Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deábhás
ainm-fhocal
 bás ola agus aithrí; bás ar staid na ngrást.
+
Deábhás go bhfághamuid más é toil Dé é!
Go dtuga Dia deábhás dúinn!
TUILLEADH (1) ▼
Is cuma do dhuine beirthe é má fhánn sé deábhás
+
Nár fhagha sé an deábhás muis, má thugaimse tada dó = ní bhfuighidh sé tada uaimse
Nár fhagha mé deábhás, má dúirt mé ariamh é = níor dhúirt mé ariamh é
TUILLEADH (1) ▼
Nar fhagha mé deábhás — go maithe Dia dhom é a rá! — má leag mé méirín fhliuch ariamh air

Féach freisin

bás