Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dealg
ainm-fhocal; fireann
geineamhnach deilg (ach is rí-annamh a bhíos claochlódh tuisil air)
iolraidh — deilgne.
na coilgne nó na speiríní géara a bhíos ar dhriseacha, ar sceacha, ar ras-chrainnte agus ar fhás i gcoitiann, ar ghráinneóga, ar éisc áiride agus dhá réir sin; fleasc ghéar ar bith (go h-áirid dealg sceiche nó drise) a thiocfadh in do chois nó i mball ar bith dhíot agus a dhéanfadh seile, dhá bhfaghadh sé a sháith ionbhadha ann. Deilgne: bheadh an chiall beagán níos fóirleithne ná dealg féin (Féach somplaí)
a.
+
Chuaidh dealg in mo chois (in mo láimh, in mo mhuineál, in mo rúitín, in mo sháil etc.)
Thóg an bhó dealg in a crúib
TUILLEADH (5) ▼
Níl a fhios agam céard atá ar an ngamhain sin maran dealg a theangmhóchadh leis
An bhfuil tú indon dealg a bhaint as mo mhéir. Seo biorán duit agus deasuigh anall annseo ag an solus
Dealg a chuaidh innte an lá cheana. Tá sí ag déanamh braoin anois, agus ní féidir baint léithe go mbeidh an seile déanta aice. Tá muid sáruighthe aige 'chuile oíche ag éagcaoineadh léithe
Ní dealg chor ar bith é ach fleasc a chuaidh faoi m'ionga an t-am a raibh mé ag pléidh leis an bhfeamuinn dearg. Cé beag dhom a dhonacht arsa tusa. Mar a chéile an ballséire agus a ghiolla. Tá cur-faoi-ionga anois deanta aice ar chaoi ar bith
An uair a bhainfeá amach [dealg] ba cheart duit é a chaitheamh siar taobh cúl do chinn in aghaidh na tubaiste. Dá mbadh indán agus go mbadh tairnge a bheadh ann 'séard a bhí agad a dhéanamh leis é a chur isteach i bhfata fuar agus é a leagan ar an drisiúr. Dhéanfá an cleas céadna leis dá mbadh i gcrúib bó a bheadh sé
+
"Níl lot ar bith nach mbeadh dealg cho dona leis" (sean-fhocal) = déanann dealg droch-lot mar a dtapuighthear é; is lugha ná frigh máthair an droch-ábhair; is furasta le rud fánach mara dteightear roimhe, a dhul in ainsil; an rud is lugha a gcuirfeadh duine suim ann, thiocfadh dhó iarmhairt dhalba a bheith air
Má tá tú ag aireachtáil pian ar bith, is fhearr a dhul roímpe in am ná in an-tráth. Níl lot ar bith nach mbeadh dealg cho dona leis
TUILLEADH (2) ▼
Bhfeiceann tú Mac P. N. atá ins an aspuicil le dul 'un bliana len a láimh. Is mór adéarfá dhá dtugadh duine tsiocair dhó féin, ach 'sé a raibh de shiocair aige sin é a bheith ag briseadh cloch le oirdín annsiúd in aice an tighe. D'eirigh fleasc beag de'n chloich — fleasc a bhí cho tanuidhe le lann scine. Bhuail sé ins an láimh é. Níor chuir sé suim ar bith ann, mar níor fhuiligh sí féin air. Dheamhan oiread agus cuímniú a rinne sé air go ceann seachtaine aríst, an uair a shéid sí suas. Rinne sí bulóg le at. Sin é an uair a chuimhnigh sé ar na clocha. Chuaidh sé go dtí an dochtúr agus chuir sé ins an aspuicil ar an bpuínte é, agus tá sé ann ó shoin. Déarfá go mbadh fánach an tsiocair a bhí ag an duine bocht sin. Ach sin é. Níl lot ar bith nach mbeadh dealg cho dona leis
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneál istigh, ach ag boithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharbhuigh sé é, agus thug sé 'chuile dhíol air, go minic. Chodluigheadh sé ins an gcró leath na n-oícheannta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an dorus. Bhí bó aige l'aghaidh laoigh an oíche seo agus b'éigin dó fanacht in a shuidhe dhá cíonn. Tháinig an mac domhainn ins an oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoid' ar bith an uair seo air — bhí sé sáruighthe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiaguidhe dubhairt sé an oíche seo leis gan droch-mhúineadh ar bith: "is fhearr leat ag boithreoireacht agus ar do chuid drabhláis" adeir sé "ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt do'n bhó, i leabaidh t'athair bocht a bheith caillte annseo dhá cionn." Níor dhubhairt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaidh an t-athair a chodladh as sin go maidin. An uair a d'eirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach ins an teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suím aimsire agus gan tuairisc ná fáirnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriocá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon-láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an "railway". 'Sé an focailín sin adubhairt a athair a spadhar é, i gcruthamhnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg cho dona leis
·
"Chuaidh mé suas an bóithrín agus tháinic mé anuas an bóithrín agus fuair mé rud nach raibh mé a iarraidh"; chuaidh mé siar an garrdha agus tháinic mé aniar an garrdha agus fuair mé rud nach raibh mé a iarraidh (Tomhais — dealg)
·
Chuirfeadh sé dealg faoi do shúil dhá n-abruightheá é sin leis. Is gearr an mhoill a bheadh air
Bhainfeá dealg amach lena scaltrachaí a bhí ann = bhí an teintreach cho greadánta sin agus go bhfeictheá an dealg in do mhéir nó in do chois
b.
·
Dealg sceiche, dealg spíonáin, dealg drise, dealg droighin, dealg bóthair, dealg láibe (dealg múnlaigh), dealg gráinneoige, dealg cluan mara, dealg éisc agus rl. = cineálachaí dealg atá ann
+
Dealg drise a d'fhuiligh orm. Dhá bhfeictheá an scáird fhola a tháinic as mo mhéir aice
Deir siad gurb é a raibh d'údar aige, lá a ndeacha sé ag baint sceiche annsin thiar, gur fhuiligh dealg ar a mhéir. Lá ar na bháireach bhí sé ins an leabaidh aice agus níor eirigh sé níos mó. Cuireadh aithne air gan an sceach a bhaint — bhí geis eicínt uirre — ach ní raibh comhairleachan ar bith in a chíonn siúd. Is dona a chuaidh an sceach do'n duine bocht ar aon-nós
TUILLEADH (6) ▼
Níl rud ar bith is géire deilgne ná an ghráinneoig agus an dris agus an cluan mara. An bhfaca tú cluan mara ariamh. Is geall le gráinneoig na deilgne atá air. D'fheicfeá go minic thíos ins an gcladach sin thíos é
Tá an ghráinneog faoi dheilgne uiliog.
Chuaidh dealg drise faoin a shúil, agus chaith sí an-fhada gan spré ar bith aige, ach é ag imeacht agus maistín de phláta aige uirre. Tá sí cneasuighthe anois aríst
Dealg éisc a sheas in a mhuinéal, agus a thacht é.
Ná bac le breac ar bith a bhfuil na deilgne coilgneacha sin air. Ní bhíonn rath ná righeacht le n-ithe orra. Feacha na buid ghorma agus na bláthain chladaigh sin. 'Ar ndú níorbh fhiú do dhuine ar bith dhá mheárú féin dhá dtabhairt abhaile
Dealg sceiche a thóig sé an chéad uair agus ní thiubharfadh sé cead d'aonduine a dhul in a goire nó go ndearna sí cois bhocht ins an deire. Chuir mé ceirín léithe le cupla oíche ag ceapadh go dtarraingeochadh sé an droch-adhbhar, ach dheamhan cosamhlacht air scaradh fós léithe. Níl ceirín ar bith adeir siad is fhearr ag dealg ná teanga an tsionnuigh dá mbeadh sí againn. Tharraingeochadh sí sin de ghort an gharta é, ach cá'il sí? Sin é an buille.
+
Bhainfeadh dealg spíonáin fuil as = duine reamhar craosach dearg; duine a mbeadh neart fola ann; tá dealg an spíonáin an-mhaol, agus ní fhuileochadh sé ar dhuine, mara mbeadh an fhuil i gcruth pléasctha as uaithe féin
'Ar ndú ní hí an bhornóg mhór siúd atá sé le pósadh. 'Sí atá craosach dearg bail ó Dhia uirre. Bhainfeá fuil aiste le dealg spíonáin
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé séidthe suas ar fad anois. An t-ól atá dhá dhéanamh is dóigh. Ní snuadh ceart atá air, té (cé) go mbainfeadh duine fuil as le dealg spíonáin
Chonnaic mise í sin an uair a bhí sí in a cailín óg agus bhainfeá fuil aisti le dealg spíonáin, bhí sí cho craosach dearg sin. Ach ó phós sí, tá sí an-droch-bhreathnuightheach. Shílfeá scaithtí nach mbeadh deor fhola ar bith innte.
Bhí an cineál sin ar fad ar an gcaoi sin. Bhainfeá fuil as 'chuile dhuine go tóin aca le dealg spíonáin. Ach in a dheidh sin agus uiliog, ní raibh aon-tsláinte de'n rath aca. Séidthe a bhí siad. Breathnuigh ar an gceann seo thíos. Ní bhíonn siubhal an bhealaigh innte amanntaí
Níl a fhios agam. Tá colainn ro-mhór aige, agus 'ar ndú bhainfeadh duine fuil as le dealg-spíonáin. 'Bhfeiceann tú an tsrón atá air. Is mór an lear fuisce a d'ól sé leis an tsrón siúd a chur air
Is maith atá an áit thiar ag dul duit bail ó Dhia agus ó Mhuire ort. Tá tú dearg círíneach anois, agus bhainfeadh duine fuil asad le dealg spíonáin. Dar fiadh ní raibh an deirgeadas sin ionnad an uair a bhí tú annseo
Chuaidh sí sin isteach ins an aspuicil in a bás ar sliobarna, ach an uair a tháinig sí amach bhainfeá fuil aisti le dealg spíonáin. Sin í nach ndeacha an áit istigh go dona dhi ar chuma ar bith
+
Dealg láibe (dealg múnlaigh) = dealg a bheadh báithte ins an láib nó ins an múnlaigh. Bíonn sé leath-lobhtha, ach mar sin féin níl dealg ar bith is géire ná é. Deirtear gurb iad an dá rud is géire amuigh, dealg láibe agus focal amadáin
Ar chuala tú ariamh é: dealg láibe agus focal amadáin an dá rud is géire ar bith
TUILLEADH (4) ▼
Shílfeá anois go mbeadh an ghaimh imighthe as an dealg láibe agus an áit a mbíonn sé, ach níl dealg ar bith a chinnfeadh air in a dheidh sin. Bhí mé ag útamáil thuas annsin i Lochán an Bhóithrín fadó, agus mé in mo ghasúr agus chuaidh dealg in mo chois. Ní raibh mé indon a cur fúm go ceann leath-bhliana. Fhobair ar fhéad mé a cur fúm chor ar bith
Is gangaidighe é an dealg múnlaigh ná dealg ar bith eile dá bhfuil amuigh agus tá sé mar sin le focal an amadáin. Chonnaic tú leath-leadhb go minic nach mbeadh éirim ar bith in a chuid cainte, ach 'chuile dhuine ag magadh faoi. Bhí sé annsin thiar ag P. M. Sin é a bhí indon an gob géar a thabhairt uaidh an uair a thogróchadh sé é. Ar chuala tú ariamh céard dubhairt sé le P. G. …
Tá fhios ag dall gan súil go bhfuil an dealg láibe géar, ach ní hé 'chuile dhuine a thiubharfadh sunntas d'fhocal an amadáin. Ba cheart a thabhairt. Is minic adubhairt amadán an fhírinne — an fhírinne shearbh. Bhí a fhios ag an Rí féin fadó é an uair a ghlac sé comhairle an amadáin …
Chloisinn S. M. Sh. ag rádh fadó nach raibh dhá rud ar bith ba ghéire ná dealg láibe agus focal amadáin. Bhí a mh'anam! An giall atá ar a bhean-seisean. Is geall le rásúr é
c.
+
Deilgní uiliog an áit sin soir = tá sé faoi chrígheannaí agus faoi dhriseacha agus faoi thomacha as éadan
Má theigheann tú isteach i lár na ndeilgní sin, fágfaidh siad ciréim ort. Diabhal bréag nach bhfágfaidh
TUILLEADH (8) ▼
Ag plé le deilgní atá mé annsin thuas ó mhaidin. Tá an cúl thoir siúd faoi dheilgní ar fad. Tá sé cho maith féachaint le bail eicínt a chur air anois. An-phíosa talmhana a bheadh annsiúd dá réidhtighthí é.
Baile na nDeilgne a thiubharfainnse air. Bhí mé ag bainis ann agus níor léir dom tada ann ach droighean agus driseachaí
Sin í tír na ndeilgní a mhic ó. An raibh tú i gC. ariamh. Níl ceo dhár dhealbh an ghrian ann ach saileánach agus droighean agus sceacha agus catógaí mar adeir siad féin. Maidir le bruic agus sionnaigh is ann atá a dtabhairt amach … Bail ó Dhia ar do réidhteach. Ní bheadh a bhfuil de roschoill agus de thomachaí annsiúd réidhtighthe faoi cheann deich mbliana
Cé a tharraing na deilgne sin isteach ar an tsráid. Tá beatha cos ionnta sin muis, mara mbí sib ins an áirdeall
Cá'il an áit agad l'aghaidh caorach: ins na breaclachaí sin siar, ab eadh. Cuir ann iad má's leat do chuid olna a bheith ar na deilgne
Níl aon-gharrdha ag gabhail leis nach bhfuil faoi bhrat deilgne. Agamsa atá a fhios sin. Shiubhail mé a bhfuil ag gabhail leis. Má shiubhail féin ní ingan fhios do mo chuid éadaigh sin
Níl sé ionrásta a dhul chuig an teach aige anois chor ar bith le deilgne. Bhiorruigh sé an iothlainn le sceacha, agus strachail na gasúir nó an gála anuas aríst iad agus tá an bóithrín druidthe leo anois. Níl a fhios agam cé'n chaoi a seolann siad bó ar bith aca
Níl aon-lá ins an aer nach bhfuil na cosa buailte suas aca le deilgne. Bíonn muid ag iarraidh orra na bróga a choinneál orra, ach níl aon-mhaith aca ann in a dheidh sin go ngreadaidh siad ins na buinn. Tá a shliocht orra
d.
+
Chuaidh dealg in a cois = déarfaí é le páiste caidéiseach a bheadh ag fiafruighe céard a bhí ar a mháthair nó ar bhean eicínt eile a bheadh in a luighe seoil
Chuaidh dealg in a cois indé a mhuirnín agus ní bheidh sí chuice féin go ceann seachtaine
TUILLEADH (1) ▼
I sean-scéal tá cur-síos ar fhear agus ar bhean ag siubhal na coille agus é ag cinnt ar an mbean cathú a chur ar an bhfear cé nach cheal a shaothruighthe é. Ins an deireadh chrom sí síos. "Céard atá ort" adeir an fear. "Dealg a ghabh in mo chois" adeir sí, "agus ní fhéadaim a bhaint amach." Chuaidh an fear dhá bhaint amach di, agus sin é an chaoi a bhfuair sé fios di de'n chéad-uair
e.
·
Dealg ins an mbeo = tairnge ins an mbeo; sáithteán; gob géar; do dhóthain de fhreagra nó do dhóthain de bhail; rud a ghabhfadh cois croidhe, a chuirfeadh múisiam ort, a bheadh in a dhris chasáin ort, a chuirfeadh rud as duit, nó a ghoillfeadh go mór ort
Ba dealg ins an mbeo ionnam an chaint a chaith sí (fc. tairnge)
+
Bhí sé ag caint leis go sládrúsach agus a dhealg sáithte ann ag iarraidh a chur dá chois = A dhealg sáithte ann = é in a éadan; greim docht aige air i riocht agus nach mbeadh aon-ghoir aige imeacht uaidh; é ag déanamh uisce faoi thalamh air; é i dteannta aige, agus gan é de rún aige an ceann eile a leigean uaidh go ndéanfadh sé an feall air
Má tá a dhealg sáithte innte sin anois aige, ní leigfidh sé di go gcuiridh sé síos ins an talamh í leis an díol a thiubharfas sé uirre. Sin é an sórt duine é. An té a mbeidh sé in a aghaidh beidh sé in a aghaidh, agus níl aon-mhaith a dhul ag brughadh air. Is duine é a thiubharfas a chuid faltanais i gcreafóig leis.
TUILLEADH (5) ▼
Níl aon lá ó a tháinig sí isteach ar an mbaile nach shin é a ceird. Tá a dealg sáithte aice ionnamsa agus 'chuile shórt dhá bhféadfaidh sí a chur as dom déanta aice. Níor chumaoin di muis agus a liachtaighe gar a rinne ar bhain liomsa di agus dá fear
An bhfuil 'fhios agad cé'n fear a bhfuil a dhealg sáithte ag an sagart anois ann — in P. S. Tuilleadh diabhail ag P. Bhí sé féin agus an sagart in a dhá gcuid déag le chéile. Ní bheadh glafarnach ghadhar ins an bpobal nach mbeadh sé ag an sagart an oíche sin uaidh. Anois tá an sagart cho mór ins an mullach air féin le duine ar bith eile, agus gheobhaidh sé garbh uaidh é. Níl duine ar bith is mó aicís ná an sagart sin ach é a bheith in aghaidh duine
Má tá a dhealg sáithte ag an seairsint ionnad beidh sé ar siubhal go deo go gcuiridh sé i dteannta thú. Sin é an sórt duine é. Tá an oirille ann. Féadfaidh daoine a rogha rud a dhéanamh annsin as comhair a dhá shúl, ach níl neart ag daoine eile an bóthar a shiubhal an uair is mian leis iad a chur i bhfastós. Fuair mise mo dhóthain dó (de). Níl aon-cheo dhá raibh in a chumhachta nach ndearna sé ormsa
Ó'n trathnóna ar leag muid a chuid claidhtheachaí, bhí a dhealg sáithte aige ionnamsa uaidh sin amach. Chreid sé i gcomhnuí gur mise an ceann-feadhain a bhí ann. 'Ar ndú ní raibh sé ag dul i bhfad amú ach oiread. D'íoc mé ann ag an scoil. Uair ar bith a bhfuair sé deis ar bith orm, 'sé nar leig ar cáirde é, ach bruicneáil bhuailte a thabhairt dom féin. Bhí an catmara críochnuighthe orainn freisin agus a dhul ag cur araoid' ar bith ar a chuid claidhtheachaí …
Ó tá an dealg sáithte aca innte anois, níl aon-rún aca an Gearmánach a leigean uatha gan céir a fhágáil air. Déanfaidh siad é freisin, feicfidh tú féin. Go lá speirthe na gcut aríst, ní bheidh aon-smeámh ann. Is mór an feall muis. Marach a raibh in a aghaidh thiubharfadh sé siúd cnáimh le creinneadh dóibh. D'fhága sé cnead ionnta mar a bhí sé

Féach freisin

Dealg in iontrálacha eile (4)

 
dearg 1
Má tá sé ag fuasaoid is beag dhá chosúlacht atá air. Sé atá bruileach dearg. Bhainfeá fuil as le dealg spíonáin
 
Is diabhluí an deargán d'inghin í sin aige. 'Bhfeiceann tú na pluca atá uirre — bail ó Dhia agus ó Mhuire uirre. Tá 'chaon ghríscín feola uirre! Bhainfeá fuil aisti le dealg spíonáin
 
Bhí déidín tuithte againn leis an ocras an uair a fuair muid aon-ghreim, agus an uair sin féin ba gann gortach uatha é a thabhairt duinn. Stiallóigín bheag aráin a bhfeicfeá dealg indo mhéir thríd, agus scudalach tae ar baineadh an t-anam as — má bhí sé ariamh ann — le neart brutha. Méaracáinín beag fuisce annsin nach n-aireochthá a bhlas ar do theanga. Tugaimse mo mhallacht ar chuma ar bith do bhainseachaí Bh.
 
domhain 2
Chuaidh an dealg an-domhainn in mo chois