Buil
—aidiacht
—Leagan diúltach a bhíos air — ní, mara etc
—féach abuil le ciall eile de'n fhocal a fhághail
—
áil; maith; fonn.
+–
Ní buil liom é dhéanamh = ní maith (ní h-áin) liom é 'dheanamh; níl fonn a dhéanta orm.
Ní buil liom a dhul ag an tsochraide sin.
TUILLEADH (14) ▼
Níor buil leis a dhul 'Gaillimh chor a' bith ar maidin, dá bhfaghad sé cead a chinn.
Ní buil leis bás 'fhaghail go gcinne air, a's ar ndú, nach hí a leas-mháthair a thóigfeadh sin air.
Maran buil leat a dhul ann, níl duine 'bith ag iarraidh thú a chuir ann in aghaidh do chos.
Ní buil le Cóilín se'aghainne a dhul 'uig an scoil níos mó, má fhaghann sé cead a chinn.
Maran buil leis fhéin amhrán a rádh, ná teirigh ro-dhéan (dhian) air, faoi
Maran buil leis fhéin, a theacht, dheamhan guth 'bith aghainne air!
Ní buil le Tom, a dhath a dhéanamh Dia Domhnaigh, a's dheamhan mé, nach bhfuil sin le tóigeál air, ná ar dhuine 'bith eile, a bhfuil a dhá cheann sa talamh ar feadh na seachtmhaine.
Thálta (thárla) nach buil leis é 'dhéanamh as ughdarás fhéin, níl aon-mhaith 'bheith strócántacht leis.
Ní buil liom, blaiseadh de dheoir, go dtaga an Nodlaig aríst.
Ní buil leis buille maitheasa 'dhéanamh annseo, a's ní buil leis fanacht ag a' scoil, a's níl fhios agham beirthe ná beo, céard a dhéanfas muid leis, arae támuid sáruighthe reicthe aige.
Ní buil leis a dhul a' sclábhuidheacht, go gcínne an saoghal air, a's m'anam go bhfuil a' ceart aige, arae hébrí céard a bheidheas de bhárr aon-cheird eile aige, ní bheidh tada aige de bharr na sclábhuidheachta.
Mara buil leat fanacht ann, déan do chomhairle fhéin. 'A chomhairle fhéin do mhac anna (dhanardha?) a's ní bhfuair sé ariamh níos measa'.
'Sé a chosamhlacht nach buil leis, tada ar foghnamh a dhéanamh ar chuma ar bith, hébrí cé'n mhío-stáid ná millteanas a dhéanfas sé.
Ní buil leis pósadh, a's ní beo é gan a bheith smórthacht (nó smúracht) timcheall ar mhná! 'Sé'n chaoi 'bhfuil sé ag iarraidh an chraicinn a's a luach a bheith aige!
Buil in iontrálacha eile (7)
Dheamhan ar chuala mise ariamh go ndéanann an chaológ riabhach aon-mhaith do'n chuaich, ach go mbíonn sí in a buil is 'chuile áit.
→
dairt
Má bhíonn báirseach de bhean in t'éadan ó mhaidin go faoithin, b'fhearr go mór fada a dhul ag caitheamh dairteachaí leis an ngealaigh ná do shaoghal a chaitheamh in a buil. Tá caitheamh agus cáineadh ar an té a imeochas uaithe. Bíonn sagairt ag cur dóibh agus mar sin, ach ní ag aon-duine atá a fhios é, ach ag an té atá in adhastar an anró é féin. Is gnaoidheamhla go mór a fágáil annsin i dtigh tubaiste ná clann a thógáil ag éisteacht leis an ropaireacht sin i gcomhnuí. Mar cuimhnigh go bhfuil mise dhá rádh leat an ceann aca a thosuigheas ar an gceird sin — go bhfuil sé de bheith uirre gan eirghe as dá dtugtaí an saoghal mór di.
→
danra
Tabhair cead a comhairle féin di. Maran buil léithe a phósadh bíodh aice. B'fhéidir go bpósfadh sí ar ball é dhá mbeadh breith ar a h-aithmhéala aice. A chomhairle féin do mhac dhanra agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
→
deilbh 1
Tá sé deilbhthe amach anois le h-aghaidh an bháis ceart. Is furast aithinte air é. Nar ba buil le Dia go mbeadh liostachas cho fada orm leis ar chaoi ar bith
Ní fiacha cama iad chor ar bith ach fiacha dlisteanacha, agus d'orduigh Dia na fiacha dlisteanacha a íoc. Maran buil leat a n-íoc, cuirfidh mise ins an gcruth thú go n-íocfaidh tú iad. Tá fiaidhnisí (fiadhnuise) agamsa
→
téigh le
Nar ba buil le Dia é a dhul len a shean-mháthair ar chaoi ar bith, mar b'olc í go ndéanaidh Dia grásta uirre