—
préachadh, fuarú, seacaíl, strumpadh leis an bhfuacht, reodh, caillte leis an bhfuacht.
+–
  Deallróchaidh tú thú féin, má fhanann tú amuigh annsin faoi'n bhfuacht = préachfaidh, seacálfaidh
Deallruigheann sé é féin ag imeacht ag bóthaireoireacht 'chuile oíche 'san aer.  Ní theagann iadhadh air ó a thuiteas oíche ach siar agus aniar ó tigh Mh. Mh. go dtí tigh Mh.
      
                                TUILLEADH (10) ▼
                            
Is beag an dochar dhó a bheith deallruighthe fhéin agus gan aon-tsnáth air thairis siúd.  'Ar ndú', níl aon-fhear beo indon a sheasamh ar scáth an méid siúd éadaigh
Deallruigheadh é muise ar an mbóthar aréir ag fanacht léithe.  Tháinic sí faoi dheireadh thiar thall, ach b'fhada é.  Bhí déidín tuitthe aigesan ag fanacht léithe ar aon-chor
Tá mé deallruighthe thíos annsin thíos ó mhaidin ag fuirgheacht fea'int a bhfeicfinn ag teacht é, ach diabhal teacht.  Sactha istigh ag ól idteach ósta eicínt atá sé siúd
Tá gasúr ar bith a chaithfeas a dhul ag an scoil ar an aimsir seo deallruighthe.  Má's muid féin é, nach bhfuil muid deallruighthe ní áirighim gasúir laga
Cé'n mhaith dhuit a bheith do do dheallrú féin annsin.  Diabhal cos an "lorry" sin a thiocfas go maidin.  Fanacht faoi bhealach ag ól a rinne sé sin
Dheallróchadh aonduine beo istigh ar an teallach ann.  Níl dé dhá bhfaca tú in do shaoghal ariamh aige.  Cé'n chaoi a ndéanann sé bruitheachán ar bith
Tháinic sí agus í deallruighthe agus scar sí í féin ar an teine, agus ní raibh goir ag duine ar bith eile drannadh léithe aice.  Guróir an-fhuar í
Caithfidh sé siúd amach iad.  M'anam gurb air nach mbeidh an scrubal mo léan.  Agus cead aca deallrú chois an bhóthair má's breagh leo.  Má dheallruigheann féin dheamhan a mbainfidh sé codladh na h-oíche dhó siúd
Tá mé deallruighthe thuas ar an bportach ó mhaidin.  Dar brígh an leabhair, b'fhuaire é ná lá geimhridh.
Dhá mbadh mise thú, ní dheallróchainn mé féin annsin ag forcabhás air.  Teagadh sé agus tugadh sé leis í, má fheileann sí dhó, nó mara bhfeilidh, fágadh sé in a dhiaidh í.  Beatha do dhuine a thoil a mhic ó