cúlfhiacail
—
+–
Is scéal é arbh fhearr do dhuine a leath (cuid dhe etc.) a choinneál faoin a chúilfhiacail (faoin gcúilfhiacail) = b'fhearr gan a innsean ar fad; scéal é nach bhfuil ro-chuibhiúil, nó atá bréagach nó a tharraingeódh gleó etc.
Is mór adúirt sí. Níl aon-cheo ó Fhlaithis Dé nach raibh tarraingithe anuas aice. Ach b'fhearr go mór do dhuine dhá chuid dhár dhúirt sí a choinneál faoin gcúilfhiacail. Ní l'aghaidh an réitigh a bhíos sí ag caint
TUILLEADH (4) ▼
Fág faoin gcúilfhiacail an scéal sin, nó tarraingeóidh sé caint
Is fadó an lá a d'innis sé é sin domsa ach choinnigh mé faoin gcúilfhiacail ariamh ó shoin é
Is mór atá faoin gcúilfhiacail aige sin, dhá mb'fhéidir a bhaint as, ach do dhúshlán feiceamuist! Níl cúl a chainte leis sin chor ar bith = is iomdha rún aige
D'iagóir Dé dhuit nar fhága an méid sin faoi do chúilfhiacail. Cuirfidh siad sin ar fud na tíre é. Tá tú ro-ráiteach ar fad
·
Cuirfidh an ridire comhairleach an ordóig faoin gcúilfhiacail thuas san teach anois, agus gabhfaidh siad ar "phleain" eicínt eile = mar dhóigh dhe, go ndéanfadh sé fios
Is minic a bhéas an ordóig faoin gcúilfhiacail ag an gconán thíos anois. Ní leigfidh sé an geábh seo uaidh nó is cinniúint air é. Is fada indiaidh na cupla garraí sin é