Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ceangal (20)

 
D'imigh mise i gcoinne na mbeathach agus cheangail mé sa gcró iad, agus tháinig seisean idir dhá am — ó chuaigh mise amach i gcoinne na mbeathach nó go dtáinig mé isteach aríst
 
dán
Is diabhlaí a chruthaigh sí faoi dheireadh thiar agus dán a chur ar fhear eicínt. Ach an bhfuil a fhios cé hé féin? Is méanar Dé dhó muis, agus é a bheith ceangailte leis an tsuaróigín siúd. Is fada dhó a shaol. Níl againn a rá ach go ndéana Dia grásta air, mar is gearr go ndéarfar leis é ar aon nós
 
daor 2
Daoradh é, ach dúirt siad go raibh saochan céille air agus cuibhríodh é. Dheamhan steamar eile a d'éirigh dhó, théis go ndearna sé spólaí dhá mháthair. Dá mbeinnse i gcathaoir an bhreithimh, bheadh scéal aige air. D'fhéadfá a rá nach mórán scrupall a bheadh orm faoina dhaoradh. D'ordóinn tua an bhéil mhóir a fháil — an tua a ndearna sé féin an choir léithe — agus é a cheangal béal faoi ar bhord, agus gan mion mullóg dhó (dhe) a fhágáil i ndiaidh a chéile leis an tua … Dar a shon go n-agródh Dia orm é ach an oiread is a d'agraigh sé airsean é.
+
daor 3
"Chuir sé ceangal na naoi ndaora (n-aora?) go daor agus go dochrach air, gur fhága sé laidhricín a choise ag déanamh seanchais le poll a chluaise". (Sin gnáthsheoraí cainte le cur síos ar cheangal i seanscéalta)
TUILLEADH (5) ▼
Déanfaidh sé fearacht Chéataigh leat: ceangal na naoi ndaora go daor agus go dochrach a chur ort, nó go mbeidh laidhricín do choise ag coinneáil seanchais le poll do chluaise
Chuir mise ceangal na naoi ndaora ceart uirthi inniu. Ní bhfuair mé aon tiaráil ariamh ach í a sháinniú. Murach putachín beag le M. a casadh an bealach, bheinn in mo bhambairne. Ach mise i mbannaí dhuit nach mbrisfidh sí an chromnasc atá anois uirthi. Ní bhrisfeadh ná Goll Mac Móirne
Tá bullán anseo thíos agam agus níl aon gharraí gabhann in Éirinn in ann é a chuibhriú. Tá a bhfuil de chlaíochaí ag gabháil liom leagtha go talamh aige. Níl a fhios agam faoi sheacht ranna an domhain cén súnás atá air. Dhá mbeadh sé ag fáil ocrais is mór adéarfainn, ach tá sé go bolg i bhféar chuile lá dá n-éiríonn ar a shúil. Ach déanfaidh mise cleas leis: cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air, go mbuaile mé a smut ar a chrúib agus a chrúib ar an talamh, agus sin ní fhágfaidh sé nó go n-athraí sé béasa
Ach a bhfaighe mise greim ar an droinníneach asail sin aríst, tabharfaidh mise luach a chuid bóithreoireachta dó. Coinneoidh mé seachtain ar stábla é gan greim, deoch ná blogam, agus ansin tabharfaidh mé amach é sa ngarraí is crinnte ag gabháil liom, agus gheobhaidh mé rópa rua, agus cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air go gcoinneoidh a smut seanchas leis an gcréafóig. M'anam gur leis an gcréafóig a choinneos sé é, mar go gcuirfidh mise i ngarraí é nach mbeidh aon fhoithnín féir de bhia na talúna ann
Chuala mé go mb'éigean ceangal na naoi ndaora go daor agus go dochrach a chur ar an bhfear dubh seo thuas san oíche Dé Domhnaigh. Bhí braon sa stuaicín aige an áit a raibh sé thiar ag na cleamhnaithe, agus ar a theacht aniar dó, ba mhian leis a dhul suas agus píosaí pínne a dhéanamh de lucht an aird. B'éigean glaoch ar cheathar lena cheansú … Dar mo choinsias, ar a mhagadh sin féin, b'éigean a cheangal. Bhí sé ag stróiceadh ag iarraidh a dhul suas. Ar ndóigh mo léan dá dtéadh, gheobhadh sé fruisín thuas. Siúd iad na diabhail chéanna nach mórán éisteachta a bheadh acu leis
 
Bhain mise deatach as a[...] ar maidin. Cheangail mé don ursain é, agus chuir mé taobhach air le ar bhuail mé air le feac láí. Feicfidh tú féin air go gcomhairleoidh mise é gan a dhéanamh aríst
 
deis
Níl deis cheangail ar bith ar an gcapall sin amuigh agus tá faitíos orm go réabfaidh sí an doras. Tá sí an-dodach go deo
 
díol 2
Chuaigh sé ag déanamh ball séire ormsa oíche anseo a ndeachaigh sé thart deireanach. Bhí seanasal dubh agam an uair sin agus é thiar ansin thiar i ngarraí an bhóthair. Bhí seanasal eile ag J. Th. sa ngarraí ó thuaidh. Sheol sé anuas é agus isteach in mo gharraíse agus deir tú le céard a rinne sé, ach driobaill an dá asal a cheangal dhá chéile le píosa róipín. Murach gur éirigh lena hasail a bheith an-tsean agus an-tsocair, diabhal mé go mbeadh an dá dhrioball tarraingthe amach ón dúid acu as a chéile ar maidin, mar chuir sé an ceangal cráite orthu. D'fhan mar sin go ceann seachtaine agus siar liom féin oíche agus níor chónaigh mé ariamh gur thug mé a chapall amach glan as an ngarraí, agus as go brách liom gur fhága mé thuas in éindí le na caiple féaraigh ar chuid M. Ph. í. Rug mé ar bhromach réidh go leor, agus as go brách liom anuas aríst gur fhága mé istigh thiar sa ngarraí aige é, an áit a raibh an capall. 'Bailíodh leat,' anois arsa mise. Bhí cupla uair lae ann feadh is mé a bheith sa mbaile. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh an mhaidin sin ar chaoi ar bith
+
do 1
Ceangal an t-asal don chlaí
TUILLEADH (1) ▼
Fuair sé maide agus cheangail sé dhó é
 
Chuir sé ceangal na naoi ndaor go daortha agus go dochrach orthu (fc. daor)
 
Má fheiceann tú aon rún aici a dhul ar dhodaíl, ceangail scothach a driobaill dá hioscaid agus feicfidh tú féin air go bhfaighidh tú bainne uaithi mar sin. Sin é a ghníos muid féin léithe, ach ní bhfuair muid anró ar bith uaithi le fada
 
dóirt
Bhí muid crinnte le chéile ag an gCeann. Choinnigh sé i bpíce liom scaitheamh maith. Ach nuair a tháinig sí teann (an ghaoth) agus as sin ina gaoith mhór, cheangail seisean cúrsaí. Thug mise cead di dóirteadh le fána roimhe, ina cuid éadaigh ar fad. Bhuail mé caoch é. Ní raibh amharc air ag Cora an Chaisleáin
 
Ní hé an ceangal céanna a thugas siad ar na dornáin chor ar bith a thugas muide orthu. Scaoilfeadh an chrios ar an bpointe an chaoi a ndéanann siadsan é
 
Ab é an dreolán teaspaigh sin thoir ag P. Dh. Is deas é mo bhuachaill muis! Is túisce a thabharfainn an diabhal ina bhuachaill isteach in mo theach ná é. Dhá gcuirinn 'na phortaigh é, ní bheadh sé as go tráthnóna nó go mbeadh eadarshuth cainte déanta aige le gach a gcasfadh leis ar an mbóthar; agus b'fhéidir gurb é an uair a bheadh sé anuas ag A. an Bh. a chuimhneodh sé ar an gcarr móna a cheangal!
 
dris
An dris fhireann fhéin níl sí chomh crosta leis, nuair a bhuaileas an óinsiúlacht é, agus buailfidh sí sin é chuile uair a gcuirfear treampán ar bith air féin … Nach bhfaca tú anuraidh nuair a chuaigh an baile ag baint na feamainne duibhe ar an Oileán. Bhí sí faoina mhullóig aigesean le ceathair nó cúig de bhlianta roimhe sin, ach ní raibh aon bhaint aige di ach an oiread leis an té nár rugadh, ach nach raibh aon duine ag dul ina barr air. Ach ar an dá luath is a ndeachaigh an baile fré chéile dhá baint, bhí sé i gcruth a cheangal a mhic ó