Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
buail
briathar
foghar: i gCois Fharraige go minic — ní hí an fhuaim atá ar uai sa bhfocal tuair cuir i gcás, a bhíos ar bhuail, chuaigh, fuair agus ar chuid eile acu, ach fuaim idir a i bail agus a i "sa". Ní fuaim u i "muir" na i bun é. Is cosúla leis an bhfuaim é atá ar o i bogseo ach an s a bheith leathan. Bíonn an dá fhuaim ar bhuail agus chuaigh, ach ní bhíonn ach an dara fuaim (fuaim — seo) ar fuair
1.
iarraidh, dorna, buille srl. a thabhairt; a theacht d'aon iarraidh.
a.
+
Bhuail sé Seán
Buailfidh mé tú má abraíonn tú sin aríst
TUILLEADH (14) ▼
Bhuail sé de mhaide é (de dhorna, de na hailt, de chic, d'iarraidh, dá ghlúin, dhá láimh, de chloich, d'urchar srl.) — bhuail sé le maide srl. é
Bhuail sé dhá sheaniarraidh é
Bhuail sé cniogaide air (dorna, leadóg, cuaifeach de dhorna, lasc, iarraidh, fadhb, pléisc, puntán buille, snaidhm srl.)
Buaileadh isteach ar cheangal an ghéill é.
Buaileadh i gcóngar an uicht agus an mhuiníl é.
Buaileadh idir an gob agus an tsúil é.
Buail isteach idir an gob agus an tsúil é — isteach díreach i gclár an éadain
Buail é a fhleascaigh! — ag muinniú nó ag maíomh gasúir a bheadh ag troid
Bhuailfinn é murach leisce a dhul ag fiachadh air
Bhuailfinn é murach nárbh fhiú liom a bhás a bheith orm — duine a bheadh san ísle bhrí nó go dona, éidreorach.
Más leat a dhul ag bualadh, buail fear maith, agus ná bí de do mheath fhéin leis an scrathachán sin.
Beidh caonach liath air mura mbuailtear é go gairid anois — duine a mbeadh cleachtadh aige bualadh a fháil agus nár baineadh leis le fada
An té a buailtear sa gceann bíonn faitíos air (seanfhocal) — an té a fuair a chomhairleachan cheana faoi rud ar bith, ní mian leis a dhul ag plé leis an rud céanna aríst
"Nach trua mé ar bord cuain, agus gan mo charaid le glaoch; buille gualann ní bhuailfidh dhom go deireadh mo shaoil" (Antoine Mac Conmara — Seán Mac Conmara a chum)
+
Thug sé broicneáil bhreá bhuailte dhó; thug sé droimeáil bhuailte dhó; thug sé greadadh buailte dhó; thug sé lascadh buailte dhó; gleadhradh buailte; liúradh buailte; léasadh buailte; deargadh buailte srl. — bualadh breá
Beidh mé do do bhualadh chomhuain is a gheobhas mé teas in do chraiceann; beidh mé do do bhualadh go gcuire mé snaidhm na bpéist ort; beidh mé do do bhualadh nó nach bhfágfaidh mé iall bheo ionat srl.
TUILLEADH (8) ▼
Thug sé snaidhm bhuailte (pléasc, fadhb, iarraidh bhuailte srl.) dhom — iarraidh céatach amháin
Má théann tú dhá bhualadh chor ar bith, bain do dhíocas as — má théann tú dhá bhualadh chor ar bith, leag air {{(tabhair faoi go maith é srl.)
Gheobhaidh sé bualadh ar an mbualadh agus buille ar an mbuille — sásamh as ucht buailte a rinne sé fhéin cheana
"Aithním culaith an deirg, ach ní aithním a dheilbh ná é fhéin; Agus fear gan bheannú, i measc an tslua, is cóir a bhualadh ar chnámh an ghéill" (An chaint a chaith an chailleach is máthair don Dearg Mór i gCrích Lochlainn, nuair a shiúil Conán isteach chuici agus culaith ghaisce an deirg air. Tá sé ina leathfhocal sa gcaint fós, go háirid an dara leathrann de.)
Tá fonn buailte air.
Ní thaobhódh sé an áit sin anois ar ór na cruinne faitíos buailte — le faitíos go mbuailfí é.
Tá sé an-bhuailte go héag — buaileadh go diabhaltach é.
Tá an príosún ceart go leor, ach is suarach an cúiteamh é don té atá buailte, agus b'fhéidir as maith an tsaoil.
·
Bhuail siad in aghaidh a chéile é — bhí duine acu taobh abhus agus taobh thiar dhe, dhá liúradh.
Séard a bhí againn a dhéanamh leis é a bhualadh in aghaidh a chéile.
+
Buaileadh thar a chéile é — fuair sé an-bhualadh go deo
Mura n-éirí tú as, buailfidh mé thar a chéile thú.
TUILLEADH (1) ▼
Buaileadh thar cionn é; buaileadh go diabhalta é; fuair sé bualadh thar cionn (bualadh diabhalta); fuair sé bualadh (sciúradh) na seanchuinneoige.
+
Ní raibh mise sa mbualadh beag ná mór.
Níor thaobhaigh mise láthair an bhuailte chor ar bith.
TUILLEADH (11) ▼
Fan as láthair an bhuailte nó b'fhéidir go gcaithfeá a dhul ag déanamh fianaise aríst.
Ní raibh mise ann nuair a bhí an bualadh ar siúl.
Fuair sé bualadh céatach — fuair sé an-bhualadh
Tugadh an bualadh céatach dó.
Fuair sé an-bhualadh, ach má fuair agus go bhfuair, thug sé an-bhualadh uaidh dhá réir freisin.
Is dona a chuaigh an bualadh dhó faoi dheireadh thiar — chuaigh sé ina aghaidh; buaileadh nó gortaíodh é féin
Ní fhaca mé fós ariamh aon duine a bheadh tóiriúil ar bhualadh nach dona a thiocfadh an bualadh dhó as a dheireadh
Shílfeá go raibh an bualadh céatach ann lena raibh de ghleo acub, agus ní raibh aon duine buailte as a dheireadh!
Is maith é faoin mbualadh — tá sé an-chóir faoi dhuine a bhualadh ; níl claonadh ar bith aige ó dhuine a bhualadh.
Íocfaidh sé an bualadh sin thar aon bhualadh a rinne sé ariamh.
'Sé a fuair an bualadh spleách — bualadh imeartha; mar buailfí duine gan aireachtáil nó i ngan a fhios, nó dhéanfaí dobheart air lena ionsaí
·
Bualadh as ort! — déarfaí é le duine a bheadh ag caint faoi bhualadh, nó ag clamhsán gur buaileadh é, go ndéanfadh sé seamsán de
b.
+
Bhuail an ghaoth … — tháinig an ghaoth salach orainn srl.; d'éirigh an ghaoth inár n-aghaidh srl.; neartaigh an ghaoth orainn
Bhuail gaoth aneas iad leath cuain agus b'éigean dóibh rith cladaigh a thabhairt don bhád — bhuail gaoth bhoird an bádóir agus b'áibhéil a liosta a bhí ar an mbád aige. Bhí maidhmeanna ag teacht thar bord isteach
TUILLEADH (8) ▼
Anoir ag D. L. bhuail gaoth leataobhach muid, agus dhá mbeadh sí inár n-aghaidh, chaithfeadh muid chuile choisméig di a shiúl abhaile.
Bhuail cuaifeach den ghaoth timpeallach sin mé ar ard J. S. agus dheamhan mórán ar bith nár ardaigh sí idir chlár agus chuinneog de lom an bhóthair mé.
Bhuail soinneán mé ar an bportach inniu, agus tabhair soinneán air! Murach chomh maith agus a thapaigh mé é, bheadh an t-asal scuabtha le fána sa bportach aige.
Bhuail siota mé thuas ar an gcoca, agus bhí faitíos m'anama orm go mbuailfeadh sé an coca agus mé fhéin droim ar ais.
Murach chomh maith agus a bhí na bádóirí ar a maidí, gheobhaidís rud le déanamh ón gcuaifigh sin a bhuail iad ag teacht aniar le cloich.
Is deacair do bhádóirí na glaschuanta sin a mharaíocht chor ar bith. Buaileann cuaifeachaí iad agus ní mór dóibh a bheith ar a n-airdeall fhéin thar cionn.
Níl uair ar bith is measa soinneán ar an bhfarraige ná le linn cailm shamhraidh. Dhá mbuaileadh ceann de na cuaifeachaí sin bád ar aimsir mharbhánta, bhí a cnaipe déanta deirimse leat.
Ar ín ar éigean a bhí muid in ann é a mharaíocht chor ar bith ag na cuaifeachaí a bhí dhá mbualadh.
c.
+
Bhuail ballach mé — rugthas ar bhallach ar an duán; chuaigh ballach i ngreamús sa duán
Tá ballach buailte agam
TUILLEADH (24) ▼
Thug sí priocadh dhom ach níor bhuail sí mé ina dhiaidh sin
Níor thug sí fúm ach aon phriocadh amháin agus bhuail sí mé ar an bpointe.
Rug sí ar an duán agus bhain sí sracadh as, ach níor bhuail sí mé ina dhiaidh sin.
Bhí concar buailte agam ach b'éigean dom an dorú a ghearradh agus í a ligean faoin scoir aríst.
Is fada a bhain an blátháinín sin asam gur bhuail sé mé.
Bhí hob ann agus hob as aige agus é ag baint corrphriocadh asam, ach bhuail sí mé faoi dheireadh.
Tá an-bhreac buailte agam, mura bhfuil mé ag dul amú go mór.
Bhuail bradán nó breac mór eicínt mé ach níor fhéad mé a sháith ligin a thabhairt dó.
Tarraing a fhleascaigh, tá sí buailte!
Ní fhaca mé do leithide de chailleach in mo shaol ariamh! Breá nár tharraing tú nuair a d'airigh tú buailte í!
Bhuail ballach mé agus nach mba diabhaltaí dalbaí í, gur bhris sí frídín an duáin.
Bhuail sí mé ceart go leor, ach d'imigh sí agus mé dhá tarraingt. Chaithfeadh sé nach raibh frídín an duáin i bhfostós mar is ceart inti.
Ní bhuailfidh aon bhreac go faoithin thú mura gcuire tú suas baoite ceart, agus ní fiú do sheacht mallacht na portáin sin gan péiste talúna nó péiste rua ina n-aice.
Sciúr sí an baoite agus dheamhan a cos a bhuail mé ina dhiaidh sin.
Tá na heascannaí sin an-imeartha, an-bheachtaithe go deo. Íosfaidh siad an baoite agus dheamhan a mbuailfidh siad an duán ina dhiaidh sin.
Tá sé fánach agat aon bhreac do do bhualadh comhuain is a bheas do chuid baoití chomh stráiciúil maolscríobach agus atá siad. Breá nach gcuireann tú an duán agus na péiste siar go tóin tharas iad a bheith ar sliobarna mar sin le na duáin.
D'airigh mé mar a bheadh bromóg nó ballach ann ag scealpadh leis an mbaoite, agus chinn orm í a bhualadh ina dhiaidh sin.
Scothbhláthan maith a bhuail mé, ach nuair a bhí mé dhá réiteach as an duán, ná raibh ann murar sciorr sé thrí mo mhéarachaí síos sa bpoll aríst. Is beag bídeach nár cailleadh mé le cantal agus lig mé liom fhéin abhaile go gairid ina dhiaidh.
Nárbh áibhéil an spreacadh a bhí sa mballach a bhí buailte agam agus gur lúb sí lorga an duáin mhóir! Dheamhan smid bhréige ann muis!
Bhí breac buailte agam ach thug sé an dorú in aimhréidh sa bhfeamainn agus b'éigean dom é a ghearradh as a dheireadh.
Má bhuaileann concar thú choíchin glac réiteach léithe go dtuirsí sí í fhéin agus go lige sí den únfairt.
Níl aon bhualadh ar ghliomaigh i mbliana fós — ní théann siad sna potaí mórán
Bhí sé chuile orlach chomh maith dhuit urchar a chaitheamh ar thulán leis an áit a bhfuil tú dhá chaitheamh. Nach bhfuil a fhios ag do chroí istigh nach mbuailfidh breac ar bith ansin thú. Tá an iomarca tanaíochain ann, agus é ag trá fós. Bheadh deis buailte eicínt ar bhreac dhá dtéiteá ar na starráin sin amuigh.
Sa gcuisle thanaí taobh thiar den Charracán a bhuail an concar sin mé. Ag fuireacht go dtráfadh sé go dtí an clochar amuigh a bhí mé agus ní raibh cuimhne agam go mbuailfeadh tada mé san áit céanna mura mbeadh ceann cruachain nó bod gorm go díreach.
2.
+
Bhuail sé bean (ciall gháirsiúil) — chiontaigh sé léithe; chuaigh sé uirthi
Is minic an buille le bualadh í (ciall gháirsiúil) — bean
TUILLEADH (7) ▼
Bhfuil sí inbhuailte? (ciall gháirsiúil)
Tá sé dhá bualadh leis, de réir a láimhe (ciall gháirsiúil)
Tá sí ó bhualadh anois; tá sí réidh le í a bhualadh anois — bean shean; puisbhean a mbeadh aois chlainne scoite aici
Bhuail sé geábh (iarraidh, failm, round, babhta srl.) craicinn — chiontaigh sé le bean
Tá sí buailte — tá sí ag iompar chlainne; tá clann inti; tá clann déanta léithe
Tá sí buailte. Sin é anois an gáire mór a rinne sí anuraidh
Caoinfidh sí anois, má tá sí buailte, ach deir siad nuair a bhíos an gáire dhá dhéanamh go mbíonn an caoineadh dhá bhreith.
·
Tá sé ag bualadh craicinn (ciall gháirsiúil) — ag ciontú le bean
Tá rachmall air go bhfaighe sé craiceann le bualadh
3.
shroich; tháinig go dtí … ; bhain amach.
a.
+
Bhuaileadar tír i gCasla — tháinig siad go Casla i dtír (bád a bhí ag imeacht léithe faoi thoil deona Dé ar farraige)
Cén áit a mbuailfeadh muid tír anois dhá dtéadh muid díreach
TUILLEADH (15) ▼
Bhuail na Fianna tír i gcrích Lochlainn
Ar an dá luath agus ar bhuail sé tír thall (i Meiriceá) chuaigh sé ag obair, agus ní raibh sé lá ná leiceann ina chónaí ó shin.
Chaitheadar coicís ag imeacht sa sruth faoi thoil deona Dé, ach faoi dheireadh is faoi dheoidh, bhuail siad cladach in áit eicínt amach sna réigiúin choimhthíocha (daoine a tháinig slán as bá loinge)
Níor chónaíodar gur bhuaileadar cuan is caladh sa domhan thoir.
Chuaigh beirt as an áit seo fadó amach ar an meatha mhóir ag iascach cholmóirí. Ná raibh ann mura dtáinig sé ina lom gaoithe aduaidh orthub agus b'éigean dóibh ligean leis an mbád iomramha gur bhuail siad tír i mBaile Uí Bheacháin i gContae an Chláir. Ach níor chás dóibh é ó bhuail siad tír in aon áit.
Dhá seolthá siar amach an teiscinn mhóir taobh thiar d'Árainn, bhuailfeá tír (cladach, cuan, talamh) i Meiriceá.
Thairg sé iomlacht trasna cuain dóibh ach tháinig gaoth bhoird air, ach níor bhuaileadar tír ag an gcaladh thall chor ar bith.
D'fhága muid Gaillimh ar leath taoille na maidne agus bhuaileamar Cill Rónáin taca an haon a chlog.
B'fhurasta duine an talamh ó thuaidh a bhualadh ó ló dhá mbeadh cóir againn (talamh ó thuaidh — sin é thuganns muintir Árann ar Chonamara)
Neartaigh an ghaoth orainn agus chinn orainn an cladach thall a bhualadh san áit a shíl muid.
Bhuail siad tír ar an Matal.
"An darna lá fichead d'fhómhar, sea a chuir mé mo Chríonach chun seoil; Níor iompair sí leath a cuid éadaí, agus bhuaileamar Árainn ó ló" (sliocht as An Chríonach, amhrán de chuid Chonamara)
"Bígí buíoch má bhuaileann sibh caladh in aon áit," adeir sé. "Tá an gála an-ghártha"
Thug Dia dhúinn gur bhuail muid caladh shábhála i gcéibh an Spidéil, shular neartaigh an ghaoth. Murach sin, ní shrianfadh muid siar choíchin é agus chomh mór agus bhí an lá.
Bhí siad dhá mbocáil síos is suas i mbarr toinne agus gan iad in ann caladh a bhualadh in aon áit
+
Bhí sé ar siúl gur bhuail sé faoin tsúil é — gur shroich sé an áit
Is gearr anois go mbuaile muid Baile Átha Cliath faoin tsúil (faoin smaois) — is gearr go mbí muid ann
TUILLEADH (3) ▼
Ná cónaigh choíchin go mbuaile tú faoin tsúil é — na scoir; ná tagadh iamh na foras ort, go sroiche tú ceann scríbe
Bhí sé ag imeacht agus ag síor-imeacht gur bhuail sé an baile mór faoin tsúil.
Ná bain méir de do shróin go mbuaile tú Gaillimh faoin tsúil.
b.
·
Bhuail mé ina aghaidh — tháinig mé salach air; cuireadh suas ina aghaidh mé (ní chiallaíonn sé gur chas mé leis ná gur bhuail mé air)
4.
a.
siúl; imeacht; scaradh.
+
Buail bóthar — imigh; téirigh abhaile (déarfaí é, go háirid, le duine nach mbeadh aige ach bonnaíocha de bharr aisti, nó a d'eiteofaí faoi rud eicínt)
Buail bóthar anois, agus bain torann (deatach) as.
TUILLEADH (14) ▼
Bailíodh leis anois. Buaileadh sé bóthar más breá leis é.
Chuaigh sé dhá hiarraidh (ag iarraidh mná) ach b'éigean dó bóthar a bhualadh aríst gan mórán moille — ní raibh le fáil aige ach bóthar agus bonnaíochaí
Is mairg dhuit nár bhuail bóthar chomhuain is a bhí triomach aige
Buail bóthar as mo bhealach.
Caithfidh mé bóthar a bhualadh aríst.
Thug mé an tabhairt (tuairt amantaí) orm fhéin, ach sé a raibh dhá bharr agam, go mb'éigean dom bóthar a bhualadh abhaile sa mbáistigh mhóir — chuaigh mé ar thuras fada (nó turas drochlá) agus b'éigean dom a theacht abhaile aríst agus mo dhá láimh chomh fada le chéile faoin mbáistigh
Tá sé chomh maith dhúinn bóthar a bhualadh ós rud é atá romhainn.
Agus ar ndóigh níor chuir siad ag bualadh bóthair as fhéin an tráth sin d'oíche é. Ní chuirfeá madadh amach faoin dórtadh a bhí ann, ní áirím duine.
Bhí muid ag bualadh bóthair linn soir nuair a tháinig an scal orainn i ngleann na bhForbacha (scal thintrí)
Is beag dhá fhonn a bhí air bóthar a bhualadh muis, dhá bhfaigheadh sé ugach ar bith fanacht, ach dheamhan gnaithe ar bith a bhí againne dhó.
Mura dtuga tú aire thairis sin do do ghnaithe, buailfidh tú bóthar deirim leat — máistir le spailpín
Chuir mé ag bualadh bóthair é inniu — thug mé an bóthar amach dhó inniu; chuir mé droim díbeartha air
Is suarach na gnaithí atá ort a dhul ag bualadh bóthair an tráth seo d'oíche agus gan fhios agat céard a d'éireodh dhuit faoi bhealach, i bhfad uainn an anachain agus an urchóid.
Dheamhan cuimhne ar bith fhéin a bhí agam go mbuailfeadh sé bóthar chomh haibéil sin, ach ní raibh sé ariamh fhéin gan sciorta den uafás a bheith ag siúl leis — bhí furú nó deifir ariamh fhéin air (furú abhaile ag a chuid oibre atá i gceist anseo)
b.
buail amach, buail síos, buail trasna an ghoirt, srl.: téirigh; gabh; imigh; siúil (ní baintear leas as buailte mar seo).
+
Buail amach faoin aer.
Bhuail sé amach ar fud an bhaile.
TUILLEADH (28) ▼
Bhuail sé siar go Conamara ar maidin.
Buailfidh mé síos ar cuairt chugat san oíche amárach.
Buail isteach ag gabháil abhaile dhuit.
Buail siar ar an leaba
Bhuail sé isteach chugainn idir chlár is chuinneog — tháinig sé isteach go dtí muid sa teach
Bhuail sé suas go Maigh Cuilinn inné, agus dheamhan amharc a chonaic muide air ó shin.
Buailfidh mé amach ag spaisteoireacht ar ball.
Bhuail sé siar thríd an bpáirc.
Tá sé ag bualadh thart ag sirtheoireacht (madadh)
Ní dhéanann sé tada ach ag bualadh soir is anoir chuig an S.
Buailfidh mé siar go dtí an fíodóir amárach le snáth leonta a fháil uaidh má bhíonn ionú agam.
Buail anonn go Sasana dhuit fhéin. Is somhaoiní dhuit é ná anseo.
Bhuail sé síos ar shlata na Gaillimhe nuair a chinn air aon tsaothrú a fháil sa mbaile, agus má bhuail fhéin, níor dhonaide sin é: tá siopa láidir aige anois.
An mbuailfidh tú soir ar an aonach chor ar bith inniu?
B'fhéidir go mbuailfinn siar ar an tórramh scaithín ar ball nuair a bheas mé bearrtha agus mo chuid ite agam.
Ní bhuaileann sé amach chor ar bith anois — ní théann sé ar aermaíocht ná ar éirí amach ar bith; ní chorraíonn sé ón teach.
Buail a chodladh feasta
'Breá nach mbuailfeá ar cuairt chugainn corruair, nó leisce atá ort roimh an aistir?
Bhuail mé soir de réir mo choise agus bhí mé ann ó ló mhór — ní raibh baol air a bheith ina oíche san am a raibh mé ann, ainneoin nach ndearna mé deifir ar bith ach ag siúl liom ar mo mhian.
Pé ar bith cén daol a tháinig air an lá faoi dheireadh, d'fhága sé an gort agus bhuail sé soir tí E. de ghorta gharta gur ól sé a sháith go binn ann.
Is mór an t-ionadh nach mbuailfeadh sé amach faoin tír corruair.
Bhuail sé siar de mhaoil a mhainge go dtí an sagart gur inis sé dhó é. Nach beag an náire a bhí air. Is mór adéarfaí le bean dhá ndéanadh sí é!
Buail soir faoi dhéint an dochtúra dhó sin.
Buaileann sé isteach chuile lá a dtéann sé an bóthar.
Fuair tú amach é muis, cé a bhuailfeadh isteach ag breathnú ort — 'sé an duine céanna adúirt tú, an duine nach dtiocfadh isteach ag breathnú ar aon duine.
Shoraidh dhíot nár bhuail soir chuig na póilíos agus é a fhuagairt dóibh. Leabharsa, d'éireodh sé as a chuid ropaireachta ansin!
Tá sé chomh maith dhúinn bualadh chuig an aifreann
Buail abhaile feasta
5.
a.
+
Bhuail faitíos, fuacht, imní srl. é — tháinig faitíos, fuacht srl. air; tháinig sé ina fhaitíos, ina fhuacht srl. air; bhain fuacht dó; ghlac sé faitíos srl. Le "buail", bíonn sé i gceist go tagann an fuacht, faitíos, srl. go tobann, nó nach mbíonn aon tsúil leis.
Ba bheag an dochar dhó faitíos dhá bhualadh, agus an gotha a bhí ar Sh. B.
TUILLEADH (27) ▼
Má bhuail scanradh fhéin í, bhí ceart aici air, agus sonda mar sin a fheiceáil i mbéal an bhealaigh roimpi.
Chuala mé an ghuth i bhfad roimhe sin, ach níor bhuail an scanradh críochnaithe mé go bhfaca mé an toirt romham i mbéal an tseoil.
Buailfidh scáth é má théann tú chun drochmhúineadh leis.
Má bhuaileann an imní cheart duine, is gearr a bheadh sí dhá chloí
Bhuail olc é chomh luath agus a chuir mé aithne air gan corraí
Ar an dá luath agus a mbuaileann an taghd é, tagann coinneal ina shúile agus ionsaíonn air ag gearradh fiacal.
Bhuail fonn achrainn é, ach má bhuail fhéin, ní bhfuair sé fear a bhactha ansiúd
Bhuail uafás é agus ní raibh breith bonn báis aige go mbeadh an féar coctha faitíos báistí — tháinig falrach chun oibre air agus níor fhan foighid ar bith ann go raibh an féar ina chocaí aige, ar fhaitíos go dtiocfadh sé ina bháistigh air
Is deacair aon cheart a bhaint de nuair a bhuaileanns an óinseach é — is deacair aon cheart a bhaint de nuair a thaganns fonn troda nó aistíola, nó cantal air
Bhuail fonn ropaireachta í agus d'ionsaigh sí mé — ní raibh fáth ná ábhar ar bith eile aici leis ach an méid sin.
Bhuail tuirse mé ardtráthnóna agus dheamhan filleadh ná feacadh a bhí gair agam a dhéanamh aige.
Bhuail lán mo chruite de náire mé nuair ba léir dhom céard a bhí déanta agam.
Bhuail drogall mé — lán mo chraicinn de — nuair a hinsíodh dhom faoin mbealach a chaithfinn a thabhairt orm fhéin. Ach níor loic mé ina dhiaidh sin.
Bhuail saochan céille an duine bocht as ráig óil.
Bhuail fonn magaidh ansin é agus d'áitigh air ag saighdeadh faoi Chaitlín.
Má bhuaileann falrach gháire é beidh chaon scairt aige aríst go ham suipéir.
Bhuail teaspach (teasúch — Achréidh) an bhó agus as go brách léithe agus a drioball in aer aici.
Ar an dá luath agus ar bhuail an rachmall pósta é, d'ionsaigh sé siar amach go bhfuair sé bean. Ní fhaca tú in do shaol ariamh rud ar bith ab aibéile ná é.
Bhuail néal eicínt sa gceann é agus ní raibh sé staidéarach ón lá sin amach.
Nach maith luath a bhuail an snafach é.
Má tá fonn éirí in airde dhá (dá bhur) mbualadh anois, scuabfaidh sibh as seo agus deifir oraibh.
Is diabhaltaí tráthúil a bhuail fonn pósta é agus a sheanathair in achar an anama
Má bhuaileann an ragús é, is beag an scrupall a bheadh aige é a dhéanamh.
'Sé an cat mara fhéin a bhuail é agus aon láimh a bheith aige san obair sin!
Murach gurb é an mí-ádh mór fhéin a bhuail thú, ní chuirfeá araoid ar bith ar an sclamhaire sin.
Cén sórt néal a bhuail é chor ar bith agus pósadh!
Murach gur bhuail ciméar eicínt é, ní dhéanfadh sé a mhacasamhail sin de chleas.
+
Teacht isteach ag C. Th. a bhuail an sliabh gortach mé, agus níor fhan éirí i mo sheasamh ionam ar an toirt boise. Murach gur éirigh Dia liom lón a bheith ar iompar agam, bhí mo chnaipe déanta.
Is minic leis an gceann céanna tart dhá bhualadh.
TUILLEADH (2) ▼
Bhuail ocras mé i lár mo ghnaithe agus gan aon ghair agam rud le n-ithe a fháil.
Bhuail lagar ocrais mé d'aon iarraidh.
·
Buaileann codladh é taca an ama seo chuile lá, agus dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire, caithfidh sé néal a thabhairt leis shula dhéanfas sé aon bhuille aríst.
+
Bhuail an bás é — tháinig an bás air
'Sé an bás a bhuail é an uair sin.
TUILLEADH (1) ▼
Ní miste dhuit céard a bhuailfeas thú, ach gan an bás do do bhualadh.
+
Bhuail slaghdán é, agus as an slaghdán, tholg sé eitinn. Níor ól sé aon deoir bhainne sláinte ón lá sin amach.
Is beag an tsiocair a bhíonns ag duine slaghdán ná galra ar bith eile dhá bhualadh ar an saol seo.
TUILLEADH (8) ▼
Bhuail daigh bhoilg Séamaisín agus mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis agus é ag síonaíl le pian.
Má bhuaileann na daitheachaí sin aríst mé, ní chodlóidh mé aon néal go maidin dhá mbarr.
Barr ar an dathúlacht, agus i gcead a chomhluadair, bhuail tinneas mo bhoilg mé agus fhóbair gur fhága sé ar anchaoi mé go maidin.
Bhuail racht casachta é agus shíl mé nach stopfadh sé go maidin.
Má bhuaileann sraofairt tú de bharr an tsnaoisín sin, dheamhan iamh ná foras a gheobhas tú go ceann fada.
Chomh luath agus a d'ól an capall an deoch, bhuail rud eicínt í agus shín sí siar ó chluais go iorball.
Cár bhuail an phian thú?
Níor airigh mé ariamh gur bhuail fonn múisc mé agus chuir mé amach gach is a raibh in mo bholg
b.
+
Tá mé buailte (ag an slaghdán, tinneas srl.)
Dar príosta muis, tá tú buailte (le slaghdán srl. nuair a chloisfeá duine ag srófairt nó ag casacht)
TUILLEADH (21) ▼
Tá sé buailte le casacht agus cithréim.
B'fheasach dhom go raibh sé do mo bhualadh aréir agus chomh marbhánta agus a bhí mé.
Má airíonn tú do do bhualadh é (.i. an slaghdán srl.) níl le déanamh agat ach luí ar an toirt. Níl baol ar bith ort é a chur dhíot le strócántacht.
Cáid ó bhuail an donacht é? — cén fhad ó tháinig an donacht (tinneas, lagar srl.) air?
Bhuail donacht eicínt í i dteach an phobail inniu agus b'éigean í a iompar amach.
Má tá sé buailte ag an gcailín siúd (.i. eitinn) leagha na bhFiann ní chuirfeadh as a chrioslaigh í
Tá mé buailte agus buailte go maith — drochshlaghdán nó drochthinneas in mo chrioslaigh.
Cén chaoi ar airigh tú é (.i. an tinneas, an donacht) do do bhualadh an chéad uair?
Níor ith sé oiread is dubh na hiongan ó buaileadh é i dtosach.
Níl luí ar bith aige le rud le n-ithe ó bhuail an donacht é — ghlac sé col leis an mbia ó bhuail an donacht é
Is furasta cur chuige anois, go háirid ó bhuail an donacht é go deireanach.
Dar príocaí muis, má tá sé buailte ag an slaghdán bradach seo beidh liostachas fada air, ná ar dhuine ar bith eile a bhuailfeas sé. Sin é fhéin an drochailím in do chnámha.
Sa gceann a bhuail sé é — sa gceann a tháinig an donacht air; saochan céille nó éadroimeacht a tháinig air.
Ina cheann a bhuail sé é — ina cheann a tháinig an phian, nó an tinneas, nó an slaghdán.
Is fear é atá buailte sa gceann nó tá mise ag dul amú — tá saochan air, nó tá sé buille éadrom, nó níl sé an-staidéarach
Chaithfeadh rud eicínt é a bhualadh sa gceann agus ar ól sé le tamall
Ghlac sé bás na mná go dona agus buaileadh sa gceann é go gairid ina dhiaidh.
Má bhuaileann sé sa gcloigeann é aríst mar a rinne sé cheana, caithfear é a chur soir (go dtí an gealtlann i mBéal Átha na Sluaighe)
Sa gceann a bhuaileann sé i gcónaí é má chuirtear aon mhúisiam mór air.
Bhuail néal eicínt sa gceann é.
Ná raibh ann murar bhuail daol eicínt é agus scuab sé leis.
6.
a.
sárú; cinniúint; ceann is fhearr.
+
Tá tú buailte aige — tá an ceann is fhearr faighte aige ort; tá tú sáraithe aige; tá tú buailte amach aige (fc. amach); tá tú scoite.
Tá Seán buailte aige ag caitheamh cloiche neart — tá Seán sáraithe aige
TUILLEADH (8) ▼
Bhuail an ceann s'againne chuile dhuine acub leis an nGaeilge — b'fhearr í ná iad leis an nGaeilge (i scrúdú, ag feis, srl.)
Tá a bhfuil ar an mbaile buailte aige san obair — is fhearr, nó is dúthrachtaí ag obair é, ná duine ar bith eile ar an mbaile
Bhuailfeadh sé a bhfaca tú ariamh le saint agus uafás — sháródh sé
Is deacair an fear thiar a bhualadh le bréaga — tá sé go maith ag inseacht bhréag; ní thagann iamh ar bith air ach ag déanamh bréag
Do chumhachta cinn, ní bhuailfeadh M. le nathaíocht.
Buaileadh a mhac seisean sa gceisniú a cuireadh orthub, agus ina dhiaidh sin, fuair sé uain a ghabháil sa gcoláiste. Más ea, is caraideachaí agus fabhar a rinne dhó é, agus ní foghlaim.
Deirimse leatsa, gur ar a chruachúis dó S. a bhualadh ag tuíodóireacht.
Bhuail an samhradh an geimhreadh fhéin le gairfean — sháraigh sé
+
Níl a bhualadh ann — níl a better ann; níl a shárú ann; níl aon chinniúint (cinneadh) leis — níl sárú (bualadh) ina chionn
Níl do bhualadh fhéin sa tír leis an gceird sin.
TUILLEADH (15) ▼
Ní raibh a bhualadh scaitheamh sa bparóiste ag caitheamh cloiche neart nó oird
Níl a bualadh ann, dhá mbeadh an oiread eile ann, le breáichte.
Is mór an rud le rá é nach raibh a bhualadh sa gcontae scaitheamh ag carraíocht, ach sé lomchlár na fírinne an méid sin.
Síleann a máthair nach bhfuil a bualadh sa bpobal mar bhean tí, ach ní éadáil mhór moladh na máthar ar an inín.
Níl bualadh a mhic sna seacht bpobail ar scabhaitéireacht agus ar mhínós. Tá sé tugtha suas dhó ag chuile dhuine dhá gcasfaidh leat.
Is deacair a bhualadh a fháil le bradaíl. Ghoidfeadh sé an chrois den asal, agus an t-asal fhéin in éindí léithe.
Dhá gcuirtheá slat ar Éirinn, níl a bhualadh sa méid sin le gráiscínteacht agus gáirsiúlacht. Séard a bhí le déanamh, leis an pus a dhathú dhó nuair a thosódh sé ar an gceird sin ná d'aon duine eile a bheadh ar a bhealach.
Shiúlfá shula gheofá bualadh Sheáin ar an gcaoi sin. Níl bréag ar bith nach raibh sé cóir faoin rud a bheadh aige.
Níl a bhualadh le fáil mar ealaí ban — tá sé thar cionn ag cur na cluanach ar mhná; bíonn sé i gcónaí ag rathlaíocht ar mhná
Dhá ndéanadh caint casóg, ní bheadh a bhualadh le fáil. Caint ar fad é.
Ní raibh a bhualadh ann ag ól cuid duine eile, ach ní fhaca Dia shúlach aon deoir uaidh fhéin ariamh sa saol.
Is fada a shiúlfá, go bhfaightheá a bhualadh ag cumadh bréag, agus ag saighdeadh daoine (.i. chun achrainn)
I nDomhnach, níl a bhualadh sa bpobal leis an gceird sin ach is beag an somhaoine dhó an cheird sin le beatha a shaothrú.
Ba bheag an baol orthub é a ghlacadh murach go raibh a fhios acub nach raibh a bhualadh le fáil ag báireoireacht.
Ní feasach dom go barainneach céard is cor dhó ag siúinéireacht, ach is feasach dom nach bhfuil a bhualadh ann le scabhaitéireacht.
+
An bhfuil a bhualadh sin agat? — ag imirt chártaí, nuair a d'imreodh cearrbhach ríchárta nó cárta réasúnta, d'fhiafródh sé de chearrbhach eile roimhe "a raibh a bhualadh sin aige"
Mura bhfuil a bhualadh sin agat, tá mé amuigh.
TUILLEADH (16) ▼
Mura bhfuil bualadh an rí agat, is bun amuigh é, arae tá an cíonán agam anseo.
Ní chasfaí bualadh na banríona agat?
Dheamhan an féidir dhuit nach bhfuil bualadh an dóín agat?
Má bhí bualadh an naoi agat, breá ar lig tú isteach biorach é?
Nach feidheartha a bhí tú nach raibh bualadh sé hairt agat!
Níl bualadh tada agam. Dheamhan thiomanta mámh ag gabháil liom.
Chuirfinn isteach an trí murach gur dhona liom é, agus shíl mé go mbeadh a bhualadh aige.
Bhí bualadh an deich agam ceart go leor, ach ba mhór liom í a chur amú leis — an cuileata!
Bhí bualadh an naoi agam, chomh deas agus adéarfá liom é, agus lig mé tharam é ina dhiaidh sin ag cur an fhir seo thall ina chúig má b'fhíor dhom fhéin. B'éigean dom é a chaitheamh i dtraipisí sa deireadh gan tada dhá bharr.
Ná bac le mámh! Ní raibh bualadh an dráimh fhéin agam!
Dheamhan a dtiocfá ansin aríst le do dheich salach dá mbeadh a bhualadh agamsa.
Bhí bualadh na banríona agam, ach scaoil mé léithe ag faireadh ar thitim imeartha.
Seo leat! Níl aon bhaint agam duit! Níl do bhualadh agam.
Dhá mbeadh do bhualadh fhéin agam anois, ní thiocfainn i mbarr do chúig ort. Is maith atá sí saothraithe agat.
Mura bhfuil a bhualadh sin agat, is liom an bun.
Cluiche glaice é. Ní raibh bualadh aon chárta ag gabháil leat ag an gclár.
+
Bhuailfinn an cuileata murach faitíos go raibh an t-aon a hairt ag an bhfear thall, agus go sciorrfadh sé amach ar a chorr.
Is mairg dhuit nár bhuail an t-aon ó fuair tú fút í. Tógadh chuile dhuine a chúig féin anseo.
TUILLEADH (1) ▼
Bhuailfinn an seacht ach ag súil go leanfása é.
b.
tá … buailte: loicthe; cranda; chun deireadh; gan fás gan biseach faoi (fúthu) srl.; gan forás; gan maith gan maoin (ní baintear leas as aon fhoirm eile cé is moite de buailte).
+
Tá fataí buailte i mbliana — gan aon fhás; loicthe; ní bheidh aon rath ar an mbarr fataí i mbliana
B'fhurasta a aithinte go mbeadh fataí buailte. Ar ndóigh níor buaileadh aon deoir bháistí ar an gcur óg ó chuaigh sé i dtalamh gur baineadh aríst é
TUILLEADH (10) ▼
Tá an cur buailte i mbliana, ní nach ionadh. An t-am a raibh mé ag cur an chúilín thoir sa bpáirc sin thuas, bhí na fóide boird i gcruth a ndóite, agus ba bheag ab fhiú ar chaith sé de bháistigh ó shin.
'Sí bliain na móna í, ach beidh an barr buailte
Tá mo chuid meaingeals as éadan buailte. Níor tháinig ionga ná orlach orthub le mí, pé ar bith cén fáth é.
Beet bhuailte í mar bheet i mbliana.
Níl tada buailte i mbliana ach féar — níl tada chun deiridh i mbliana ach féar.
Shílfeá nach mbeadh an cur chomh buailte agus atá sé. Fuair sé bliain chóiriúil — níor cheart don chur a bheith chomh cranda ná chomh dona agus atá sé. Bhí an aimsir feiliúnach dhó
Is suarach an t-ionadh go bhfuil an cheapach phlandaí sin buailte, arae ní dheachaigh leasú ar bith orthub.
Dúirt mé leat an lá ar inis tú dhom go gcosnófá an garraí sin, nár mhór dhuit brat múirín a chur air nó go mbeadh an féar buailte ann. Nach bhfeiceann tú fhéin anois go bhfuil.
Fágfaidh an uair seo féar buailte, ach grásta Dé (drochaimsir)
Garraí tirim a bhí ann agus chaithfeadh an cur a bheith buailte ann agus chomh fliuch agus a tháinig an bhliain.
+
Beidh na daoine buailte ar fad mura bhfaighe siad aon tsaothrú — beidh na daoine in ainriocht nó in anchaoi, nó gheobhaidh siad a gceart le déanamh agus maireachtáil
Beidh mé buailte mura dteaga sé inniu.
TUILLEADH (16) ▼
Beidh sé buailte ar fad anois, an duine bocht, má éiríonn aon cheo don chapall air
Tá na daoine buailte ó héiríodh as an dole sin.
Tá an áit seo buailte nach bhfuil duine ar bith ann le labhairt ar a son, le saothrú ná obair a tharraingt ann.
Ní raibh muid buailte ariamh go dtí anois, mura mbí cead imeachta ar na beithígh.
Séard a d'fhága an tír seo buailte, nuair a bacadh na daoine faoi dhul go Meiriceá. Ba í sin an tír an fhad agus a sheas sí; ach ní mhaireann an rith maith don each i gcónaí, adeir siad.
Tá an baile seo buailte nach bhfuil aon cóngar portaigh acub ach a dhul trí mhíle timchill.
'Sé an talamh atá ag fágáil na háite seo buailte. Dá bhféadtaí cruithneacht agus beet a chur anseo, fearacht an Achréidh, ní bheadh údar clamhsáin ar bith ag na daoine.
Séard atá do m'fhágáil buailte ar fad, nach bhfuil aon deis agam ach srathar agus cléibh leis an móin a tharraingt abhaile.
Beidh daoine bochta buailte mura mbí aon imeacht ar an eallach feasta.
Ní raibh daoine chomh buailte ariamh agus atá siad ar ala na huaire. Cuid de na daoine nach bhfuil aon chúnamh acub, ná aon duine leob ag saothrú, is deacair dóibh cúis ar bith a dhéanamh. Tá fear na muiríne buailte freisin.
Tá lucht an tsléibhe buailte ó b'éigean dóibh éirí as an bhfuisce. Cén tslí eile a bhí acub?
Tá an ghliomadóireacht iarmhaiseach go leor, ach tá iascairí buailte arae dheamhan a shúil le fáil ar an gcaoláire (.i. Cuan na Gaillimhe) nach bhfuil dealaithe leob ag na trólars Francacha — tá solamar le baint as gliomaigh, ach níl tada de bharr na hiascaigh. Tá a bhfuil d'iasc ar an gcuan scuabtha leob ag na báid Francacha
Tá fuíoll na bhfuíoll ag fir oibre sna bailte móra ó chuaigh an government seo isteach, ach 'siad na feilméaraí atá buailte
Is dona an ceart an feilméara a bheith buailte, arae murach é, ní dhéanfadh duine ar bith sa tír aon ghnaithe. Nach é atá dhá dtógáil uileag?
Tá an tír seo buailte ó caitheadh amach an té a sheasfadh ceart agus clú dhi. Ach tuilleadh ghéar den diabhal acu! Is maith an oidhe orthub é.
Tá muintir an phobail seo buailte d'uireasa siamsa ná cuideachta ar bith ach go mbuaile an diabhal i gcinc an mhuiníl iad! Nuair a bhí áit damhsa acub, níorbh bheo iad gan a bheith ag troid agus ag achrann go mb'éigean é a dhúnadh suas!
7.
is iomaí rud a buailtear cuir i gcás coirce, arbhar ar bith, bainne agus maistreadh dhá dhéanamh, báire, cead, deis, bosa, sciatháin srl.
a.
+
Tá an coirce buailte aige
Níor buaileadh aon ghráinne coirce ar an mbaile fós.
TUILLEADH (7) ▼
Ag bualadh eorna le súiste atá sé.
Níl siad ag tabhairt leathbhualadh ar na dornáin. Dheamhan an miste leob ach an lá a chur isteach.
Níor thug sé leathbhualadh ar an eorna mar ní raibh aon chóir ar an easair acub.
Scaoil an dornán buailte sin (fc. scothbhualadh, scothbhuailte)
Níl an dornán sin leathbhuailte.
Cuiridh deis bhuailte oraibh fhéin — cuiridh sibh (meitheal) féin faoi réir le arbhar a bhualadh; (freisin nuair a bheadh dream ar tí a dhul ag troid)
Faigh cloch bhuailte dhom — cloch le cur ar chléibhín, le arbhar a bhualadh uirthi
b.
ag bualadh báire, liathróide nó deis a bítear i gcónaí. Ní abraítear go mbítear ag imirt báire, ainneoin go dtugtar imreoirí ar lucht an bhuailte.
+
Tá siad ag bualadh deis (fc. deis)
Ag bualadh báire a bhí sibh inniu.
TUILLEADH (20) ▼
Bhíodh muid ag bualadh báire bheag thíos ar an trá fadó.
Is ait uaidh liathróid a bhualadh.
Cheal nach raibh tusa ag bualadh liathróide chor ar bith inniu?
An bhfuil aon rath ort ag bualadh?
Buailidís leob anois go mbeidh siad tuirseach.
Cá mbeidh an báire dhá bualadh amárach?
Níl aon ghair agat air ag bualadh báire.
"Bhuailfinn boc báire chomh hard leis an ngealaigh" (as Taimín amhrán de chuid Chonamara)
Buail boc uirthi!
Buail í a fhleasca(igh)!
Buail amach í (an liathróid)
Bhuail sé amach béal an ghóraí í.
Ní ag fáil bháis a bhíonns sé dhá bualadh (an liathróid), ní hé do dhálta fhéin é (fearacht is mó atá i gConamara anois, ach tá dálta ag na seandaoine freisin)
Buail amach báire.
Tá siad ag bualadh cead (ceat in áiteacha)
An dtiocfaidh tú ag bualadh cead?
Bhí na gasúir ag bualadh cead.
Tá siad ag bualadh top (caiseal)
Bhíodh muid ag bualadh Cashel Top an tráth seo bhliain ar fad fadó.
Bhí sé in ann boc báire a bhualadh chomh maith lena leithide ar bith scaitheamh
c.
ag bualadh an bhainne leis an loinne a bhítear, nó ag déanamh an mhaistridh
·
Tá sé sách buailte agat anois, nó caithfidh sé a theacht leis ar aon nós.
d.
buaileann an clog.
+
Tá an dó buailte ag an gclog
Ta sé thar am a dhul abhaile agus an dó dhéag (an dá bhuille dhéag) buailte (bainte) aige.
TUILLEADH (2) ▼
Ar bhuail sé an deich fós?
Tá an naoi buailte aige le fada. Is ceart dó a bheith ar bhuillí an deich feasta (Tá , aige srl. anseo mar a bheadh réamhfhocla neamhphearsanta, ionann is nach mbainfidís leis an gclog chor ar bith ach mar thánaistí don am)
e.
déanta; suntasach; dearg; lorgach. I dtaobh cosáin, lorgaí, rébhealach srl.); buailte sa bhfoirm seo go hiondúil, ainneoin go gcloistear, bhuail, buailfidh, uair i bhfad ó chéile.
+
Tá cosán buailte isteach go dtí an bhrocach — níor dearnadh cosán ná bealach ann, ach chuir síorshiúl agus taltú na mbeithíoch isteach is amach go dtí an bhrocaigh, cumraíocht cosáin ar an talamh ann.
Tá cosán dearg buailte ag coiníní thríd an bhféar.
TUILLEADH (10) ▼
Tá bealach buailte ag an sionnach isteach go dtí an bhrocach sa gcreig.
Tá an cúilín thoir taltaithe fré chéile agus cosáin buailte ann as éadan ag coiníní.
D'aithneofá go maith gur buailte ag an mbroc atá an cosán siúd.
Tá an cosán buailte siar uileag thríd an gcrígh dhriseachaí.
Meas tú an ag an mbroc atá an cosán seo buailte nó an sionnach atá ann?
Níl baol ar bith ort a dhul amú má leanann tú an cosán atá buailte thríd an easca.
Tá an bealach chomh buailte anois ag asail ag tarraingt mhóna ann, agus gur gearr eile a bheas sé in araíocht é a shiúl amháin
Tá an cosán buailte síos romhat ar an gceannfhearainn, agus tá maolbhearnaí sna claíochaí lena dhul tharstu
Tá cosán buailte thríd an bhféar ag clann T. Mh. ag tarraingt soip as Garraí an Lín. Cuirfidh mise ó thaltú ar mo chuid féir iad, feicfidh tú fhéin air, ach feadh is mé dhá bhfeiceáil.
Má ghníonn sibh cosán buailte ansin, is gearr go mbí an baile uileag déanamh aicearra ann, agus beidh scéal eile ansin ann dhá mbacadh aríst ar ais.

Féach freisin

deis

buail in iontrálacha eile (50+)

+
Bhí an t-an-fhaitíos air go mbuailfí é
TUILLEADH (9) ▼
Feicfidh tú fhéin nach gcuirfidh sé aon araoid ormsa. Tá an faitíos mór air ón uair údan ar bhuail mé dual na droinne air
Baol air sin aon chaidéis a chur ar mhuintir Nia! Tá an faitíos mór air ó bhuail siad cheana é
An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air (seanfhocal) — an rud a theangmhaigh leat cheana, ní mian leat a dhul ag plé leis aríst
Diabhal plé a bheas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Féacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseal ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air
M'anam nach ngabhfaidh mise ag imirt leat. Faigh cearrbhach eicínt eile anocht. Théis mo shé scilleacha a chailleadh aréir gan ionú ar bith! An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air a mhic ó!
Bhuail faitíos é — tháinig faitíos air (ach gur tobainne é bhuail)
Le méid an fhaitís a bhuail mé, bhí an forallas liom
Bí san airdeall ar an ngamhain faitíos (ar fhaitíos, le faitíos) go mbuailfeadh an ceann eile é
Ná fág an t-airgead sin ansin faitíos na heirimisce. Cá bhfios duit cé a bhuailfeadh isteach agus a chuirfeadh crúib air i ngan fhios duit. Ní fear cneasta é gach fear dhá dteagann ar do theallach!
+
Ní raibh earasbarr ar bith ag mo chuid mucsa ar do chuid-se, ach bhí muca tite nuair a dhíol tusa iad. Murach sin, bhuailfeá amach mé
TUILLEADH (1) ▼
Tharasbarr cuthach a bhuail é nuair a chonaic sé fear na foghla ag ardú an chlaí
 
Ag líonadh feadhnach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. 'Tá fire agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid mónasa,' adeir sé. 'Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orthu muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé'
+
D'imigh sé fearacht duine a bhuailfí trasna an bhéil — dálta
TUILLEADH (2) ▼
Buaileann sé fearacht cloig ach ní hé an déanamh céanna atá air ina dhiaidh sin. Rud fada caol é
Chlaon sé aríst, fearacht is dhá mba faitíos a bhuailfeadh é
 
Buaileadh é ar buaileadh? Ní feasach dom é a mh'anam
+
fios
Ní bheadh aon ghnaithe ag aon duine bualadh faoin rud sin ach an té a mbeadh fios na róthlachaí aige. Is ceird chontúirteach í
TUILLEADH (3) ▼
Ní raibh fios rúin ná soiscéil agamsa cé a bhí ann, ach gur bhuail sé isteach chugam agus gur dhúirt sé gur thusa a chuir chugam é
Buaileadh tuí shrathair air ag an mbainis. Bhí a fhios sin aige agus a dhul ann — ní fhéadfadh tada eile tarlachtáil; níor cheart dó a dhul ann
Ná téirigh suas ag an damhsa sin anocht. Níl a fhios go té sin. Dhá mbeadh bleitheach ólta ag an ngrísc sin as L., ba bheag an tsuim a bheadh acu gléasadh buailte a thabhairt duit
 
fliuch 2
Déarfainn féin gur fliche an carraigín seo inniu ná inné, agus shílfeá nár buaileadh aon deoir bháistí air idir dhá am
+
Bhí mise amuigh ansin thiar lá agus bhuail mé cuisle eistrí gan aireachtáil. Thug mé scríb fúthu agus thóg mé na céadta acu leis an líon. Bhí báid eile fúm is tarm agus gan a fhios acu a raibh siad ann chor ar bith. Dheamhan fios muise ná ag an bhfear fobhairne a bhí liom sa mbád sílim. Thiocfá ar chuisle mar sin scaití
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. 'Buailfidh mé fhéin faoi,' adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. 'Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith.' Ach m'anam má rinne nárbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneoinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghártha ann agus an sruth i m'aghaidh
 
Dheamhan neach an aoin istigh ar an mbaile nach bhfuil foirgthe le fliú. Bhuail sé muid tá mí ó shin, ach m'anam go bhfuil muid ag fuasaoid aríst. Níl rud ar bith chomh haiféalach leis. Mura bhfuil ag Dia déanfaidh sé creach shul má stopfas sé.
 
Tá an talamh chomh spalptha i mbliana agus nach mbeidh féar ná fothair ann mura bhfuil ag Dia. Níor buaileadh aon deoir bháistí ar an talamh ó Lá Bealtaine
+
Rinne an t-urchar sin an-fhothramán. Shíl mé gur mé fhéin a bhí buailte!
TUILLEADH (1) ▼
Ba diabhlaí an fothramán a rinne an seanteach ag titim. Shílfeá gurb iad dhá chlár an domhain a bhuailfí faoi chéile
 
Ba cheart go mbeadh an pramsálach sin thuas ag P. go maith ag bualadh ailí. Ní cheal macnais air muis
 
Ní bheadh aon mhála freagrach agat. Tá meaisín bhuailte an choirce le theacht inniu
 
Tá sé chomh giorraisc lena bhfaca tú ariamh. Chreidim dheamhan neart aige air. Bhí sé ag obair in éindí linne nó gur buaileadh síos é. An tinneas a rinne chomh friochanta é sílim (cantalach, mífhoighdeach). Tá sé as a shláinte
 
Tháinig an bullán mór sin aige isteach an bhearna chugam tráthnóna agus thosaigh sé ag bualadh na mbeathach orm. Dheamhan a leithide d'fhudairnéis a chonaic tú ó chuaigh tú in ord Mhuire agus a bhí ann. Shíl mé nach bhféadfainn a chur amach chor ar bith
+
Ní fhágfaidh mé fear ar an mbaile nach mbuailfidh mé — buailfidh mé as éadan iad
TUILLEADH (1) ▼
'Sé an meaisín buailte a d'fhága ar leathláimh é
 
Ní fhágfadh sé fear sa teach gan bualadh murach gur tugadh iarraidh mhaide dó
 
fága
Ní bheadh aon ghnaithe ag aineolaí bualadh faoin bhfarraige inniu. Théis nach bhfuil aon ghála ann, tá bun aice; agus fágannaí diabhalta ann. Ní bheadh aon stró ar churachóir mhaith. Ach ar ndóigh ghabhfadh curachóir maith amach dhá scréachta dhá mbeadh sí
 
fág
Níor bhuail mise é. Nár fhága mé seo má leag mé láimh ná cois air
+
Bhuail P. M. an fháideoig siar sa bpus ar Ph. T. an maor. Tháinig P. T. air agus é ag tógáil bhradáin sa linn. Dheamhan blas den cheart nach raibh aige leis. Is mór a d'fheil dó a dhul ag bacadh leis.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sé taobh istigh den sconsa agus é ag cláradh na mná mar a bheadh cat ag cangailt fáideoige! Diabhal a leithide de dhíocas! Ba deacair é a bhearradh san am ar buaileadh an dairt air. Dhéanfadh sé gortú dhá mbeireadh sé ar aon duine
Tá mé faoi fháideogaí fuara ar fad an áit a raibh mé sínte sa gcoirce sin. Nach diabhlaí sin anois! An chruach a bhuail muid inné, ní raibh ceann dhíobh ag gabháil léithe
 
B'fhéidir go mbuailfeá fhéin faoi chúileann fáinneach eicínt a mbeadh a cuid gruaige ina fháinní aice
 
Briseadh fáinneoig an bhus ansin thiar an áit ar bhuail sé faoin gclaí — tugtar ar an tosach amach ar fad é ón ngualainn; go háirid an bonnet
 
fána
Bhí an-bháirí scadán anseo le cupla lá. Arú inné, bhí an fharraige salach leo. Ach tá siad gaibhte le fána. Isteach faoi na seanchladaí s'agaibhse atá siad anois. Buailfidh siad anseo aríst gan mórán achair.
 
Buail isteach ann go fánach mar dhóigh dhe gur soir chuig an S. atá tú ag dul, agus má fhaigheann tú deis ar bith tarraing anuas é
 
Dheamhan a fhios cé a bhuail é, ach ba é J. B. a fhóbair an féarach a íoc. Chaith na póilíos trí lá ina éadan dhá cheisniú
+
féar
Sin é an fear nach ligfidh don fhéar fás faoina chosa ag dul ina ghnaithe dhó. Mo léan géar! Ní bleid a bheas buailte aige ar chuile fhear ar an mbóthar
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon ghnaithe ag duine ar bith bualadh faoi theach a dhéanamh mura bhfuil riar eicínt airgid aige fhéin. Níl aon ghair aige air. Ní bheathaíonn an féar an phis. Bheadh duine go deas dhá gcaitheadh sé é a chaitheamh in aer, agus é leath-dhéanta aige. Ní mór do dhuine fios a bheith aige go bhfuil sé in ann cailleadh leis, go bhfuil sin
 
Chuir an dreoláinín beag sin ag T. Ph. coc achrainn ar Sh. L., ach má chuir agus gur chuir, thug S. L. na físeachaí agus na pínneachaí corra dhó. Bhí sé an-bhuailte ag dul abhaile. Nach sonnta an staicín anois é a dhul ag dréim le bullies!
 
cab
Abair ab ab agus ná buail do dhá chab faoi chéile (Rud nach féidir a dhéanamh. Caitear an dá chab a bhualadh faoi chéile le 'ab ab' a rá mura gcuirteá píosa páipéar eatarthu)
 
calm
Cár bhuail an calm sibh? — cén áit ar an bhfarraige ar tháinig an téigle oraibh