Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cuntanósach
aidiacht as cuntanós
·
Ní chuirfidh sé tada as d'aon duine a bheith cuntanósach le chuile dhuine. Is maith nach mór do dhuine a bhealach a dhéanamh, bíodh a fhios agat.
Is maith cuntanósach nach mór dhuit a bheith leis an mboc údaí nó buailfidh sé lán do chraicinn ort. Ní mór leis chuile dhuine a bheith faoi bhois an chait aige.
+
Níl sé cuntanósach chor ar bith mar a bheadh fear. Brúisc bhradach é.
Mura mbí tú cuntanósach thar mar atá tú, is beag an ghnaithe atá in aon áit agat. Leabharsa, is gearr a éistfear leat ach a bhfága tú an baile.
TUILLEADH (4) ▼
Bí cuntanósach ina láthair siúd, má tá do leas ar Dhia. Siúd é nach bhfuil an scrupall aige an duine a bhualadh ná a dhonú.
An té atá cuntanósach, agus a iompraíos é fhéin go múinte, ní rachaidh aon araoid air in aon áit.
Bí cuntanósach choíchin leis an bhfear aniar. Ní dea-éadáil é go minic le ceist ar bith a chur air.
Ní bheadh Tom Sh. cuntanósach i láthair sagairt ná easpaig. Dá mba é an té ba mheasa leat beo é, ligfeadh sé amach a chuid drochéisc ina láthair.

Féach freisin