Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deacair
/d′akər′/
ainm-fhocal, buineann
níor chuala mé aon-chlaochlódh tuisil air
Tá an focal ag seirgeadh is an gcaint. Níl sé le cloisteáil ach ag sean-daoine anois
brón, duibhthean, dólás, anró, easonóir, crácamas, géar-chall, cruadhtan, cumha.
a.
+
Mo dheacair nachar fhan mé 'san mbaile agus gan an áit seo a thaobhachtáil beag ná mór! = mo bhrón; mo lom dóláis!
Mo dheacair gur tháinig mé chor ar bith!
TUILLEADH (1) ▼
Mo sheacht ndeacair gur chuir muid ann ariamh í. 'San mbaile a bhí againn a coinneál
+
Mo sheacht ndeacair agus mo lom dóláis nachar imigh mé nuair a bhí agam imeacht agus gan a bheith ag leádrán annseo
Mo dheacair agus mo lom dóláis, nachar bhain mé mo ghaisneas as thar agus é a bheith diomalluighthe anois, agus gan maith ar bith!
TUILLEADH (1) ▼
Mo scalladh dúbhach agus mo dheacair go raibh aon-láimh ariamh aige ann!
+
Mo bhrún (bhrón) agus mo dheacair, adeir sí, gur tháinic mé isteach ar shlata an bhaile mhóir ariamh
Mo bhrún agus mo dheacair nachar fhan mé uaidh cho uain agus a bhí mé slán!
TUILLEADH (3) ▼
Mo bhrún agus mo sheacht ndeacair gur chuir sé a chois ná a chnáimh isteach ariamh ann: marach gur chuir, bheadh mo mhaicín múirneach beo beithidheach indiu
Mo bhrún agus mo dheacair nach ndeachaidh mé ann gan méir a bhaint de mo shróin. Dhá dteighinn bhéarfainn beó air
Mo bhrún agus mo dheacair go raibh teach ná árus as mo chionn ariamh! B'fhearr dhom ag iarraidh mo chodach ná mar tá mé anois!
+
Mo chumha agus mo dheacair gur fhága mé an baile an chéad lá ariamh. Marach gur fhágas, ní tolgtha a bheinn anois!
Mo chumha agus mo dheacair gur leig mé cho fada ó bhaile ariamh í, agus a liachtaighe duine aitheantais nach raibh smiaróid (sméaróid) na ngrást aca in a dhiaidh
TUILLEADH (1) ▼
Mo chumha agus mo dheacair nach dtigeann sí ar cuairt chugam, leis an dobrón agus leis an gcaonach liath a bhaint de mo chroidhe
b.
+
Mo dheacair ort! = mo chuid bróin agus rl ort
Mo sheacht ndeacair ort nach leigeann dó!
TUILLEADH (5) ▼
Mo sheacht ndeacair air le cleas a dhéanamh!
Deacair ort agus éist liom
Deacair oraibh nach n-eirigheann as!
Deacair air, le rud a dhéanamh!
Deacair mo bhliana air, mara leitheadach é!
+
Cuirim léan agus deacair air. 'Sé a tharraing mo Sheán Bán i mbealach a bhasctha an chéad lá ariamh
Cuirim léan agus deacair orra, ó liath go leanbh, amuigh agus 'san mbaile. Ba gheal an croidhe a bheadh agamsa anocht meireach an bhrothtuinn bhradach sin
TUILLEADH (5) ▼
Cuirim léan agus deacair ar J. F., ar a chuid agus ar a mhaoin. Is iomdha bliain a bhfuil croidhe dubh agamsa ingeall air fhéin agus ar a chuid míonúis (míonóis?)
Cuirim léan agus deacair orra agus scéal fada ar an anró aca, agus ná raibh aon-duine aca ar an gcomhaireamh ceann bliain ó indiu gan dochar gan díobháil duinne!
Cuirim léan fada agus deacair air, mar sin é féin a d'fhága an croidhe dubh agamsa, an lá ar bháith sé m'fhear
Cuirim léan agus deacair air, agus nar fhagha sé bás choidhchin nó go bhfeicidh sé a theallach fhéin cho falamh agus atá mo theallach-sa
Cuirim léan agus deacair uirre, seasamh fada ar chosa laga aice, agus marbhú an Chróín uirre mara bhfuil sí sáthach!
+
Cuirim fán fada agus deacair air, agus ná raibh a theach choidhchin gan scread-mhaidne!
Cuirim brón agus deacair air, milleadh agus martrú air, mar is dual do'n eascainí fearadh
TUILLEADH (3) ▼
Cuirim brón agus deacair uirre agus ná raibh scread leinbh choidhchin in a teach, mar 'sí a d'fhága an éalann ar mo chroidhe-se
Cuirim brón agus deacair orra, agus nár ba fada a bhéas siad ann!
Cuirim deacair le na shaoghal air, an murdaróir a thug bás dom' athair!
+
Léan agus deacair agad air! Caith uait é, agus ná bodhruigheadh sé na daoine
Léan agus deacair air, le deis a chur air fhéin!
TUILLEADH (1) ▼
"Brón agus deacair ar an gcumann ghearr: 'sí a bhain díomsa mo mhíle grádh" (Líne as "Domhnall Óg").

Deacair in iontrálacha eile (50+)

 
Thart soir, cuireann siad farúch faoi na cruacha nó na stácaí, mar adeir siad fhéin. Fráma adhmad é. Bíonn an chruach árduithe den talamh uiliog aca. Ní theagann fútha, nuair a bhíos siad ar fharúch. Is deacair do na luchain a dhul suas ionnta ach oiread
 
Cuireann sí feánach leamhnacht 'ar chuid na muc 'chuile lá. Is beag an dochar dóibh éifeacht féin a bheith ionta. Go bhfoire Dia ar na muca nach bhfánn ach an fata tor! Is deacair dóibh aon-rath a bheith orra
 
fios
Níl a fhios nach mar is doilí is fhearr cé gur deacair a rádh gurb ea = níl a fhios nach mar is measa (dona) is fhearr cé gurb deacair a rádh gurb ea (fc. deacair, doiligh)
 
Ba deacair dóibh an t-ádh a bheith orra, go mba leó fhéin uainne é. Shíl siad go raibh siad in a rith seóil ceart críochnuithe anois. Bhí a dhá láimh timpeall ar an saol. Ach is ag Dia is fhearr a fhios. Foillsíonn Dia an chneamhaireacht agus an mí-scruball i gcomhnaí. Is fada ar an saol mé agus níl aon-lá ó tháinig cuimhne dhom nach h-amhla a fheicim é. Chuala tú an scéal faoin bhfear a chonnaic fear eile ag marú duine agus dhá chur ingan fhios. Mhionnuigh sé agus mhóidigh sé mara bhfoillsíodh Dia é, nach mbeadh aon-áird aige fhéin ar Dhia níos mó. D'fhan mar sin. Chonnaic sé go raibh an saol ag féithiú leis an té a rinne an marú … Sin é an chaoi a raibh sé. Bhí fear eile marbh cheana ag an té a maruíodh. Nach maith gur fhoillsigh Dia an choir sin!
+
Nach mór a bhíos ag fortabháil ar mháistir scoile fhéin. Bíonn clann mhór aige! Is deacair dó iad ar fad a chur ar a leas!
TUILLEADH (1) ▼
Is deacair dó freastal do chuile rud agus a bhfuil ag fortabháil air. Ní teallach atá sé a thógáil ach dhá theallach. 'Ar ndó' ní bheadh clann na deirfíre beó chor ar bith dhá uireasa
 
Is deacair dhó féar ná fóthair a bheith aige lá agus gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint, nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléaracht, agus ag biorú claidheachaí nuair a bhí aige a ghnatha a dhéanamh
 
fága
Ba deacair a dhul ar farraige inniu tharéis go bhfuil an aimsir suaimnithe. Tá fágaí ann
 
Bhí sé taobh istigh den sconnsa agus é ag cláradh na mná mar a bheadh cut ag cangailt fáideóige! Diabhal a leithide de dhíocas! Ba deacair é a bhearradh san am ar buaileadh an dairt air. Dhéanfadh sé gortú dhá mbeireadh sé ar aonduine
 
An barr siúd a bheith bainte aige! Dheamhan an mó ná scraite féin é sílim. Is deacair dhó. Ag imeacht ag fálróid ar chuile phortach eile, ag coinneál daoine in a gcomhnaí
 
fánaí 1
Fir fánaí a rinne a raibh d'obair annsin ariamh. Mara b'ea ní hiad fhéin é. Ní leigfeadh an spreallaireacht dóibh mórán a dhéanamh. Ní raibh d'fhear fánaí ach scilling san ló an uair sin. Deich bpínne ag baint fhataí, agus chuirfí anuas ar dhá thistiún thú ó bhaileódh sé lá Fheil Mártan. Is deacair a rádh nach mba suarach an saol é
 
Is deacair an sean-fhocal a shárú = bíonn sé ceart i gcomhnaí; is den chríonnacht áird a thabhairt ar an sean-fhocal
 
Má tá sé chomh beag-chontanásach le chuile dhuine is tá sé liomsa, is deacair triall air. = má tá sé comh beag a (de) chontanás le chuile dhuine a's atá sé liomsa, is deacair teanntás ar bith a dhéanamh air.
 
catóg
Tá siad réabtha amach uileag agam as anois, cé's moite d'aon-chatóig amháin atá thoir le claidhe, ach is deacair le na catógaí céadna a dhul ar gcúl.
+
Is deacair 'parasól' a chinnireacht lá garbh. = is deacair 'parasól' a láimhseail nó a choinneál as do chionn fhéin.
TUILLEADH (2) ▼
'Mbeadh fhios aghad faoi neamh nó néal, cé'n chóir a bhfuil siad indon na 'h-aeroplanes' sin a chinnireacht chor a' bith san aer. Shílfeá go mbadh deacair dóib é lá gála go h-áithrid, ach deir siad dheamhan cailm a bhío(nn)s orra(b) ach an oiread le lá ar bith.
Shílfeá go mbadh deacair dóib (do na mná) na hataí coirricíneacha sin a chinnireacht chor a' bith, dhá mbeadh farradh 'bith ann.
+
Is deacair dhom tada a dhéanamh, a's mé chomh h-aonraic a's tá mé. 'D'orduigh cinnire congnamh', agus sin rud nach bhfuil aghamsa, ná fáill a' bith air.
TUILLEADH (1) ▼
Má fhágtar 'chuile shórt faoi Dhia, is deacair dhó freastal dhóib ar fad. D'orduigh cinnire fhéin congnamh.
 
A' mbeadh an oiread de'n bhallséire ort a's go dtiubharfá bhót (vote) dhóib sin? Nach bhfeiceann tú go bhfuil ciseach déanta aca(b) de'n tír. Ach is deacair cuid de na daoine a chomhairleachan.
 
Is deacair dom ciseadóireacht a dheanamh, nuair nach bhfaghaim aon-fhreastal. Nach bhféadfadh sib na slata sin a bhruith a's a dhlaoithiú, 'thárla nach bhfuil tada eile ar a n-aire!
 
Marach a' coimhightheas atá air romhat-sa anois, mise imbannaí, go mbadh deacair cainnt a choinneál leis. Ach ní fhanann smid ná smeaid aige i láthair strainséara.
+
colg
Ní féidir breith ar bhod gorm le na bhfuil de chuilgní air, a's tá sé amhla le n'ithe. Is deacair solamar a' bith 'fhaghail air, le na bhfuil de chnámha ann.
TUILLEADH (1) ▼
Deirimse leatsa, má thagann colg ar a' mbruithteachán sin leat, gur deacair é 'mhíniú síos aríst. Dheamhan fear is measa ná é sin a casfaidhe leat in do shiubhal ionnsuidhe.
 
Meastú marach é bheith faoi chumaoin dom ingeall ar an uair ar thug mé mo chapall dó, a' ndeanfadh sé an méid sin gar dom. Baoghal air go deimhin! Sin é an buachaill céadna gur deacair leis soighleas a dhéanamh d'aonduine.
 
cora
Tá réidh-charra fhánach ann, ach is deacair thú fhéin a thabhairt tirm uaithe, is deacair sin.
 
Sé'n chaoi a mbeidh sí ar ball, fágtha annsiúd ar a' tráigh thirm, gan Murrchadha gan Maghnus. Ní hé a mhalrait de chosamhlacht atá uirre, a's chomh deacair a's atá sé í 'shású faoi fhear. = ní iarrfa fear a' bith í, as deire na cúise.
 
Shílfeá go raibh sé in am aghad eirghe as a' slaghdán sin feasta, ach dheamhan cosamhlacht fós ort a's thú a' céithireacht chasachta mar sin. Is deacair an slaghdán bradach céadna a chur as do chreatalaigh.
 
baile
Cé'r chás dom é, dhá mbeadh luach brioscaí fhéin agham, ach dheamhan cianóg ruadh a bhí a' gabhail liom, a's mo shean-eire ocrais orm. A's deirimse leat gur deacair a' sean-fhocal a shárughadh: 'fear gan airgead imbaile [mór] is olc a' lón dó goile géar'.
 
bannaí 1
InDomhnach is beag dhá fhonn atá ormsa a dhul imbannuidhe air, mar is olc a' díoluidhe é, marar athruigh sé. Ach ó d'iarr sé mé, badh deacair dhom é 'eiteachtáil.
+
Is deacair do dhuine an bealach a shiubhal ag madraí.
TUILLEADH (4) ▼
Is deacair dhó bean a thabhairt isteach annsiúd a's a bhfuil sa mbealach air.
Is deacair dhom mo bhealach a dhéanamh a's a bhfuil dhá fhaghail de chaidéis dom = is doiligh dhom mo bheart a tharraint ná treabhadh liom, chor a' bith, a's a bhfuil de bhiadán a's de chainnt dhá dhéanamh fúm.
Is deacair a chomhairleachan a thabhairt do'n cheann céadna. Bhí bealach maith cheana aige in Ameriocá, a's páighe mhór, a's leig sé uaidh é le cion-faillighe.
Is deacair bealach maith a fhaghail ar a' saoghal seo = is doiligh slighe-mhaith maireachtála a dheanamh amach.
 
Mara bhfuil de mharach agad uirre, ach a' bhéalóig sin atá in a drad uachtair, is deacair do dhíol de bhean a dhéanamh amach duit! (as fonóid adubhradh).
+
coiric
Shílfeá go mbadh deacair do na mná na hataí sin a chinnireacht chor a' bith lá gála a's na coirriceachaí atá asta(b).
TUILLEADH (2) ▼
InDomhnach muise, má theigheann rudaí de'n tsórt sin sa gcoirricín aige,tá faitchíos orm gur deacair iad a bhaint as. Ní bhainfe cíor ná raca as iad ar aon-chor! = amhuilleacht a' bith a ghlacfadh duine 'na chloigeann.
Is deacair é sin a chuir as a' gcoirricín aige anois, aindeoin nach raibh géilleamhaint a' bith aige dhó, an chéad uair = smaoineadh nó tuairim.
+
Déanann na crochaillí cnap thíos in mo mhuineál, a's bíonn siad chomh roighin, a's gur deacair iad a chur aníos. Ní fhaghaim a' cainnt liom aca(b), go ceann fada scaithtí.
TUILLEADH (1) ▼
Nach deacair le na crochaillí céadna scaradh leat! Tá sé in am aca(b) feasta, má's leo(b) scaradh leat go deo.
 
Tá siad i gcrích uileag aice anois, cé's moite de'n inghin is óige, ach is deacair í sin a shású faoi fhear. Ní mór léithe an togha a fhaghail.
 
Tá na crúbáin siúd deacair, arae tá siad in a moirt le uisce, a's tá sreangannaí broimfhéir ionnta(b), a's fhobair go gcinnfeadh sé ort an láighe a chur thríotha(b) chor a' bith.
+
beo 1
Is deacair imeartas ar siúd! Tá sé beo, bíodhgamhail — tá sé sin!
TUILLEADH (1) ▼
Chinnfeadh ort an gaineamh beo sin a thárlú leat ar bhealach a' bith ach le máilín. Ar a' gcaoi sin fhéin, is deacair é 'líonadh sa máilín fhéin.
 
bior
Is deacair dhomsa fata ná meacan a chur, a's gan agam ach bior in aon-tsúil.
+
bocht 2
Is deacair a' bocht 'aithneachtáil thar a' saidhbhir ar a' saoghal seo.
TUILLEADH (3) ▼
Is deacair é a cheannsú anois, arae ar chuala tú ariamh é: 'nuair a theighea(nn)s bocht go nocht, tiocfa sé go gabhail éadain'.
B'fhurast' aithinte ar an imtheacht a bhí faoi, go ndeanfadh sé rud eicínt as a dheire. Is deacair an sean-fhocal a shárú: 'nuair a theighea(nn)s bocht go nocht, teigheann sé go gabhail éadain'.
Ba deacair a díol d'fhear a fhaghail di, scathamh, ach is buidhe bocht léithe cimleachán a' bith anois = is corr-fhear a mbeadh sí sásta leis scathamh, ach is furasta í 'shású faoi fhear anois.