Créatúlacht
—ainm-fhocal, baininscneach
—geineamhnach — "créatúlachta".
—Foghar — amanntaí déantar t ar éigin de'n c tosaigh — tréatúlacht
—
leath-chuma; éagcóir mhór; creachadh; sladadh; tíorántacht; sléacht; mísc; spídeamhlacht; splíontaidheacht.
+–
D'ágruigh Dia air é, faoi bheith 'déanamh créatúlacht' ar dhaoine bochta mar sin. Rinne sé do-ní ar fhéin as a dheire.
'San am ba mhó a raibh sé a' déanamh créatúlacht' ar a chuid tionóntaí, leagadh dhá chapall é, a's é 'fiadhach lá. Ó'n lá sin amach, níor ól sé aon-deoir bhainne slainte. Bhuail aicíd eicínt é dlúth 'na dhiaidh, a's shaothruigh sé an bás go maith.
TUILLEADH (6) ▼
Chaith sé amach baintreabhach annsin thiar a bhí taobh le páiste amháin. Bhí sagart óg ar a' gC. an t-am céadna, a's dubhairt sé go bhfeicfí na B. fós, a's gan in a gcuid tighthe móra ach na carógaí. Tháinic an tairngearacht annsin isteach fíor. Dheamhan teach mór dá raibh a' gabhail leo(b) nach bhfuil bánuighthe anois, a's tá leághadh chubhar na h-abhann orra(b) fhéin. Ba bheag a' scéal iad. Is iomdha créatúlacht a rinne siad ar dhílleachtaí a's ar dhaoine bochta.
Ó ar chuala tú ariamh é, 'má's feall filleann'. 'Sé raibh de bharr na créatúlachta ag na tighearnaí sa deire, cuid mhaith aca(b) a chriogadh, a's iad a dhóghadh a's a loisceadh as teach a's árus.
Má rinne sé an chréatúlacht foillseocha Dia é fhéin air, luath nó mall.
Dheamhan ar dearnadh an oiread créatúlacht' ariamh i gcaitheamh an tsaoghail ar na daoine a's atá dhá dhéanamh anois. Bhí na tighearnaí sáthach dona, ach ba bheag a' bhrigh iad ar ghualainn na siopadóirí atá ann anois. Tá'n tír bánuighthe aca(b).
Ba mhaith an aghaidh air é 'mharbhú. Is iomdha créatúlacht a rinne sé fhéin, a's a liachtaighe duine bocht a chuir sé de dhruim tighe.
Ar chuala tú ariamh é: 'is mairg a bheadh go h-olc a's go bocht 'na dhiaidh'. Chaith sé a shaoghal a' déanamh créatúlachta a' bith d'fhéadfadh sé, a's dheamhan luach a bhéilidhe aige anois.
Féach freisin
Créatúlacht in iontrálacha eile (14)
→
freagair
Marach go ndearna siad fhéin íosbairt agus créatúlacht, ní fhreagródh Dia orra anois é. Ní ritheann le duine ach tamall
→
comaoin
Tuille ghéar chascartha de'n mhíádh ag Sasana anois. Pébrí céard a gheobhfadh sí, ní bheadh sí a fhaghail ach cumaoin a láimhe féin. Ba mhaith uaithe fhéin créatúlacht a dhéanamh.
Foillseocha Dia É fhéin, ar a' té a dhéanfas an éagcóir. Is iomdha créatúlacht a rinne an diabhlánach sin ar dhaoine bochta, ach tá sé fhéin a' faghail cothromacan síne na h-uaire anois, a's dheamhan mórán cáis ag aon-duine céard a gheobhfas sé, ach oiread.
→
coraice
Coruice dhubh an gheimhridh a bhí ann, a's caitheadh na créatúir amach as a' teach, a's fáisceadh glas air in a n-aghaidh. Dheamhan créatúlacht a chonnaic tú ariamh mar é, a's gan teach ná árus aca(b), ná áit a gcuirfidís tharta(b) an oidhche.
→
críoch
Ní fhéadfadh aon-chríoch ar foghnamh a bheith ar a' gceann céadna arae ba h-olc é fhéin, agus is iomdha créatúlacht a rinne sé ar bhoicht na tíre.
→
bocht 1
Rinne siad créatúlacht ar a' duine, chomh uain's fuair siad a chead, ach d'eirigh an duine bocht in a mullach fhéin as deire na cúise (na tighearnaí talmhana).
Séiplíneach óg a bhuail faoi, a's é ar a' gceird sin, a' bánú tighthe, a's a' déanamh créatúlacht' ar bhaintreabhachaí. Níor chuir a' séiplíneach aon-araoid air, gur ionnsuigh sé fhéin é, idtosach. Annsin dubhairt a' séiplíneach leis, go mbeadh a' féar fós a' fás ar urlár a phárlúis. Tháinic a' méid sin isteach fíor. Níl cloch ar fhuaid a' tighe mhóir indiu (scéal faoi thighearna talmhana a ndearna séiplíneach eascanaidhe air, má's fíor).
→
deasú
Sin é an deasú anois ar an mbrothtuinn sin! Rath na raithnighe orra! Rinne siad créatúlacht iad fhéin ar an tír, ach b'fhéidir go dtiocfadh sé ar ais ar a méis féin anois aca!
→
diaidh
Ní bheinnse in a dhiaidh ar Shasana, dhá bhfaghadh sí a sheacht n-oiread. Thuill sí é. Ba mhaith uaithe féin créatúlacht a dhéanamh chomh uain agus a d'fhéad sí
Tá caint mhór ag Sasana ar na dlighteanais atá amuigh aice ar an tír seo, ach níl caint ar bith aice gur bhain sí amach ar gcuid talmhana le créatúlacht, agus go bhfuil sí anois ag iarraidh orainn a íoc ar ais léithe. Déirce dhá chuid féin do'n amadán. 'Seadh inDomhnach. Is fir gan fuil iad muintir na h-Éireann má thugann siad "na h-Annuities" di. Ach tá cuid aca ag strócántacht ag iarraidh a dtabhairt di. Muid féin a dhíol a chéile ariamh — ariamh ins an saoghal
Sin é adeireadh N. Th. i gcomhnuí. "Mhaithfinn droch-mhúineadh agus drabhlás agus dithcéille do dhuine" adeireadh sé. "Mhaithfinn créatúlacht agus géireadas dó. Ach tá rud amháin nach maithfinn d'aonduine agus sin é an doicheall. Teigheann an doicheall go smior"
→
dorn
Is iomdha créatúlacht a rinne sé ariamh. Ach b'fhurasta dhó agus an saoghal a bhí ann an uair sin. 'Séard a bhí ann sa saoghal sin: an fear ab fhearr dorna 'sé ab fhearr corna de'n fheoil
→
dólámh
Marbhóchaidh siad na Gearmánaigh dólámh anois, ó d'eirigh leo a bhfáil faoina spreacadh. Is iomdha créatúlacht a rinne na diabhail ariamh, agus níor fhreagair Dia orra é in a dheidh sin. Ach níl againn a rádh ach tús na breithe ag Mac Dé!
Tá mé ag dul faoi dhuit nach raibh baint ná páirt agamsa le do réithe. Ní bhfuair mise ariamh ar mo chuid é ach uair amháin, agus ní dhearna mé níos airde leis an uair sin ná a dhíbirt soir thar tórainn aríst. Dar a shon a rachainnse ag déanamh créatúlacht ar do réithe. Má rinneadh leis é, ní mise ná aonduine in mo theach a rinne é. B'fhearr liom go mór thú a thabhairt 'un dlí faoi fhoghail, ná a dhul ag déanamh a leithide de chleas