Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cuntas
ainmfhocal, firinscneach
iolra: cuntais
foghar: cúntas go hiondúil i gConamara; cuntas — Achréidh. Sin é a fhearacht ag an aidiacht é
1.
bille, suim srl. (fc. Foclóir Uí Dhuinnín).
a.
+
Coinnigh cuntas ar sin anois — comhaireamh, cuimhne.
Dheamhan cuntas ar bith atá tú in ann a choinneáil in imirt — ní bheifeá in ann an t-airgead ná an bonn a chomhaireamh.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan cuntas ar bith aige — níl sé in ann rud ar bith i gcúrsaí figiúirí a dhéanamh suas.
Ceadh nach bhfuil aon rath leat le cuntas? — tuige nach bhfuil féith an áirimh ionat ("cuntas" a thugas go leor de ghasúir Chonamara ar "Arithmetic")
An fear maith cuntais thú? — an bhfuil aon rath ort le figiúirí
+
Tá fataí gan chuntas aige — go barr bachall; an cuimse fataí.
Bhí daoine gan chuntas ann.
TUILLEADH (3) ▼
Bhí ól gan chuntas le fáil ann, an té a raibh dúil aige ann, ach bhí sé ag dul i m'aghaidh fhéin ar fad.
Tá airgead gan chuntas aige.
"Bhí fuisce fairsing ann, agus ól dhá roinnt ann; agus bia gan chuntas ag fear le fáil" (Iníon Frainc Mhac Confhaola)
·
Tá an aimsir as cuntas ar fad (annamh) — uair fíorchoimhthíoch í, nó drochuair chríochnaithe; níl cinneadh léithe.
Tá an scéal sin as cuntas ar fad — dochreidte; uafásach
b.
cléireach cuntais: cléireach a mbeadh cúram cuntas air.
·
An bhfuil a fhios agat cén cléireach cuntais atá ag M. M. anois?
Murach chomh maith agus a bhí mé ar mo mhaidí, dhéanfadh an cléireach cuntais a bhí ann cneámhaireacht orm.
c.
leabhar an chuntais: leabhar siopadóra nó a leithide; leabhar áirimh; leabhar atá in ainm is a bheith ag Dia i gcóir cionta agus dea-oibreacha na ndaoine.
·
"Nuair a osclós Dia leabhar an chuntais, agus scáthán an chirt atá dhá hiompar" (Raiftearaí)
Níl dea-rud ná drochrud dá ndéanfaidh duine, nach mbeidh roimhe ansiúd ar leabhar an chuntais.
·
D'oscail sé leabhar an chuntais agus thosaigh sé ag inseacht amach dhá raibh istigh, a raibh tógtha agam (siopadóir)
d.
lá an chuntais: lá an tSléibhe; lá Sliabh Sióin; lá an bhreithiúnais.
e.
lá an chuntais: an lá cairde; lá na díolaíochta.
+
Foighid ort go dtaga lá an chuntais. Feicfidh tú fhéin céard a bheas thíos don phlúr an lá sin
Is maith é an tógáil (earraithe a fháil ar airleacan) go dtí lá an chuntais.
TUILLEADH (5) ▼
Ní hionann lá an chuntais agus lá na méise (cineál leathfhocail) — tá blas milis ar an earra lá a hite, ach blas searbh lá na díolaíochta.
Is díolaí maith é chuile fhear go dtí lá an chuntais (nó an lá cairde) — geallann an té a thógas an rud go n-íoca sé é, agus go bhfuil sé in acmhainn a íoctha, ach nuair a thagas an lá cairde, is minic nach mbíonn.
Lá an chuntais a chuirfeas aiféala ar do bholg — beidh aiféala ort an lá sin gur ith tú nó gur thóg tú an oiread
Dhéanfadh leithphínn bó mhór dhíot lá an chuntais — dhá mbeifeá leithphínn gearr lá na díolaíochta, ní bheadh an cuntas glanta agus cuirfí amach ort nach raibh tú in ann freastal do do dhliteanais. Ar an gcóir chéanna, níor dhóchaide ar bith é, dhá mbeifeá in ann an cuntas a íoc go dtí an chianóig dheiridh, nó déarfaí go mba fear airgid thú
Is ridire é chuile fhear go dtí lá an chuntais — bíonn sé de cháil ar chuile dhuine go mbíonn saibhreas aige go dtí lá na díolaíochta
f.
+
Déan suas mo chuntas. Beidh mé ag imeacht inniu — an méid tuarastail atá le fáil agam (spailpín)
Rinne sé suas mo chuntas contráilte — siopadóir agus bille earraithe
TUILLEADH (2) ▼
Sin é fhéin an cuntas cam atá aige sin! (mar dhóigh dhe go ndéanadh an siopadóir cneámhaireacht ar na daoine a thógadh earraithe uaidh)
Tá sé chomh maith dhuit an cuntas sin a dhéanamh amach dom go n-íoca mé as láimh é
·
Cuir an scilling sin i gcuntas freisin — cuir isteach leis an airgead eile nó leis an mbille í
2.
·
Chuir sé cuntas abhaile as Meiriceá faoi sin — scéala, cur síos
Níl aon chuntas agam air — áireamh, tuairisc, scéala

cuntas in iontrálacha eile (13)

 
Níl aon cheo dhá ndéanann duine as bealach, i ngan fhios ná i gcomhfhios, nach bhfuil scríofa síos ansiúd ar leabhar an chuntais, agus dúshlán aon duine dallach dubh a chur ar Dhia. Siúd í an chúirt nach nglacfaidh na bréaga, a mhic ó.
+
Ní bheadh sé cianóg as bealach le cuntas a chinnfeadh ar an gcléireach is fhearr istigh i nGaillimh, agus dheamhan lá a chaith sé ag aon scoil ariamh.
TUILLEADH (3) ▼
Níl rath ná ríocht leis ag déanamh suas cuntais. Bíonn sé go leor as bealach i gcónaí.
Dhá phunt as bealach a bhí an cuntas. Dhá mbaintí an méid sin de dhuine, deirimse leat, go n-aireodh sé é.
Is suarach an t-ionadh go mbíonn an cuntas as bealach agus laghad an staidéir a ghlacann sé leis fhéin dhá dhéanamh suas. Fhóbair gur bhain sé scilling is chúig phínn thar an gceart díom an lá faoi dheireadh murach gur ghoin m'aire mé agus gur iarr mé fhéin an leabhar.
 
"A chailín a bhuail fúmsa tráthnóna agus a d'ith mo dhrár; Ba chóir go gcuirfeá cuntas ag na comharsanaí go raibh tú gann; Murach thú a bheith mímhúinte, ní bheadh súil leat abhus is thall; Níor shásaigh féar an fhómhair thú! A shampla shalach, fuair tú call! (As An Bhó a Fuair Call — amhrán greannmhar a rinne Colm a Bhailís faoi bhó a tháinig agus a d'ith a dhrár air. Tá de dhifríocht idir "buail fút" agus "buail leat" nó "buail ort" (cas ort) sna samplaí thuasluaite, go mbíonn aighneas, araoid, nó millteanas i gceist i "buail fút".
+
dearmad 1
Bhí dearmad eicínt sa gcuntas ach mise a bhí siar leis ar aon nós
TUILLEADH (1) ▼
An-fhear cuntais é M. Ní éiríonn dearmad ar bith dó, agus na mílte punt ag dul thrína lámha
 
Is cuma sa diabhal é a bheith dlifear nó gan a bheith. Meas tú an gcomhaireann Dia seacht mbliana ná deich mbliana. An té nach n-íocfaidh an dliteanas, beidh sé roimhe ansiúd ar Leabhar an Chuntais. Sin í an leabhar a bhfuil géilleadh a bheith di agus ní hiad leaibhríní beaga bhreitheamh na héagóra
 
Bhí sé ag déanamh suas an chuntais romham
 
Níl léamh ar bith uirthi — níl sin. Deir tú léithe an oíche faoi dheireadh a chuir fios ar cháca, ar uibheachaí agus ar shiúcra anoir chugainn, an áit ar casadh clann J. L. 'na tí aici. Chuaigh mé fhéin soir ann ar cuairt d'uireasa mo chuid tae, arae d'ardaigh sí léithe an t-aon cháca a bhí fuinte sa teach. Ara a mhic ó, ar a theacht faoin doras dom, bhí na mílte fáilte romham, agus ní maith a bhí mé istigh ar lom an urláir nó gur cuireadh isteach ag ól tae mé. Siúd é an áit a raibh bia gan chuntas ag feara Fáil. Déirce dhá chuid féin don bhacach arsa tusa
 
Ní hin fear ar bith le bheith ag díolaíocht leis. Mura gcoinní tú féin cuntas ar a bhfaighidh tú, níor dhóichíde cleas dó sin ná an oiread eile a bhualadh ar do bhille. Maidir le coinsias níl sé aige. Faigh thusa an siopa a bhainfeas an ceart amach, feiceamuist!
 
Chuaigh dubhchomaoin air i gC. inné. Casadh isteach tigh Dh. na hA é agus fuair sé bia agus deoch gan cuntas ann.