Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dlúthasamhail
/dlūsūl′/
aidiacht as dlúthas
cruadhóg nó deifir a bheith le rud; rud nach mbeadh aon-bhreith ar a dhéanamh; bruideamhail.
a.
+
Ní fuláir duit a bheith dlúthasamhail leis an ngráinín coirce sin. Tá sé thar am a chur. Sin é an coirce cuaiche ar chuma ar bith
Bígidh dlúthasamhail leis an dínnéar indiu. Caithfidh mé a dhul siar tigh L.
TUILLEADH (5) ▼
Sin é atá dlúthasamhail faoi'n rud a thiubharfas sé uaidh a fháil ar ais. In ucht am dinnéir a fritheadh an ceap sin, agus chuir sé fios air anois aríst
Cé'n fáth a bhfuil an t-airgead acraí cho dlúthasamhail sin imbliana seach agus bliain ar bith. Bhí ionbhadh dhá mhí faoi anuiridh
Nach hé atá dlúthasamhail len a dhul ag cur coille. Shílfeá má bhí breith go dtí anois ar an gcoill sin, go mbeadh breith cupla lá eile uirre. Ach tuaifisc mar sin é
Bhí sé thoir ag caitheamh bhóta sul ar h-oscluigheadh an scoil. Sin é an buachaill agad! Nach hé atá dlúthasamhail go gcuiridh sé M. A. isteach!
Scread-chasta an diabhail air, marab é atá dlúthasamhail faoi, 'scáth deich scilleacha. Teigheadh duine agaibh siar ambáireach agus caitheadh sé aige é. Beidh a shliocht air: dheamhan duine as an teach seo a shuidhfeas istigh in a charr len a ló aríst
b.
+
Tá an tráigh dlúthasamhail thar 'chuile shórt = ní mór a tapú nó a dhul innte ag an am a mbíonn sí ann, nó beidh duine aiste
Níl rud ar bith is dlúthasamhla ná a bhfuil d'fhataí annsin thoir a ghlanadh. Tá siad ithte le flith agus le salachar. Diabhal mé go bhfuil airde cránn báid ionnta
TUILLEADH (3) ▼
Hébrí céard a dhéanfas tada, níl rud ar bith cho dlúthasamhail leis an tae. Dhá dteagadh fairsingeacht ar an tae, diabhal mé go mbadh mhór an leas do na daoine. Tá an tae an-spreagamhail
Tá an "spray" sáthach dlúthasamhail anois. Feicfidh tú na fataí dubhuighthe as seo go ceann dhá lá. Tá an uair seo an-mharbhánta, agus ní chuideochaidh na múraolachaí seo tada leo (le na fataí)
Ní bheadh a fhios ag duine cé's dlúthasamhla an fheamainn dearg ná an mhóin. Mara mbaintear an mhóin, beidh na daoine in a mbambairne ag iarraidh a bheith dhá triomú amach annseo agus an ghrian maoluighthe; agus mara dtapuigheamuid an fheamainn dearg, dheamhan agus móide sop a thiocfadh aríst imbliana. Tá duine idir ord agus inneoin i gcomhnaí

Féach freisin