Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dea-

droch (76)

 
daor 2
Tá siad ag iarraidh é a dhaoradh. Is maith an oidhe sin ar an ruifíneach, má tá i ndán is gur thug sé droch-chor dhá bhean. Níor mhaith liom a bheith ina bhróga anois. Tá sé i ndroch-arán
+
Sin é an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh (seanfhocal) — dea-ghealladh agus droch-chomhlíonadh; a bheith go maith faoi do ghealladh ach gan an cur leis a bheith ionat
TUILLEADH (5) ▼
Dúirt sé go dtiocfadh sé, ach ar tháinig? Mo léan géar! Dea-ghealladh: droch-chomhlíonadh
Tá siad ar a dtáirm aríst ag iarraidh bhótanna. Déanfaidh siad cat agus dhá rioball an babhta seo ach iad a dhul isteach. Ach fan go bhfaighe siad iad fhéin istigh! Dea-ghealladh: droch-chomhlíonadh. Ní tada eile é.
Go gcuire Mac dílis Dé an t-ádh ort! Nach in é a cheird sin i gcónaí. Gheallfadh sé an ghealach agus na réalta dhuit, ach 'sé an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh é. M'anam gurb é!
Ná tabhair aird ar bith air! Dhá mbeadh sé sin ag iarraidh a theacht, b'fhurasta dhó a theacht. An dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh i gcónaí. Is fhearr dhuitse fear a fháil a dtabharfaidh tú luach a shláinte dhó ná a bheith ina chleithiúnas chor ar bith
Sin é an rud is luar liom beo: duine ag rá leat go ndéanfaidh sé rud agus gan cuimhne ar bith féin aige air. B'fhearr leat duine adéarfadh suas le do bhéal nach ndéanfadh sé chor ar bith é, ná dea-ghealladh agus droch-chomhlíonadh mar sin. B'fhearr dhuit é freisin. Ara beannacht Dé dhuit!
 
Bhí deis ansiúd a dhealódh an droch-choirce ón gcoirce ar fónamh ar an bpointe boise. Cineál machine a bhí ann
+
Bhí sé ag déanamh an droch-cheann lena bhean
TUILLEADH (2) ▼
Is fada an lá í ag déanamh droch-cheann leis an seanfhear sin. Ní bheadh a fhios aici cé a dhéanfadh an cleas céanna léithe fhéin fós, ná dheamhan cuid d'fhios
Sin í an cailín a dhéanfadh an droch-cheann leat, murach go ndeachaigh tú roimpi in am
 
Droch-bhicycle é sin; nó go mbeifeá déanta air, ach ó bheifeá, ní iarrfá a mhalrait go deo. Tá sé seacht mbliana agamsa anois agus bhain mé an-cheart dó (de). D'aireofá buille trom é i dtosach ach ní fhágfaidh sé ar an mbóthar choíchin thú, murab é do chiontsiocair féin é. Sin rud amháin faoi ar chaoi ar bith
 
Beidh do chuinneog gan deasú muis, más leat a bheith ag forcamhás air siúd. Tá gealladh maith ag an leiciméara sin, ach droch-chomhlíonadh
 
Dheamhan gráinne tobac a gheobhadh sé uaithi siúd dhá dtiteadh déidín aige — dheamhan gráinne sin. Tá sí siúd crua coinneálach agus gar di féin. Ná bac thusa leis an té a fheiceas tú ag comhaireamh na stiallógaí aráin a thabharfas sí duit. Droch-cheann ceart í sin
 
Ní léir dhom go bhfuil maith ar bith a dhul ag cur chomhairle aríst air. Nach bhfuil an teanga caite ag na daoine ag cur chomhairle. Is diachta ghéar nár thug tú cead dó lascadh leis go Sasana nuair a bhí sé ag éileamh a dhul ann, thar is é a bheith ag tarraingt droch-chlú air féin agus ar chuile dhuine a bhaineas leis. Dá mba ag tobar dheireadh an domhain a bheadh sé ag dul, ní bhacfainnse é, ach moladh leis go n-imíodh sé as an mbealach
 
diaidh
Breathnaigh ina dhiaidh sin, nó mura bhfuil mise ag dul amú go mór, is fear é a bhfuil rún aige droch-chor a thabhairt dhó féin — tabhair aire dhó; bí san airdeall air
 
díbir
Céard a chuir díbirt ar na fámairí agus ar na Gaeilgeoirí ach an droch-cháil sin a chuaigh amach den áit, tá cupla bliain ó shin. Dheamhan aithne ar dhochtúirí nach raibh chuile dhuine sa dá pharóiste ag dul ar na maidí de ghorta gharta
 
Droch-chríoch ar a dhíchillín suarach! Is postúil a labhródh sé san áit a mbeadh fir!
 
Ar an dá luath is a dtáinig sé i láthair, d'ordaigh sé chuile dhuine ar an bhfeadhain acu a dhícheannadh. Sin é an puicéara a raibh an droch-chroí aige
 
Níl aon lá le mo chuimhne nach bhfuil an fharraige ag déanamh díobhála ansin thíos, ach diabhal comhla a chuirfidís na dhiaidh sin ann, théis go bhfuil mo theanga caite agam dhá iarraidh orthu. An dea-ghealladh, agus an droch-chomhlíonadh, deile
 
Na caoirigh gallda sin, 'siad díogha na gcaorach iad. Deirimse leatsa gurb iad. Níl galra amuigh nach bhfuil dhá mbualadh. Bhí trí cinn acu agam ansin thuas an bhliain cheana, agus bhí cam orthu nuair nach raibh sé ar aon chaora sa tír. Nach bhfuil a fhios agatsa murach gur droch-chaoirigh iad go mbeidís taithithe ar an áit faoi seo, ach dheamhan taithí ná cuid de thaithí
 
díol 2
Dúirt an dream seo nuair a chuaigh siad isteach go mbainfidís den té a mbeadh rud le cois a dhíol aige, ach mo chreach mhaidne, an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh
 
Fhóbair mé gan díol as chor ar bith. Tá mearbhall eicínt orm anocht. Droch-chearrbhach arsa tusa
 
dochar
Is beag an dochar don díthreabhach sin an ghearradh ghionach a bheith ina phutóig scáth a bhfaigheann sé ag baile. Tá an leasmháthair ina droch-cheann dó, agus maidir leis an athair, níl sé in ann aon cheart a sheasamh dó féin, gan trácht ar aon duine eile
 
dóigh 3
Tá an poitín sin dóite ar fad. Is furasta a aithinte ar a bhlas é. Droch-chruachan a rinne é sin anois cheapfainn
 
Ní raibh aon bhanbh ar an margadh is lú a raibh cosúlacht údair air ná é. Déarfá lena fheiceáil nárbh fhiú deich triuf é. Ní cheannódh sé ar a bhfaca sé ariamh é murach nach raibh sé in ann ní b'fhearr a dhéanamh. Ach féacha ina dhiaidh sin gur maith a chruthaigh sé. Bhí moladh mór ar na bainbh ar tugadh an t-airgead mór orthu. Ach bhuail an droch-cheann amach uileag iad. An rud is doilí le duine b'fhéidir gurb é a leas é
 
Ní fhaca mise aon donacht déanta ariamh aige, théis an droch-cháil atá air. Ach an té a dtéann cáil na mochóirí amach dó, níor mhiste dhó dhá mbeadh sé gan éirí go headra
 
dris
Níor shíl muid tada a dhéanamh ar an mbaile ariamh nach mbeadh sé sin ina dhris chosáin i gcónaí romhainn. Nuair a d'fhéach muid le na dá ghabháltas a thabhairt d'aon duine amháin anseo, ba mhór leis go mbeadh an méid sin maitheasa orainn, agus chuaigh sé d'aon uaim ag cur suas le P. a chuid féin a choinneáil. Anois aríst nuair a bhí an tseanbhean ag teacht againn, ba mhór leis na deich scilleacha dúinn agus chuaigh sé siar de mhaoil a mhainge le droch-cháil a thabhairt orainn di. Nár agraí Dia air é. Ní fhéadfadh muide a bheith buíoch dó ar chaoi ar bith
+
droch-
Droch-cheolán é (droch-chothaíodóir achrainn, drochghiota, drochstaic, drochbhreastaire, droch-chathaíodóir, drochscabhaitéara, drochbhacach, droch-chunús, drochmhallaíodóir, drochaingeal, drochsceanadóir, drochbhrútaí, drochspliota, drochruifíneach, drochmhíoladóir, drochthrodaí, drochnimheadóir, drochghéaradóir) srl. — ainmneachaí ar lucht achrainn nó lucht bhrostaithe nó dhéanta achrainn
TUILLEADH (21) ▼
Droch-chantalóir é seo istigh
Droch-cheann tí é gan bhréig gan mhagadh
Is droch-chollach é
Droch-chliamhaineachaí atá aige — níl aon rath orthu; níl siad láidir saibhir ionnúsach srl.
Droch-chuartaí é — (i) duine a bheadh go dona ag tóraíocht nó (ii) duine nach mbeadh luiteach nó tóiriúil ar chuartaíocht
Tá droch-chois agam — cois thinn, ghortaithe, loite
Cáid an droch-chasacht sin ort
Thug sé droch-chartadh don cheannaí (mála)
Droch-chaint uileag é — níl tada eile aige ach droch-chaint
Thug sé droch-chur ar an tuí
Thug tú droch-chaitheamh ar na bróga sin
Níl ar an asal sin amuigh ach droch-choinneáil — droch-chuibhriú, droch-cheangal
Níl sé a fháil ach droch-chothú — drochbheatha, tógáil
Dea-ghealladh: droch chomhlíonadh (fc. dea-)
Tá droch-chaoi air (drochbhail, drochriocht, droch-chruth, drochordú srl.)
Ná tabhair droch-chomhluadar faoi deara dhuit fhéin mar sin
Droch-chroí a rinne dhó é — a bheith go holc, éadmhar srl.
Thug sé droch-chomhairle dhuit
Ní droch-chomhairleach go dtí an t-ól — déanann duine drochrudaí as ól
Rinne mé droch-chodladh aréir — codladh corrach
Tá droch-chlú (droch-cháil, drochainm) air
+
Droch-cheann é sin — drochdhuine
TUILLEADH (3) ▼
Sin droch-cheann. Ná bíodh plé ar bith agat leis
Ba in droch-cheann — drochmhúr, drochdhairt nó eile a chaithfí leat, drochphriocadh nó sáiteán cainte a ligfí fút srl.
Caitheadh an droch-cheann liom sa teach sin — rinneadh leathchuma srl. orm ann
+
Níl aon chiall aige ab ea! Nach maith atá an droch-chiall aige — ní leithscéal a rá nach bhfuil ciall aige, arae tá sé tucarach don mhístaid agus don mhísc
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn an droch-chiall ag cuid de na daoine go maith
+
Cuireadh droch-chomaoin thiar air; sí an droch-chomaoin a cuireadh thiar air — níor caitheadh leis ach go dona
TUILLEADH (1) ▼
Ar ndóigh níor cuireadh aon droch-chomaoin ort fós fhéin anseo — ní bhfuair tú aon ghreim tur uainne fós
+
Thug sé droch-chor dó féin — rinne sé dubhní air féin; bháigh sé, mharaigh sé srl. é féin
TUILLEADH (6) ▼
'Sé an chaoi a mbeidh sé aige sin as a dheireadh: tabharfaidh sé droch-chor dó féin go sábhála Dia sinn
Níl léamh ar bith ar an mbean atá aige. Tá na seacht ndiabhail uirthi. Mura gcuire sí faoi ndeara dhó droch-chor a thabhairt dó féin as a dheireadh, tá an scéal ceart
Tháinig saochan céille air agus shíl sé droch-chor a thabhairt dó féin murach a luas agus a tapaíodh é
Tá chuile ní ceart ach é sin: duine ag tabhairt droch-chor dó fhéin. D'agródh Dia ar dhuine é cuimhniú amháin air sin gan trácht ar a athrú
Téirigh agus tabhair droch-chor duit féin más breá leat sin. Dar fia muis, ní bhacfar anseo thú. Ní hé a mhalrait de chosúlacht atá ort ar aon chor
Is dalba an peaca é sin i láthair Dé: droch-chor a thabhairt duit fhéin. An té a ghníos é sin, deir siad nach mbíonn slánú ina chionn, nár ba lúidire an trócaire ar Dhia!
 
Tá sí ina ciseach le drúcht goiríní. Is gearr ó bhí easpaí uirthi, agus tháinig grís uirthi an bhliain cheana agus bhí sí chomh dona agus gur shíl muid go ngiorródh sí léithe. Droch-chraiceann nó drochfhuil nó rud eicínt
 
Sneachta a gheobhas tú as an dubhoighir seo. Tá droch-chur eicínt air ar chaoi ar bith. Ní chreidfinn béal an Phápa nach bhfeicfeá séidte ina shneachta é an t-am seo amárach. Is olc iad na tóineanna dubha sin thoir
+
Chuaigh droch-cháil amach dó, agus má chuaigh féin, níl a fhios agam nár thuill sé í
TUILLEADH (2) ▼
Má théann droch-cháil amach do dhuine, bhí sé chomh maith dhó luí siar. Fanfaidh an cháil sin air, dhá mba é an fear ba feiliúnaí faoin domhan é. Ar chuala tú ariamh é; an té a dtéann cáil na mochóirí amach dhó, bhí sé chomh maith dhó gan éirí go tráthnóna
Má ghníonn tú é sin, ní shaorfaidh Éire thú gan droch-cháil a dhul amach duit. Sin é a bhfuil ó dhaoine
+
Níl aon ghnaithe agat a dhul ar fuisce anois, nó cuirfidh tú droch-chaoi ort féin. Ní theagann an dá ól sin le chéile
TUILLEADH (4) ▼
Téann droch-chaoi air oíche ar bith dhá dteagann sé ar cuairt ann, agus ina dhiaidh sin féin, ní beo é gan a theacht — déantar bothae nó dóigh mhagaidh dhe
Chuaigh droch-chaoi air aréir. Síneadh i lár an tí é agus chuaigh a raibh ann ina mhullach
Gabhfaidh droch-chríoch air sin, cuimhnigh go bhfuil mise dhá rá leat. Ní hé a mhalrait a thuilleas sé
Is minic a théas droch-cháil ar dhuine ar bheagán údair
 
Tá sé ag dul chun ráithe ó gheall sé go dtiocfadh sé lá liom ag caoladóireacht agus go dtabharfadh sé beairtín slat agam as a shail féin ag teacht dó. Ní fhaca mé aon amharc air fhéin ná ar an mbeairtín ó shin, agus ní fheicfidh ach oiread chreidim. Sin é an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh i gcónaí. Tá na cléibh gan déanamh fós