Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cúlfhiacail
+
Is scéal é arbh fhearr do dhuine a leath (cuid dhe srl.) a choinneáil faoina chúlfhiacail (faoin gcúlfhiacail) — b'fhearr gan a insin ar fad; scéal é nach bhfuil róchuibhiúil, nó atá bréagach, nó a tharraingeodh gleo srl.
Is mór adúirt sí. Níl aon cheo ó fhlaithis Dé nach raibh tarraingthe anuas aici. Ach b'fhearr go mór do dhuine dhá chuid dhár dhúirt sí a choinneáil faoin gcúlfhiacail. Ní le aghaidh an réitigh a bhíos sí ag caint
TUILLEADH (4) ▼
Fág faoin gcúlfhiacail an scéal sin nó tarraingeoidh sé caint
Is fadó an lá a d'inis sé é sin domsa ach choinnigh mé faoin gcúlfhiacail ariamh ó shin é
Is mór atá faoin gcúlfhiacail aige sin, dhá mb'fhéidir a bhaint as, ach do dhúshlán feiceamuist! Níl cúl a chainte leis sin chor ar bith — is iomaí rún aige
D'éagóir Dé dhuit nár fhága an méid sin faoi do chúlfhiacail. Cuirfidh siad sin ar fud na tíre é. Tá tú róráiteach ar fad
·
Cuirfidh an ridire comhairleach an ordóig faoin gcúlfhiacail thuas sa teach anois agus gabhfaidh siad ar phlean eicínt eile — mar dhóigh dhe, go ndéanfadh sé fios
Is minic a bheas an ordóig faoin gcúlfhiacail ag an gconán thíos anois. Ní ligfidh sé an geábh seo uaidh nó is cinniúint air é. Is fada i ndiaidh na cupla garraí sin é

cúlfhiacail in iontrálacha eile (9)

 
folach 2
M'anam nach mór dó folach thairis sin. Tá grifisc ag teacht ansin chuile oíche agus gheobhaidís amach an rud a bheadh faoi do chúlfhiacail
+
Is cosúil gurb eo ortha mhagúil: "Ortha a chuir Ún (Eon?) do Dhiarmaid; ortha gan iarraidh gan achainí: cúlfhiacail, clárfhiacail, fiacail fhada cham, agus má tá daitheachaí ort nár fhana fiacail in do cheann"
TUILLEADH (1) ▼
Na cúlfhiacla — na fiacla thiar; na cláir fhiacla = abhus i dtosach an draid; fiacla géill = an drad íochtair; fiacla carbaid = an drad uachtair
 
Tá sé damnaithe le seachtain ag daitheachaí. Sílim nár chorraigh sé amach chor ar bith. Tá an chúlfhiacail siúd aige splanctha aríst! Loirg an diabhail dó nach dtéann isteach agus a tarraingt agus gan a bheith dhá buachailleacht mar siúd
 
deil 1
Dhá bhfaigheadh sé deil, adeir sé, thógfadh sé an tobán dom. Shantaigh mé a rá leis gur fada ón stuaim an stocaireacht, ach choinnigh mé faoi mo chúlfhiacail é ina dhiaidh sin
 
"Ortha a chuir Úna do Dhiarmaid; ortha gan iarraidh gan achainí: cúlfhiacail, clárfhiacail, fiacail fhada cham; Agus má tá daitheachaí fiacla ort, nár fhana fiacail in do cheann" (leagan ar ortha na ndaitheachaí fiacal. Níl a fhios cé hé an Diarmaid atá i gceist ann. Naomh eicínt is dóigh. Peadar atá i leagan eile)
+
drad
Níl fiacail ag gabháil le mo dhrad uachtair, ach aon bhuinín beag amháin de chúlfhiacail, agus go deimhin ní éadáil mhór dhom í sin
TUILLEADH (1) ▼
Níl cúlfhiacail ag gabháil le mo dhrad uachtair, agus tá dhá chlárfhiacail caillte agam sa drad íochtair
 
driog
Fuair mé an-tsuaimhneas ó na daitheachaí (daitheacha fiacal) anois ó tharraing mé an dá chlárfhiacail, ach feictear dhom — ní ag tabhairt gutha orthu é — go bhfuil driog bheag ag spochadh liom aríst le seachtain. Sna cúlfhiacla a airím anois é. 'Sé an faitíos atá orm go siúlfaidh siad leo mo dhrad fré chéile agus nach bhfágfaidh siad fiacal in mo dhrandal. Shaothraigh mise leo cheana é: in mo shuí ó oíche go maidin agus mo chloigeann ligthe anuas ar an tine agam ag glaoch agus ag gárthaíl — nó gur tharraing mé iad