buil
—aidiacht
—leagan diúltach a bhíos air — ní, mura srl.
—fc. abuil le ciall eile den fhocal a fháil
—
áil; maith; fonn.
+–
Ní buil liom é a dhéanamh — ní maith (ní háin) liom é a dhéanamh; níl fonn a dhéanta orm
Ní buil liom a dhul ag an tsochraide sin.
TUILLEADH (14) ▼
Níor buil leis a dhul go Gaillimh chor ar bith ar maidin dá bhfaigheadh sé cead a chinn.
Ní buil leis bás a fháil go gcinne air, agus ar ndóigh, nach í a leasmháthair a thógfadh sin air.
Muran buil leat a dhul ann, níl duine ar bith ag iarraidh thú a chur ann in aghaidh do chos.
Ní buil le Cóilín s'againne a dhul chuig an scoil níos mó má fhaigheann sé cead a chinn.
Muran buil leis fhéin amhrán a rá, ná téirigh ródhéan (dhian) air faoi
Muran buil leis fhéin a theacht, dheamhan guth ar bith againne air!
Ní buil le Tom a dhath a dhéanamh Dia Domhnaigh, agus dheamhan mé nach bhfuil sin le tógáil air, ná ar dhuine ar bith eile a bhfuil a dhá cheann sa talamh ar feadh na seachtaine.
Thálta (tharla) nach buil leis é a dhéanamh as a údarás fhéin, níl aon mhaith a bheith ag strócántacht leis.
Ní buil liom blaiseadh de dheoir go dtaga an Nollaig aríst.
Ní buil leis buille maitheasa a dhéanamh anseo agus ní buil leis fanacht ag an scoil, agus níl a fhios agam beirthe ná beo céard a dhéanfas muid leis, arae tá muid sáraithe reicthe aige.
Ní buil leis a dhul ag sclábhaíocht go gcinne an saol air agus m'anam go bhfuil an ceart aige, arae hé brí céard a bheas de bharr aon cheird eile aige, ní bheidh tada aige de bharr na sclábhaíochta.
Mura buil leat fanacht ann, déan do chomhairle fhéin. A chomhairle fhéin do mhac ana (dhanartha?) agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
'Sé a chosúlacht nach buil leis tada ar fónamh a dhéanamh ar chuma ar bith, hé brí cén mhístaid ná millteanas a dhéanfas sé
Ní buil leis pósadh, agus ní beo é gan a bheith ag smórthacht (nó smúrthacht) timpeall ar mhná! 'Sé an chaoi a bhfuil sé ag iarraidh an chraicinn agus a luach a bheith aige!"
buil in iontrálacha eile (5)
→
danra
Tabhair cead a comhairle féin di. Muran buil léithe a phósadh bíodh aici. B'fhéidir go bpósfadh sí ar ball é dhá mbeadh breith ar a haiféala aici. A chomhairle féin do mhac dhanra agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
→
deilbh 1
Tá sé deilbhthe amach anois le haghaidh an bháis ceart. Is furasta a aithinte air é. Nár ba buil le Dia go mbeadh liostachas chomh fada orm leis ar chaoi ar bith
Ní fiacha cama iad chor ar bith ach fiacha dlisteanacha, agus d'ordaigh Dia na fiacha dlisteanacha a íoc. Muran buil leat a n-íoc, cuirfidh mise sa gcruth thú go n-íocfaidh tú iad. Tá fianaisí (fianaise) agamsa
→
téigh le
Nár ba buil le Dia é a dhul lena sheanmháthair ar chaoi ar bith, mar b'olc í go ndéana Dia grásta uirthi