Cúla téarmaí
—ainm-fhocal
—fuirm iolraidh air.
—
i gcois íseall; ingan-fhios; faoi rún; ar cúlráid.
+–
D'ólfadh sé poitín ar chúla téarmaí, ach ní thiocfad sé go maith dhó, dhá bhfeicthí é, dhá ól as comhair chuile dhuine.
Dar mo choinsias, dhéanfad sé é, ar chúla téarmaí, a's faghad sé an deis. Ná 'trust' thusa aonduine go deo a fheicfeas tú ag imtheacht ar a' gcodaidheacht sin.
TUILLEADH (9) ▼
Seadh, dhéanfá go maith ar chúla téarmaí é, ach tá náire ort é dhéanamh i gcoimhfhios. Is mór an uais do leithide.
Ná bac leis, má's ar chúla téarmaí atá sé a' gabhail leis. Nar bhreagh slachtmhar do dhuine pé'r bith céard a bheadh le rádh aige a rádh as comhair a' tsaoghail, a's gan a bheith ar a' gceird sin.
Chomh uain's mhair a' tsean-mhuinntir, dheamhan deoir tae a d'fhéadfaidhe ól sa teach thar cheann de ló, mara n-óltaídhe ar chúla téarmaí go díreach é. Fataí a d'fhaghadh na fir fánaighe a bhíodh aca(b) ar a mbricfasta. Cé'n bhrigh ach tae is chuile theach sa tír an uair chéadna.
Ní choinnigheann aon-teach ósta anois é (an poitín) mara gcoinnighidís ar chúla téarmaí é go díreach. (D)ar ndóigh, dá bhfáightí amach, go ndíolfaidís aon-deoir dhe, bhainfí cead díolacháin uileag dhíob, a's ba mhaith an ceart é freisin.
Dheamhan céilidhe ná damhsa a bhío(nn)s annseo anois, ach ceann fánach, agus is ar chúla téarmaí a bhío(nn)s a' corr-cheann sin fhéin. Saoghal imthighthe é!
Tá'n dlighe in ainm's iad a smachtú, ach 'séard tá sé a' borradh leob ar chúla téarmaí.
Is mór a' tromuidheacht atá ag sagairt ar ól, má's fíor dhóib fhéin, a's fios maith ag 'chuile dhuine, nach gcuirfidís fhéin suas dhó, dhá bhfaghaidís ar chúla téarmaí é.
Nach beag is ionann an uair sin 's anois. Ní fhéadfá aon-fhocal amháin Gaedhilge a labhairt an uair sin ag a' scoil, mara labhruightheá í ar chúla téarmaí. Anois, tá siad dhá mbualadh, má labhruigheann siad aon-Bhéarla.
Ní chaithfead sé aon-ghráinne tobac! Go bhfeacha Dia ar do cheann! Chaithfead sé Píopa Ainde Mhóir, ach gur ingan-fhios a's ar chúla téarmaí é, le faitchíos roimh an athair.