theinntrighe)
Is beag dhá fhonn a bhí air bóthar a bhualadh muis, dhá bhfaghadh sé ugach a' bith fanacht, ach dheamhan gnai(the) 'bith a bhí againne dhó.
Mara dtuga tú aire thairis sin do do ghnaithe, buailfe tú bóthar deirim leat = máighistir le spailpín.
Chuir mé a' bualadh bóthair é indiu = thug mé an bóthar amach dhó indiu; chuir mé druim díbeartha air.
Is suarach na gnaithí atá ort a dhul a' bualadh bóthair, an tráth seo d'oidhche, a's gan fhios agad, céard a d'eireochadh dhuit, faoi bhealach, i bhfad uainn an anachain a's an urchóid.
Dheamhan cuimne 'bith fhéin a bhí agam, go mbuailfeadh sé bóthar chomh h-aibéil sin, ach ní raibh sé ariamh fhéin gan sciorta de'n uathbhás a bheith 'siubhal leis = bhí forrú nó deifir ariamh fhéin air (forrú abhaile aigéan a chuid oibre, atá i gceist annseo)
b.
Buail amach, buail síos, buail treasna an ghuirt, etc. = teirigh; gabh; imthigh; siubhail (ní baintear leas as "buailte" mar seo)
+
Buail amach faoi'n aer.
Bhuail sé amach ar fud an bhaile.
TUILLEADH (28) ▼
Bhuail sé siar go Conamara ar maidin.
Buailfe mé síos ar cuairt chugad 'san oidhche ambáireach.
Buail isteach a' gabhail abhaile dhuit.
Buail siar ar a' leaba
Bhuail sé isteach chugainn idir chlár a's chuinneog = tháinic sé isteach go dtí muid sa teach.
Bhuail sé suas go Muigh Cuilinn indé, a's dheamhan amharc a chonnaic muide air ó shoin.
Buailfe mé amach a' spaisteoireacht ar ball.
Bhuail sé siar thríd an bpáirc.
Tá sé 'bualadh thart a' siorthóireacht (madadh).
Ní dhéanann sé tada ach a' bualadh soir 's anoir chuig an S.
Buailfe mé siar go dtí an figheadóir ambáireach le snáth liúnta (leonta) 'fhaghail uaidh, má bhíonn ionbha agam.
Buail anonn go Sasana dhuit fhéin. Is samhaoinighe dhuit é, ná annseo.
Bhuail sé síos ar shlata na Gaillimhe, nuair a chinn air aon-tsaothrú 'fhaghail sa mbaile, a's má bhuail fhéin, níor dhonaide sin é: tá siopa láidir aige anois.
A' mbuailfe tú soir ar an aonach chor a' bith indiu?
B'fhéidir go mbuailfinn siar ar a' tórradh scaithín ar ball, nuair a bheidheas mé bearrtha, a's mo chuid ithte agam.
Ní bhuaileann sé amach chor a' bith anois = ní theigheann sé ar aermuidheacht ná ar eirghe-amach a' bith; ní chorruigheann sé ó'n teach.
Buail a chodladh feasta
'Breagh nach mbuailfeá ar cuairt chugainn corr-uair, nó leisce atá ort roimh an aistir?
Bhuail mé soir de réir mo choise, a's bhí mé ann ó ló mhór = ní raibh baoghal air a bheith in 'oidhche 'san am a raibh mé ann, aindeoin nach ndearna mé deifir a' bith, ach a' siubhal liom ar mo mhian.
Pé'rbí cé'n daol a tháinic air an lá faoi dheire, d'fhága sé an gort a's bhuail sé soir tighe E. de ghort a gharta, gur ól sé a sháith go bínn ann.
Is mór a' t-iongnadh nach mbuailfeadh sé amach faoi'n tír corr-uair.
Bhuail sé siar de mhaol a mhainge, go dtí an sagart gur innis sé dhó é. Nach beag a' náire a bhí air. Is mór adéarfaidhe le bean dhá ndeanadh sí é!
Buail soir faoi (dh)éint a' dochtúra dhó sin.
Buaileann sé isteach 'chuile lá a dteigheann sé an bóthar.
Fuair tú amach é, muis, cé a bhuailfeadh isteach a' breathnú ort = sé'n duine céadna adubhairt tú, an duine nach dtiocfadh isteach a' breathnú ar aon-duine.
Shoraidh dhíot nar bhuail soir chuig na póilíos, a's é a fhuagairt dóib. Leabharsa d'eireochad sé as a chuid ropaireachta annsin!
Tá sé chomh maith dhuinn bualadh chuig an aifreann
Buail abhaile feasta
5.
a.
+
Bhuail faitchíos, fuacht, imnidhe etc é = tháinic faitchíos, fuacht etc air; tháinic sé in a fhaitchíos, in a fhuacht etc air; bhain fuacht dó; ghlac sé faitchíos etc" (le "buail", bíonn sé i gceist go tagann an fuacht, faitchíos, etc go tobann, nó nach mbíonn aon-tsúil leis).
Ba bheag a' dochar dhó, faitchíos dhá bhualadh, a's an gothadh a bhí ar Sh. B.
TUILLEADH (27) ▼
Má bhuail scannradh fhéin í, bhí ceart aice air, a's sonnda (sonnradh) mar sin a fheiceál i mbéal a' bhealaigh roímpe.
Chuala mé an ghuth i bhfad roimhe sin, ach níor bhuail a' scannradh críochnuighthe mé, go bhfaca mé an toirt rómham i mbéal a' tseoil.
Buailfe scáth é, má theigheann tú 'un droch-(mh)úineadh leis.
Má bhuaileann an imnidhe cheart duine, is geárr a bheadh sí dhá chlaoidheadh.
Bhuail olc é, chomh luath a's chuir mé aithne air, gan corruighe.
Ar a' dá luath a's a mbuaileann a' taghd é, tagann coinneal in a shúile, a's ionnsuigheann air a' gearradh fiacal.
Bhuail fonn achrainn é, ach má bhuail fhéin, ní bhfuair sé fear a bhactha annsiúd.
Bhuail uathbhás é, a's ní raibh breith bonn báis aige, go mbeadh an féar coctha, faitchíos báistighe = tháinic falrach 'un oibre air, a's níor fhan foighid a' bith ann, go raibh an féar in a chocaí aige, ar fhaitchíos go dtiocfad sé 'na bháistigh air.
Is deacair aon-cheart a bhaint de nuair a bhuailea(nn)s an 'óinseach' é = is deacair aon-cheart a bhaint de, nuair a thaga(nn)s fonn troda, nó aistighle, nó cantal air.
Bhuail fonn ropaireachta í, a's d'ionnsuigh sí mé — ní raibh fáth ná adhbhar a' bith eile aici leis, ach a' méid sin.
Bhuail tuirse mé árd-trathnóna, a's dheamhan filleadh ná feacadh a bhí goir agham a dheanamh aige.
Bhuail lán mo chruite de náire mé, nuair ba léar dhom, céard a bhí déanta agam.
Bhuail drugal mé — lán mo chraicinn de — nuair a h-innsigheadh dhom faoi'n mbealach a chaithfinn a thabhairt orm fhéin. Ach níor loic mé in a dheidh sin.
Bhuail saobhchan céille an duine bocht, as ráig óil.
Bhuail fonn magaidh annsin é, a's d'áitigh air, a' saghdadh faoi Chaitlín.
Má bhuaileann falrach gháire é, beidh 'chaon scairt aige aríst go h-am suipéir.
Bhuail teasbach (teasúch — Achréidh) an bhó, a's as go brách léithe, a's a drioball in aer aice.
Ar an dá luath a's ar bhuail an rachmall pósta é, d'ionnsuigh sé siar amach go bhfuair sé bean. Ní fhaca tú in do shaoghal ariamh rud a' bith ab aibéile ná é.
Bhuail néal eicínt sa gceann é, a's ní raibh sé staidéarach ó'n lá sin amach.
Nach maith luath a bhuail an snádhmhthach é.
Má tá fonn eirghe in áirde dhá (dá bhur) mbualadh anois, scuabfa sib as seo, a's deifir orraí(bh).
Is diabhaltaidhe tráthamhail a bhuail fonn pósta é, a's a shean-athair in achar an anama.
Má bhuaileann a' ragús é, is beag a' scruball a bheadh aige é 'dhéanamh.
Sé'n catmara fhéin a bhuail é, a's aon-láimh a bheith aige 'san obair sin!
Marach gurab é an míádh mór fhéin a bhuail thú, ní chuirfeá araoid a' bith ar a' sclamhaire sin.
Cé'n sórt néal a bhuail é chor a' bith a's pósadh!
Marach gur bhuail ciméar eicínt é, ní dhéanfad sé a mhacsamhail sin de chleas.
+
'Teacht isteach ag C. Th. a bhuail an sliabh-gortach mé, a's níor fhan eirghe 'mo sheasamh ionnam ar a' toirt boise. Marach gur eirigh Dia liom lún (lón) a bheith ar iomchur agam, bhí mo chnaipe déanta.
Is minic leis a' gceann céadna tart dhá bhualadh.
TUILLEADH (2) ▼
Bhuail ocras mé i lár mo ghna(ithe), a's gan aon-ghoir agam rud le n'ithe a fhaghail.
Bhuail lagar ocrais mé d'aon-iarraidh.
·
Buaileann codladh é taca an ama seo chuile lá, a's dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire, caithfe sé néal a thabhairt leis, shul (dh)á dhéanfas sé aon-bhuille aríst.
+
Bhuail a' bás é = tháinic an bás air.
Sé'n bás a bhuail é an uair sin.
TUILLEADH (1) ▼
Ní miste dhuit céard a bhuailfeas thú, ach gan a' bás do do bhualadh.
+
Bhuail slaghdán é, a's as a' slaghdán, tholg sé eitinn. Níor ól sé aon-deoir bhainne slainte ó'n lá sin amach.
Is beag a' tsiocair a bhío(nn)s ag duine slaghdán ná galra a' bith eile dhá bhualadh ar a' saoghal seo.
TUILLEADH (8) ▼
Bhuail doigh bhuilg Seumaisín, a's mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis, a's é síonaighil le pian.
Má bhuaileann na doightheachaí sin aríst mé, ní chodlócha mé aon-néal go maidin dhá mbárr.
Barr ar a' dathamhlacht, a's 'gcead 'e' chomhluadair, bhuail tinneas mo bhuilg mé, a's fhobair gur fhága sé ar an-chaoi mé, go maidin.
Bhuail racht casachta é, a's shíl mé nach stopfadh sé go maidin
Má bhuaileann sraothfairt tú, de bharr a' tsnaoisín sin, dheamhan iabh ná forus a gheobhfas tú go ceann fada.
Chomh luath a's a d'ól an capall a' deoch, bhuail rud eicínt í, a's shín sí siar ó chluais go iorball.
Cá'r bhuail a' phian thú?
Níor airigh mé ariamh gur bhuail fonn múisc mé, a's chuir mé [amach] gach's a raibh in mo bholg.
b.
+
Tá mé buailte (ag an slaghdán, tinneas etc).
Dar príosta muis, tá tú buailte (le slaghdán etc, nuair a chloisfeá duine a' sróthfairt, nó a' casacht)
TUILLEADH (21) ▼
Tá sé buailte le casacht a's cithréim.
B'fheasach dhom go raibh sé do mo bhualadh aréir, a's chomh marbhthánta, a's bhí mé.
Má airigheann tú do do bhualadh é (i.e. an slaghdán etc), níl le déanamh agad ach luighe, ar a' toirt. Níl baoghal a' bith ort é 'chuir dhíot le strócántacht.
Cá'id ó bhuail a' donacht é? = cé'n fhad ó tháinic a' donacht (tinneas, lagar etc) air?
Bhuail donacht eicínt í, idteach a' phobail indiu, a's b'éigean í 'iomchur amach.
Má tá sé buailte ag a' gcailín siúd (i.e. eitinn), leágha na bhfíonn, ní chuirfeadh as a chrioslaigh í
Tá mé buailte a's buailte go maith = droch-shlaghdán nó droch-thinneas in mo chrioslaigh.
Cé'n chaoi ar airigh tú é (i.e. an tinneas, an donacht) do do bhualadh an chéad-uair?
Níor ith sé oiread a's dubh na h-iongan, ó buaileadh é, idtosach.
Níl luighe 'bith aige le rud le n'ithe, ó bhuail a' donacht é. = ghlac sé col leis a' mbiadh, ó bhuail an donacht é.
Is furast cur chuige anois, go h-áithrid ó bhuail a' donacht é, go deireannach.
Dar príocaidhe muis, má tá sé buailte ag a' slaghdán bradach seo, beidh liostachas fada air, ná ar dhuine 'bith eile a bhuailfeas sé. Sin é fhéin an droch-ailím in do chnámha.
Sa gceann a bhuail sé é = sa gceann a tháinig a' donacht air; saobhchan céille nó éadtruimeacht a tháinig air.
In a cheann a bhuail sé é = ina cheann a tháinic an phian, nó an tinneas, nó'n slaghdán.
Is fear é 'tá buailte sa gceann, nó tá mise a' dul amudha = tá saobhchan air, nó tá sé buille "éadtrom", nó níl sé 'an-staidéarach'.
Chaithfeadh rud eicínt é 'bhualadh sa gceann, a's ar ól sé le tamall.
Ghlac sé bás na mná go dona, a's buaileadh sa gceánn é, go goirid in a dhiaidh.
Má bhuaileann sé sa gcloigeann é, aríst mar rinne sé cheana, caithfear é 'chur 'soir' (go dtí an gealtlann i mBéal Átha na Sluaigheadh).
Sa gceann a bhuaileann sé igcomhnuidhe é, má chuirtear aon-mhúisiam mór air.
Bhuail néal eicínt sa gceann é.
Ná raibh ann, marar bhuail daol eicínt é, a's scuab sé leis.
6.
a.
sárú; cinneamhaint; ceann is fhearr.
+
Tá tú buailte aige = tá'n ceann a's fhearr faighte aige ort; tá tú sáruighthe aige; tá tú buailte amach aige (féach "amach"); tá tú scoithte.
Tá Seán buailte aige a' caith(eamh) cloiche neart = tá Seán sáruighthe aige.
TUILLEADH (8) ▼
Bhuail an ceann se'aghainne 'chuile dhuine aca(b) leis a' nGaedhilge = b'fhearr í ná iad leis a' nGaedhilge (i scrúdú, ag feis, etc).
Tá 'bhfuil ar a' mbaile buailte aige 'san obair = is fhearr, nó is dúthrachtaighe ag obair é, ná duine ar bith eile ar a' mbaile.
Bhuailfeadh sé a bhfaca tú ariamh le sainnt, a's uathbhás = sháróchadh sé.
Is deacair an fear thiar a bhualadh le bréaga = tá sé go maith ag innseacht bhréag; ní thagann iabh a' bith air, ach a' déanamh bréag.
Do chumhachta cinn, ní bhuailfeadh M. le nathaidheacht.
Buaileadh a mhac seisean sa gceisniú a cuireadh orra(b), a's ina dhiaidh sin, fuair sé uain a' ghabhail sa gcoláiste. Má's eadh, is caraideachaí, a's fabhar a rinne dhó é, a's ní foghluim.
Deirimse leatsa, gur ar a chruadhchúis dó, S. a bhualadh a' tuigheadóireacht.
Bhuail a' samhradh an geimhreadh fhéin le gairbhshion = sháruigh sé.
+
Níl a bhualadh ann = níl a 'better' ann; níl a shárú ann; níl aon-chinneamhaint (cinneadh) leis;= níl sárú (bualadh) in a chionn.
Níl do bhualadh fhéin sa tír leis a' gceird sin.
TUILLEADH (15) ▼
Ní raibh a bhualadh scathamh sa bparáiste a' caith(eamh) clo(iche) neart nó uird.
Níl a bualadh ann; dhá mbeadh an oiread eile ann, le breaghaichte.
Is mór a' rud le rádh é, nach raibh a bhualadh sa gconndae scathamh, a' carruidheacht, ach sé lom-chlár na fírinne an méid sin.
Síleann a máthair nach bhfuil a bualadh sa bpobal, mar bhean tighe, ach ní éadáil mhór 'moladh na máthar ar an inghin'.
Níl bualadh a mhic 'sna seacht bpobail, ar scaibhtéaracht, a's ar mhío-nós. Tá sé tugtha suas dhó ag chuile dhuine dhá gcasfa leat.
Is deacair a bhualadh 'fhaghail le bradghail. Ghoidfeadh sé an chrois de'n asal, a's an t-asal fhéin in éindigh léithe.
Dhá gcuirtheá slat ar Éirinn, níl a bhualadh sa méid sin, le gráiscínteacht, a's gársamhlacht. 'Séard a bhí le déanamh leis an pus a dhathú dhó, nuair a thosóchadh sé ar a' gceird sin, ná d'aonduine eile a bheadh ar a bhealach.
Shiubhailfeá shul (dh)á gheobhfá bualadh Sheáin, ar a' gcaoi sin. Níl bréag a' bith, nach raibh sé cóir faoi'n rud a bheadh aige.
Níl a bhualadh le faghail mar ealaidhe ban = tá sé thar cionn a' cur na cluanach ar mhná; bíonn sé i gcomhnuidhe a' rathluidheacht ar mhná.
Dhá ndéanadh cainnt casóg, ní bheadh a bhualadh le faghail. Cainnt ar fad é.
Ní raibh a bhualadh ann ag ól cuid duine eile, ach ní fhaca diathshúlach aon-deor uaidh fhéin ariamh sa saoghal.
Is fada 'shiubhailfeá, go bhfaightheá a bhualadh a' cumadh bréag, a's [ag] saghdadh daoine (i.e. 'un achrainn).
InDomhnach níl a bhualadh sa bpobal leis a' gceird sin, ach is beag a' samhaoine dhó an cheird sin le beatha a shaothrú.
Ba bheag a' baoghal orra(b) é 'ghlacadh marach go rabh fhios aca(b) nach raibh a bhualadh le faghail a' báirtheoireacht.
Ní feasach dom go barrainneach, céard is cor dhó a' siúinéaracht, ach is feasach dom, nach bhfuil a bhualadh ann le scaibhtéaracht.
+
'Bhfuil a bhualadh sin agad? = ag imirt chártaí, nuair a d'imreochadh cearrbhach righ-chárta nó cárta réasúnta, d'fhiafróchadh sé de chearrbhach eile roimhe "a raibh a bhualadh sin aige".
Mara bhfuil a bhualadh sin agad, tá mé amuigh.
TUILLEADH (16) ▼
Mara bhfuil bualadh an Rí agad, is bun-amuigh é, arae, tá'n cíonán agam annseo.
Ní chasfaidhe bualadh na bainrioghna agad?
Dheamhan a' féidir dhuit, nach bhfuil bualadh an 'dó-ín' agad?
Má bhí bualadh an naoi agad, breagh ar leig tú isteach biorach é?
Nach feidheartha a bhí tú, nach raibh bualadh sé heairt agad!
Níl bualadh tada agam. Dheamhan thiomanta mámh a' gabhail liom.
Chuirfinn isteach a' trí, marach gur dhona liom é, a's shíl mé go mbeadh a bhualadh aige.
Bhí bualadh an deich agam, ceart go leor, ach ba mhór liom í a chuir amudha leis — an cuileata!
Bhí bualadh an naoi agam, chomh deas a's déarfá liom é, a's leig mé tharm é, in a dheidh sin, a' cur an fhir seo thall in a chúig má b'fhíor dhom fhéin. B'éigean dom é a chaitheamh idtraipisí sa deire, gan tada dhá bharr.
Ná bac le mámh! Ní raibh bualadh an dráimh fhéin agam!
Dheamhan a 'dtiocfá annsin aríst le do dheich salach, dá mbeadh a bhualadh agamsa.
Bhí bualadh na bainríoghna agam, ach scaoil mé léithe, a' faireadh ar thuitim imeartha.
Seó leat! Níl aon-bhaint agham duit! Níl do bhualadh agam.
Dhá mbeadh do bhualadh fhéin agam anois, ní thiocfainn imbarr do chúig ort. Is maith atá sí saothruighthe agad.
Mara bhfuil a bhualadh sin agad, is liom a' bun.
Cluiche glaice é. Ní raibh bualadh aon-chárta a' gabhail leat ag a' gclár.
+
Bhuailfinn a' cuileata, marach faitchíos go raibh an t-aona heairt ag a' bhfear thall, a's go sciorrfadh sé amach ar a chorr.
Is mairg dhuit nar bhuail a' t-aon, ó fuair tú fút í. Tóigeadh 'chuile dhuine a chúig féin annseo.
TUILLEADH (1) ▼
Bhuailfinn a' seacht ach a' súil go leanfá-sa é.
b.
"Tá … buailte = loicthe; crannda; 'un deire; gan fás gan biseach faoi (fútha) etc; gan forás; gan maith gan maoin (ní baintear [leas] as aon-fhuirm eile cé's moite de "buailte")
+
Tá fataí buailte imbliadhna = gan aon-fhás; loicthe; ní bheidh aon-rath ar a' mbarr fataí imbliadhna.
B'fhurast aithinte go mbeadh fataí buailte. Ar ndú (ndóigh) níor buaileadh aon-deoir bháistighe ar a' gcur óg ó chuaidh sé i dtalamh, gur baineadh aríst é.
TUILLEADH (10) ▼
Tá'n cur buailte imbliadhna, nidh nach h-iongnadh. An t-am a raibh mé a' cur an chúilín thoir sa bpáirc sin thuas, bhí na fóide buird i gcruth a ndóighte, a's ba bheag ab fhiú ar chaith sé de bháisti(gh) ó shoin.
'Sí bliadhain na móna í, ach beidh an bárr buailte.
Tá mo chuid 'meaingeals' as éadan buailte. Níor tháinic ionga ná ordlach orra(b) le mí, pé'rbí cé'n fáth é.
'Beet' bhuailte í mar 'bheet' i mbliadhna.
Níl tada buailte imbliadhna ach féar = níl tada 'un deire imbliadhna ach féar.
Shílfeá nach mbeadh a' cur chomh buailte a's atá sé. Fuair sé bliadhain chóireamhail = níor cheart do'n chuir a bheith chomh crannda ná chomh dona a's atá sé. Bhí an aimsir feilmheanach dhó.
Is suarach a' t-iongnadh go bhfuil a' cheapach phlanndaí sin buailte, arae, ní dheacha leasú 'bith orra(b).
Dubhairt mé leat an lá ar innis tú dhom, go gcoisne(ochth)á an garrdha sin, nar mhór dhuit brat múirín a chuir air, nó go mbeadh a' féar buailte ann. Nach bhfeiceann tú fhéin anois go bhfuil.
Fágfa an uair seo féar buailte, ach grásta Dé (droch-aimsir).
Garrdha tirm a bhí ann, a's chaithfeadh a' cur a bheith buailte ann, a's chomh fliuch a's 'tháinig an bhliadhain.
+
Beidh na daoine buailte ar fad, mara bhfagha siad aon-tsaothrú = beidh na daoine in ainriocht nó in an-chaoi, nó gheobha siad a gceart le déanamh, a's maireachtáil.
Beidh mé buailte mara dt(e)aga sé indiu.
TUILLEADH (16) ▼
Beidh sé buailte ar fad anois, a' duine bocht, má eirigheann aon-cheo do'n chapall air.
Tá na daoine buailte, ó h-eirigheadh as a' 'dole' sin.
Tá'n áit seo buailte, nach bhfuil duine 'bith ann, le labhairt ar a son, le saothrú ná obair a tharraingt ann.
Ní raibh muid buailte ariamh go dtí anois, mara mbí cead imtheacht' ar na beithidhigh.
'Séard a d'fhága an tír seo buailte, nuair a bacadh na daoine faoi dhul go Ameriocá. Badh í sin a' tír, an fhad a's sheas sí; ach 'ní mhaireann a' rith maith do'n each i gcomhnuidhe' adeir siad.
Tá'n baile seo buailte, nach bhfuil aon-chom(n)gar portaigh aca(b), ach a dhul trí mhíle timchill.
'Sé'n talamh atá 'fágáil na h-áite seo buailte. Dá bhfhéadtaí cruithneacht a's 'beet' a chur annseo, fearacht an Achréidh, ní bheadh ughdar clamhsáin a' bith ag na daoine.
Sér'd atá dom' fhágáil buailte ar fad, nach bhfuil aon-deis agam, ach srathar a's cléibh leis a' móin a tharraingt abhaile.
Beidh daoine bochta buailte, mara mbí aon-imtheacht ar an eallach feasta.
Ní raibh daoine chomh buailte ariamh; a's atá siad ar ala na h-uaire. Cuid de na daoine nach bhfuil aon-chongnamh aca(b), ná aon-duine leo(b) a' saothrú, is deacair dóib, cúis a' bith a dheanamh. Tá fear na muirghíne buailte freisin.
Tá lucht a' tsléibhe buailte, ó b'éigean dóibh eirghe as a' bhfuisce. Cé'n tslighe eile a bhí aca(b)?
Tá'n ghliomadóireacht iarmhuiseach go leor, ach tá iascairí buailte, arae dheamhan a shúil le fághail ar a' gcaoláire (i.e. Cuan na Gaillimhe) nach bhfuil dealuighthe leo(b) ag na 'trollers' Franncacha = tá solamar le baint as gliomaigh, ach níl tada de bharr na h-iascaigh. Tá 'bhfuil d'iasc ar a' gcuan scuabtha leo(b) ag na báid Franncacha.
Tá fuigheall na bhfuigheall ag fir oibre 'sna bailte móra ó chuaidh an 'gobhairmint' seo isteach, ach 'siad na feilméaraí atá buailte.
Is dona an ceart an feilméara a bheith buailte, arae marach é, ní dhéanfadh duine 'bith sa tír aon-ghna(ithe). Nach hé atá dhá dtógáil uileag?
Tá'n tír seo buailte ó caitheadh amach an té a sheasfadh ceart a's cliú dhi. Ach tuille ghéar do'n diabhal acu! Is maith an aghaidh orra(b) é.
Tá muinntir a' phobail seo buailte d'uireasbha siamsa ná cuideachta a' bith, ach go mbuaile an diabhal i gcuinc an mhuiníl iad! Nuair a bhí áit damhsa acab, níorbh bheo iad gan a bheith a' troid a's ag achrann, go mb'éigean é a dhúnadh suas!"
7.
Is iomdha rud a buailtear cuirigcás coirce, arbhar ar bith, bainne a's maistre dhá dhéanamh, báire, cead, deis, bosa, sciatháin etc.
a.
+
Tá'n coirce buailte aige
Níor buaileadh aon-ghráinne coirce ar a' mbaile fós.
TUILLEADH (7) ▼
A' bualadh eorna le súiste atá sé.
Níl siad a' tabhairt leath-bhualadh ar na dornáin. Dheamhan a' miste leo(b) ach an lá a chuir isteach.
Níor thug sé leath-bhualadh ar an eorna, mar ní raibh aon-chóir ar an easair aca(b).
Scaoil an dornán buailte sin (féach "scóth-bhualadh", "scoth-bhuailte".)
Níl an dornán sin leath-bhuailte.
Cuirighidh deis bhuailte uirre fhéin = cuirighidh sib (méitheal) féin faoi réir le arbhar a bhualadh. (freisin nuair a bheadh dream ar tí a dhul a' troid).
Fagh cloch-bhuailte dhom = cloch le cur ar chléibhín, le arbhar a bhualadh uirre.
b.
A' bualadh báire, liathróide nó deis a bítear i gcomhnuidhe. Ní abruighthear go mbítear ag imirt báire, aindeoin go dtugtar imreoirí ar lucht an bhuailte.
+
Tá siad a' bualadh deis (féach "deis").
A' bualadh báire a bhí sib indiu.
TUILLEADH (20) ▼
Bhíodh muid a' bualadh báire bheag thíos ar a' tráigh fadó.
Is ait uaidh liathróid a bhualadh.
Cheal nach raibh tusa a' bualadh liathróide chor a' bith indiu?
'Bhfuil aon-rath ort a' bualadh?
Buailidís leo(b) anois go mbeidh siad tuirseach.
Cá mbeidh an báire dhá bualadh ambáireach?
Níl aon-ghoir aghad air, a' bualadh báire.
'Bhuailfinn boc báire chomh h-árd leis a' ngealaigh' (as "Taimín" amhrán de chuid Chonamara).
Buail boc uirre!
Buail í' fhleasca(igh)!
Buail amach í (an liathróid).
Bhuail sé amach béal an ghóraidhe í.
Ní a' fághail bháis a bhío(nn)s sé dhá bualadh (an liathróid) ní hé do dhálta fhéin é (fearacht is mó atá i gConamara anois, ach tá dálta ag na sean-daoine freisin).
Buail amach báire.
Tá siad a' bualadh cead ("ceat" in áiteacha).
A' dtiocfa tú a' bualadh cead?
Bhí na gasúir a' bualadh cead.
Tá siad a' bualadh 'top' ("caiseal").
Bhíodh muid a' bualadh 'Cashel Top' an tráth seo 'bhliadhain ar fad fadó.
Bhí sé indon boc báire a bhualadh chomh maith le na leithide 'bith scath(amh).
c.
A' bualadh an bhainne leis an loinne a bhítear, nó a' déanamh an mhaistre.
·
Tá sé sáthach buailte agad anois, nó caithfe sé a theacht leis ar aon-nós.
d.
Buaileann an clog.
+
Tá'n dó buailte ag an gclog.
Ta sé thar am a dhul abhaile a's an dó-dhéag (an dá bhuille dhéag) buailte (bainte) aige.
TUILLEADH (2) ▼
Ar bhuail sé an deich fós?
Tá'n naoi buailte aige le fada. Is ceart dó a bheith ar bhuillí an deich feasta (Tá "sé", "aige" etc annseo, mar bheadh réamh-fhocla neamh-phearsanta, ionann's nach mbainfidís leis an gclog chor a' bith, ach mar thanaistí do'n am)
e.
déanta; sunntasach; "dearg"; lorgach. (idtaobh casáin, lorgaí, réidh-bhealach etc). Buailte (Sa bhfuirm seo go h-iondamhail, aindeoin go gcloistear, "bhuail" "buailfe", uair i bhfad ó chéile).
+
Tá casán buailte isteach go dtí an bhrocach = níor dearnadh casán ná bealach ann, ach chuir síor-shiubhal, as talltú na mbeithidheach, isteach a's amach go dtí an bhrocaigh, cumraidheacht casáin ar a' talamh ann.
Tá casán dearg buailte ag coiníní thríd an bhféar.
TUILLEADH (10) ▼
Tá bealach buailte ag a' sionnach isteach go dtí an bhrocach 'sa gcreig.
Tá'n cúilín thoir talltuighthe fré chéile, a's casáin buailte ann as éadan ag coiníní.
D'aithneo(chth)á go maith gur buailte ag an mbroc atá an casán siúd.
Tá'n casán buailte siar uileag thríd an gcrích dhriseachaí.
Meastú an ag an mbroc atá an casán seo buailte, nó'n sionnach atá ann?
Níl baoghal a' bith ort a dhul amudha, má leanann tú an casán atá buailte thríd an easca.
Tá'n bealach chomh buailte anois, ag asail a' tarraingt mhóna ann, a's gur gearr eile a bheidheas sé in arraidheacht é 'shiubhal amháin.
Tá'n casán buailte síos rómhat ar a' gceann-fhearainn, a's tá maol-bhearnaí 'sna claidhtheachaí le na dhul tharstu.
Tá casán buailte thríd a' bhféar ag clann T. Mh. a' tarraingt suip, as Garrdha an Lín. Cuirfe mise ó thalltú ar mo chuid féir iad, feicfe tú fhéin air, ach feadh's mé dhá bhfeiceál.
Má ghníonn sib casán buailte annsin, is gearr go mbí an baile uileag a' déanamh aithgiorra ann, a's beidh scéal eile annsin ann, dhá mbacadh aríst ar ais.

Féach freisin

deis

Buail in iontrálacha eile (50+)

+
Bhí an t-an-fhaitíos air go mbuailfí é
TUILLEADH (9) ▼
Feicfidh tú fhéin nach gcuirfidh sé aon-araoid ormsa. Tá an faitíos mór air, ón uair údan ar bhuail mé dual na druinne air
Baol air sin aon-chaidéis a chur ar mhuinntir Ní! Tá an faitíos mór air ó bhuail siad cheana é
An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air (sean-fhocal) = an rud a theangmhaigh leat cheana, ní mian leat a dhul ag pléidh leis aríst
Diabhal pléidh a bhéas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Feacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseall ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air
M'anam nach ngabhfaidh mise ag imirt leat. Fagh cearrúch eicínt eile anocht. Th'éis mo shé scilleacha a chailleadh aréir gan ionú ar bith! An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air a mhic ó!
Bhuail faitíos é = tháinig faitíos air (ach gur tobainne é "bhuail")
Le méid an fhaitiais a bhuail mé, bhí an for-allas liom
Bí san áirdeall ar an ngamhain faitíos (ar fhaitíos, le faitíos) go mbuailfeadh an ceann eile é
Ná fág an t-airgead sin annsin faitíos na heirimisce. Cá bhfios duit cé a bhuailfeadh isteach agus a chuirfeadh crúib air ingan fhios duit. Ní fear cneasta é gach fear dhá dteagann ar do theallach!
+
Ní raibh earasbár ar bith ag mo chuid muc-sa ar do chuid-se, ach bhí muca tuite nuair a dhíol tusa iad. Marach sin, bhuailfeá amach mé
TUILLEADH (1) ▼
Thearasbár cuthach a bhuail é nuair a chonnaic sé fear na foghla ag árdú an chlaidhe
 
Ag líonadh feánach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. "Tá 'fire' agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid móna-sa", adeir sé. "Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orra muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé".
+
D'imigh sé fearacht duine a bhuailfí treasna an bhéil = dalta
TUILLEADH (2) ▼
Buaileann sé fearacht cloig ach ní hé an déanamh céanna atá air in a dheidh sin. Rud fada caol é
Chlaon sé aríst, fearacht's dhá mba faitíos a bhuailfeadh é
 
Buaileadh é, ar buaileadh? Ní feasach dom é a mh'anam
+
fios
Ní bheadh aon-ghnatha ag aonduine bualadh faoi an rud sin, ach an té a mbeadh fios na róthlachaí aige. Is ceird chontúirteach í
TUILLEADH (3) ▼
Ní raibh fios rúin ná soiscéil agamsa cé a bhí ann, ach gur bhuail sé isteach chugam, agus gur dhúirt sé gur thusa a [chur] chugam é
Buaileadh tuí shrathair air ag an mbainis. Bhí a fhios sin aige agus a dhul ann = ní fhéadfadh tada eile tarlachtáil; níor cheart dó a dhul ann
Ná teirigh suas ag an damhsa sin anocht. Níl a fhios go té sin. Dhá mbeadh bléitheach ólta ag an ngrisc sin as L. ba bheag an tsuim a bheadh aca gléasadh buailte a thabhairt duit
 
fliuch 2
Déarfainn féin gur fliche an carraigín seo inniu ná inné, agus shílfeá nar buaileadh aon-deóir bháistí air idir dhá am
+
Bhí mise amuigh annsin thiar lá agus bhuail mé cuisle eistrí gan aireachtáil. Thug mé scríb fútha agus thóig mé na céata aca leis an líon. Bhí báid eile fúm agus tarm agus gan a fhios aca a raibh siad ann chor ar bith. Dheamhan fios muise ná ag an bhfear fobhairne a bhí liom san mbád sílim. Thiocfá ar chuisle mar sin scaití
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. "Buailfidh mé fhéin faoi", adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. "Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith". Ach m'anam má rinne narbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneóinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghárha ann agus an sruth i m'aghaidh
 
Dheamhan neach an aoin istigh ar an mbaile nach bhfuil foirghe le fliú. Bhuail sé muid tá mí ó shoin, ach m'anam go bhfuil muid ag fuasaoid aríst. Níl rud ar bith cho haiféalach leis. Mara bhfuil ag Dia déanfaidh sé creach shul má stopfas sé.
 
Tá an talamh cho spalpha i mbliana agus nach mbeidh féar ná fóthar ann mara bhfuil ag Dia. Níor buaileadh aon-deóir bháistí ar an talamh ó Lá Bealtaine
+
Rinne an t-urchar sin an-fhothramán. Shíl me gur mé fhéin a bhí buailte!
TUILLEADH (1) ▼
Ba diabhlaí an fothramán a rinne an sean-teach ag tuitim. Shílfeá gurb iad dhá chlár an domhain a bhuailfí faoi chéile
 
Ba cheart go mbeadh an pramsálach sin thuas ag P. go maith ag bualadh "ailí". Ní cheal macnais air muis
 
Ní bheadh aon-mhála freagrach agad. Tá meaisín bhuailte an choirce le theacht inniu
 
Tá sé cho giorraisc len a bhfaca tú ariamh. Chreidim dheamhan neart aige air. Bhí sé ag obair in éindigh linne, nó gur buaileadh síos é. An tinneas a rinne cho freochanta é sílim (cantalach, mí-fhoighdeach). Tá sé as a shlainte
 
Thainig an bullán mór sin aige isteach an bhearna chugam trathnóna agus thoisigh sé ag bualadh na mbeitheach orm. Dheamhan a leithide d'fhudarnéis a chonnaic tú ó chuaigh tú in ord Mhuire agus a bhí ionn. Shíl mé nach bhféadfainn a chur amach chor ar bith
+
Ní fhágfaidh mé fear ar an mbaile nach mbuailfidh mé = buailfidh mé as éadan iad
TUILLEADH (1) ▼
Sé an meaisín buailte a d'fhága ar leath-láimh é
 
Ní fhágfadh sé fear san teach gan bualadh marach gur tugadh iarraidh mhaide dó
 
fága
Ní bheadh aon-ghnatha ag aineólaí bualadh faoin bhfarraige inniu. Théis nach bhfuil aon-ghála ann, tá bun aice; agus fágannaí diabhalta ann. Ní bheadh aon-stró ar churachóir mhaith. Ach 'ar ndó' ghabhfadh curachóir maith amach dhá scréachta dhá mbeadh sí
 
fág
Níor bhuail mise é. Nar fhága mé seo má leag mé láimh ná cois air
+
Bhuail P. M. an fháideóig siar san bpus ar Ph. T. an maor. Tháinig P. T. air agus é ag tógáil bhradáin san linn. Dheamhan blas den cheart nach raibh aige leis. Is mór a d'fheil dó a dhul ag bacadh leis.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sé taobh istigh den sconnsa agus é ag cláradh na mná mar a bheadh cut ag cangailt fáideóige! Diabhal a leithide de dhíocas! Ba deacair é a bhearradh san am ar buaileadh an dairt air. Dhéanfadh sé gortú dhá mbeireadh sé ar aonduine
Tá mé faoi fháideógaí fuara ar fad, in áit a raibh mé sínte san gcoirce sin. Nach diabhlaí sin anois! An chruach a bhuail muid inné, ní raibh ceann dhíobh ag gabhail léithe
 
B'fhéidir go mbuailfeá fhéin faoi chúilionn fáinneach eicínt a mbeadh a cuid gruaige in a fháinní aice
 
Briseadh fáinneóig an bhus annsin thiar in áit ar bhuail sé faoin gclaidhe = tugtar ar an tosach amach ar fad é ón ngualainn; go háirid an "bonnet"
 
fána
Bhí an-bháirí scadán annseo le cupla lá. Arú inné, bhí an fharraige salach leo. Ach tá siad gaibhte le fánaidh. Isteach faoi na sean-chladaigh se'agaibhse atá siad anois. Buailfidh siad annseo aríst gan mórán achair.
 
Buail isteach ann go fánach mar dhoigh dhe gur soir chuig an S. atá tú ag dul, agus má fhaghann tú deis ar bith tarraing anuas é
 
Dheamhan a fhios cé a bhuail é, ach ba é J. B. a fhobair an féarach a íoc. Chaith na póilíos trí lá in a éadan dhá cheisniú
+
féar
Sin é an fear nach leigfidh don fhéar fás faoin a chosa ag dul in a ghnatha dhó. Mo léan géar! Ní bleid a bhéas buailte aige ar chuile fhear ar an mbóthar
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon-ghnatha ag duine ar bith bualadh faoi theach a dhéanamh, mara bhfuil riar eicínt airgid aige fhéin. Níl aon-ghoir aige air. Ní bheathuíonn an féar an phis. Bheadh duine go deas dhá gcaitheadh sé é a chaitheamh in aer, agus é leath-dhéanta aige. Ní mór do dhuine fios a bheith aige go bhfuil sé indon cailleadh leis, go bhfuil sin
 
Chuir an dreolláinín beag sin ag T. Ph. coc achrainn ar Sh. L., ach má chuir agus gur chuir, thug S. L. na físeachaí agus na pínneachaí corra dhó. Bhí sé an-bhuailte ag dul abhaile. Nach sonnda an staicín anois é, a dhul ag dréim le "bullies"!
 
cab
Abair 'ab ab' a's na buail do dhá chab faoi chéile (Rud nach féidir a dhéanamh. Caithtear a' dá chab a bhualadh faoi chéile le "ab" "ab" a rádh mara gcuirteá píosa páipéar eatorra).
 
calm
Cá'r bhuail an calm sib? = cé'n áit ar a' bhfairrge ar tháinic an téigle orraibh.