Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
buil

abuil (24)

 
Ní fheicfeá an oiread cloigiseachaí cruinn abuil a chéile dhá gcuirtheá slat chruinn ar Éirinn agus a bhí thiar ann inné.
 
San am ar casadh mise isteach, dheamhan cló stiúrtha ar bith a bhí ar an teach. Bhí chuile fhear ina chraiceann ar an urlár ag iarraidh achrainn. Ba mhór an chontúirt a bheith abuil siad chor ar bith.
 
Ní bheidh a fhios agat cén bealach atá le aon duine ceart go n-ithe tú céad salainn abuil é. Ní aithne go haontíos.
 
beo 1
Go dtuga Dia dhúinn a bheith beo is abuil a chéile aríst oíche chinn bhliana! (beannacht adéarfadh duine i gcomhluadar oíche chinn féile)
 
Bhí a fhios agam go maith go raibh an brachán dóirtithe nuair nach bhfaca mé abhaile ón aifreann iad abuil a chéile.
 
Chaith mé an lá ag aermaíocht dom fhéin abuil na fámairí i mBóthar na Trá.
 
Ní dhearna sí filleadh ná feacadh ach seál a bhuaileadh aniar ar a bráid agus bóthar abhaile a thabhairt di fhéin. Ón lá sin go dtí an lá seo, níor thaobhaigh sí an teach aige, ach sa mbaile abuil a hathair agus a máthair.
 
aire
Ní mór dhom duine eicínt abuil mé a thabharfas aire do na gamhna dhom le faitíos a n-iarrfaí ag ól béiréiste mé (fc. béiréiste: deoch a óltar ar margadh a dhéanamh)
 
Nach bhféadfá cupla uair a bhaint amach abuil sinn!
 
Théis na hionsaí sin a thabhairt faoi, d'fhan sé abuil iad ina dhiaidh sin
 
ionú
Thiocfainn abuil thú dá mbeadh an t-ionú agam
 
'Tá dhá chéad acra talúna aige,' arsa mise, 'agus an teach mór sin a fheicfeas tú agus gan neach an aoin bheo abuil sé ach buachaill.' 'Níor phós sé ariamh,' adeir an spailpín. 'Níor phós,' arsa mise. 'Ba diabhaltaí an fhoighid a bhí aige,' adeir an spailpín — go raibh sé in ann troscadh ó phósadh nó ó mhná
 
daol
Theangmhaigh daol eicínt leis agus é a chastáil in éindí le mo dhuine. Sin é an cheád uair le bliain a bhfaca mé abuil a chéile iad. Murach (muna mbeadh) go n-airíonn sé brabach eicínt air muis, a Thiarna Dé is fada amach uaidh a d'fhanfadh sé
+
dia 1
Moladh go deo le Dia go bhfuil muid ar fad abuil a chéile anocht — oíche chinn bhliana
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhíonn ucht ná acht ná éagaoineadh aige. Dhá mbeadh sé seacht lá na seachtaine abuil tú, ní chloisfeá focal uaidh. Níl ann ach go bhfuil an t-anam caite ann
 
Diaráiste leatsa a Dhia agus a Mhuire! Oíche chinn bhliana aríst go raibh muid féin agus chuile dhuine dhá(r) muintir abuil a chéile gan bascadh gan bearna, más é toil Dé agus na Maighdeana Glórmhar é! — altú bídh Oíche Nollag
 
Tá sé faoi mhórdhiomdha na laethantaí seo. Ní chónóidh sé aríst muis nó go dté sé ar ais chuici. Ní bheadh aon tsó ina shaol aige gan a bheith abuil sí
 
Chaith mise cheithre bliana abuil na Sasanaigh, agus ní fhaca mé thairis sin de dhonacht iontu. Ba mheasa dhuit go fada leiciméara d'Éireannach a d'inseodh chuile mhíle rud don bhoss ort
 
dorcha
Dream dorcha fréna chéile iad sin. Tá siad an-lách agus an-tsoilíosach, ach ní bhfaightheá fios a n-intinne dhá mbeifeá abuil siad dhá lá do shaoil
 
droim
Mhairfeadh sé sin ar dhroim an diabhail lá is gur fhéad sé maireachtáil abuil siad sin. Ní bhainfeadh aon duine eile faoin mbogha gréine ceart díobh ach é féin. Dar mo choinsias bhain, agus ceart maith
 
Is beag an dochar don aimsir fhéin a bheith mar atá sí agus a bhfuil de dhíchreideamh fud an domhain. Chonaic mé Éireannach ag teacht thall i Sasana. Ba as an gcontae seo é — ceantar Bhéal Átha na Sluaighe. Diabhal a raibh sé mí ariamh ann gur chaith sé in aer an t-aifreann, agus gur thosaigh sé ag rá nach raibh Dia ar bith ann. 'Agróidh Dia ort é,' adeir Árannach a bhí abuil mé
 
díle 1
Go deo na Díle ní fheicfidh aon duine mise aríst abuil sé, théis an bhaileabhair sin a dhéanamh díom
 
díol 1
Ní mó ná dhá bhfaightheá gan tada é go mbeifeá ar meisce anois. Is mór a bheadh ar meisce mar adeir an fear fadó, mura mbeadh aon díol air. Is gearr le dhul puintín gágach airgid anois i dteach ósta má bhíonn beirt nó triúr abuil a chéile ann
 
dúch
Diabhal mé go mbeadh sí sin ag taoscadh dúigh uaidh chomh tréan agus a d'fheicfeá uisce ag teacht as píopa. Chuala mé fear a bhí sa gcogadh ag rá go raibh cóstaí na Fraince breac ballach leo agus go bhfeicfeá an fharraige feadh t'amhairc dubh lena gcuid dúigh. Chreidfinn é freisin, dhá mbeadh mórán acu abuil a chéile