cuntasach
—
cruinn; baileach; chuile rud a chur san áireamh nó sa gcomhaireamh; barainneach; mion i gcuntasíocht.
+–
Is cuntasach an mhaise dhuit é; a dhul ag cuimhniú ar ruidín fánach mar sin — níor cheart duit na cupla pínn, scilling, lá srl. sin a chur sa gcuntas chor ar bith. Tá tú róchruinn leis an gcuntas.
Nach diabhaltach cuntasach anois thú ag bacadh leis an dá phínn sin. Tá cuid is mó ná sin amuigh agat fhéin.
TUILLEADH (8) ▼
Nach thú atá cuntasach ar scáth leithphínn ghágach. Ní bhánódh sí muid ar aon chor!
Tá sí sin chomh crua chomh cuntasach, agus go dtiocfadh sí go bun an amhgair leat faoi phínn. Fuair mé scór uibheachaí áil uaithi anseo anuraidh. Bhí uibheachaí dó is trí pínne an uair chéanna, agus ní raibh agam ach dhá scilling is dhá phínn. Chuir mé an gasúr síos chuici aríst leis an bpínn a d'fhan orm, agus meas tú nár ghlac sí í! Is iomaí a leithide nach nglacfadh.
Dheamhan fear ar an talamh chomh cuntasach leis. Thug mé cion cupla iomaire síol tornapaí dhó anuraidh an áit ar tháinig sé gearr, agus meas tú nár chuir sé aníos oiread agam an lá faoi dheireadh.
Ní call dhuit a bheith leath chomh cuntasach sin linne. Is minic ariamh a choinnigh muid duine dhá lá agus trí lá agus seachtain, gan pínn ná bonn.
Is beag a bhí le déanamh agat a bheith chomh cuntasach sin léithe. Ní aireodh sí na cupla ceaintín bainne sin a thabhairt isteach duit.
Dhá laghad é, is ceart duit é a thairiscint dó ó tharla é fhéin a bheith chomh cuntasach agus atá sé — d'íocfadh sé fhéin chuile phínn leat, agus dhá bhrín sin, ní mór chuile phínn a íoc leis fhéin.
Más é an páipéar nuaíochta é a thug mé soir as seo aige, théis é a bheith léite agam féin, ba mhian leis pínn a thabhairt dom air. Déarfá go bhfuil sé sin cuntasach.
'Sé an chaoi is measa a raibh lóistéara ariamh le na mná sin, gan a bheith sách cuntasach leob. Má ligeann siad pínn ar bith leat, is mian leob a thrí oiread a bhaint dhíot aríst ar bhealach eicínt eile. Má fhaigheann siad sin ligean ar bith ort, cuimleoidh siad sop na geire dhíot, feicfidh tú fhéin air.