Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dlisteanas
Ainm-fhocal, fireann
Fuaim g tosuigh in áit d
ceart, cóir, cuibhe, cneastacht, a bheith dlisteanach.
+
Ní de'n dhlisteanas a dhul ag baint cheithre phunt amach ar phéire bróg ar aon-chor, ach cneamhairí uiliog atá amuigh anois chreidim. 'Sé a chosamhlacht é ar chuma ar bith
Níl breathnú siar ar bith aca siúd ar dhlisteanas an rud. 'Sé a gcuímnigheann siad air, a bhféadfaidh siad a dhéanamh, nó an mbacfar iad
TUILLEADH (1) ▼
Go dtugaidh Dia ciall duit! Tá caint ag muintir Shasana ar 'chuile shórt ach ar dhlisteanas. Sin é an chloch is fuide siar ar a bpáidrín ar aon-nós. Bí siúráilte dhó (dhe)