Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dlúth-cheangal
ceangal nó ceanglachán géar nó an-chumhangaighthe.
+
Ní chorróchaidh sé anois feicfidh tú fhéin air. Tá dlúth-cheangal air: a chloigeann buailte ar a chosa, agus crom-nasc in a cheann sin
Is dona an rud dlúth-cheangal mar sin a chur ar chapall. Bíonn sí an-ghiongach, an-sgeiteamhail in a dhiaidh
TUILLEADH (1) ▼
Déanfaidh mise rud léithe: dlúth-cheangal a chur uirre. Suaímneochaidh sin í gan a bheith ag caitheamh claidheachaí

Féach freisin