Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Cromnasc
Ainm-fhocal, Baininscneach
gein. cromnasca.
Iolraidh: cromnasca.
Foghar: crúmeasc, cruimeasc — Cois Fhairrge
longcaird; buaithrín; ceangal ar chaora, asal, capall etc. ar leath-taobh, ó'n gcois tosaigh, go dtí an chois deire (air sin a's ar cheangal na caorach go h-áithrid a tugtar i gCois Fhairrge é. "Buaithrín" is mó tugtar ar an rud céadna faoi Chonamara siar; "Longcaird" ar an Achréidh, a's "cromnasc" ar cheangal ar bith ar na cosa. Tugtar "lúngcaird" nó "cosacáin" freisin i gCois-Fhairrge ar "chromnasc". "Cromnasc" — Dúithche Sheoigeach a's Muigheo — ceangal ar chloigeann a's cos tosaigh asail. Féach "buaithrín", "buarach", "cosacáin", "longcaird").
+
Dheamhan thomanta cromnasc a chuir sé ar aon-chaora a' gabhail leis fós i mbliadhna, ach cead scuir aca(b) ar fud na tíre.
Ceannuigh adhbhar glac chromnasc má theigheann tú chuig an siopa. Tá na caoirigh a' déanamh míllteanais, a's ag imtheacht ar chuid chuile dhuine.
TUILLEADH (9) ▼
Dar príosta mara gcuire tú cromnascaí ar na caoirigh sin, a's iad a choinneál ar do chuid fhéin, cuirfe mise 'na gharrdha gabhainn iad, má fhaghaim a' deanamh míllteanais aríst iad.
Má's liom cromnascaí a chuir ar na caoirigh údan, ní mór dhom congnamh le na locadh. Níl a' fiadh fhéin chomh fiadháin le cuid aca(b) siúd.
Bhí cromnasc orra(b) uileag go dtí ceann amháin, ach ná raibh ann nuair a shíl mé breith uirre sin, nár imthigh sí as a' loc orainn! Ar gceann fine ní sháinneochadh aríst í.
Má imthigheann sé aríst as, déanfa mise cleas leis — maistín de chromnasc 'fháisceadh air. Feicfe tú fhéin air, go mbainidh sin an t-uabhar dhe.
Shílfeá go bhfuil cromnasca ar na cearca aice anois.
Níl cromnasc fhéin indon an malluigheadóir d'asal sin a chuibhriú. Chuir mé cromnasc air, tá dhá lá ó shoin, a's meastú nar leag sé brúisc de'n chlaidhe 'na dheidh sin.
Is mór a' carghaos gan an chromnasc a bhaint de'n asal sin thuas, arae tá a chois ithte isteach go cnáimh aice. Ach dar ndóigh má bhaintear dhe í, beidh sí imthighthe faoi scuir aríst.
Maran mian leat cromnasc a bhualadh orra, cuir duine eicínt dá mbuachailleacht, nó má theigheann siad i mbradghail ormsa aríst, cuirfe mé gairm chúirte ort, a's íocfa tú go daor iad. ("Gairm chúirte" — ní leagan nua-aosach é sin, ach sean-leagan atá ann le na cianta. Chreidim go bhfuil leas dhá bhaint as aríst i gcúrsaí dlighe anois).
Má's fearr leat cúirt ná cromnasc, bíodh agad. 'Beatha do dhuine a thoil', a mhic ó. Ach má mhilleann siad (na caoirigh) dubh na h-iongan ormsa aríst, gheobha mé rud in' omós, feicfe tú fhéin air.
+
Caithfe sé cromnasc a chur uirre, má's leis í 'choinneál sa mbaile = bean a mbíodh an-tóir aice a bheith imthighthe.
Má bhíonn tú a' bóithreoireacht mar sin, caithfidhear cromnasc a chur ort, le tú 'cheannsú.
TUILLEADH (3) ▼
Má thogruigheann tú a dhul ann, níl cromnasc a' bith ort = níl bacainn a' bith ort.
InDomhnach má thogruigheann sib 'imtheacht, sin é amach an bealach agaibh. Níl duine a' bith annseo a' cur cromnasc ná buaithrín barrtha a' bith oraibh.
Tá bean agamsa, a's níor mhór dhom cromnasc a chur uirre. Ní mór léithe a dhul a' déanamh aeir gach Domhnach sa mbliadhain, a's cúram a' tighe a fhágáil ormsa.

Féach freisin

Cromnasc in iontrálacha eile (4)

 
bior
Caithfe tú an t-asal sin a cheangal — cromnasc nó rud eicínt a chuir air, a cheannsóchas a's a smachtóchas é — arae, tá bior air, go dteighe sé thar chlaidhe na comharsan.
 
deis
Deirimse cuibhriú leat. 'Ar ndú níor chuir tú aon-deis chuibhrighthe air. Bhí sé cho maith dhuit an t-asal sin a leigean ar an scuir, len a chur isteach ingarrdha gan cromnasc. An cás céadna
 
diabhal 2
Ag an diabhal go raibh sé fhéin agus a asal nach gcuireann sé cromnasc air ar nós chuile asal san tír!
 
Measaim nachar mhór cromnasc a chur ar an ngamhain sin. Tá sé ag dul 'un bradaola (bradghaile)