Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
claibín
ainmfhocal
iolra: claibíní
1.
béal beag; ainm fonóideach ar an mbéal (fc. clab).
2.
clár clúdaithe a bheadh ar shoitheach nó a mhacasamhail; clár.
+
Cár chuir tú claibín an phíopa.
Ní bheadh aon chlaibín píopa le spáráil agat. Tá mé thart cheal claibín le cupla lá.
TUILLEADH (5) ▼
Mura gcuire tú an claibín ar an mbuidéal sin aríst, is gearr gur dóirtithe a bheas a bhfuil de dhúch ann (claibíní i leaba corc a bhíos ar chuid de na buidéil dúí)
An bhfuil aon chlaibín le dhul air seo? (ceaintín. Ach clár a tugtar air go hiondúil, mura mbeadh i ndán is go mbeadh an ceaintín an-bheag)
Níorbh fholáir don tobar sin thuas claibín i riocht is nach bhféadfadh na gamhna a dhul ina ghaire.
Cár leagadh claibín an bhacúis bhig?
Meas tú cá ndeachaigh an claibín a bhí ar an gcanna petrol sin? Dheamhan déanamh dhá uireasa aige ná cuid de dhéanamh.
+
B'fhurasta a aithinte dhuit, dhá mbeadh aon aird ar do ghnaithe agat, gurb in é a d'éireodh dó. Ní áit ar bith a leithide de rud a leagan ar forbhás ar chlaibín an chomhra. Ceannóidh tú ceann nua anois, muis!
Ardaigh claibín an chomhra, agus caith isteach ann é.
TUILLEADH (3) ▼
Tá claibín an chomhra sníofa ag lucht cuarta ag suí air.
Cuir an claibín ar an gcuinneoig anois (claibín na cuinneoige — clár a cuirtear síos ina béal, agus téann an loine thríd)
Ní chónóidh tú go mbrise tú claibín an chitil
3.
claibín muilinn – (i) rud a bhíos i muileann. (ii) béal a bhíos ag síorchur dhe; duine a bhíos aon táirm amháin ag síor-rá i gcónaí; clabaire críochnaithe.
+
Tá tú in do claibín muilinn le caint.
Ní fhaca mé aon chlaibín muilinn ariamh go dtí é. Dheamhan iamh ar bith a dhéananns a bhéal ach ag meilt.
TUILLEADH (7) ▼
Cén sórt claibín muilinn tú fhéin nach dtabharfadh scíth do do theanga uair eicínt?
Is geall le claibín muilinn é lena n-abraíonn sé, agus 'sé an dá mhar a chéile aige an fhírinne agus an bhréag.
Is mór an náire dhuit é, a bheith in do chlaibín muilinn mar sin, agus a liachtaí duine is sine ná thú fhéin ag éisteacht leat agus ag magadh fút.
Níor chuala tú aon chlaibín muilinn in do shaol ariamh mar é, agus cén bhrí, dhá mbeadh éirim ar bith ina chuid cainte, ach níl, ná diabhal éirim.
Ní raibh smid ar bith aige i dtosach, le coimhthíos tá mé ag ceapadh, ach san am ar bhain sé amach, tháinig an díle cainte air in éindí. Dheamhan a leithide de chlaibín muilinn a chuala tú ariamh i gcaitheamh do shaoil.
Éist do bhéal agus ná bí in do chlaibín muilinn i gcónaí. Shílfeá nár gheall Dia teanga d'aon duine ach dhuitse, a shacáin!
Dhá mbeadh duine ag éisteacht leis ar feadh lá fada faoi Fhéil San Seáin, dheamhan iamh a thiocfadh air ach ina chlaibín muilinn mar sin. Tá na daoine sáraithe aige le neart cainte.

Féach freisin

clab

claibín in iontrálacha eile (19)

 
An bhfuil aon chlaibín eile ansin. Ní hin é an claibín atá ag freagairt (atá freagrach) don bhosca seo
 
'Sé an duine is luar liom sa tír a fheiceáil ar mo theallach é. Bíonn sé ina chlaibín muilinn i gcónaí ag coiriúint ar dhuine eicínt. Níl mórán duine ar bith nach ndéanfaidh scaitheamh béadáin uair eicínt, ach is gránna an rud é a choinneáil seadaithe i gcónaí.
 
Tuilleadh diabhail agat! Breá nár choinnigh tú do bhéal ar a chéile, agus ní fhéadfadh aon duine aon bhrabach a fháil ort. Ach níor bheo thú gan a bheith in do chlaibín muilinn i gcónaí. B'fhéidir go n-íocfá ann anois.
 
anuas
Bhí claibín anuas ar an mbacús — leagtha ar a bhéal
 
foras
Ní dhéanfadh sé iamh ná foras ar feadh na hoíche ach ina chlaibín muilinn — ag síorchaint
 
M'anam muise má tá a fhios aige sin é, go bhfuil a fhios ag béal gan foscadh é. Tá sé sin ag imeacht mar a bheadh firéad ann ag smúrthacht i chuile áit, agus níl claibín muilinn ar bith a chinnfeadh air má fhaigheann sé ligean ar scéal
 
Is iontach an claibín muilinn é Micil Ó Maoláin — bíonn ruibh na cainte i gcónaí air; é síoraí ag cur de
 
fáisc
Nach é an claibín atá fáiscthe air! Ní bhainfidh tú é gan pionsúr
 
feasta
Ba cheart duit do bhéal a dhúnadh feasta. Tá tú in do chlaibín muilinn ó tháinig oíche — tá sé in am agat
 
feire
Cén chiall an feire sin a bheith sa mbosca? An ansin a théas an claibín air? groove
 
Seo níl aon ghnaithe agat fruch frach a theacht ort ar aon chor. Tá an mhísc déanta anois. Buail isteach go dtí é agus abair nárbh é do chionn tsiocair é, ach go ndeasóidh tú dhó é. Is fhearr sin ná a dhul dhá cheilt air. Gheobhaidh sé amach ar aon chor gur briseadh é. Níl an oiread foscadh sa té a bhris é agus go bhféadfadh sé a bhéal a choinneáil ar a chéile. Inseoidh sé sin don tír é. Is claibín muilinn ceart é
 
Dhamhnódh an ceann céanna thú le caint agus cabaireacht. Dheamhan iamh a theagas ar a béal ó mhaidin go faoithin ach ina claibín muilinn mar sin ag síor-rá léithe. Ach cá bhfágfadh sí é ach an oiread le scéal
 
danra
Shílfeá go bhfuil an claibín atá ar an mbuidéal dúigh seo an-docht. Is danra é le scriúáil dhe. Dar príosta cinnfidh sé orm
 
Tá deimheas uirthi sin i gcónaí. Is mór an t-ionadh nach dtiocfadh tuirse ar a teanga uair eicínt nuair a bhíos sí ina claibín muilinn i gcónaí — bean agus díle cainte aici i gcónaí
 
docht 2
Nach docht atá sé an diabhal! Ní fhaca mé claibín ar bhuidéal ariamh chomh docht sin. Dheamhan aithne air nach éadáil atá ann
 
díle 1
Shílfeá gurb í an díle a bheadh ag teacht air, bhí an oiread sin falrach cainte air … Mo dhúshlán aon smid a rá ansiúd. Bhí sé ina chlaibín muilinn ó tháinig muid isteach gur imigh muid aríst, agus níl aon cheo ó neamh go talamh nár tharraing sé anuas agus gan cuma ná caoi a chur ar scéal ar bith. Ní túisce a bheadh sé tosaí ar scéal amháin ná a tharraingeodh sé anuas scéal eile. Ach 'sé an cás é, bhí sé ina scéal an ghamhna bhuí ar fad aige faoi dheireadh
 
díol 2
Nach diabhaltaí nach dtabharfá iamh do do bhéal uair eicínt agus gan a bheith in do chlaibín muilinn mar sin. Ag magadh mar dhóigh dhe. Sin é an magadh mar siúd. 'Sé déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh
 
Dheamhan a fhios aige ach an oiread le cúl mo chinn cén chaoi le dhul do mhótar. Chaith sé trí huaire caite ar a dhroim fúithi ansin thoir an lá cheana nó go dtáinig P. T. D'ardaigh sé an claibín sin chun tosaigh. Chas sé cnó eicínt. Bhí sí ag geonaíl aige le iontú do bhoise
 
Nach diabhaltaí daingean a cuireadh an claibín ar an mbuidéal ola a bhí ansin an lá cheana, agus go mb'éigean dúinn pionsúr a thógáil ina éadan