Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Cunntasach
cruinn; baileach; chuile rud a chur san áireamh nó 'san gcomhaireamh; barrainneach; mion i gcunntaisidheacht.
+
Is cunntasach a' mhaise dhuit é; a dhul a' cuimniú ar ruidín fánach mar sin = níor cheart duit na cupla pighinn, scilling, lá etc. sin a chur sa gcunntas chor a' bith. Tá tú ró-chruinn leis a' gcunntas.
Nach diabhaltach cunntasach anois thú a' bacadh leis a' dá phighinn sin. Tá cuid is mó ná sin amuigh agad fhéin.
TUILLEADH (8) ▼
Nach thú atá cunntasach ar scáth leithphighinn ghágach. Ní bhánóchadh sí muid ar aon-chor!
Tá sí sin chomh cruadh chomh cunntasach, a's go dtiocfad sí go bun-an-amhgair leat faoi phighinn. Fuair mé scór uibheachaí áil uaithe annseo anuiridh. Bhí uibheachaí dó a's trí pighne an uair chéadna, a's ní raibh agam ach dhá scilling a's dhá phighinn. Chuir mé an gasúr síos chuice aríst leis a' bpighinn a d'fhan orm, a's meastú nar ghlac sí í! Is iomdha 'leithide nach nglacfadh.
Dheamhan fear ar a' talamh chomh cunntasach leis. Thug mé cion cupla iomaire síol turnapaí dhó anuraidh, in áit ar tháinic sé gearr, a's meastú, nar chuir sé aníos oiread agam an lá faoi dheire.
Ní call dhuit a bheith leath chomh cunntasach sin linne. Is minic ariamh a choinnigh muid duine dhá lá a's trí lá a's seachtmhain, gan pighinn ná bonn.
Is beag a bhí le déanamh agad a bheith chomh cunntasach sin léithe. Ní aireochadh sí na cupla ceaintín bainne sin a thabhairt isteach duit.
Dhá laghad é, is ceart duit é 'thairiscint dó, ó thárla é fhéin a bheith chomh cunntasach a's tá sé = d'íocfadh sé fhéin 'chuile phighinn leat, a's dhá bhrighin sin, ní mór 'chuile phighinn a íoc leis fhéin.
Má's é an páipéar nuaidheachta é 'thug mé soir as seo aige, th'éis é 'bheith léighte agham féin, ba mhian leis pighinn a thabhairt dom air. Déarfá go bhfuil sé sin, cunntasach.
'Sé'n chaoi is measa a raibh lóistéara ariamh le na mná sin, gan a bheith sáthach cunntasach leo(b). Má leigeann siad pighinn a' bith leat, is mian leo(b) a thrí oiread a bhaint dhíot aríst ar bhealach eicínt eile. Má fhaghann siad sin leigean a' bith ort, cuimleocha siad sop na geirthe dhíot feicfe tú fhéin air.