Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deághealladh
ainm-fhocal, fireann
1.
 gealladh maith nó gealladh cínnte barainneach a thabhairt uait
·
Bíonn an deá ghealladh i gcomhnaí aige, ach sin é a dheireadh. = geallann sé (go ndéanfaidh sé) rud, ach ní dhéanfaidh
+
Sin é an deághealladh agus an droch-choimhlíonadh (sean-fhocal) = deághealladh agus droch-choimhlíonadh; a bheith go maith faoi do ghealladh ach gan an cur leis a bheith ionnad
Dúirt sé go dtiocfadh sé, ach ar tháinic? Mo léan géar! Deághealladh: droch-choimhlíonadh
TUILLEADH (5) ▼
Tá siad ar a dtáirm aríst ag iarraidh bhótanna. Déanfaidh siad cat agus dhá rioball an babhta seo ach iad a dhul isteach. Ach fan go bhfagha siad iad fhéin istigh! Deághealladh: droch-choimhlíonadh. Ní tada eile é.
Go gcuire mac dílis Dé an t-ádh ort! Nach shin é a cheird sin i gcomhnaí. Gheallfadh sé an ghealach agus na réalta dhuit, ach sén deághealladh agus an droch-choimhlíonadh é. M'anam gurb é!
Seachain anois nach ndéanfá é! Ná bíodh sé 'na dheághealladh agus in a dhroch-choimhlíonadh agad mar a bhíos sé i gcomhnaí
Ná tabhair áird ar bith air! Dhá mbeadh sé sin ag iarraidh a theacht, b'fhurasta dhó a theacht. An deághealladh agus an droch-choimhlíonadh i gcomhnaí. Is fhearr dhuitse fear a fháil a dtiúrfaidh tú luach a shláinte dhó, ná a bheith in a chleithiúnas chor ar bith.
Sin é an rud is luar liom beo: duine ag rá leat go ndéanfaidh sé rud agus gan cuímne ar bith féin aige air. B'fhearr leat duine adéar[fadh] suas le do bhéal nach ndéanfadh sé chor ar bith é, ná deághealladh agus droch-choimhlíonadh mar sin. B'fhearr dhuit é freisin. Ara beannacht Dé dhuit!
2.
 gothadh nó cosúlacht bhisigh nó mhéaduithe nó dul chun cinn.
+
Tá deághealladh faoin ngamhain sin = tá cosúlacht air go ndéanfaidh sé gamhain maith, nó go bhfuil biseach ann
Dá mbadh mise thú, dhíolfainn an bhó sin as an mbealach. Níl aon-deághealladh fúithi chor ar bith. D'aithneóinnse údar maith
TUILLEADH (5) ▼
Déarfá nach bhfuil aon-deá ghealladh faoin aimsir pé aca sin é. Diabhal an dtaithníonn na léasáin sin ó dheas liom. Ní fhaca mé ariamh iad nach ag cothú na h-uaire móire a bheidís
Chuir mé glac mheacan san bpóicín sin thiar agus brath mhór atá agam a rómhar aríst. Dheamhan deághealladh ar bith fútha shílfeá. Loic siad cheana anuiridh orm
Níl aon deá-ghealladh faoi. Dhá mbadh leis biseach a fháil, shílfeá go bhfuil sé in am aige feasta. Tá faitíos orm nach bhfuil indán bisigh dhó — an duine bocht. Tá sé in ainsil air anois
Níl deá ghealladh ar bith faoin gcur i mbliana. Ba deacair dhó a bheith. Fuair sé an iomarca spalpadh san am a raibh aige báisteach a fháil. Tá a shliocht air: na dasachaí atá amuigh féin, níl ionnta ach spreangaidí. Níl téagar ar bith ionnta
Níl deághealladh ná biseach faoin searraichín sin. Teagann an-tsearraigh muis ó'n stail sin. Feacha an ceann atá ag S. Sh. J. Dar Dia, tá sé scinnte (sceinnte) amach in a chapall cheana.

Féach freisin

deághealladh in iontrálacha eile (1)

 
droch-
Deághealladh: droch choimhlíonadh (fc. deá)