Cunntas
—ainm-fhocal, firinscneach
—iolraidh — cunntais
—foghar — cúnntas go h-iondamhail i gConamara. Cunntas — Achréidh. Sin é 'fhearacht ag an aidiacht é
1.
bille, suim etc. (féach Foclóir Uí Dhuinnín).
a.
+–
Coinnigh cunntas ar sin anois. = comhaireamh, cuimne.
Dheamhan cunntas a' bith atá tú indon a choinneál in imirt = ní bheitheá indon an t-airgead ná'n bonn a chomhaireamh.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan cunntas a' bith aige = níl sé indon rud ar bith i gcúrsaí figiúirí a dhéanamh suas.
Ceadh nach bhfuil aon-rath leat le cunntas? = tuige nach bhfuil féith an áirimh ionnad ("cunntas" a thugas go leor de ghasúir Chonamara ar "Arithmetic").
An fear maith cunntais thú? = 'bhfuil aon-rath ort le figiúirí
+–
Tá fataí gan chunntas aige = go barr-bachall; an cuimse fataí.
Bhí daoine gan chunntas ann.
TUILLEADH (3) ▼
Bhí ól gan chunntas le faghail ann, an té a raibh dúil aige ann, ach bhí sé ag (d)ul i m'aghaidh fhéin ar fad.
Tá airgead gan chunntas aige.
'Bhí fuisce fairsing ann, a's ól dhá roinnt ann; a's biadh gan chunntas ag fear le fághail' ("Inghean Frainnc Mhac Confhaola").
·
Tá an aimsir as cunntas ar fad (annamh) = uair fíor-choimhthigheach í, nó droch-uair chríochnuighthe; níl cinneadh léithe.
Tá'n scéal sin as cunntas ar fad = doi-chreidthe; uathbhásach
b.
Cléireach cunntais: cléireach a mbeadh cúram cunntas air.
·
'Bhfuil fhios agad cé'n cléireach cunntais atá ag M. M. anois?
Marach chomh maith a's bhí mé ar mo mhaidí, dhéanfadh an cléireach cunntais a bhí ann cneamhaireacht orm.
c.
Leabhar a' chunntais = leabhar siopadóra nó a leithide; leabhar áirimh; leabhar atá in ainm's a bheith ag Dia igcóir cionnta a's deagh-oibreacha na ndaoine.
·
Nuair 'osclóchas Dia Leabhar a' Chunntais, a's Scáthan a' Chirt atá dhá h-iomchur' (Rafteri)
Níl deagh-rud ná droch-rud, dá ndéanfa duine, nach mbeidh roimhe annsiúd ar Leabhar a' Chunntais.
·
D'oscail sé leabhar a' chunntais a's thosuigh sé ag innseacht amach dhá raibh istigh, a raibh tóigthe agam (siopadóir)
d.
Lá an Chunntais = Lá an tSléibhe; Lá Sliabh Sióin; Lá an Bhreitheamhnais.
e.
Lá an Chunntais = an lá cáirde; lá na díoluigheachta.
+–
Foighid ort go dtaga lá an chunntais. Feicfe tú fhéin, céard a bheidheas thíos do'n phlúr an lá sin.
Is maith é 'an tógáil' (earraidhthe a fhaghail ar áirleacan) go dtí lá an chunntais.
TUILLEADH (5) ▼
Ní h-ionann lá an chunntais a's lá na méise (cineál leath-fhocail). (Tá blas milis ar an earradh lá a h-ithte, ach blas searbh lá na díoluigheachta).
Is díoluidhe maith é 'chuile fhear go dtí lá an chunntais (nó "an lá cáirde") = geallann an té a "thóigeas" an rud go n-íoca sé é, a's go bhfuil sé in acmhuinn a íoctha, ach nuair a thagas an lá cáirde, is minic nach mbíonn.
Lá an chunntais a chuirfeas aithmhéala ar do bholg. = beidh aithmhéala ort an lá sin, gur ith tú nó gur "thóig" tú an oiread.
Dhéanfadh leithphighinn bó mhór dhíot, lá an chunntais = dhá mbeitheá leithpighinn gearr lá na díoluigheachta, ní bheadh an cunntas glanta, a's cuirfidhe amach ort nach raibh tú indon freastal do do dhlighteanais. Ar a' gcóir chéadna, níor dhóchaide ar bith é, dhá mbeitheá indon an cunntas a íoc go dtí an chianóig dheire, nó déarfaidhe go mbadh fear airgid thú.
Is ridire é 'chuile fhear go dtí lá an chunntais = bíonn sé de cháil ar chuile dhuine go mbíonn saidhbhreas aige go dtí lá na díoluigheachta.
f.
+–
Déan suas mo chúnntas (mo chunntas). Beidh mé ag imtheacht indiu = an méid tuarastail atá le faghail agam (spailpín).
Rinne sé suas mo chunntas contráilte = siopadóir a's bille earraidhthe.
TUILLEADH (2) ▼
Sin é fhéin an cunntas cam atá aige sin! (mar dhóigh dhe go ndéanadh an siopadóir cneamhaireacht ar na daoine a "thóigeadh" earraidhthe uaidh).
Tá sé chomh maith dhuit an cunntas sin a dheanamh amach dom, go n-íoca mé as láimh é.
·
Cuir an scilling sin igcunntas freisin = cuir isteach leis an airgead eile nó leis an mbille í.
2.
·
Chuir sé cúnntas abhaile as Meiriocá faoi sin = scéala, cur síos.
Níl aon-chunntas agam air = áireamh, tuairisc, scéala.
Cunntas in iontrálacha eile (3)
+
→
bealach
Dhá phunt as bealach a bhí an cunntas. Dhá mbaintí an méid sin de dhuine, deirimse leat, go n-aireochadh sé é.
TUILLEADH (1) ▼
Is suarach a' t-iongnadh go mbíonn a' cunntas as bealach, a's laghad a' staidéir a ghlacann sé leis fhéin dhá dheanamh suas. Fhobair gur bhain sé scilling a's chúig phighinn thar a' gceart díom an lá faoi dheire, marach gur ghoin m'aire mé a's gur iarr mé fhéin a' leabhar.
A chailín a bhuail fúmsa trathnóna a's a d'ith mo dhrár; Ba chóir go gcuirfeá cunntas ag na comharsanaí go raibh tú gánn; Marach thú a bheith mío-mhúinte, ní bheadh súil leat i bhfus a's thall; Níor shásuigh féar an fhoghmhair thú! A shompla shalach, fuair tú call! (As "an bhó a fuair call" — amhrán greannmhar a rinne Colm a Bhailís, faoi bhó a tháinic, a's a d'ith a dhrár air) (Tá de dheifríocht idir "buail fút" a's "buail leat" nó "buail ort" (cas ort) ins na samplaí thuas-luaidhte, go mbíonn aighneas, araoid, nó millteanas i gceist i "buail fút".)