Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ceangal (23)

 
D'imigh mise i gcoinne na mbeitheach agus cheangail mé san gcró iad, agus tháinic seisean idir dhá am = ó a chuaigh mise amach i gcoinne na mbeitheach nó go dtáinig mé isteach aríst
 
dán
Is diabhlaí a chruthuigh sí faoi dheireadh thiar agus dán a chur ar fhear eicínt. Ach an bhfuil fhios cé hé féin? Is mioniar Dé dhó muis, agus é a bheith ceangailte leis an tsuaróigín siúd. Is fada dhó a shaoghal. Níl againn a rádh ach go ndéanaidh Dia grásta air, mar is gearr go ndéarfar leis é ar aon nós
 
daor 2
Daoradh é ach dubhairt siad go raibh saobhchan céille air, agus cuibhrigheadh é. Dheamhan steamar eile ad'eirigh dhó, th'éis go ndearna sé spólaí dhá mháthair. Dá mbeinnse i gcathaoir an bhréith(imh), bheadh scéal aige air. D'fhéadfá a rádh nach mórán scruball a bheadh orm faoin a dhaoradh. D'ordóchainn tuagh an bhéil mhóir a fháil — an tuagh a ndearna sé féin an choir léithe — agus é a cheangal béal faoi ar bhord, agus gan mion-mullóg dhó (dhe) a fhágáil indiaidh a chéile leis an tuaigh … Dar a shon go n-agróchadh Dia orm é ach an oiread agus a d'ágruigh Sé airsean é.
+
daor 3
"Chuir sé ceangal na naoi ndaora (n-aora?) go daor agus go docharach air, gur fhága sé laidhricín a choise ag déanamh seanchuis le poll a chluaise". (Sin gnáth-sheoraidhe cainte le cur síos ar cheangal i sean-scéalta)
TUILLEADH (5) ▼
Déanfaidh sé fearacht Chéadtaigh leat: ceangal na naoi ndaora go daor agus go docharach a chur ort, nó go mbeidh laidhricín do choise ag coinneál seanchuis le poll do chluaise
Chuir mise ceangal na naoi ndaora ceart uirre indiu. Ní bhfuair mé aon-tíoráil ariamh ach í a sháinniú. Marach putaichín beag le M. a casadh an bealach, bheinn in mo bhambairne. Ach mise i mbannaí dhuit nach mbrisfidh sí an chromnasc atá anois uirre. Ní bhrisfeadh ná Goll Mac Móirne
Tá bulán annseo thíos agam agus níl aon-gharrdha gabhann in Éirinn indon é a chuibhriú. Tá a bhfuil de chlaidheachaí ag gabhail liom leagtha go talamh aige. Níl a fhios agam faoi sheacht ranna an domhain cé'n súnás atá air. Dhá mbeadh sé ag fáil ocrais is mór adéarfainn, ach tá sé go bolg i bhféar 'chuile lá dá n-eirigheann ar a shúil. Ach déanfaidh mise cleas leis: cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air, go mbuailidh mé a smut ar a chrúib agus a chrúib ar an talamh, agus sin ní fhágfaidh sé nó go n-athruighidh sé béasa
Ach a bhfaghaidh mise greim ar an druinníneach asail sin aríst tiubharfaidh mise luach a chuid bóithreoireacht' dó. Coinneochaidh mé seachtain ar stábla é gan greím, deoch ná blogam, agus annsin tiubharfaidh mé amach é ins an ngarrdha is creínnte ag gabhail liom, agus gheobhaidh mé rópa ruadh, agus cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air, go gcoinneochaidh a smut seanchus leis an gcréafóig. M'anam gur leis an gcréafóig a choinneochas sé é, mar go gcuirfidh mise ingarrdha é nach mbeidh aon-fhuínín (fhoinín) féir de bhiadh na talmhan' ann
Chuala mé go mb'éigin ceangal na naoi ndaora go daor agus go docharach a chur ar an bhfear dubh seo thuas ins an oíche Dé Domhnaigh. Bhí braon ins an stuaicín aige in áit a raibh sé thiar ag na cleamhnaidhthe, agus ar a theacht aniar dó, ba mhian leis a dhul suas agus píosaí pighne a dhéanamh de lucht an aird. B'éigin glaodhach ar cheathar len a cheannsú … Dar mo choinsias, ar a mhaga sin féin, b'éigin a cheangal. Bhí sé ag strócadh ag iarraidh a dhul suas. 'Ar ndú mo léan dá dteigheadh, gheobhadh sé froisín thuas. Siúd iad na diabhail chéadna nach mórán éisteacht' a bheadh aca leis
 
Bhain mise deatach as a[...] ar maidin. Cheangail mé do'n ursain é, agus chuir mé taobhach air le'r bhuail mé air, le feac láighe. Feicfidh tú féin air go gcomhairleochaidh mise é, gan a dhéanamh aríst
 
deis
Níl deis cheangail ar bith ar an gcapall sin amuigh agus tá faitíos orm go réabfaidh sí an doras. Tá sí an-dodach go deo
 
díol 2
Chuaidh sé ag déanamh ballséire orm-sa oíche annseo, a ndeacha sé thart deireannach. Bhí sean-asal dubh agam an uair sin agus é thiar annsin thiar ingarrdha an bhóthair. Bhí sean-asal eile ag J. Th. ins an ngarrdha ó thuaidh. Sheol sé anuas é agus isteach in mo gharrdha-sa agus deir tú le céard a rinne sé, ach driobaill an dá asal a cheangal dhá chéile le píosa róipín. Marach gur eirigh lena h-asail a bheith an-tsean agus an-tsocair, diabhal mé go mbeadh an dá dhrioball tarraingthe amach ó'n dúid aca as a chéile ar maidin, mar chuir sé an ceangal cráidhte orra. D'fhan mar sin go ceann seachtaine agus siar liom féin oíche agus níor chomhnuigh mé ariamh gur thug mé a chapall amach glan as an ngarrdha, agus as go bráth liom gur fhága mé thuas in éindigh le na caiple féaraigh ar chuid M. Ph. í. Rug mé ar bhromach réidh go leor, agus as go bráth liom anuas aríst gur fhága mé istigh thiar ins an ngarrdha aige [é], an áit a raibh an capall. "Bailigheadh leat" anois arsa mise. Bhí cupla uair lae ann, feadh agus mé a bheith ins an mbaile. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh an mhaidin sin ar chaoi ar bith
+
Ní chorróchaidh sé anois feicfidh tú fhéin air. Tá dlúth-cheangal air: a chloigeann buailte ar a chosa, agus crom-nasc in a cheann sin
TUILLEADH (2) ▼
Is dona an rud dlúth-cheangal mar sin a chur ar chapall. Bíonn sí an-ghiongach, an-sgeiteamhail in a dhiaidh
Déanfaidh mise rud léithe: dlúth-cheangal a chur uirre. Suaímneochaidh sin í gan a bheith ag caitheamh claidheachaí
+
do 1
Ceangal an t-asal don chlaidhe
TUILLEADH (1) ▼
Fuair sé maide agus cheangail sé dhó é
 
Chuir sé ceangal na naoi ndaor go daortha agus go docharach orra (fc. daor)
 
Má fheiceann tú aon-rún aice a dhul ar dhodaighil, ceangail scóthach a driobaill dá h-ioscaid, agus feicfidh tú féin air go bhfuighidh tú bainne uaithe mar sin. Sin é a ghníos muid féin léithe ach ní bhfuair muid anró ar bith uaithe le fada
 
dóirt
Bhí muid creinnte le chéile ag an gCeann. Choinnigh sé i bpíce liom scathamh maith. Ach an uair a tháinic sí teann (an ghaoth) agus as sin in a gaoith mhór, cheangail seisean cúrsaí. Thug mise cead di dóirteadh le fánaidh roimhe, in a cuid éadaigh ar fad. Bhuail mé caoch é. Ní raibh amharc air ag Cora an Chaisleáin
 
Ní hé an ceangal céadna a thugas siad ar na dornáin chor ar bith a thugas muide orra. Scaoilfeadh an chrios ar an bpuínte an chaoi a ndéanann siadsan é
 
Ab é an dreolán teasbaigh sin thoir ag P. Dh. Is deas é mo bhuachaill muis! Is túisce a thiubharfainn an diabhal in a bhuachaill isteach in mo theach ná é. Dhá gcuirinn 'na phortaigh é, ní bheadh sé as go trathnóna nó go mbeadh eadarshuth cainte déanta aige le gach a gcasfadh leis ar an mbóthar; agus b'fhéidir gurb é an uair a bheadh sé anuas ag Á. an Bh. a chuimhneochadh sé ar an gcarr móna a cheangal!
 
dris
An dris fhireann fhéin níl sí cho crosta leis, an uair a bhuaileas an óinseamhlacht é, agus buailfidh sí sin é 'chuile uair a gcuirfear triompán ar bith air féin … Nach bhfaca tú anuiridh an uair a chuaidh an baile ag baint na feamuinne duibhe ar an Oileán. Bhí sí faoin a mhullóig aige-san le ceathair nó cúig de bhlianta roimhe sin, ach ní raibh aon-bhaint aige di ach an oiread leis an té nar rugadh, ach nach raibh aonduine ag dul in a barr air. Ach ar an dá luath agus a ndeacha an baile fré chéile dhá baint, bhí sé i gcruth a cheangail a mhic ó.