Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deallraigh
briathar
préachadh, fuarú, seacaíl, strompadh leis an bhfuacht, reo, caillte leis an bhfuacht.
+
Deallróidh tú thú féin, má fhanann tú amuigh ansin faoin bhfuacht — préachfaidh, seacálfaidh
Deallraíonn sé é féin ag imeacht ag bóithreoireacht chuile oíche san aer. Ní theagann iamh air ó thiteas oíche ach siar agus aniar ó tigh Mh. Mh. go dtí tigh Mh.
TUILLEADH (10) ▼
Is beag an dochar dhó a bheith deallraithe fhéin agus gan aon tsnáth air thairis siúd. Ar ndóigh, níl aon fhear beo in ann a sheasamh ar scáth an méid siúd éadaigh
Deallraíodh é muise ar an mbóthar aréir ag fanacht léithe. Tháinig sí faoi dheireadh thiar thall, ach b'fhada é. Bhí déidín tite aigesean ag fanacht léithe ar aon chor
Tá mé deallraithe thíos ansin thíos ó mhaidin, ag fuiríocht féint a bhfeicfinn ag teacht é, ach diabhal teacht. Sactha istigh ag ól i dteach ósta eicínt atá sé siúd
Tá gasúr ar bith a chaithfeas a dhul ag an scoil ar an aimsir seo deallraithe. Más muid féin é, nach bhfuil muid deallraithe, ní áirím gasúir laga
Cén mhaith dhuit a bheith do do dheallrú féin ansin. Diabhal cos an lorry sin a thiocfas go maidin. Fanacht faoi bhealach ag ól a rinne sé sin
Dheallródh aon duine beo istigh ar an teallach ann. Níl dé dhá bhfaca tú in do shaol ariamh aige. Cén chaoi a ndéanann sé bruitheachán ar bith
Tháinig sí agus í deallraithe, agus scar sí í féin ar an tine, agus ní raibh gair ag duine ar bith eile drannadh léithe aici. Goróir an-fhuar í
Caithfidh sé siúd amach iad. M'anam gurb air nach mbeidh an scrupall mo léan. Agus cead acu deallrú chois an bhóthair más breá leo. Má dheallraíonn féin, dheamhan a mbainfidh sé codladh na hoíche dhó siúd
Tá mé deallraithe thuas ar an bportach ó mhaidin. Dar brí an leabhair, b'fhuaire é ná lá geimhridh
Dhá mba mise thú, ní dheallróinn mé féin ansin ag forcamhás air. Teagadh sé agus tugadh sé leis í, má fheileann sí dhó, nó mura bhfeile, fágadh sé ina dhiaidh í. Beatha do dhuine a thoil a mhic ó