cuntanós
—ainmfhocal, firinscneach
—foghar: cún'tunás go hiondúil, ach con'-tun-ás amanta.
—
sibhialtacht, moiglíocht, séimhe, mánlacht, fáilíocht.
+–
Is beag an chuntanós é le aon duine — ní bhíonn sé séimh ná sibhialta le aon duine; ní thabharfadh sé sásamh d'aon duine; níl sé moiglí ná fáilí.
Is beag an cuntanós atá le fáil uaidh siúd, deirimse leat. Shílfeá gur mó an rún a bheadh aige duine a ionsaí go mór, dhá gceapadh sé go bhfaigheadh sé an ceann is fhearr air.
TUILLEADH (4) ▼
Ní fheicim fear ar bith is lú cuntanós ná é don duine bhocht. Cén bhrí, ach gur as an lathaigh a d'éirigh sé fhéin.
Bíodh cuntanós eicínt ionat thairis sin, agus labhair sibhialta le na daoine. Níor bhris dea-fhocal fiacail ariamh, tá a fhios agat.
Dheamhan blas den cheart nach ndearna tú leis, má bhí sé ar a laghad cuntanóis agus nach labhródh sé leat.
Duine ar bith a bhfuil aon phínn sa mbainc siúd aige, tá cuntanós dó ann. Ara croithfear lámha leis a mhic ó, agus tá sé ina sir anseo, agus ina sir ansiúd. Ach má théann créatúr bocht isteach ann ag iarraidh trifle ar airleacan, is cam na streillí a chuirfeas siad orthub fhéin leis.
+–
An té nach bhfuil an cúl toraic aige, ní call d'aon duine aon chuntanós a bheith aige dhó.
Beidh mise ar bheagán cuntanós leis an mbodach sin, feicfidh tú fhéin.
TUILLEADH (8) ▼
Dhá mba é sagart an pharóiste é, dheamhan cuntanós aige siúd dó.
Pugarlach mhaith é sin, nach bhfuil aon chuntanós aige d'aon duine.
Mura mbí aon chuntanós aige liomsa, dheamhan a mbeidh aige ach malrait, feicfidh sé fhéin air.
An té nach bhfuil aon chuntanós aige dhom, níl aon chuntanós agam dó.
Ní chuirfeadh sé tada as dó cuntanós thairis sin a bheith aige do na daoine.
Mura bhfuil aon chuntanós fhéin aige dhom, mh'anam gur beag sin agam, lá is nach bhfuil aon bheann agam air.
Is beag an cuntanós atá ag an bplíoma de shiopadóir sin d'aon duine a bhfuil leithphínn rua glite air ann (glite = dlite). Ach mise i mbannaí, má thagann aon duine isteach a bhfuil bruithshléacht ar bith air, gur aige a bheas an fháilte agus an chroitheadh lámha roimhe.
Tá sé siúd chomh leitheadach anois agus nach bhfuil cuntanós aige d'aon duine ach an té a bhfuil collar is tie air. Is gearr nach mbeannóidh sé do dhaoine tíre chor ar bith.
+–
Duine bradach brúisciúnta gan cuntanós ar bith é S. Mh. Is minic a bhí sé in áirid a bhuailte, agus thug sé na haobha leis ina dhiaidh sin.
Sin é an mac atá gan cuntanós ná carthanas. Dheamhan sásamh a thabharfadh sé do Naomh as na flaithis.
TUILLEADH (2) ▼
Is fada an ceann céanna ag tuaradh an méid sin dó fhéin. Bhí sé gan cuntanós, gan cuibheas ar bith. Níl imní ar bith orm ach nár buaileadh a cheart air.
Fear gan cuntanós é. Go bhféacha Dia ar na créatúir a chaithfeas éisteacht leis ó mhaidin go faoithin.
cuntanós in iontrálacha eile (8)
Is beag duine a chonaic mé chomh daoithiúil le T. Sh. an mhaidin ar cailleadh í seo go ndéana Dia grásta uirthi. Chuaigh mé síos gur chuir mé ina shuí é go bhfaighinn braon fuisce lena leagan amach. Ní raibh cuntanós ar bith ann dhá bhfaca tú in aon duine ariamh, mura faoina chur ina shuí é, nó eile. Tá a shliocht air: níor thaobhaigh mise ó shin é, ná ní thaobhód más fada gearr a bheas mé ar an saol
→
dathúil
Tá sí sách dathúil ag fear ar bith. Agus tá cuntanós aici le na daoine rud nach bhfuil ag cuid mhaith dhá samhail. Is minic, adeir siad, gránna geanúil agus dathúil dona
→
deascán
Duine as an deascán a bhfuil sé mór leis, ach an té a bhfuil, dhéanfadh sé soilíos ar bith faoin ngréin ghil dhó. Ach ar an gcóir céanna an té nach dtaitníonn leis, is beag a chuntanós a bheas aige leis. D'ionsódh sé é ar iontú an tsoip
Is doicheallaí go mór é roimh a mhuintir fhéin ná roimh an strainséara. Diabhal mé go mbíonn an-chuntanós aige don strainséara; ach duine ar bith a theagas ag brú aon smearachán gaoil air, bíodh sé sin ar a shon féin. Níl aige ach a rá chor ar bith go bhfuil an gaol ann, agus gheobhaidh sé an bóthar amach. An cuimhneach leat anuraidh an t-am ar tháinig mac J. Sh. Bh. ann …
Is olc an bhean díolacháin í. Tá sí róchuntasach. Dá mbeifeá ag síneadh leathchéad punt amach aici, agus dhá mbeadh an bille leithphínn le cois, d'fhanfadh sí go bhfaigheadh sí an leithphínn. Sin é an sórt duine í. Ní mhaithfeadh sí tada dhuit. Níl a díol cuntanóis inti ach oiread leis an té a thiocfas isteach chuici. Ní mór do bhean díolacháin a bheith fáilí i gcónaí …
→
díol 2
Níl cuntanós ar bith ag na cléireachaí dole sin d'aon duine. Thug mé páipéar isteach acu uair. Rug cléireach air. Bhreathnaigh sé air, ar éigean. Chaith sé uaidh é agus bhuail sé cic air. Thug sé chuile dhíol orm nuair nach dtáinig mé isteach aige an lá roimhe sin leis. Agus gan dlús ar bith leis an bpáipéar go ceann míosa dá dtograínn é!