Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deacair
/d′akər′/
ainmfhocal, baineann
níor chuala mé aon chlaochlú tuisil air
tá an focal ag seargadh sa gcaint. Níl sé le cloisteáil ach ag seandaoine anois
 brón, duifean, dólás, anró, easonóir, crácamas, géarchall, cruatan, cumha.
a.
+
Mo dheacair nár fhan mé sa mbaile agus gan an áit seo a thaobhachtáil beag ná mór! — mo bhrón; mo lom dóláis!
Mo dheacair gur tháinig mé chor ar bith!
TUILLEADH (1) ▼
Mo sheacht ndeacair gur chuir muid ann ariamh í. Sa mbaile a bhí againn a coinneáil
+
Mo sheacht ndeacair agus mo lom dóláis nár imigh mé nuair a bhí agam imeacht agus gan a bheith ag leadrán anseo
Mo dheacair agus mo lom dóláis nár bhain mé mo ghaisneas as thar is é a bheith diomalaithe anois, agus gan maith ar bith!
TUILLEADH (1) ▼
Mo scalladh dubhach agus mo dheacair go raibh aon láimh ariamh aige ann!
+
Mo bhrón agus mo dheacair, adeir sí, gur tháinig mé isteach ar shlata an bhaile mhóir ariamh
Mo bhrón agus mo dheacair nár fhan mé uaidh chomhuain is a bhí mé slán!
TUILLEADH (3) ▼
Mo bhrón agus mo sheacht ndeacair gur chuir sé a chois ná a chnáimh isteach ariamh ann: murach gur chuir, bheadh mo mhaicín muirneach beo beithíoch inniu
Mo bhrón agus mo dheacair nach ndeachaigh mé ann gan méir a bhaint de mo shróin. Dhá dtéinn bhéarfainn beo air
Mo bhrón agus mo dheacair go raibh teach ná áras os mo chionn ariamh! B'fhearr dhom ag iarraidh mo chodach ná mar atá mé anois!
+
Mo chumha agus mo dheacair gur fhága mé an baile an chéad lá ariamh. Murach gur fhágas, ní tolgtha a bheinn anois!
Mo chumha agus mo dheacair gur lig mé chomh fada ó bhaile ariamh í, agus a liachtaí duine aitheantais nach raibh sméaróid na ngrást acu ina dhiaidh
TUILLEADH (1) ▼
Mo chumha agus mo dheacair nach dtigeann sí ar cuairt chugam leis an dobrón agus leis an gcaonach liath a bhaint de mo chroí
b.
+
Mo dheacair ort! — mo chuid bróin srl. ort
Mo sheacht ndeacair ort nach ligeann dó!
TUILLEADH (5) ▼
Mo sheacht ndeacair air le cleas a dhéanamh!
Deacair ort agus éist liom
Deacair oraibh nach n-éiríonn as!
Deacair air, le rud a dhéanamh!
Deacair mo bhliana air, mura leitheadach é!
+
Cuirim léan agus deacair air. 'Sé a tharraing mo Sheán Bán i mbealach a bhasctha an chéad lá ariamh
Cuirim léan agus deacair orthu, ó liath go leanbh, amuigh agus sa mbaile. Ba gheal an croí a bheadh agamsa anocht meireach an bhratainn bhradach sin
TUILLEADH (5) ▼
Cuirim léan agus deacair ar J. F., ar a chuid agus ar a mhaoin. Is iomaí bliain a bhfuil croí dubh agamsa i ngeall air fhéin agus ar a chuid mínóis
Cuirim léan agus deacair orthu agus scéal fada ar an anró acu, agus ná raibh aon duine acu ar an gcomhaireamh ceann bliain ó inniu gan dochar gan díobháil dúinne!
Cuirim léan fada agus deacair air, mar sin é féin a d'fhága an croí dubh agamsa an lá ar bháigh sé m'fhear
Cuirim léan agus deacair air, agus nár fhaighe sé bás choíchin nó go bhfeice sé a theallach fhéin chomh folamh agus atá mo theallachsa
Cuirim léan agus deacair uirthi, seasamh fada ar chosa laga aici, agus marú an Chróín uirthi mura bhfuil sí sách!
+
Cuirim fán fada agus deacair air, agus ná raibh a theach choíchin gan scread mhaidne!
Cuirim brón agus deacair air, milleadh agus martrú air, mar is dual don eascainí fearadh
TUILLEADH (3) ▼
Cuirim brón agus deacair uirthi agus ná raibh scread linbh choíchin ina teach, mar 'sí a d'fhága an éalang ar mo chroí-se
Cuirim brón agus deacair orthu, agus nár ba fada a bheas siad ann!
Cuirim deacair lena shaol air, an murdaróir a thug bás do m'athair!
+
Léan agus deacair agat air! Caith uait é, agus ná bodhraíodh sé na daoine
Léan agus deacair air, le deis a chur air fhéin!
TUILLEADH (1) ▼
"Brón agus deacair ar an gcumann ghearr: 'sí a bhain díomsa mo mhíle grá" (Líne as Dónall Óg)

deacair in iontrálacha eile (50+)

 
Thart soir, cuireann siad farúch faoi na cruacha nó na stácaí, mar adeir siad fhéin. Fráma adhmad é. Bíonn an chruach ardaithe den talamh uileag acu. Ní theagann fúthu nuair a bhíos siad ar fharúch. Is deacair do na luchain a dhul suas iontu ach oiread
 
Cuireann sí feadhnach leamhnachta ar chuid na muc chuile lá. Is beag an dochar dóibh éifeacht féin a bheith iontu. Go bhfóire Dia ar na muca nach bhfaigheann ach an fata tor! Is deacair dóibh aon rath a bheith orthu
 
fios
Níl a fhios nach mar is doilí is fhearr cé gur deacair a rá gurb ea — níl a fhios nach mar is measa (dona) is fhearr cé gurb deacair a rá gurb ea (fc. deacair, doiligh)
 
Ba deacair dóibh an t-ádh a bheith orthu, go mba leo fhéin uainne é. Shíl siad go raibh siad ina rith seoil ceart críochnaithe anois. Bhí a dhá láimh timpeall ar an saol. Ach is ag Dia is fhearr a fhios. Foilsíonn Dia an chneámhaireacht agus an míscrupall i gcónaí. Is fada ar an saol mé agus níl aon lá ó tháinig cuimhne dhom nach amhlaidh a fheicim é. Chuala tú an scéal faoin bhfear a chonaic fear eile ag marú duine agus dhá chur i ngan fhios. Mhionnaigh sé agus mhóidigh sé mura bhfoilsíodh Dia é nach mbeadh aon aird aige fhéin ar Dhia níos mó. D'fhan mar sin. Chonaic sé go raibh an saol ag féithiú leis an té a rinne an marú … Sin é an chaoi a raibh sé. Bhí fear eile marbh cheana ag an té a maraíodh. Nach maith gur fhoilsigh Dia an choir sin!
+
Nach mór a bhíos ag fortabháil ar mháistir scoile fhéin. Bíonn clann mhór aige! Is deacair dó iad ar fad a chur ar a leas!
TUILLEADH (1) ▼
Is deacair dó freastal do chuile rud agus a bhfuil ag fortabháil air. Ní teallach atá sé a thógáil ach dhá theallach. Ar ndóigh ní bheadh clann na deirfíre beo chor ar bith dhá uireasa
 
Is deacair dhó féar ná fothair a bheith aige lá is gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléireacht agus ag biorú claíochaí nuair a bhí aige a ghnaithe a dhéanamh
 
fága
Ba deacair a dhul ar farraige inniu thar éis go bhfuil an aimsir suaimhnithe. Tá fágaí ann
 
Bhí sé taobh istigh den sconsa agus é ag cláradh na mná mar a bheadh cat ag cangailt fáideoige! Diabhal a leithide de dhíocas! Ba deacair é a bhearradh san am ar buaileadh an dairt air. Dhéanfadh sé gortú dhá mbeireadh sé ar aon duine
 
An barr siúd a bheith bainte aige! Dheamhan an mó ná scraite féin é sílim. Is deacair dhó. Ag imeacht ag fálróid ar chuile phortach eile, ag coinneáil daoine ina gcónaí
 
fánaí 1
Fir fánaí a rinne a raibh d'obair ansin ariamh. Murab ea, ní hiad fhéin é. Ní ligfeadh an spreallaireacht dóibh mórán a dhéanamh. Ní raibh d'fhear fánaí ach scilling sa ló an uair sin. Deich bpínne ag baint fhataí, agus chuirfí anuas ar dhá thoistiún thú ó bhaileodh sé Lá Fhéil Mártan. Is deacair a rá nach mba suarach an saol é
 
Is deacair an seanfhocal a shárú — bíonn sé ceart i gcónaí; is den chríonnacht aird a thabhairt ar an seanfhocal
 
Má tá sé chomh beagchuntanósach le chuile dhuine is atá sé liomsa, is deacair triall air — má tá sé comh beag a (de) chuntanós le chuile dhuine is atá sé liomsa, is deacair teanntás ar bith a dhéanamh air.
 
catóg
Tá siad réabtha amach uileag agam as anois, cé is moite d'aon chatóig amháin atá thoir le claí ach is deacair le na catógaí céanna a dhul ar gcúl.
+
Is deacair parasól a chinnireacht lá garbh. — is deacair parasól a láimhseail nó a choinneáil os do chionn fhéin
TUILLEADH (2) ▼
An mbeadh a fhios agat faoi neamh nó néal, cén chóir a bhfuil siad in ann na haeroplanes sin a chinnireacht chor ar bith san aer. Shílfeá go mba deacair dóibh é lá gála go háirid, ach deir siad dheamhan cailm a bhíonns orthub ach an oiread le lá ar bith.
Shílfeá go mba deacair dóibh (do na mná) na hataí coiricíneacha sin a chinnireacht chor ar bith dhá mbeadh farra ar bith ann.
+
Is deacair dhom tada a dhéanamh agus mé chomh haonraic agus atá mé. D'ordaigh cinnire cúnamh, agus sin rud nach bhfuil agamsa, ná faill ar bith air.
TUILLEADH (1) ▼
Má fhágtar chuile shórt faoi Dhia, is deacair dhó freastal dhóibh ar fad. D'ordaigh cinnire fhéin cúnamh.
 
An mbeadh an oiread den bhall séire ort agus go dtabharfá bhót (vote) dhóibh sin? Nach bhfeiceann tú go bhfuil ciseach déanta acub den tír. Ach is deacair cuid de na daoine a chomhairleachan.
 
Is deacair dom ciseadóireacht a dhéanamh nuair nach bhfaighim aon fhreastal. Nach bhféadfadh sibh na slata sin a bhruith agus a dhlaoithiú ó tharla nach bhfuil tada eile ar a n-aire!
 
Murach an coimhthíos atá air romhatsa anois, mise i mbannaí go mba deacair caint a choinneáil leis. Ach ní fhanann smid ná smeaid aige i láthair strainséara.
+
colg
Ní féidir breith ar bhod gorm lena bhfuil de choilgní air, agus tá sé amhlaidh le n-ithe. Is deacair solamar ar bith a fháil air lena bhfuil de chnámha ann.
TUILLEADH (1) ▼
Deirimse leatsa, má thagann colg ar an mbruiteachán sin leat, gur deacair é a mhíniú síos aríst. Dheamhan fear is measa ná é sin a casfaí leat in do shiúl ionsaí.
 
Meas tú murach é bheith faoi chomaoin dom i ngeall ar an uair ar thug mé mo chapall dó, an ndéanfadh sé an méid sin gar dom. Baol air go deimhin! Sin é an buachaill céanna gur deacair leis soilíos a dhéanamh d'aon duine.
 
cora
Tá réchora fhánach ann ach is deacair thú fhéin a thabhairt tirim uaithi, is deacair sin.
 
'Sé an chaoi a mbeidh sí ar ball, fágtha ansiúd ar an trá thirim, gan Murchadh gan Mánas. Ní hé a mhalrait de chosúlacht atá uirthi agus chomh deacair is atá sé í a shásamh faoi fhear — ní iarrfaidh fear ar bith í as deireadh na cúise.
 
Shílfeá go raibh sé in am agat éirí as an slaghdán sin feasta, ach dheamhan cosúlacht fós ort agus thú ag céithireacht chasachta mar sin. Is deacair an slaghdán bradach céanna a chur as do chreatlaigh.
 
baile
Cér chás dom é dhá mbeadh luach brioscaí fhéin agam, ach dheamhan cianóg rua a bhí ag gabháil liom, agus mo sheaneire ocrais orm. Agus deirimse leat gur deacair an seanfhocal a shárú: fear gan airgead i mbaile mór is olc an lón dó goile géar.
 
bannaí 1
I nDomhnach is beag dhá fhonn atá ormsa a dhul i mbannaí air, mar is olc an díolaí é murar athraigh sé. Ach ó d'iarr sé mé, ba deacair dhom é a eiteachtáil.
+
Is deacair do dhuine an bealach a shiúl ag madraí.
TUILLEADH (4) ▼
Is deacair dhó bean a thabhairt isteach ansiúd agus a bhfuil sa mbealach air.
Is deacair dhom mo bhealach a dhéanamh agus a bhfuil dhá fháil de chaidéis dom — is doiligh dhom mo bheart a tharraingt ná treabhadh liom chor ar bith agus a bhfuil de bhéadán agus de chaint dhá dhéanamh fúm.
Is deacair a chomhairleachan a thabhairt don cheann céanna. Bhí bealach maith cheana aige i Meiriceá, agus páí mhór, agus lig sé uaidh é le cion faillí.
Is deacair bealach maith a fháil ar an saol seo — is doiligh slí mhaith maireachtála a dhéanamh amach.
 
Mura bhfuil de mharach agat uirthi ach an bhéalóig sin atá ina drad uachtair, is deacair do dhíol de bhean a dhéanamh amach duit! (as fonóid adúradh)
+
coiric
Shílfeá go mba deacair do na mná na hataí sin a chinnireacht chor ar bith lá gála agus na coiriceachaí atá astub.
TUILLEADH (2) ▼
I nDomhnach muise, má théann rudaí den tsórt sin sa gcoiricín aige,tá faitíos orm gur deacair iad a bhaint as. Ní bhainfidh cíor ná raca as iad ar aon chor! — ámhailleacht ar bith a ghlacfadh duine ina chloigeann.
Is deacair é sin a chur as an gcoiricín aige anois, ainneoin nach raibh géilliúint ar bith aige dhó an chéad uair — smaoineadh nó tuairim.
+
Déanann na crochaillí cnap thíos in mo mhuineál agus bíonn siad chomh righin agus gur deacair iad a chur aníos. Ní fhaighim an chaint liom acub go ceann fada scaití.
TUILLEADH (1) ▼
Nach deacair le na crochaillí céanna scaradh leat! Tá sé in am acub feasta, más leob scaradh leat go deo.
 
Tá siad i gcrích uileag aici anois, cé is moite den inín is óige, ach is deacair í sin a shásamh faoi fhear. Ní mór léithe an togha a fháil.
 
Tá na crúbáin siúd deacair, arae tá siad ina moirt le uisce agus tá sreangannaí broimfhéir iontub, agus fhóbair go gcinnfeadh sé ort an láí a chur thríothub chor ar bith.
+
beo 1
Is deacair imeartas air siúd! Tá sé beo bíogúil — tá sé sin!
TUILLEADH (1) ▼
Chinnfeadh ort an gaineamh beo sin a tharlú leat ar bhealach ar bith ach le máilín. Ar an gcaoi sin fhéin, is deacair é a líonadh sa máilín fhéin.
 
bior
Is deacair dhomsa fata ná meacan a chur agus gan agam ach bior in aon tsúil
+
bocht 2
Is deacair an bocht a aithneachtáil thar an saibhir ar an saol seo.
TUILLEADH (3) ▼
Is deacair é a cheansú anois, arae ar chuala tú ariamh é: nuair a théanns bocht go nocht, tiocfaidh sé go gabháil éadain
B'fhurasta a aithinte ar an imeacht a bhí faoi go ndéanfadh sé rud eicínt as a dheireadh. Is deacair an seanfhocal a shárú: nuair a théanns bocht go nocht, téann sé go gabháil éadain.
Ba deacair a díol d'fhear a fháil di scaitheamh, ach is buí bocht léithe cuimleachán ar bith anois — is corrfhear a mbeadh sí sásta leis scaitheamh ach is furasta í a shásamh faoi fhear anois.