Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deá
réimmír le ainm-fhocla, aidiacht agus scaití le aidiacht-bhriathra
codarsna droch.
# go maith, go tofa, go cóiriúil, go feiliúnach, fóinteach, freagrach (Tá sé coitianta i gcaint. Níl annseo síos ach somplaí anonn agus anall dhe).

Féach freisin

deá in iontrálacha eile (43)

 
Daidhean mé nach deá-uair ar bith í
 
Tá deá aithne agam air = aithne mhaith, ach an leagan seo fhéin, is mó de chéill a 1 ná de chéill a 2 atá ann; tá a fhios agam nach fear fealltach ná drochmhúinte ná búndúnach é; nó ní fhaca mise dhá bhárr ariamh ach an ghleóiteacht, agus an réidhchúis agus an lághaíocht.
 
Chítear dhom nach bhfuil deá amharc ar bith agam le goirid. Cén bhrí ach bhí mise scathamh eile ar fhear cho grinn agus a gheobhfá ar chruinneál. Caitheann an aois a cuid féin a fháil
 
Tá chuile shórt air ach deá bhéal. Chuirfeadh sé an ghráin ort a bheith ag éisteacht leis. Na h-ailt a bhí a leathnú ar an ngiall aige
 
Ní deá bhéas a thóigfeas sé sin chor ar bith feicfidh tú fhéin air
 
Tá chuile dhuine ag gabhail leis deá bhéasach. Ní bheidís aige siúd mara mbeadh. Thóig sé go bog múirneach, múinte iad. Tá a shliocht orra
 
Ní deá bhróga iad seo atá ormsa anois. Níl díon deoir ionnta.
 
Ní deá chaoi atá ar an duine bocht anois, ní hea sin. Ach sé is fhearr ar bith agus a bheith san gcomhaireamh ceánn chor ar bith, agus an chaoi ar shaothraigh sé an saol le scathamh
 
Níl sé in a dheá cheann dá bhean = ghníonn sé éagóir uirre; buaileann sé í, nó ní thugann sé a sáith le n-ithe di.
 
Deá choicís a bhí san gcoicís seo caithte.
 
Bhíodh deá chomharsanacht ar an mbaile seo fadó, ach d'imigh sin. Is mór leo féin a chéile anois, agus bíonn siad ithte le cantal, má fheiceann duine aca maith bheag ar bith ar an duine eile. Tá'n aicís sna daoine anois
 
Níl aon-deá chosa agamsa, ní ag ceasacht ar Dhia é. Is beag le as seo síos go tí J. a shiúilfinn anois. Dhá siúilinn mórán thairis, ní fhanfadh sea na seoladh ionnam
 
Tá deá chroí aige
 
Bhí a fhios agam an chéad lá ariamh a bhfaca mé an "bicycle" céanna nach ar dheá design ar bith a thug tú isteach san teach é. B'fhurasta aithinte é
 
Tá an snáth sin deá dheilbhthe. Is furasta aithinte cé a thóig láimh as a chíonn
 
Ní theagann deá Earrach ar bith anois
 
Ní hé an deá fhaisean atá ag duine ar bith a thiúrfas comhlódar dó sin
 
Seadh, tá fonn air a dhul ann anois. Ní minic leis an deá fhonn a bheith air, ní minic sin
+
Bíonn an deá ghealladh i gcomhnaí aige, ach sin é a dheireadh. = geallann sé (go ndéanfaidh sé) rud, ach ní dhéanfaidh
TUILLEADH (3) ▼
Déarfá nach bhfuil aon-deá ghealladh faoin aimsir pé aca sin é. Diabhal an dtaithníonn na léasáin sin ó dheas liom. Ní fhaca mé ariamh iad nach ag cothú na h-uaire móire a bheidís
Níl aon deá-ghealladh faoi. Dhá mbadh leis biseach a fháil, shílfeá go bhfuil sé in am aige feasta. Tá faitíos orm nach bhfuil indán bisigh dhó — an duine bocht. Tá sé in ainsil air anois
Níl deá ghealladh ar bith faoin gcur i mbliana. Ba deacair dhó a bheith. Fuair sé an iomarca spalpadh san am a raibh aige báisteach a fháil. Tá a shliocht air: na dasachaí atá amuigh féin, níl ionnta ach spreangaidí. Níl téagar ar bith ionnta
 
Marar phós daoine i mbliana, ná buailidís a mhilleán ar an aimsir. Deá Inid a bhí innte
 
Ní raibh aon-deá intinn ariamh in a chineál. Ní raibh muis
 
Is furasta aithinte anois cé hé searrach na deá lárach = is furasta aithinte cé hé an fear atá cneasta macánta, nó ar dhual dó an gníomh a bheith ann, nó is féidir a shaoradh ón místáid
 
Deá Mhárta a bhí ann i mbliana. Níor chuir "an tsean-bhó" cnead ar bith aisti fhéin, ná diabhal cur
 
Thug sé deá mhí uaidh cothrom an am seo anuiridh
 
Tá sé deá mhúinte = múineadh nó béasa air; rud fólamta go maith aige
 
Deá Nodlaig í míle buíochas le Dia
+
Sin deá scéal ar chaoi ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Deá scéal ó Dhia againn! = dá gcloistheá deáscéal nó scéal ar fónamh eicínt agus gan aon-tsúil agad leis
 
Ní deá shamhradh ar bith é an méid atá c[aite] dhó, ach b'fhéidir go dtiocfadh uair bhreá fós
 
Ní bhíonn aithreachaí ná máithreachaí leath sách deá shomplach lena gclann
 
Dhean sé saothar annseo amuigh inniu agus ní hé an deá shaothar é. Is beag nachar bhasc sé bó le N. amuigh ar an mboithrín
 
Dheamhan cailleadh ar bith a bhí ar an tseachtain seo. Deá sheachtain a bhí innte
 
Níl aon-deá shúil aige, bíodh drochshúil aige nó ná bíodh = tá súile scéiniúla, nó súile fraochmhara aige
 
Bíodh sé olc maith anois: sin rud nach bhfuil a fhios agam leisce na bréige. Ach níl aon deá-theanga aige = níl aon-deá-bhéal air; bíonn sé ag gáirsiúlacht, nó ag déanamh bréag nó ag coireadh ar an gcomharsa
+
dia 1
Deá-scéal ó Dhia againn = dhá gcloistí deá-scéal ar bith
TUILLEADH (3) ▼
"Deá-scéal ó Dhia againn agus gan é a bheith fliuch agus cuid an lae amáireach go ndéanaidh sé inniu" (leath-fhocal)
Go dtugaidh Dia deá-scéal daoib!
Ag Dia atá na grásta, agus go gcoinnighidh sé muid ar fad ar dheá-staid
 
Níl aon-lá le mo chuímne nach bhfuil an fharraige ag déanamh díobhála annsin thíos, ach diabhal comhla a chuirfidís na dheidh sin ann, th'éis go bhfuil mo theanga caithte agam dhá iarraidh orra. An deá-ghealladh, agus an droch-choimhlíonadh, d'eile
 
Ní haigh-deá atá sé a iarraidh ach cosa ar duailín. Suas leat ar an mbord mar sin, agus tiubharfaidh mise dhuit é. Seol leat