Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cromnasc
ainmfhocal, baininscneach
iolra: cromnasca
ginideach: cromnasca
foghar: crúmeasc, cruimeasc — Cois Fharraige
loncaird; buairthín; ceangal ar chaora, asal, capall srl. ar leataobh, ón gcois tosaigh go dtí an chois deiridh; air sin agus ar cheangal na caorach go háirid a tugtar i gCois Fharraige é. Buairthín is mó tugtar ar an rud céanna faoi Chonamara siar; Loncaird ar an Achréidh, agus cromnasc ar cheangal ar bith ar na cosa. Tugtar lúngcairdcosacán freisin i gCois Fharraige ar cromnasc. Cromnasc — Dúiche Sheoigheach agus Maigh Eo — ceangal ar chloigeann agus cos tosaigh asail. fc. buairthín, buarach, cosacán, loncaird.
+
Dheamhan thiomanta cromnasc a chuir sé ar aon chaora ag gabháil leis fós i mbliana ach cead scoir acub ar fud na tíre.
Ceannaigh ábhar glac chromnasc má théann tú chuig an siopa. Tá na caoirigh ag déanamh millteanais agus ag imeacht ar chuid chuile dhuine.
TUILLEADH (9) ▼
Dar príosta mura gcuire tú cromnascaí ar na caoirigh sin, agus iad a choinneáil ar do chuid fhéin, cuirfidh mise 'na gharraí gabhainn iad má fhaighim ag déanamh millteanais aríst iad.
Más liom cromnascaí a chur ar na caoirigh údan, ní mór dhom cúnamh lena locadh. Níl an fia fhéin chomh fiáin le cuid acub siúd.
Bhí cromnasc orthub uileag go dtí ceann amháin, ach ná raibh ann nuair a shíl mé breith uirthi sin, nár imigh sí as an loc orainn! Ár gceann fine ní sháinneodh aríst í.
Má imíonn sé aríst as, déanfaidh mise cleas leis — maistín de chromnasc a fháscadh air. Feicfidh tú fhéin air go mbaine sin an t-uabhar dhe.
Shílfeá go bhfuil cromnasca ar na cearca aici anois.
Níl cromnasc fhéin in ann an mallaíodóir d'asal sin a chuibhriú. Chuir mé cromnasc air, tá dhá lá ó shin, agus meas tú nár leag sé brúisc den chlaí ina dhiaidh sin.
Is mór an carghas gan an chromnasc a bhaint den asal sin thuas, arae tá a chois ite isteach go cnáimh aici. Ach dar ndóigh, má bhaintear dhe í, beidh sí imithe faoi scoir aríst.
Muran mian leat cromnasc a bhualadh orthu, cuir duine eicínt dá mbuachailleacht, nó má théann siad i mbradaíl ormsa aríst, cuirfidh mé gairm chúirte ort agus íocfaidh tú go daor iad ("Gairm chúirte" — ní leagan nua-aoiseach é sin, ach seanleagan atá ann le na cianta. Chreidim go bhfuil leas dhá bhaint as aríst i gcúrsaí dlí anois)
Más fearr leat cúirt ná cromnasc, bíodh agat. Beatha do dhuine a thoil, a mhic ó. Ach má mhilleann siad (na caoirigh) dubh na hiongan ormsa aríst, gheobhaidh mé rud ina ómós, feicfidh tú fhéin air.
+
Caithfidh sé cromnasc a chur uirthi, más leis í a choinneáil sa mbaile — bean a mbíodh an-tóir aici a bheith imithe.
Má bhíonn tú ag bóithreoireacht mar sin, caithfear cromnasc a chur ort le tú a cheansú.
TUILLEADH (3) ▼
Má thograíonn tú a dhul ann, níl cromnasc ar bith ort — níl bacainn ar bith ort.
I nDomhnach má thograíonn sibh imeacht, sin é amach an bealach agaibh. Níl duine ar bith anseo ag cur cromnasc ná buairthín barrtha ar bith oraibh.
Tá bean agamsa agus níor mhór dhom cromnasc a chur uirthi. Ní mór léithe a dhul ag déanamh aeir gach Domhnach sa mbliain, agus cúram an tí a fhágáil ormsa.

Féach freisin

cromnasc in iontrálacha eile (5)

 
bior
Caithfidh tú an t-asal sin a cheangal — cromnasc nó rud eicínt a chur air a cheansós agus a smachtós é — arae tá bior air go dté sé thar chlaí na comharsan.
 
deis
Deirimse cuibhriú leat. Ar ndóigh níor chuir tú aon deis chuibhrithe air. Bhí sé chomh maith dhuit an t-asal sin a ligean ar an scoir lena chur isteach i ngarraí gan cromnasc. An cás céanna
 
diabhal 2
Ag an diabhal go raibh sé fhéin agus a asal nach gcuireann sé cromnasc air ar nós chuile asal sa tír!
 
Ní chorróidh sé anois, feicfidh tú fhéin air. Tá dlúthcheangal air: a chloigeann buailte ar a chosa agus cromnasc ina cheann sin
 
Measaim nár mhór cromnasc a chur ar an ngamhain sin. Tá sé ag dul chun bradaíola