Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dea-ghealladh
ainmfhocal, fireann
1.
gealladh maith nó gealladh cinnte barainneach a thabhairt uait.
·
Bíonn an dea-ghealladh i gcónaí aige, ach sin é a dheireadh — geallann sé (go ndéanfaidh sé) rud, ach ní dhéanfaidh
+
Sin é an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh (seanfhocal) — dea-ghealladh agus droch-chomhlíonadh; a bheith go maith faoi do ghealladh ach gan an cur leis a bheith ionat
Dúirt sé go dtiocfadh sé, ach ar tháinig? Mo léan géar! Dea-ghealladh: droch-chomhlíonadh
TUILLEADH (5) ▼
Tá siad ar a dtáirm aríst ag iarraidh bhótanna. Déanfaidh siad cat agus dhá rioball an babhta seo ach iad a dhul isteach. Ach fan go bhfaighe siad iad fhéin istigh! Dea-ghealladh: droch-chomhlíonadh. Ní tada eile é.
Go gcuire Mac dílis Dé an t-ádh ort! Nach in é a cheird sin i gcónaí. Gheallfadh sé an ghealach agus na réalta dhuit, ach 'sé an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh é. M'anam gurb é!
Seachain anois nach ndéanfá é! Ná bíodh sé ina dhea-ghealladh agus ina dhroch-chomhlíonadh agat mar a bhíos sé i gcónaí
Ná tabhair aird ar bith air! Dhá mbeadh sé sin ag iarraidh a theacht, b'fhurasta dhó a theacht. An dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh i gcónaí. Is fhearr dhuitse fear a fháil a dtabharfaidh tú luach a shláinte dhó ná a bheith ina chleithiúnas chor ar bith
Sin é an rud is luar liom beo: duine ag rá leat go ndéanfaidh sé rud agus gan cuimhne ar bith féin aige air. B'fhearr leat duine adéarfadh suas le do bhéal nach ndéanfadh sé chor ar bith é, ná dea-ghealladh agus droch-chomhlíonadh mar sin. B'fhearr dhuit é freisin. Ara beannacht Dé dhuit!
2.
gotha nó cosúlacht bhisigh nó mhéadaithe nó dul chun cinn.
+
Tá dea-ghealladh faoin ngamhain sin — tá cosúlacht air go ndéanfaidh sé gamhain maith, nó go bhfuil biseach ann
Dá mba mise thú, dhíolfainn an bhó sin as an mbealach. Níl aon dea-ghealladh fúithi chor ar bith. D'aithneoinnse údar maith
TUILLEADH (5) ▼
Déarfá nach bhfuil aon dea-ghealladh faoin aimsir pé acu sin é. Diabhal a dtaitníonn na léasáin sin ó dheas liom. Ní fhaca mé ariamh iad nach ag cothú na huaire móire a bheidís
Chuir mé glac mheacan sa bpóicín sin thiar agus brath mhór atá agam a rómhar aríst. Dheamhan dea-ghealladh ar bith fúthu shílfeá. Loic siad cheana anuraidh orm
Níl aon dea-ghealladh faoi. Dhá mba leis biseach a fháil, shílfeá go bhfuil sé in am aige feasta. Tá faitíos orm nach bhfuil i ndán bisigh dhó — an duine bocht. Tá sé in ainseal air anois
Níl dea-ghealladh ar bith faoin gcur i mbliana. Ba deacair dhó a bheith. Fuair sé an iomarca spalpadh san am a raibh aige báisteach a fháil. Tá a shliocht air: na dasachaí atá amuigh féin, níl iontu ach spreangaidí. Níl téagar ar bith iontu
Níl dea-ghealladh ná biseach faoin searrachín sin. Teagann an-tsearraigh muis ón stail sin. Féacha an ceann atá ag S. Sh. J. Dar Dia, tá sé scinnte amach ina chapall cheana.

Féach freisin