1.
béal beag; ainm fonóideach ar a' mbéal.
2.
clár clúduighthe a bheadh ar shoitheach nó a mhacsamhail; clár.
+–
Cá'r chuir tú claibín a' phíopa.
Ní bheadh aon-chlaibín píopa le spáráil agad. Tá mé thart cheal claibín le cupla lá.
TUILLEADH (5) ▼
Mara gcuire tú an claibín ar a' mbuidéal sin aríst, is gearr gur dóirtighthe a bheidheas a bhfuil de dhubhach ann. (Claibíní i leaba corc a bhíos ar chuid de na buidéil dubhaighe).
'Bhfuil aon-chlaibín le dhul ar seo? (ceaintín. Ach clár a tugtar air go h-iondamhail, mara mbeadh indán's go mbeadh an ceaintín an-bheag).
Níor b'fhlearr do'n tobar sin thuas claibín i riocht's nach bhféadfadh na gamhna a dhul 'na ghoire.
Cá'r leagadh claibín a' bhacúis bhig?
Meastú cá ndeacha an claibín a bhí ar a' gcanna petrol sin? Dheamhan déanamh dhá uireasbha aige ná cuid de dhéanamh.
+–
B'fhurasta aithinte dhuit, dhá mbeadh aon-áird ar do ghna(ithe) agad, gurb shin é a d'eireochadh dó. Ní áit a' bith a leithide de rud a leagan ar forbhás ar chlaibín a' chomhra. Ceannócha tú ceann nuadh anois, muis!
Árduigh claibín a' chomhra, a's caith isteach ann é.
TUILLEADH (3) ▼
Tá claibín a' chomhra sníomhtha ag lucht cuarta, a' suidhe air.
Cuir a' claibín ar a' gcuinneoig anois (claibín na cuinneoige — clár a cuirtear síos in a béal, a's teigheann an luithne thríd).
Ní chomhnócha tú go mbrise tú claibín a' cheitil
3.
Claibín muilinn – (i) rud a bhíos i muileann. (ii) béal a bhíos a' síor-chur dhe; duine a bhíos aon-táirm amháin a' síorrádh igcomhnuidhe; clabaire críochnuighthe.
+–
Tá tú in do claibín muilinn le cainnt.
Ní fhaca me aon-chlaibín muilinn ariamh go dtí é. Dheamhan iabh a' bith a dhéana(nn)s a bhéal ach a' meilt.
TUILLEADH (7) ▼
Cé'n sórt claibín muilinn tú fhéin, nach dtiubhradh scíth do do theanga uair eicínt?
Is geall le claibín muilinn é le na n-abruigheann sé, agus sé'n dá mhara 'chéile aige an fhírinne a's an bhréag.
Is mór a' náire dhuit é, 'bheith in do chlaibín muilinn mar sin, a's a liachtaighe duine is sine ná thú fhéin ag éisteacht leat, a's a' magadh fút.
Níor chuala tú aon-chlaibín muilinn in do shaoghal ariamh mar é, agus cé'n bhrigh, dhá mbeadh éirim a' bith in a chuid cainnte, ach níl, ná diabhal éirim.
Ní raibh smid a' bith aige i dtosach, le coimhightheas tá mé 'ceapadh, ach 'san am ar bhain sé amach, tháinic a' díle cainnte air in éindigh. Dheamhan a leithide de chlaibín muilinn a chuala tú ariamh, igcaitheamh do shaoghail.
Éist do bhéal, a's ná bí in do chlaibín muilinn i gcomhnuidhe. Shílfeá nar gheall Dia teanga d'aon-duine ach dhuitse, a shacáin!
Dhá mbeadh duine ag éisteacht leis ar feadh lá fada faoi Fhéil San Seáin, dheamhan iabh a thiocfadh air, ach 'na chlaibín muilinn mar sin. Tá na daoine sáruighthe aige le neart cainnte.
Féach freisin
→
clab
Claibín in iontrálacha eile (19)
→
freagair
An bhfuil aon-chlaibín eile annsin. Ní shin é an claibín atá ag freagairt (atá freagrach) don bhosca seo
→
coirigh
'Sé an duine is lughar liom sa tír a fheiceál ar mo theallach é. Bíonn sé in a chlaibín muilinn igcomhnuidhe a' coireamhaint ar dhuine eicínt. Níl mórán duine ar bith, nach ndéanfa scathamh biadáin uair eicínt, ach is gránda an rud é 'choinneál seaduighthe igcomhnuidhe.
→
brabach
Tuille diabhail agad! Breagh nar choinnigh tú do bhéal ar a chéile, a's ní fhéadfadh aon-duine aon-bhrabach a fhaghail ort. Ach níor bheo thú gan a bheith in do chlaibín muilinn igcomhnuidhe. B'fhéidir go n-íocfá ann anois.
→
foras
Ní dhéanfadh sé iadhadh ná foras ar feadh na hoíche ach in a chlaibín muilinn = ag síor-chaint
→
foscadh
M'anam muise má tá a fhios aige sin é, go bhfuil a fhios ag béal gan fascadh é. Tá sé sin ag imeacht mar a bheadh firéad ann, ag smúracht is 'chuile áit, agus níl claibín muilinn ar bith a chinnfeadh air, má fhaghann sé leigean ar scéal
→
iontach
Is iongantach an claibín muilinn é Micil Ó Maoláin = bíonn ruibh na cainnte igcomhnuidhe air; é síorruidhe ag cur de.
→
feasta
Ba cheart duit do bhéal a dhúnadh feasta. Tá tú in do chlaibín muilinn ó tháinig oíche = tá sé in am agad
→
feire
Cén chiall an feire sin a bheith san mbosca? An annsin a theigheas an claibín air? = groove.
Seo níl aon-ghnatha agad fruch frach a theacht ort ar aon-chor. Tá an mhísc déanta anois. Buail isteach go dtí é, agus abair narbh é do chionn tsiocair é, ach go ndeasóidh tú dhó é. Is fhearr sin ná a dhul dhá cheilt air. Gheobhaidh sé amach ar aon-chor gur briseadh é. Níl an oiread fascadh san té a bhris é, agus go bhféadfadh sé a bhéal a choinneál ar a chéile. Innseóidh sé sin don tír é. Is claibín muilinn ceart é
→
daingean
Nach diabhaltaí daingean a cuireadh an claibín ar an mbuidéal ola a bhí annsin an lá cheana, agus go mb'éigin dúinn pionsúr a thógáil in a éadan
→
damnaigh
Dhamhnóchadh an ceann céadna thú le caint agus cabaireacht. Dheamhan iabh a theagas ar a béal ó mhaidin go faoithin ach in a claibín muilinn mar sin ag síorádh léithe. Ach cá bhfágfadh sí é ach an oiread le scéal
→
danra
Shílfeá go bhfuil an claibín atá ar an mbuidéal dubhaighe seo an-docht. Is dan(d)ra é le scriútháil dhe. Dar príosta cinnfidh sé orm
→
deimheas
Tá deimheas uirre sin i gcomhnaí. Is mór an t-iongnadh nach dtiocfadh tuirse ar a teanga uair eicínt nuair a bhíos sí in a claibín muilinn i gcomhnaí = bean agus díle cainte aice i gcomhnaí
→
docht 2
Nach docht atá sé an diabhal! Ní fhaca mé claibín ar bhuidéal ariamh cho docht sin. Dheamhan aithne air nach éadáil atá ann
→
díle 1
Shílfeá gurb í an díle a bheadh ag teacht air, bhí an oiread sin falrach cainte air … Mo dhubhshlán aon-smid a rádh annsiúd. Bhí sé in a chlaibín muilinn ó tháinig muid isteach gur imigh muid aríst, agus níl aon-cheo ó neamh go talamh nar tharraing sé anuas agus gan cuma ná caoi a chur ar scéal ar bith. Ní túisce a bheadh sé tosuighe ar scéal amháin ná a tharraingeochadh sé anuas scéal eile. Ach 'sé an cás é, bhí sé in a scéal an ghamhna bhuidhe ar fad aige faoi dheire.
→
díol 2
Nach diabhaltaí nach dtiubharfá iabh do do bhéal uair eicínt agus gan a bheith in do chlaibín muilinn mar sin. Ag magadh mar dhóigh dhe. Sin é an magadh mar siúd. Sé déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh
→
téigh do
Dheamhan a fhios aige ach an oiread le cúl mo chinn cé'n chaoi le dhul do mhótar. Chaith sé trí h-uaire caithte ar a dhruim fúithe annsin thoir an lá cheana, nó go dtainic P. T. D'árduigh sé an claibín sin 'un tosaigh. Chas sé cnoth eicínt. Bhí sí ag giúnaighil (geonaighil) aige le ionntú do bhoise