Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Contanás
ainm-fhocal firinscneach.
Foghar — cún'tunás go h-iondamhail, ach con'-tun-ás amannta.
sibhialtacht, moiglidheacht, séimhe, mánlacht, fáilidheacht.
+
Is beag a' chontanás é le aonduine = ní bhíonn sé séimh ná sibhialta le aonduine; ní thiubhrad sé sásamh d'aonduine; níl sé moiglidhe ná fáilidhe.
Is beag a' contanás atá le faghail uaidh siúd, deirimse leat. Shílfeá gur mó an rún a bheadh aige duine 'ionnsuidhe, go mór, dhá gceapad sé go bhfuigheadh sé an ceann is fhearr air.
TUILLEADH (4) ▼
Ní fheicim fear a' bith is lugha contanás ná é do'n duine bhocht. Cé'n bhrigh, ach gur as an lathaigh a d'eirigh sé fhéin.
Bíodh contanás eicínt ionnad fhairis sin, a's labhair sibhialta le na daoine. Níor bhris deagh-fhocal fiacail ariamh, tá fhios aghad.
Dheamhan blas de'n cheart nach ndearna tú leis, má bhí sé ar a laghad contanóis, a's nach laibhreochadh sé leat.
Duine ar bith a bhfuil aon-phighinn sa mbeainnc siúd aige, tá contanás dó ann. Ara craithfear lámha leis a mhic ó, a's tá sé in a 'sir' annseo, a's in a 'sir' annsiúd. Ach má theigheann créatúr bocht isteach ann ag iarraidh 'trifle' ar áirleacan, is cam na streillí a chuirfeas siad orra(b) fhéin leis.
+
An té nach bhfuil a' cúl toraic aige ní call d'aonduine aon-chontanás a bheith aige dhó.
Beidh mise ar bheagán contanás leis an mbodach sin, feicfe tú fhéin.
TUILLEADH (8) ▼
Dhá mbadh é sagart a' pharáiste é, dheamhan contanás aige siúd dó.
Pugarlach mhaith é sin, nach bhfuil aon-chontanás aige d'aonduine.
Mara mbí aon-chontanás aige liomsa, dheamhan a mbeidh aige ach malrait, feicfe sé fhéin air.
An té nach bhfuil aon-chontanás aige dhom, níl aon-chontanás agam dó.
Ní chuirfeadh sé tada as dó, contanás fhairis sin a bheith aige do na daoine.
Mara bhfuil aon-chontanás fhéin aige dhom mh'anam gur beag sin agham, lá's nach bhfuil aon-bheann agham air.
Is beag a' contanás atá ag an bplíoma de shiopadóir sin d'aonduine a bhfuil leithphighinn ruadh glighte air (glighte = dlighte) ann. Ach mise imbannaí má thagann aon-duine isteach a bhfuil bruigh-shléacht a' bith air, gur aige a bheidheas an fháilte a's an chraitheadh lámha roimhe.
Tá sé siúd chomh leitheadach anois, a's nach bhfuil contanás aige d'aonduine, ach a' té a bhfuil 'collar a's tie' air. Is gearr nach mbeannócha sé do dhaoine tíre chor a' bith.
+
Duine bradach brúisceamhanta gan contanás a' bith é S. Mh. Is minic a bhí sé in áithrid a bhuailte, a's thug sé na h-aobha leis in a dheidh sin.
Sin é an mac atá gan contanás ná carthannas. Dheamhan sásamh a thiubharfad sé do Naomh as na Flaithis.
TUILLEADH (2) ▼
Is fada an ceann céadna a' tuaradh an méid sin dó fhéin. Bhí sé gan contanás, gan cuibheas a' bith. Níl imnidhe 'bith orm ach nar buaileadh a cheart air.
Fear gan contanás é. Go bhfeacha Dia ar na créatúir a chaithfeas éisteacht leis, ó mhaidin go faoithin.

Féach freisin