Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Drisínteacht
ainm-fhocal, buineann
freagartach do'n aidiacht drisíneach. (fc. drisíneach).
"drisíneacht" — scaithtí
·
Ní scarfaidh an drisínteacht léithe siúd go scarfaidh an ball dubh leis an bhfeadóig. Ghreamuigh di a bheith drisíneach. Ní raibh mórán gaisce ar a h-athair féin go ndéanaidh Dia grásta air
Má's cúrsaí drisíneacht' é, níl duine ar bith cho drisíneach leis an amhalóir de ghasúr atá aice féin. Chloisfeá thiar adtuaidh ag screadach amanntaí é. Amanntaí eile, tosuigheann sé ag diabhlóireacht, agus do pháiste cho h-óg, dar príosta 'sé atá deas air.

Féach freisin