Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

gealladh (13)

 
crinn
B'fhiú dhuit an churach thiar agus curach an bhaile seo a fheiceáil ag crinneadh a chéile sna geallta. Dheamhan ionga ná orlach a bhí ag ceachtar acub ar a chéile nó go raibh siad fhoisceacht dhá bhuille iomramha de cheann cúrsa. Sin é an uair a chuaigh na maidí in ascar ar an dream thiar, agus chailleadar an geall.
 
beo 1
Is fada an capall ag fanacht beo, agus tá sí chomh fada ón bhféar anois agus a bhí sí an chéad uair ar gealladh dhi é.
 
Caithfidh mé a bheith ar m'aireachas féin níos mó air mar chuala mé go raibh sé geallta aige dhom an chéad áit a bhfaigheadh sé deis orm — caithfidh mé bheith san airdeall orm féin feasta mar tá sé geallta aige go mbuailfidh sé mé ach é ag fáil deise orm
 
Tá fruisín geallta aige dhomsa má chastar an bealach seo é. Ach dar diagaí má leagann sé barr a láimhe ormsa, ní bheidh aige ach malrait.
 
fál
Más cheal airgid atá do do choinneáil as, ní fál go haer é. Tá leoraí geallta a theacht chugamsa amárach le móin a cheannacht uaim. Díol thusa do chuid fhéin leis in mo leaba
 
Beidh do chuinneog gan deasú muis, más leat a bheith ag forcamhás air siúd. Tá gealladh maith ag an leiciméara sin, ach droch-chomhlíonadh
+
'Sí bád Ch. a bhí ar deireadh sna geallta, théis a raibh de ghaisce aisti
TUILLEADH (1) ▼
Is fada atá sé ag gealladh dhom, ach fuair mé í faoi dheireadh thiar thall
 
Ná bac le dliteanais. Níor íoc an cneámhaire sin aon cheo i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bheadh sé ag gealladh i gcónaí, agus ag iascach leis mar sin, nó go mbeifeá chomh meata sa deireadh aige agus go maithfeá dhó é. Chonaic mé S. Mh. ag dul chun dlí leis faoi luach cairr. M'anamsa ón diabhal gur chaith sé S. pé ar bith cén bealach a rinne dhó é. Chaith mo choinsias. Dheamhan comhaireamh na sop a fuair S. théis go dtug sé go seisiún é. An breitheamh a bhí bríbeáilte aige nó caoi eicínt. Ara bhí an-teacht i láthair ann agus níl aon duine beo nach mionnódh gurb í an fhírinne a bheadh aige nuair a thosódh sé ag ceartú dhuit
 
droim
Is fada an lá mé ag gealladh go dtabharfainn mo dhroim don ól, ach tá sé déanta agam faoi dheireadh. Is fhearr go deireanach ná go brách ar ndóigh
 
dubh- 5
Chítear dhom go bhfuil dubhghála ag éirí. Meas tú an raibh an feochan seo geallta san almanac
 
Ní bhfaigheadh sé saoradh ná séanadh ar a chuid airgid uaidh, ach ag gealladh dhó dóláimh i gcónaí
 
Ní raibh a dhul ar mo chúl ná ar m'aghaidh agam nó go dtugainn gealladh dhó go ngabhfainn ar chuairt aige. Chuaigh sé go bog agus go crua orm, agus dúirt mé go ngabhfainn sa deireadh