Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
contanásach
Aidiachta as contanás
·
Ní chuirfe sé, tada as d'aonduine a bheith contanásach le 'chuile dhuine. Is maith nach mór do dhuine a bhealach a dhéanamh, bíodh 'fhios agad.
Is maith contanásach nach mór dhuit a bheith leis an mboc údaidh, nó buailfe sé lán do chraicinn ort. Ní mór leis 'chuile dhuine a bheith faoi bhois a' chait aige.
+
Níl sé contanásach chor a' bith mar bheadh fear. Brúisc bhradach é.
Mara mbí tú contanásach thar mar tá tú, is beag a' ghna(ithe) atá in aon-áit aghad. Leabharsa is gearr a éistfidhear leat ach a bhfága tú an baile.
TUILLEADH (4) ▼
Bí contanásach in a láthair siúd, má tá do leas ar Dhia. Siúd é nach bhfuil a' scruball aige an duine a bhualadh ná a dhonughadh.
An té atá contanásach, a's a iomchruigheas é fhéin go múinte, ní racha aon-araoid air, in aon-áit.
Bí contanásach choidhchin leis a' bhfear aniar. Ní deagh-éadáil é go minic le ceist a' bith a chuir air.
Ní bheadh Tom Sh. contanásach i láthair sagairt ná easbuig. Dá mbadh é an té ba mheasa leat beo é, leigfead sé amach a chuid droch-éisc in a láthair.

Féach freisin