Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
créatúlacht
ainmfhocal, baininscneach
ginideach: créatúlachta
foghar: amantaí déantar t ar éigean den c tosaigh — tréatúlacht
leathchuma; éagóir mhór; creachadh; sladadh; tíorántacht; sléacht; mísc; spídiúlacht; splíontaíocht.
+
D'agraigh Dia air é faoi bheith ag déanamh créatúlachta ar dhaoine bochta mar sin. Rinne sé dubhní ar fhéin as a dheireadh.
San am ba mhó a raibh sé ag déanamh créatúlachta ar a chuid tionóntaí, leagadh dhá chapall é agus é ag fiach lá. Ón lá sin amach, níor ól sé aon deoir bhainne sláinte. Bhuail aicíd eicínt é dlúth ina dhiaidh, agus shaothraigh sé an bás go maith.
TUILLEADH (6) ▼
Chaith sé amach baintreach ansin thiar a bhí taobh le páiste amháin. Bhí sagart óg ar an gC. an t-am céanna, agus dúirt sé go bhfeicfí na B. fós agus gan ina gcuid tithe móra ach na carógaí. Tháinig an tairngreacht ansin isteach fíor. Dheamhan teach mór dá raibh ag gabháil leob nach bhfuil bánaithe anois, agus tá leá chúr na habhann orthub fhéin. Ba bheag an scéal iad. Is iomaí créatúlacht a rinne siad ar dhílleachtaí agus ar dhaoine bochta.
Ó ar chuala tú ariamh é, más feall filleann. 'Sé raibh de bharr na créatúlachta ag na tiarnaí sa deireadh, cuid mhaith acub a chniogadh agus iad a dhó agus a loscadh as teach is áras.
Má rinne sé an chréatúlacht, foilseoidh Dia é fhéin air luath nó mall.
Dheamhan ar dearnadh an oiread créatúlachta ariamh i gcaitheamh an tsaoil ar na daoine agus atá dhá dhéanamh anois. Bhí na tiarnaí sách dona, ach ba bheag an bhrí iad ar ghualainn na siopadóirí atá ann anois. Tá an tír bánaithe acub.
Ba mhaith an oidhe air é a mharú. Is iomaí créatúlacht a rinne sé fhéin agus a liachtaí duine bocht a chuir sé de dhroim tí.
Ar chuala tú ariamh é: is mairg a bheadh go holc agus go bocht ina dhiaidh. Chaith sé a shaol ag déanamh créatúlachta ar bith a d'fhéadfadh sé, agus dheamhan luach a bhéilí aige anois.

Féach freisin

créatúlacht in iontrálacha eile (13)

 
Murach go ndearna siad fhéin íospairt agus créatúlacht, ní fhreagródh Dia orthu anois é. Ní ritheann le duine ach tamall
 
Tuilleadh ghéar choscartha den mhí-ádh ag Sasana anois. Pé brí céard a gheobhadh sí, ní bheadh sí a fháil ach comaoin a láimhe féin. Ba mhaith uaithi fhéin créatúlacht a dhéanamh.
 
Foilseoidh Dia é fhéin ar an té a dhéanfas an éagóir. Is iomaí créatúlacht a rinne an diabhlánach sin ar dhaoine bochta, ach tá sé fhéin ag fáil cothromacan síne na huaire anois, agus dheamhan mórán cáis ag aon duine céard a gheobhas sé ach oiread.
 
Coraice dhubh an gheimhridh a bhí ann, agus caitheadh na créatúir amach as an teach, agus fáisceadh glas air ina n-aghaidh. Dheamhan créatúlacht a chonaic tú ariamh mar é, agus gan teach ná áras acub ná áit a gcuirfidís thartub an oíche.
 
Ní fhéadfadh aon chríoch ar fónamh a bheith ar an gceann céanna, arae ba holc é fhéin agus is iomaí créatúlacht a rinne sé ar bhoicht na tíre.
 
bocht 1
Rinne siad créatúlacht ar an duine, chomhuain is a fuair siad a chead, ach d'éirigh an duine bocht ina mullach fhéin as deireadh na cúise (na tiarnaí talúna).
 
deasú
Sin é an deasú anois ar an mbratainn sin! Rath na raithní orthu! Rinne siad créatúlacht iad fhéin ar an tír, ach b'fhéidir go dtiocfadh sé ar ais ar a méis féin anois acu!
 
diaidh
Ní bheinnse ina dhiaidh ar Shasana, dhá bhfaigheadh sí a sheacht n-oiread. Thuill sí é. Ba mhaith uaithi féin créatúlacht a dhéanamh chomhuain is a d'fhéad sí
 
Tá caint mhór ag Sasana ar na dliteanais atá amuigh aici ar an tír seo, ach níl caint ar bith aici gur bhain sí amach ár gcuid talúna le créatúlacht, agus go bhfuil sí anois ag iarraidh orainn a íoc ar ais léithe. Déirce dhá chuid féin don amadán. Sea i nDomhnach. Is fir gan fuil iad muintir na hÉireann má thugann siad na hannuities di. Ach tá cuid acu ag strócántacht ag iarraidh a dtabhairt di. Muid féin a dhíol a chéile ariamh — ariamh sa saol
 
Sin é adeireadh N. Th. i gcónaí. 'Mhaithfinn drochmhúineadh agus drabhlás agus díth céille do dhuine,' adeireadh sé. 'Mhaithfinn créatúlacht agus géaradas dó. Ach tá rud amháin nach maithfinn d'aon duine agus sin é an doicheall. Téann an doicheall go smior'
 
dorn
Is iomaí créatúlacht a rinne sé ariamh. Ach b'fhurasta dhó agus an saol a bhí ann an uair sin. Séard a bhí ann sa saol sin: an fear ab fhearr dorna, 'sé ab fhearr corna den fheoil
 
Maróidh siad na Gearmánaigh dólámh anois ó d'éirigh leo a bhfáil faoina spreacadh. Is iomaí créatúlacht a rinne na diabhail ariamh, agus níor fhreagair Dia orthu é ina dhiaidh sin. Ach níl againn a rá ach tús na breithe ag Mac Dé!
 
Tá mé ag dul faoi dhuit nach raibh baint ná páirt agamsa le do reithe. Ní bhfuair mise ariamh ar mo chuid é ach uair amháin, agus ní dhearna mé níos airde leis an uair sin ná a dhíbirt soir thar tórainn aríst. Dar a shon a rachainnse ag déanamh créatúlacht ar do reithe. Má rinneadh leis é, ní mise ná aon duine in mo theach a rinne é. B'fhearr liom go mór thú a thabhairt chun dlí faoi fhoghail ná a dhul ag déanamh a leithide de chleas