Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Doirnín
/dəurɴīn′/ : /dorɴīn′/ (Achréidh). Freisin /sdəurɴīn′/ : /sdorɴīn′/ i gciall a 2 /sdəurɴīn′ī/ : /sɡəurɴīn′ī/ : /sɡorɴīn′ī/ : sɡorōɡī.
ainm-fhocal, fireann
uimhir iolraidh: doirníní
1.
pionna a bhíos i gcrann speile le go mbéarfaidh an spealadóir air agus é ag spealadh.
+
Níl doirnín ar bith sa speil aige, ach é ingreim sa gcrann
Tá an duirnín briste. Ní fhéadfainn a dhath a dhéanamh léithe go gcuirtear doirnín nua innte
TUILLEADH (1) ▼
Is deas an doirnín speile a dhéanfadh an pionna sin dhá snuighfí amach é. Foghanfaidh sé sin domsa anois
2.
dhá phionna a bhíos i gcoirb srathra leis an dá chliabh a chrochadh orra; scorógaí.
+
Caithfidh mé scoirníní (sdoirníní freisin) a chur sa tsrathair sin. Tá leath-scoirnín briste innte
Diabhal easna de leath-sdoirnín na srathrach nachar bhris, agus seo anuas an tsrathar agus na cléibh agus a raibh ann. Bhí mé ithte le cantal th'éis a bhfuair mé d'easonóir uaidh
TUILLEADH (2) ▼
Ná teirigh 'na phortaigh leis an tsrathair sin, nó go gcuiridh tú scoirnín innte. 'Nuair a bhí malach feamainne agam uirre an lá faoi dheire, bhí mé i bhfaitíos 'chuile phuinte go dtiubharfadh sé uaidh. Tá sé scoiltthe thíos ag an gcoirb
Fagh máiléad agus tiomáil (tiomáin) an sdoirnín sin. Tá sé ar bogadh. Tiocfaidh sé amach ort i lár do chruadhóige, mara dtiomálaidh

Féach freisin

Doirnín in iontrálacha eile (1)

 
dorn
Is beag an teacht aniar atá in a dhoirnín dona