Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dlisteanas
ainmfhocal, fireann
fuaim g tosaigh in áit d
 ceart, cóir, cuí, cneastacht, a bheith dlisteanach.
+
Ní den dhlisteanas a dhul ag baint cheithre phunt amach ar phéire bróg ar aon chor, ach cneámhairí uileag atá amuigh anois chreidim. 'Sé a chosúlacht é ar chuma ar bith
Níl breathnú siar ar bith acu siúd ar dhlisteanas an rud. 'Sé a gcuimhníonn siad air, a bhféadfaidh siad a dhéanamh, nó an mbacfar iad
TUILLEADH (1) ▼
Go dtuga Dia ciall duit! Tá caint ag muintir Shasana ar chuile shórt ach ar dhlisteanas. Sin é an chloch is faide siar ar a bpaidrín ar aon nós. Bí siúráilte dhó (dhe)