Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cúl
ainmfhocal
cúla foirm iolra air.
cúla téarmaí: i gcois íseal; i ngan fhios; faoi rún; ar cúlráid.
+
D'ólfadh sé poitín ar chúla téarmaí, ach ní thiocfadh sé go maith dhó dhá bhfeicthí é dhá ól os comhair chuile dhuine.
Dar mo choinsias, dhéanfadh sé é, ar chúla téarmaí, agus faigheadh sé an deis. Ná trust thusa aon duine go deo a fheicfeas tú ag imeacht ar an gcodaíocht sin.
TUILLEADH (9) ▼
Sea, dhéanfá go maith ar chúla téarmaí é, ach tá náire ort é a dhéanamh i gcomhfhios. Is mór an úis do leithide.
Ná bac leis, más ar chúla téarmaí atá sé ag gabháil leis. Nár bhreá slachtmhar do dhuine pé ar bith céard a bheadh le rá aige a rá os comhair an tsaoil, agus gan a bheith ar an gceird sin.
Chomhuain is mhair an tseanmhuintir, dheamhan deoir tae a d'fhéadfaí a ól sa teach thar cheann de ló, mura n-óltaí ar chúla téarmaí go díreach é. Fataí a d'fhaigheadh na fir fánaí a bhíodh acub ar a mbricfeasta. Cén bhrí ach tae i chuile theach sa tír an uair chéanna.
Ní choinníonn aon teach ósta anois é (an poitín) mura gcoinnídís ar chúla téarmaí é go díreach. Ar ndóigh, dá bhfaightí amach go ndíolfaidís aon deoir dhe, bhainfí cead díolacháin uileag dhíobh, agus ba mhaith an ceart é freisin.
Dheamhan céilí ná damhsa a bhíonns anseo anois ach ceann fánach, agus is ar chúla téarmaí a bhíonns an corrcheann sin fhéin. Saol imithe é!
Tá an dlí in ainm is iad a smachtú, ach séard atá sé ag borradh leob ar chúla téarmaí.
Is mór an tromaíocht atá ag sagairt ar ól, más fíor dhóibh fhéin, agus fios maith ag chuile dhuine nach gcuirfidís fhéin suas dhó dhá bhfaighidís ar chúla téarmaí é.
Nach beag is ionann an uair sin is anois. Ní fhéadfá aon fhocal amháin Gaeilge a labhairt an uair sin ag an scoil, mura labhraíteá í ar chúla téarmaí. Anois, tá siad dhá mbualadh má labhraíonn siad aon Bhéarla.
Ní chaithfeadh sé aon ghráinne tobac! Go bhféacha Dia ar do cheann! Chaithfeadh sé Píopa Ainde Mhóir, ach gur i ngan fhios agus ar chúla téarmaí é le faitíos roimh an athair.

cúl in iontrálacha eile (50+)

 
Ní ligfeadh an faitíos dó féin druid a rá murach gur airigh sé an teannadh ar a chúl aige
 
An gcuimhníonn tú ar an Lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos sa mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos (le) sparán a raibh ceangal air! D'iontaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar sa sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbarr a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? — chuaigh sé ar cúlráid i riocht is go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
 
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó ligfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maíochtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl ina dhiaidh sin
 
Ní feasach do Sheán cá'il an mac agus is ríchuma leis. Cúl le abhras a thugas sé air i gcónaí
 
fág
Is maith an cúl toraic aici (ag Sasana) Meiriceá. Ba í a shábháil í an dá gheábh seo. Má ba thíos a fuair sí í, ba ina seasamh a d'fhága sí í. Bhí a cnaipe déanta murach Meiriceá
 
Is deas fáinneach atá a cúl cóirithe aici hé brí cé hí fhéin
+
Tá fáinní ina cúl sin — lúba gruaige; troisleáin; bachaill ghruaige
TUILLEADH (1) ▼
Sin í cúl na bhfáinní ar chuma ar bith
+
Bailigh a bhfuil de chlocha ar an gcúl sin agus déan iad a chaidhleadh suas in éindí anseo. Cuirfidh muid ar na leachtaí aríst iad nó tarlóidh muid amach ar an mbóthar le ciseogaí iad.
TUILLEADH (1) ▼
D'fhéadfá a rá go raibh muid i dteannta. Muid dhár gcaidhleadh le piléir agus le shellannaí agus gan dul ar ár n-aghaidh, ná ar ár gcúl againn! Agus gan a fhios cén pointe a bpléascfadh ceann acub sin agus a ndéanfadh sé smiodairíní de chéad againn in éindí.
 
caidhl
Caith anall an chaidhlín chaorán sin thall go gcuire mé ar chúla na tine iad. Phioc mé iad tráthnóna ach dheamhan shílfeá thairis sin de thriomach orthub
 
Tá carcair mhealltrachaí ar chúl mo chinn agus tá sé ag cinnt orm rud ar bith a fháil le caitheamh a chuirfeadh ar gcúl iad.
 
catóg
Tá siad réabtha amach uileag agam as anois, cé is moite d'aon chatóig amháin atá thoir le claí ach is deacair le na catógaí céanna a dhul ar gcúl.
+
cleite
Fuair sé greim cúl cinn air agus thom sé sa lochán é, idir chorp chleite is sciathán.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an feall gur thug lucht cuarta cúl uileag don teach sin, arae is iomaí cleite comhrá agus greann a bhíodh ann. Ach ó phós M. héiríodh as an obair sin.
 
Ní maith go gcreidim go gcoireodh sí sin ar aon duine. Thar dhuine ar bith sa tír, níor chuala mé aon duine ag rá ariamh go raibh cúl a cainte leis an ngearrchaile sin.
 
colg
Chonaic mé an sceanadóir de mhadadh sin aige ag teacht amach agus ag cur choilg air fhéin liom, agus dheamhan a raibh a fhios agam an dtiocfainn ar m'aghaidh nó ar mo chúl.
+
cora
Tá cora neascóideachaí ar chúl mo chinn — mar a bheadh an iomad neascóid buailte ar a chéile.
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig cora fhaithniúchaí ar mo láimh anseo an bhliain cheana agus chaith siad an tsíoraíocht gan a dhul ar gcúl. Bhearr mé an barr díobh faoi dheireadh le siosúr.
 
Ní chuibhreodh cuingir na gabhair sin. Cosacáin a bhí agat a bhualadh orthub. Na cupla crainnín a chuir mé ansin thiar, tá siad ite ag na diabhail. Cén bhrí, ach ó chuirfeas siad anáil faoi rud ar bith, tiocfaidh sé ar gcúl!
 
An té nach bhfuil an cúl toraic aige, ní call d'aon duine aon chuntanós a bheith aige dhó.
 
baile
Tá an baile ina bhruín chaorthann ó phós sí sin isteach ann. Rúisc bhradach bhréagach í, agus tá cúl a cainte léithe le chuile dhuine.
 
Thosaigh mé ag sméarthacht sa drisiúr gur airigh mé bealaíocht bheag fheola ann a d'fhan d'fhuílleach an dinnéir, agus d'ith mé suas as cúl mo ghlaice í.
 
Níl bainte ach béalóigín bheag bhídeach den chúl thiar aige — garraí féir nó arbhair: ascaillín bheag a bheith bainte ann.
 
Nach mór an bhreathas atá ort nach ligeann díom? Cuirfidh mise tochas in do chúl le cnigín.
 
Thug sé cniogaide de na hailt dhom aniar sa gcúl agus dheamhan bréag nach é a ghortaigh mé.
+
Chaithfeá na crúbáin sin a fhágáil ann, arae tá íochtar an chúil rófhliuch, agus mura bhfágtar neart bealaigh ag an uisce aníos ó chlaise an tsrutha, d'éireodh an fuarlach ar na híochtair as éadan agus bheadh an cur ó mhaith.
TUILLEADH (1) ▼
Is gearr an mhoill a bheadh orm an cúl a fhódú murach na crúbáin sin. Ach bíonn siad sin meata thar na hiomrachaí díreacha.
 
Shílfeá nach bhféadfadh an cúl sin curfhásach a dhéanamh mar a rinne sé agus a ndeachaigh de leasú air. Agus bhí sé seanleasaithe freisin. Ach 'sé an chaoi a bhfuil sé, tá an talamh maraithe ag feamainn dearg.
 
beo 1
Dheamhan a bhfuil beo de Nóra, nó 'sí a chur suas le bean Sh. Mh. N an méid sin a rá. Tá cúl a cainte go maith leis an gceann sin.
 
biorach 1
Ní fhaca tú airdín an chúil chomh biorach ag aon duine ariamh agus atá sé aige.
 
Tá cúl a cainte leis an mbolmán sin.
 
borr
Ní chuirfidh an méid sin aon chúl air. Is mó a dhéanfas sé borradh leis.
 
Cuirfidh boscaed eile síolta an cúl seo
 
breá
Is breá an rud do dhuine thú a bhualadh má tá rud in t'aghaidh aige tharas a bheith ag coiriúint agus ag cúl chaint ort.
 
Rinne sí staic in ucht an aird, agus thosaigh sí ag broimseálacht agus ag gabháil i ndiaidh a cúil (capall faoi charr)
+
bruach
Chuala mé m'athair ag rá go raibh siad ag iascach lá ansin amuigh ar an meath mhóir agus go raibh colmóirí acub tráthnóna bruach ar bhruach leis an seas deiridh — bád iomartha a bhí acub. Nach diabhlaí an cúl a thug an t-iasc don chaoláire ó shin? Dheamhan a shúil — mórán leis — a gheofá anois ann
TUILLEADH (1) ▼
Tá an bruach seo ag dul ar gcúl anois, agus má tá fhéin, tá sé in am sin aige.
 
Bréinleach as éadan é an cúl thiar, arae bhí foscadh ag na gamhna ann i lúbainn an chlaí
 
Níl aon deoir phoitín beag ná mór anois sna bólaí seo ó chuir na misinéaraí cúl air.
 
Is diabhlaí adhartha an duine thú a dhul ag seasamh óil do na súdairí sin agus nach mbeidís ach ag magadh fút taobh thiar de do chúl.
 
buan
"A ógánaigh óig an chúil chlannaigh; Nach ródheas mar leaganns tú an tsúil; Má bhíonn tú go buan fré do Dhaidí; Bí cinnte gur agam a bheas tú" (sliocht as Neilí)
+
buille
Ar an dá luath agus a bhfuair sé mo chúl leis, thug sé buille na feill dhom.
TUILLEADH (1) ▼
Is mairg dhaoibh nár bhain an cúl thoir as a bhuille freisin agus bheadh cúnamh maith triomaigh anois air.
 
Seachain nach mbeifeá ar t'aireachas fhéin ag an gcrosbhóthar. Ní bheidh mac na scine ansin, gan ráibéad cloiche ina phóca, nó miodach i gcúl a ghlaice.
 
Deir siad go raibh scian i gcúl a ghlaice aige agus gur sháigh sé é gan aireachtáil.
+
airigh
D'airigh sé daigh ag teacht ina bholg agus chuir sé fios ar bhraoinín brandy le cúl a chur uirthi.
TUILLEADH (3) ▼
D'airigh mé an ghiúin (geoin = sioscadh; comhrá íseal) ar mo chúla.
Airíonn sé gan an teannadh ar mo chúl agamsa — tá a fhios aige nach bhfuil aon chúnamh agam.
Aireoidh Both Loiscthe an poitín anois má cuirtear cúl leis, mar 'sé bhí dhá dtógáil (dtoigeál adeirtear)