Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dlúsúil
/dlūsūl′/
aidiacht as dlús
cruóg nó deifir a bheith le rud; rud nach mbeadh aon bhreith ar a dhéanamh; broidiúil.
a.
+
Ní foláir duit a bheith dlúsúil leis an ngráinín coirce sin. Tá sé thar am a chur. Sin é an coirce cuaiche ar chuma ar bith
Bígí dlúsúil leis an dinnéar inniu. Caithfidh mé a dhul siar tigh L.
TUILLEADH (5) ▼
Sin é atá dlúsúil faoin rud a thabharfas sé uaidh a fháil ar ais. In ucht am dinnéir a frítheadh an ceap sin, agus chuir sé fios air anois aríst
Cén fáth a bhfuil an t-airgead acraí chomh dlúsúil sin i mbliana seachas bliain ar bith. Bhí ionú dhá mhí faoi anuraidh
Nach é atá dlúsúil lena dhul ag cur coille. Shílfeá má bhí breith go dtí anois ar an gcoill sin, go mbeadh breith cupla lá eile uirthi. Ach tuaifisc mar sin é
Bhí sé thoir ag caitheamh bhóta sular hosclaíodh an scoil. Sin é an buachaill agat! Nach é atá dlúsúil go gcuire sé M. A. isteach!
Scread chasta an diabhail air, murab é atá dlúsúil faoi, scáth deich scilleacha. Téadh duine agaibh siar amárach agus caitheadh sé aige é. Beidh a shliocht air: dheamhan duine as an teach seo a shuífeas istigh ina charr lena ló aríst
b.
+
Tá an trá dlúsúil thar chuile shórt — ní mór a tapú nó a dhul inti ag an am a mbíonn sí ann, nó beidh duine aisti
Níl rud ar bith is dlúsúla ná a bhfuil d'fhataí ansin thoir a ghlanadh. Tá siad ite le flith agus le salachar. Diabhal mé go bhfuil airde crann báid iontu
TUILLEADH (3) ▼
Hé brí céard a dhéanfas tada, níl rud ar bith chomh dlúsúil leis an tae. Dhá dteagadh fairsingeacht ar an tae, diabhal mé go mba mhór an leas do na daoine. Tá an tae an-spreagúil
Tá an spray sách dlúsúil anois. Feicfidh tú na fataí dubhaithe as seo go ceann dhá lá. Tá an uair seo an-mharbhánta, agus ní chuideoidh na múraíolachaí seo tada leo (le na fataí)
Ní bheadh a fhios ag duine cé is dlúsúla an fheamainn dearg ná an mhóin. Mura mbaintear an mhóin, beidh na daoine ina mbambairne ag iarraidh a bheith dhá triomú amach anseo agus an ghrian maolaithe; agus mura dtapaí muid an fheamainn dearg, dheamhan is móide sop a thiocfadh aríst i mbliana. Tá duine idir ord agus inneoin i gcónaí

Féach freisin